24 1963


Uimhir 24 de 1963.


AN tACHT AOISLIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH ÁBHAIR A BHAINEANN LE hAOISLIÚNTAIS AGUS PINSIN I LEITH SEIRBHÍSE POIBLÍ. [30 Iúil, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Forléiriú.

1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “státseirbhíseach bunaithe” státseirbhíseach a bhfuil seirbhís á tabhairt aige i gcáil a bhféadfar aoisliúntas a dheonú ina leith;

ciallaíonn “post bunaithe” post ina dtugtar seirbhís bhunaithe;

ciallaíonn “seirbhís bhunaithe” seirbhís i gcáil a bhféadfar aoisliúntas a dheonú ina leith;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlacht arb é atá ann—

(a) údarás áitiúil chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960,

(b) coiste gairmoideachais,

(c) coiste talmhaíochta, nó

(d) coiste freastal scoile;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “airgead poiblí” airgead arna sholáthar ag nó as ceann nó níos mó acu seo a leanas:

(a) an tOireachtas,

(b) an Príomh-Chiste,

(c) údarás áitiúil,

(d) comhlacht a fhaigheann airgead ó Chiste Iontaobhais na nOspidéal,

(e) bord nó comhlacht a bunaíodh le hAcht nó faoi Acht ón Oireachtas nó le hAcht nó faoi Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann,

(f) comhlacht a corpraíodh faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus ar Aire Stáit a shealbhaíonn, nó a sealbhaítear thar ceann Aire Stáit, tromlach na ngnáthscaireanna ann;

ciallaíonn “aoisliúntas” liúntas bliantúil faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, nó faoi aon Acht acu sin;

ciallaíonn “post neamhbhunaithe” post ina dtugtar seirbhís neamhbhunaithe;

ciallaíonn “seirbhís neamhbhunaithe” seirbhís sa Státseirbhís i gcáil a bhfuil de cheangal seirbhís lánaimsire a thabhairt inti ach nach bhféadfar aoisliúntas a dheonú ina leith.

Aiscí truacha i coitinne.

1887, c. 67.

1914, c. 86.

2. —(1) Leasaítear leis seo mír (c) d'alt 4 den Superannuation Act, 1887, trí “for not less than fifteen years” a scriosadh.

(2) I gcás—

(a) ina bhfaighidh státseirbhíseach bunaithe bás gan cúig bliana seirbhíse is ináirithe agus aoisliúntas á ríomh a bheith críochnaithe aige,

(b) gur fhónaigh an státseirbhíseach, roimh theacht chun bheith ina Státseirbhíseach dó, i bpost neamhbhunaithe, agus

(c) go mbeidh seacht mbliana nó níos mó san iomlán de sheirbhís bhunaithe agus de sheirbhís neamhbhunaithe tugtha ag an státseirbhíseach,

féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, cibé aisce thruach a dheonú do chleithiúnaigh an státseirbhísigh a dheonófaí dóibh faoi alt 3 den Superannuation Act, 1914, da mba sheirbhís neamhbhunaithe seirbhís bhunaithe an státseirbhísigh.

(3) I dteannta feidhm a bheith ag fo-alt (1) den alt seo maidir le scor d'fhostaíocht agus le cur as fostaíocht a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh feidhm aige freisin maidir le scor d'fhostaíocht agus le cur as fostaíocht a tharla an 5ú lá de Bhealtaine, 1960, nó dá éis, agus roimh dháta an Achta seo a rith.

(4) I dteannta feidhm a bheith ag fo-alt (2) den alt seo maidir le básanna a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh feidhm aige freisin maidir le básanna a tharla an 5ú lá de Bhealtaine, 1960, nó dá éis, agus roimh dháta an Achta seo a rith.

(5) Leasaítear leis seo alt 4 den Superannuation Act, 1887, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndeireadh an ailt: “not exceeding fifteen years and, in case he has served in the employment for more than fifteen years, a further compassionate gratuity not exceeding two weeks' pay for each year of his service in his employment in excess of fifteen years”.

Aiscí truacha i gcásanna áirithe.

3. —(1) (a) Baineann an fo-alt seo le seirbhís fostaí is fostaí de chuid chonraitheora amháin nó níos mó atá ag gabháil do chonarthaí cothabhála leanúnacha Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, is é sin le rá, conarthaí maidir le hobair thógála, obair leictreachais, obair phluiméireachta agus gás-fheistiúcháin agus obair phéinteála (gan obair phéinteála ar fhoras tomhais a áireamh) ar seirbhís lánaimsire í a cheanglaítear de bhua na gconarthaí sin agus ar seirbhís í faoi mhaoirseacht oifigigh de chuid na gCoimisinéirí sin.

(b) Más oiriúnach leis an Aire, measfar, chun críocha alt 4 den Superannuation Act, 1887, arna leasú leis an Acht seo, gur seirbhís a tugadh i roinn phoiblí agus ar íocadh an luach saothair go léir ina leith as airgead a sholáthraigh an tOireachtas seirbhís lena mbaineann an fo-alt seo.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le seirbhís fostaí de chuid

Choimisiún Talún na hÉireann ar dhuine é nach as airgead a sholáthraigh an tOireachtas ach as airgead faoi dhiúscairt Choimisiún Talún na hÉireann a íoctar a luach saothair go léir.

(b) Más oiriúnach leis an Aire é, measfar, chun críocha alt 4 den Superannuation Act, 1887, arna leasú leis an Acht seo, gur seirbhís ar íocadh an luach saothair go léir ina leith as airgead a sholáthraigh an tOireachtas seirbhís lena mbaineann an fo-alt seo.

Seirbhís inphinsin a aistriú.

4. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin eagraíochtaí a ainmniú mar eagraíochtaí ceadaithe chun críocha an ailt seo.

