An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, a Leasú.)

14 1964

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1964

CUID II

Na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1962, a Leasú.

Léiriú agus comhlua.

1938, Uimh. 34 .

1960, Uimh. 12 .

2. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 .

(2) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1964, a ghairm de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1962, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —(1) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 4 d'Acht 1960:

“(1) Is é liúntas a bheidh le híoc le gach comhalta de Dháil Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £1,500 sa bhliain is iníoctha go míosúil.

(2) Is é liúntas a bheidh le híoc le gach comhalta de Sheanad Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £1,000 sa bhliain is iníoctha go míosúil.”

(2) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá de Mheitheamh, 1964.

Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú.

4. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 4 den Phríomh-Acht a leasú mar a leanas:

(a) forléireofar “Baile Átha Cliath”, i gcás comhalta a dhéanfaidh taisteal de bhóthar, mar thagairt do Theach Laighean,

(b) ní bheidh feidhm ag fomhír (i) de mhír (a) i gcás comhalta a bhfuil a dháilcheantar go hiomlán laistigh den limistéar deich míle mura rud é go bhfuil an dáilcheantar sin lasmuigh de chontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil a ghnátháit chónaithe lasmuigh den limistéar deich míle,

(c) ní chuirfear fomhír (ii) de mhír (a), mír (b) agus mír (c) chun feidhme, i gcás comhalta a bhfuil a ghnátháit chónaithe laistigh den limistéar 10 míle, ach amháin maidir le hócáidí freastail ag an gcomhalta ar thionól—

(i) de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, nó

(ii) de choiste de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann ar comhalta de é,

(d) ní bheidh feidhm ag fomhíreanna (iii) agus (iv) de mhír (a) i gcás comhalta a bhfuil a dháilcheantar go hiomlán laistigh den limistéar 10 míle mura rud é go bhfuil a ghnátháit chónaithe lasmuigh den limistéar sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ciallaíonn “an limistéar 10 míle” an limistéar a bhfuil gach áit ann laistigh de 10 míle ó Theach Laighean.

Saoráidí taistil a ordú.

1947, Uimh. 23 .

5. —(1) Déantar leis seo alt 2 d'Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1947 , a aisghairm agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo gurb iad is saoráidí taistil chun críocha an Phríomh-Achta cibé saoráidí a ordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.