6 1964


Uimhir 6 de 1964.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIANTA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CEATHAIR AGUS MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CÚIG. [25 Márta, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

£9,443,904 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1964.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Naoi Milliún Ceithre Chéad Daichead a Trí Míle, Naoi gCéad agus Ceithre Phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-ao ú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a ceathair.

£61,728,600 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1965.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Seasca a hAon Milliún Seacht gCéad Fiche a hOcht Míle, Sé Chéad Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a cúig.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £71,172,504 a fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Seachtó a hAon Milliún, Céad Seachtó a Dó Míle, Cúig Chéad agus Ceithre Phunt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1964 , a ghairm den Acht seo.