(b) Déanfar aon tagairt sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo d'eagraíocht cheadaithe a fhorléiriú mar thagairt d'eagraíocht atá ainmnithe le rialacháin faoin bhfo-alt seo.

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfar duine a bheidh fostaithe i gcáil inphinsin in eagraíocht cheadaithe a aistriú nó a cheapadh, gan briseadh seirbhíse, chun poist bhunaithe, agus

(b) go n-aontóidh an tAire agus údarás rialaithe na heagraíochta ceadaithe, tráth an aistrithe nó an cheaptha, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an duine,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) déanfar an tseirbhís a bheidh tugtha ag an duine sin agus is ináirithe, tráth an aistrithe nó an cheaptha, mar sheirbhís inphinsin chun críocha na bhforálacha aoisliúntais a bhaineann le daoine ar fostú i gcáil inphinsin san eagraíocht cheadaithe a áireamh mar sheirbhís i bpost bunaithe más oiriúnach leis an Aire é agus a mhéid a chinnfidh sé agus ar choinníoll nach ndéanfar ranníocaí a aisíoc i leith na seirbhíse sin,

(ii) más rud é, ar aon seirbhís den sórt sin a bheidh áirithe amhlaidh, go ndámhfar liúntas nó aisce do dhuine nó i leith duine faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, nó go ndámhfar aisce phósta don duine, déanfaidh an t-údarás iomchuí cibé ranníoc ar a gcomhaontófar a thabhairt, tráth an aistrithe nó an cheaptha, idir é féin agus an tAire faoi chomhair an liúntais nó na haisce.

(3) Más rud é—

(a) go ndéanfar duine is státseirbhíseach bunaithe a aistriú nó a cheapadh, gan briseadh seirbhíse, chun fostaíocht i gcáil inphinsin in eagraíocht cheadaithe, agus

(b) go n-aontóidh an tAire agus údarás rialaithe na heagraíochta ceadaithe, tráth an aistrithe nó an cheaptha, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an duine,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) mura mbeidh ar na forálacha aoisliúntais a bhaineann le daoine ar fostú i gcáil inphinsin san eagraíocht cheadaithe forálacha chun go n-áireofar mar sheirbhís inphinsin chun críocha na bhforálacha aoisliúntais sin an méid de sheirbhís an duine is ináirithe, tráth a aistrithe nó a cheaptha, agus aoisliúntas á ríomh, déanfar, más oiriúnach leis an údarás iomchuí é agus a mhéid a chinnfidh sé, an tseirbhís sin a áireamh amhlaidh,

(ii) más rud é, ar aon seirbhís den sórt sin a bheith áirithe amhlaidh de bhua na míre sin roimhe seo nó ar shlí eile, go ndámhfar cnapshuim, pinsean nó aisce don duine nó i leith an duine faoi na forálacha aoisliúntais sin, déanfaidh an tAire cibé ranníoc ar a gcomhaontófar, tráth an aistrithe nó an cheaptha, idir é féin agus an t-údarás iomchuí faoi chomhair na cnapshuime, an phinsin nó na haisce.

(4) I mír (ii) d'fho-alt (2) agus i míreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (3) den alt seo ciallaíonn “an t-údarás iomchuí”—

(a) más údarás seachas údarás rialaithe na heagraíochta ceadaithe a riarann na forálacha aoisliúntais a bhaineann le daoine ar fostú i gcáil inphinsin san eagraíocht cheadaithe—an t-údarás a riarann na forálacha sin, agus

(b) in aon chás eile—an t-údarás a rialaíonn an eagraíocht cheadaithe.

(5) Más rud é—

(a) go ndéanfar duine a bheidh ar fostú i gcáil inphinsin in eagraíocht cheadaithe a aistriú nó a cheapadh, gan briseadh seirbhíse, chun fostaíochta i gcáil inphinsin in eagraíocht cheadaithe eile, agus

(b) go gcomhaontóidh údaráis rialaithe na n-eagraíochtaí ceadaithe, tráth an aistrithe nó an cheaptha, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an duine,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) mura mbeidh ar na forálacha aoisliúntais a bhaineann le daoine ar fostú i gcáil inphinsin san eagraíocht eile forálacha chun go n-áireofar mar sheirbhís inphinsin chun críocha na bhforálacha aoisliúntais sin an méid de sheirbhís an duine is ináirithe, tráth an aistrithe nó an cheaptha, chun críocha na bhforálacha aoisliúntais a bhaineann le daoine ar fostú i gcáil inphinsin san eagraíocht chéadluaite, ansin, más oiriúnach leis an údarás iomchuí maidir leis an eagraíocht eile agus a mhéid a chinnfidh sé agus ar choinníoll nach ndéanfar ranníocaí a aisíoc ina leith, áireofar amhlaidh an tseirbhís sin,

(ii) más rud é, ar aon seirbhís den sórt sin a áireamh de bhua na míre sin roimhe seo nó ar shlí eile, go ndámhfar cnapshuim, pinsean nó aisce don duine nó ina leith faoi na forálacha aoisliúntais céadluaite sin, déanfaidh an t-údarás iomchuí maidir leis an eagraíocht chéadluaite cibé ranníoc ar a gcomhaontófar, tráth an aistrithe nó an cheaptha, idir é féin agus an t-údarás iomchuí maidir leis an eagraíocht eile faoi chomhair na cnapshuime, an phinsin nó na haisce.

(6) I míreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (5) den alt seo ciallaíonn “údarás iomchuí”, maidir le heagraíocht—

(a) más údarás seachas údarás rialaithe na heagraíochta a riarann na forálacha aoisliúntais a bhaineann le daoine ar fostú i gcáil inphinsin san eagraíocht—an t-údarás a riarann na forálacha sin, agus

(b) in aon chás eile—údarás rialaithe na heagraíochta.

(7) (a) Más rud é—

(i) nach mbeidh ar na forálacha aoisliúntais eagraíochta lena mbaineann an fo-alt seo forálacha den sórt dá dtagraítear i mír (i) d'fho-alt (3) nó i mír (i) d'fho-alt (5) den alt seo agus gur mian go mbeadh na forálacha sin ar áireamh orthu,

(ii) ar leith ón bhfo-alt seo, nach mbeidh aon chumhacht ann chun na leasuithe iomchuí a dhéanamh,

tugtar leis seo d'údarás rialaithe na heagraíochta cumhacht chun na leasuithe sin a dhéanamh ach, má bhíonn cumhacht ag an údarás sin chun leasuithe eile a dhéanamh ar na forálacha aoisliúntais agus nach féidir an chumhacht sin a fheidhmiú ach amháin le comhaontú aon duine áirithe, ní fheidhmeofar an chumhacht a thugtar leis an bhfo-alt seo ach amháin le comhaontú an duine sin.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon eagraíocht—

(i) is eagraíocht cheadaithe, nó

(ii) is eagraíocht a bhfuil geallta ag an Aire í a ainmniú faoi fho-alt (1) den alt seo nuair a bheidh a forálacha aoisliúntais leasaithe aici faoin bhfo-alt seo.

(8) (a) Aon uair, ar aoisliúntas nó pinsean a ndéanfar ranníoc ina leith faoi fho-alt (2), (3) nó (5) den alt seo a theacht chun bheith iníoctha, a gheobhaidh an pinsinéir aon íocaíochtaí ar mhodh luach saothair as airgead poiblí, ní bheidh san aoisliúntas nó sa phinsean ach cibé méid (más aon mhéid é) nach rachaidh, ar é a chur leis na híocaíochtaí ar mhodh luach saothair, in aon tréimhse dhá mhí déag, thar an luach saothair bliantúil a fuair sé díreach sular thosaigh an t-aoislíúntas nó an pinsean (nó sula dtosódh an céanna mura mbeadh nach raibh sé i gcúrsa a íoctha).

(b) Na sochair aoisliúntais (ar mhodh liúntais, pinsin, cnapshuime nó aisce) is iníoctha le duine nó ina leith i gcás ina ndéanfar ranníoc faoi fho-alt (2), (3) nó (5) den alt seo, ní bheidh iontu ach an méid (más aon mhéid é) a bheidh aon sochar aoisliúntais eile, a sholáthrófar trí mhuirear ar airgead poiblí agus is iníoctha leis an duine nó i leith an duine, níos lú ná an méid is iníoctha faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, ar scor nó ar bhás a fháil (cibé acu is iomchuí) do státseirbhíseach a mbeidh cúig bliana is daichead de sheirbhís bhunaithe aige agus tuarastal aige ar cóimhéid leis an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh na sochair aoisliúntais sin nó an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an sochar aoisliúntais eile, cibé acu is mó.

(c) Chun críocha na míre sin roimhe seo cinnfidh an tAire—

(i) luach bliantúil aon liúntais nó cnapshuime, nó

(ii) an chnapshuim is comhionann le haon aoisliúntas nó pinsean,

is iníoctha as airgead poiblí leis an duine a bheidh i gceist.

(9) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin forálacha a dhéanamh cosúil le haon cheann d'fhorálacha fho-ailt (2) go (8) den alt seo d'aon chás lena mbaineann an fo-alt seo, agus beidh éifeacht ag aon fhorálacha a dhéanfar amhlaidh ionann is dá mbeidís achtaithe san alt seo.

(b) Baineann an fo-alt seo le haon chás ina bhfuil seirbhís ag duine is seirbhís ar feadh trí cinn nó níos mó d'fhothréimhsi comhleanúnacha gan eatramh.

(c) Is fothréimhse chun críocha an fho-ailt seo gach tréimhse acu seo a leanas:

(i) tréimhse seirbhíse sa Státseirbhís,

(ii) tréimhse seirbhíse in eagraíocht cheadaithe,

(iii) tréimhse seirbhíse faoi údarás áitiúil.

Ranníoc a íoc i gcásanna áirithe.

1955, Uimh. 17 .

1957, Uimh. 29 .

1950, Uimh. 12 .

1952, Uimh. 15 .

5. —(1) I gcás áireamh a dhéanamh, faoi scéim aoisliúntais a cheadaigh an tAire le haghaidh foireann choláiste oiliúna do mhúinteoirí, ar sheirbhís bhunaithe agus pinsean, cnapshuim nó aisce á ríomh a dámhadh nó a dhámhfar, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, faoin scéim sin, féadfaidh an tAire ranníoc faoi chomhair an phinsin, na cnapshuime nó na haisce a íoc leis an údarás ag a bhfuil urlámh ar an gcoláiste oiliúna.

(2) Beidh sé ar a rogha ag an Aire íocaíocht a dhéanamh faoin bhfo-alt sin roimhe seo agus, i gcás ina ndéanfaidh sé aon íocaíocht den sórt sin, beidh a méid ar a rogha aige freisin.

(3) I gcás—

(a) ina ndearnadh, roimh dháta an Achta seo a rith, duine, agus é an t-am sin ina státseirbhíseach bunaithe, a aistriú, le toiliú oifigigh cheannais a roinne, chun fostaíochta arbh fhostaíocht cheadaithe í de réir bhrí an Superannuation Act, 1914,

(b) go raibh an duine fanta san fhostaíocht an 30ú lá d'Aibreán, 1963.

(c) ar é do scor de bheith i seilbh na fostaíochta nó aon fhostaíochta eile a cheadaigh an tAire, chun críocha an fho-ailt seo, gur seirbhís inphinsin faoi fhorálacha aoisliúntais a bhaineann leis a sheirbhís amhail ó dháta an aistrithe nó, i gcás inar aistrigh an duine ó Chóras Tráchtála go dtí an Bord Iascaigh Mhara an lú lá de Bhealtaine, 1963, le toiliú an dá eagras, ar é do scor de bheith i seilbh fostaíochta faoin mBord Iascaigh Mhara nó aon fhostaíochta eile a cheadaigh an tAire chun críocha an fho-ailt seo, gur seirbhís inphinsin faoi fhorálacha aoisliúntais a bhaineann leis, a sheirbhís amhail ón lú lá de Bhealtaine, 1963, agus

(d) go gcomhaontóidh an tAire agus an fostóir go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an duine,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) mura bhfuil ar na forálacha aoisliúntais sin forálacha go n-áireofaí mar sheirbhís inphinsin chun críocha na bhforálacha aoisliúntais sin seirbhís an duine ab ináirithe, tráth an aistrithe dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, agus aoisliúntas á ríomh, áireofar amhlaidh an tseirbhís sin más oiriúnach leis an údarás iomchuí é agus a mhéid a chinnfidh sé,

(ii) más rud é, ar aon seirbhís den sórt sin a bheith áirithe amhlaidh de bhua na míre sin roimhe seo nó ar shlí eile, go ndámhfar cnapshuim, pinsean nó aisce don duine nó ina leith faoi na forálacha aoisliúntais sin—

(I) déanfaidh an tAire cibé ranníoc ar a gcomhaontóidh sé fein agus an t-údarás iomchuí faoi chomhair na cnapshuime, an phinsin nó na haisce, agus

(II) ní dhámhfar aon ní don duine faoi alt 4 den Superannuation Act, 1914.

(4) I bhfo-alt (3) den alt seo ciallaíonn “an t-údarás iomchuí”—

(a) i gcás inarb údarás seachas an fostóir a riarann na forálacha aoisliúntais a bhaineann le daoine atá ar fostú i gcáil inphinsin ag an bhfostóir—an t-údarás a riarann na forálacha sin, agus

(b) in aon chás eile—an fostóir.

(5) I gcás ina ndearnadh, an 1ú lá de Mhárta, 1960, duine a bhí ag fónamh i bpost ab inphinsin faoi scéim a rinneadh de bhun alt 2 den Acht Iascaigh Mhara (Leasú), 1955 , a aistriú go dtí post ab inphinsin faoi scéim a rinneadh de bhun alt 18 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 ,—

(a) déanfar seirbhís de chuid an duine is ináirithe mar sheirbhís inphinsin chun críocha na seanscéime a áireamh, ar choinníoll nach bhfaighidh sé aisíoc ranníocaí faoin scéim sin, mar sheirbhís inphinsin chun críocha na scéime deiridh sin,

(b) más rud é, ar aon seirbhís den sórt sin a áireamh amhlaidh, go ndámhfar cnapshuim, pinsean nó aisce don duine nó ina leith faoin scéim dheiridh sin, déanfaidh an Bord Iascaigh Mhara cibé ranníoc ar a gcomhaontófar idir é féin agus Gaeltarra Éireann faoi chomhair na cnapshuime, an phinsin nó na haisce.

(6) I gcás duine a bhí ag fónamh i bpost ab inphinsin faoi scéim a daingníodh faoi alt 44 den Acht Iompair, 1950 , agus a d'aistrigh, an 1ú lá de Mheitheamh, 1963, go dtí post ab inphinsin faoi scéim a rinneadh de bhun alt 15 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952

(a) déanfar seirbhís de chuid an duine is ináirithe mar sheirbhís inphinsin chun críocha na sean-scéime a áireamh, ar choinníoll nach bhfaighidh sé aisíoc ranníoc faoin scéim sin, mar sheirbhís inphinsin chun críocha na scéime deiridh sin,

(b) más rud é, ar aon seirbhís den sórt sin a áireamh amhlaidh, go ndámhfar cnapshuim, aisce nó pinsean don duine nó ina leith faoin scéim deiridh sin, déanfaidh an t-údarás a bheidh ag riaradh na seanscéime cibé ranníoc ar a gcomhaontófar idir é féin agus Bord Fáilte Éireann faoi chomhair na cnapshuime, an phinsin nó na haisce.

(7) (a) Aon uair, ar pinsean a ndéanfar ranníoc ina leith faoin fho-alt (1), (3) nó (5) den alt seo, a theacht chun bheith iníoctha, a gheobhaidh an pinsinéir aon íocaíochtaí ar mhodh luach saothair as airgead poiblí, ní bheidh sa phinsean ach cibé méid (más aon mhéid é) nach rachaidh, ar é a chur leis na híocaíochtaí ar mhodh luach saothair, in aon tréimhse dhá mhí dhéag, thar an luach saothair bliantúil a fuair sé díreach sular thosaigh an pinsean (nó sula dtosódh sé mura mbeadh nach raibh sé i gcúrsa a íoctha).

(b) Na sochair aoisliúntais (ar mhodh liúntais, pinsin, cnapshuime nó aisce) is iníoctha le duine nó ina leith i gcás ina ndéanfar ranníoc faoi fho-alt (1), (3) nó (5) den alt seo, ní bheidh iontu ach an méid (más aon mhéid é) a bheidh aon sochar aoisliúntais eile, a sholáthrófar trí mhuirear ar airgead poiblí agus is iníoctha leis an duine nó ina leith, níos lú ná an méid is iníoctha faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, ar scor nó ar bhás a fháil (cibé acu is iomchuí) do státseirbhíseach a mbeidh cúig bliana is daichead de sheirbhís bhunaithe aige agus tuarastal aige ar cóimhéid leis an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh na sochair aoisliúntais sin nó an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an sochar aoisliúntais eile, cibé acu is mó.

(c) Chun críocha na míre sin roimhe seo cinnfidh an tAire—

(i) luach bliantúil aon liúntais nó cnapshuime, nó

(ii) an chnapshuim is comhionann le haon aoisliúntas nó pinsean,

is iníoctha as airgead poiblí leis an duine lena mbaineann.

Measbhlianta de sheirbhís bhunaithe a dheonú.

1859, seis. 1, c. 26.

1909, c. 10.

1954, Uimh. 14 .

1956, Uimh. 10 .

1926, Uimh. 39 .

1956, Uimh. 46 .

6. —(1) I gcás ina scoirfidh nó go gcuirfear státseirbhíseach bunaithe as an Státseirbhís—

(a) de dhroim deireadh a chur lena oifig, nó

(b) chun eagraíocht na roinne lena mbaineann sé a fheabhsú ar dhóigh gur féidir breis éifeachta nó tíobhais a thabhairt i gcrích dá bharr,

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar, má ordaíonn an tAire dá rogha féin é, cibé meastréimhse a chinnfidh an tAire a chur le cibé seirbhís bhunaithe de chuid an státseirbhísigh a chuirfí san áireamh, ar leithligh ón bhfo-alt seo, ach gan an tréimhse sin a bheith níos mó ná—

(i) má d'fhónaigh an státseirbhíseach i bpost bunaithe ar feadh 20 bliain nó níos mó—10 mbliana,

(ii) má d'fhónaigh sé i bpost bunaithe ar feadh tréimhse is lú ná 20 bliain agus nach lú na 10 mbliana— leath na seirbhíse sin, agus

(iii) má d'fhónaigh sé i bpost bunaithe ar feadh tréimhse is lú ná deich mbliana—5 bliana.

(2) (a) Aon mheastréimhse a chuirfear le seirbhís faoi fho-alt (1) den alt seo ní rachaidh sé thar an difríocht idir aois an státseirbhísigh tráth a scoir nó a churtha as oifig agus—

(i) i gcás ina mbeadh, ar scor dó ar dháta nach déanaí ná trí mhí tar éis dó cúig bliana is seasca d'aois a shlánú, bliain amháin sa bhreis de sheirbhís ináirithe aige, agus aoisliúntas á ríomh, thar mar bheadh aige dá scoireadh sé ar chúig bliana is seasca d'aois a shlánú—an aois a bheadh slán aige ar an dáta sin, agus

(ii) in aon chás eile—cúig bliana is seasca d'aois.

(b) Ní dhéanfar aon mheastréimhse a chuirfear le seirbhís faoi fho-alt (1) den alt seo i gcás inar lú ná 10 mbliana an tseirbhís de chuid an státseirbhísigh is ináirithe agus aoisliúntas á ríomh a áireamh chun aoisliúntas a ríomh.

(3) (a) I gcás—

(i) státseirbhíseach bunaithe a bheith tar éis fónamh i bpost bunaithe ar feadh tréimhse nach lú ná deich mbliana,

(ii) go bhfuil nó go raibh aige post a ndearnadh, de réir fo-alt (12) den alt seo, é a ainmniú mar phost gairmiúil lena mbaineann an t-alt seo, agus

(iii) nach cás é ina ndéanfar meastréimhse deich mbliana a chur le seirbhís faoi fho-alt (1) den alt seo,

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, cuirfear, má ordaíonn an tAire dá rogha féin é, le seirbhís bhunaithe an státseirbhísigh cibé meastréimhse a ordóidh an tAire agus nach mó ná—

(I) an méid blianta taithí gairmiúla ba riachtanach don státseirbhíseach a bheith aige, díreach sular ceapadh chun an phoist ghairmiúil sin é, chun bheith cáilithe chun a cheaptha chun an phoist sin, nó

(II) 10 mbliana,

cibé acu is lú.

(b) I bhfomhír (II) den mhír sin roimhe seo déanfar, i gcás ina gcuirfear meastréimhse le seirbhís faoi fho-alt (1) den alt seo, an tagairt do 10 mbliana a fhorléiriú mar thagairt don difríocht idir an tréimhse sin agus 10 mbliana.

(4) (a) I gcás—

(i) státseirbhíseach bunaithe a bheith tar éis fónamh i bpost bunaithe ar feadh tréimhse nach lú ná 10 mbliana,

(ii) go bhfuil nó go raibh aige, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, post nach raibh, tráth a cheaptha chuige, ainmnithe de réir fo-alt (12) den alt seo mar phost gairmiúil lena mbaineann an t-alt seo,

(iii) gur cheann de na cáilíochtaí riachtanacha chun duine a cheapadh chun an phoist sin nár mhór dó tréimhse taithí gairmiúla a bheith aige sula gceapfaí é,

(iv) gur ar shlí seachas trí ardú céime nó aistriú ó phost bunaithe eile a ceapadh chun an phoist sin é,

(v) go ndéanfar, tráth ar bith roimh scor don státseirbhíseach, an post sin, nó post a measfaidh an tAire gur post cosúil leis é, a ainmniú amhlaidh, agus

(vi) nach cás é ina gcuirfear meastréimhse 10 mbliana le seirbhís faoi fho-alt (1) den alt seo

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar, má ordaíonn an tAire dá rogha féin é, cibé meastréimhse a ordóidh an tAire ach nach mó ná leath na meastréimhse dá bhforáiltear le fo-alt (3) den alt seo a chur le seirbhís an státseirbhísigh i bpost bunaithe, ach go nglacfar chun na críche sin, i gcás ina nglacfaí leath chorr-uimhir blianta mura mbeadh sin, leath an chéad uimhir blianta eile ina dhiaidh sin is airde.

(b) Chun críocha na míre sin roimhe seo, measfar, más cuí leis an Aire dá rogha féin é, gurb ionann riachtanas maidir le tréimhse neamhshonraithe taithí sula gceapfaí é a bheith ag teastáil ó dhuine chun bheith cáilithe chun a cheaptha agus cibé tréimhse is cuí leis an Aire a bheith ina riachtanas faoi réir na teorann nach mbeidh sí níos mó ná an méid blianta taithí gairmiúla ba riachtanas ar dhuine a bheith aige díreach sula gceapfaí é chun an phoist iomchuí dá dtagraítear i bhfomhír (v) den mhír sin roimhe seo chun é a bheith cáilithe chun a cheaptha chun an phoist sin.

(5) I gcás ina gcuirfear meastréimhse le seirbhís faoi fho-alt (3) nó (4) den alt seo, déanfar aoisliúntas agus liúntas breise an státseirbhísigh a ríomh, d'ainneoin an scála aoisliúntais dá bhforáiltear in alt 2 den Superannuation Act, 1859, arna leasú le halt 1 den Superannuation Act, 1909, agus alt 2 den Acht Aoisliúntas, 1954 , amhail agus dá mbeadh a sheirbhís bhunaithe méadaithe méid na meastréimhse a chuirfear léi amhlaidh.

(6) (a) I gcás duine a bheith i seilbh poist a ndearnadh, tráth a cheaptha chuige, é a ainmniú de réir fo-alt (12) den alt seo mar phost gairmiúil lena mbaineann an t-alt seo agus é a bheith curtha ar chumas an duine sin seirbhís roimhe sin a chur san áireamh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, nó faoi alt 67 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , ansin, faoi réir mír (b) den fho-alt seo—

(i) más féidir iomlán na seirbhíse sin roimhe sin a áireamh mar thaithí ghairmiúil a bhí riachtanach chun bheith cáilithe don phost sin, déanfar a hiomlán a bhaint as aon mheastréimhse a bheadh le cur mura mbeadh sin lena sheirbhís bhunaithe faoi fho-alt (3) den alt seo,

(ii) mura féidir ach cuid den tseirbhís sin roimhe sin a áireamh amhlaidh, déanfar an chuid sin di a asbhaint amhlaidh.

(b) Más rud é—

(i) go mbeidh duine—

(I) i dteideal faoi alt 67 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , áireamh a dhéanamh ar sheirbhís roimhe sin i bpost a raibh feidhm maidir leis, tráth a cheaptha, ag Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , toisc gur cháilíochtaí gairmiúla cáilíochtaí an phoist sin nó,

(II) i dteideal áireamh a dhéanamh, faoi alt 4 den Acht seo, ar sheirbhís roimhe sin i bpost arbh é tuairim an Aire gur phost gairmiúil é cosúil le post dá dtagraítear i gclásal (I) den fhomhír seo,

(ii) gur cheann de na cáilíochtaí a theastaigh ó dhuine chun a cheaptha chun an phoist sin é a bheith de riachtanas air uimhir shonraithe blianta taithí gairmiúla a bheith aige sula gceapfaí é, agus

(iii) breis a bheith i gcomhiomlán na dtréimhsí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) den mhír seo thar an meastréimhse a bheadh, mura mbeadh sin, le cur le seirbhís faoi fho-alt (3) den alt seo,

ansin, más comhionann an bhreis leis an tseirbhís ináirithe roimhe sin a bheidh le hasbhaint faoi mhír (a) den fho-alt seo nó más mó í ná an tseirbhís sin, ní bheidh feidhm ag an mír sin agus, in aon chás eile, measfar go ndéanann sí foráil chun déileáil leis an tseirbhís ináirithe roimhe sin chun críocha na míre mar ní atá laghdaithe den bhreis sin.

(c) Chun críocha fomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt seo, measfar, más cuí leis an Aire dá rogha féin é, gurb ionann riachtanas maidir le tréimhse neamhshonraithe taithí gairmiúla a bheith ag duine sula gceapfaí é agus cibé tréimhse shonraithe is cuí leis an Aire, ag féachaint don teorainn atá i mír (b) d'fho-alt (4) den alt seo.

(7) I gcás é a bheith curtha ar chumas duine seirbhís roimhe sin sa Státseirbhís i bpost gairmiúil bunaithe a áireamh, agus go gceapfar é sa dara post gairmiúil bunaithe, ní dhéanfar meastréimhse a chur faoin alt seo lena sheirbhís i leith an dá phost ghairmiúil.

(8) Maidir le meastréimhse a chuirfear le seirbhís faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfar, i gcás duine nach duine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus a scoir ar shlí seachas mar gheall ar bhuan-easláine mheabhrach nó choirp sular shlánaigh sé cúig bliana is seasca d'aois, í a laghdú an tréimhse ar lú ná cúig bliana is seasca a aois ar scor dó.

(9) I gcás státseirbhíseach bunaithe ag a mbeidh seirbhís shealadach is ináirithe faoi alt 3 den Superannuation Act, 1887,—

(a) i gcás inar 10 mbliana nó níos mó an chuid den tseirbhís shealadach a fhéadfar a áireamh mar sheirbhís bhunaithe—ní chuirfear meastréimhse le seirbhís faoin alt seo,

(b) in aon chás eile—ní bheidh meastréimhse a chuirfear le seirbhís faoin alt seo níos mó ná an tréimhse ar lú ná deich mbliana an chuid sin den tseirbhís shealadach a fhéadfar a áireamh mar sheirbhís bhunaithe.

(10) Ní bheidh de fhad i meastréimhse a chuirfear le seirbhís faoin alt seo go rachaidh sé, i dteannta na seirbhíse is ináirithe agus aoisliúntas á ríomh, thar 40 bliain.

(11) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin na poist ghairmiúla a shonrú a fhéadfar a ainmniú mar phoist ghairmiúla lena mbaineann an t-alt seo.

(b) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(12) Féadfaidh an tAire, agus na coinníollacha seirbhíse le haghaidh poist bhunaithe á socrú aige faoi alt 17 d'Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 , é a ainmniú mar phost gairmiúil lena mbaineann an t-alt seo más rud é (agus amháin más rud é)—

(a) go sonrófar é le rialacháin faoi fho-alt (11) den alt seo,

(b) gur cheann de na cáilíochtaí riachtanacha chun duine a cheapadh chun an phoist sin nach mór dó uimhir shonraithe blianta taithí gairmiúla a bheith aige sula gceapfar é,

(c) gur ar shlí seachas trí ardú céime nó trí aistriú ó phost bunaithe eile a cheapfar duine chuige.

Aiscí téarbhaithe speisialta.

7. —I gcás ina scoirfidh nó ina gcuirfear státseirbhíseach bunaithe as an Státseirbhís—

(a) de dhroim deireadh a chur lena oifig, nó

(b) chun eagraíocht na roinne lena mbaineann sé a fheabhsú ar dhóigh gur féidir breis éifeachta nó tíobhais a thabhairt i gcrích dá bharr,

féadfaidh an tAire, más cuí leis dá rogha féin, é, aisce théarbhaithe speisialta a dheonú don státseirbhíseach nach mó ná—

(i) leath tuarastal bliantúil oifige an státseirbhísigh, nó

(ii) iomlán na n-íocaíochtaí tuarastail a dhéanfaí leis dá bhfanfadh sé i bpost bunaithe go dtí go mbeadh cúig bliana is seasca d'aois slán aige nó, más rud é, ar é scor ar dháta nach déanaí ná trí mhí tar éis dó cúig bliana is seasca d'aois a shlánú, go mbeadh bliain amháin de sheirbhís ináirithe sa bhreis aige, agus aoisliúntas á ríomh, thar mar bheadh aige dá scoireadh sé ar chúig bliana is seasca d'aois a shlánú, an aois a bheadh slán aige ar an dáta sin,

cibé acu is lú.

Alt 12 den Superannuation Act, 1834, a mhodhnú.

1834, c. 24.

8. —(1) I gcás ina dtarlódh, de réir alt 12 den Superannuation Act, 1834, agus ar leith ón bhfo-alt seo, go ndéanfaí, de dhroim ardú tuarastail arna dheonú ar ardú céime a fháil i rith na dtrí bliana dar críoch dáta an scoir, ríomh de réir meánmhéid an tuarastail, déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, an ríomh a áireamh ar an tuarastal a bheadh ag an duine lena mbaineann tráth a scoir dá mba rud é nach bhfuair sé ardú céime.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt sin roimhe seo, féadfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, aon íocaíochtaí a fuarthas de dhroim an t-ardú céime thar mar a gheofaí dá mba nach bhfuarthas aon ardú céime a áireamh chun críocha na dámhachtana mar shochair oifige de réir bhrí alt 28 den Superannuation Act, 1834.

(3) I gcás ina dtarlódh, de réir alt 12 den Superannuation Act, 1834, agus ar leith ón bhfo-alt seo, nach ndéanfaí, toisc an duine lena mbaineann a bheith, tráth a scoir, ina shealbhóir ar oifig nach cuid d'aon aicme áirithe, dámhachtain a áireamh ar an tuarastal a bhí aige tráth a scoir, déanfar, má d'fhónaigh sé san oifig sin trí bliana nó níos faide agus go n-ordóidh an tAire amhlaidh, an dámhachtain a áireamh ar an tuarastal sin.

(4) I dteannta feidhm a bheith ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo maidir le dámhachtana a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh feidhm acu freisin maidir le dámhachtana a rinneadh an 5ú lá de Bhealtaine, 1960, nó dá éis, agus roimh dháta an Achta sin a rith, agus coigeartófar nó athrófar na dámhachtana sin dá réir sin.

Seirbhís áirithe faoin gCoimisiún Béaloideasa a áireamh.

9. —I gcás ina ndearnadh duine a cheapadh chun poist bhunaithe nó poist neamhbhunaithe agus é ag fónamh i bhfeidhmeannas lánaimsire i bhfostaíocht an Choimisiúin Béaloideasa, áireofar seirbhís an duine i bhfostaíocht an Choimisiúin Béaloideasa mar sheirbhís neamhbhunaithe má ordaíonn an tAire dá rogha féin é agus a mhéid agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh sé, agus measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a áireofar amhlaidh.

Seirbhís áirithe faoi Bhord na gCeantar Cúng a áireamh.

10. —(1) I gcás ina ndearnadh duine a cheapadh chun poist bhunaithe nó poist neamhbhunaithe agus é ag fónamh i bhfeidhmeannas lánaimsire i bhfostaíocht Bhord na gCeantar Cúng, déanfar seirbhís an duine i bhfostaíocht Bhord na gCeantar Cúng a áireamh, má ordaíonn an tAire dá rogha féin é agus a mhéid agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh sé, mar sheirbhís bhunaithe nó mar sheirbhís neamhbhunaithe (mar is cuí leis an Aire), agus measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a áireofar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ordú a thabhairt de bhun fo-alt (1) den alt seo maidir le seirbhís duine a scoir as post bunaithe roimh dháta an Achta seo a rith agus ar bheo dó ar an dáta sin agus—

(a) beidh éifeacht ag an ordú amhail ó cibé dáta roimh dháta an Achta seo a rith a cheapfaidh an tAire,

(b) déanfar aon aoisliúntas nó liúntas breise is iníoctha leis an duine ar an dáta, nó tar éis an dáta, a cheapfar amhlaidh a choigeartú nó a athrú dá réir sin, agus

(c) measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a bheidh le háireamh de réir an ordaithe.

Seirbhís áirithe faoi údarás sláintíochta a áireamh.

1930, Uimh. 10 .

1935, Uimh. 24 .

11. —(1) I gcás—

(a) inar tharla tar éis an 26ú lá de Mhárta, 1936, agus roimh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1938, gur thosaigh duine ar dhualgas mar státseirbhíseach bunaithe, agus

(b) go raibh feidhmeanna faoin Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 , nó faoin Acht Muc agus Bagúin, 1935 , nó faoin dá Acht sin á gcomhlíonadh aige go dtí sin mar oifigeach lánaimsire d'údarás sláintíochta chun críocha na nAchtanna Sláinte Poiblí, 1878 go 1931,

déanfar an tseirbhís a thug an duine agus é ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin amhlaidh a áireamh, má ordaíonn an tAire dá rogha féin é agus a mhéid agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh sé, mar sheirbhís neamhbhunaithe, agus measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a áireofar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis, ordú a thabhairt de bhun fo-alt (1) den alt seo maidir le seirbhís duine a scoir as post bunaithe roimh dháta an Achta seo a rith agus ar bheo dó ar an dáta sin agus—

(a) beidh éifeacht ag an ordú amhail ó cibé dáta roimh dháta an Achta seo a rith a cheapfaidh an tAire,

(b) déanfar aon aoisliúntas nó liúntas breise is iníoctha leis an duine ar an dáta nó tar éis an dáta a cheapfar amhlaidh a choigeartú nó a athrú dá réir sin, agus

(c) measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a bheidh le háireamh de réir an ordaithe.

Seirbhís áirithe a áireamh ar íocadh luach saothair ina leith as Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

12. —I gcás—

(a) inar fhónaigh duine, ar feadh tréimhse a chríochnaigh tráth ar bith roimh dháta an Achta seo a rith, i bpost lánaimsire sa Státseirbhís arb as Ciste Iontaobhais na nOspidéal a íocadh an luach saothair ina leith, agus

(b) go ndearnadh, agus é ag fónamh amhlaidh, é a cheapadh chun poist bhunaithe nó chun poist neamhbhunaithe arb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas a íocadh an luach saothair ina leith,

measfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh dá rogha féin é, gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh as an gcuid sin dá sheirbhís arb as Ciste Iontaobhais na nOspidéal a íocadh an luach saothair ina leith.

Seirbhís neamhbunaithe a foirceannadh trí aistriú go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a áireamh.

1926, Uimh. 32 .

1931, Uimh. 8 .

13. —Más rud é, i gcás duine ar beo dó ar dháta an Achta seo a rith agus a ghlac fostaíocht i bpost sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a tairgeadh dó de bhun alt 16 den Acht um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926 , agus é i seilbh poist neamhbhunaithe, gur scoir an duine sin roimh dháta an Achta seo a rith as post bunaithe ar ceapadh chuige é agus é i seilbh fostaíochta i bpost sa Choláiste sin—

(a) measfar gur thréimhse de sheirbhís neamhbhunaithe agus í comhleanúnach lena sheirbhís bhunaithe an tréimhse seirbhíse dá chuid roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1926 (lena n-áirítear aon tréimhse seirbhíse a ndearnadh luach saothair a íoc leis lena linn go hiomlán nó go páirteach as ciste speisialta mar a mhínítear in alt 12 den Acht Talmhaíochta, 1931 ),

(b) déanfar aon aoisliúntas nó aon liúntas breise a dámhadh dó a choigeartú nó a athrú dá réir sin, agus

(c) measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh é i gcaitheamh na tréimhse sin a raibh sé ag fáil luach saothair lena linn go hiomlán nó go páirteach as ciste speisialta.

Cléireach cúirte dúiche a bunaíodh roimh dháta an Achta Oifigeach Cúirte, 1951 , a rith.

1951, Uimh. 8 .

14. —I gcás—

(a) ina ndearna Coimisinéirí na Státseirbhíse deimhniú cáilíochta a dheonú roimh dháta an Achta Oifigeach Cúirte, 1951 , a rith do dhuine ar beo dó ar dháta an Achta seo a rith, i leith a phoist mar chléireach cúirte dúiche, agus

(b) gur dhuine é lena mbainfeadh alt 3 den Acht sin, mura mbeadh an deimhniú sin a dheonú,

déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, aon aoisliúntas nó liúntas breise a deonaíodh dó roimh dháta an Achta seo a rith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, nó faoi aon cheann de na hAchtanna sin, a athbhreithniú ionann agus dá ndéarfaí ina dheimhniú cáilíochta go mbeadh éifeacht ó cibé dáta, roimh dháta an deimhnithe sin, a chinnfidh an tAire agus ionann is dá mba as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh é amhail ón dáta a chinnfear amhlaidh.

Deimhnithe cáilíochta (An Coláiste Náisiúnta. Ealaíon) a dheonú.

15. —(1) Baineann an t-alt seo le duine is oifigeach don Aire Oideachais ar dháta an Achta seo a rith agus é i seilbh poist—

(a) mar Ollamh Péintéireachta sa Choláiste Náisiúnta Ealaíon,

(b) mar Ollamh Dealbhadóireachta sa Choláiste Náisiúnta Ealaíon,

(c) mar Ollamh Dealbhadóireachta Cúnta sa Choláiste Náisiúnta Ealaíon.

(2) Ar mholadh an Aire Oideachais, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire, déanfaidh Coimisinéirí na Státseirbhíse—

(a) deimhniú cáilíochta maidir lena phost a dheonú do dhuine lena mbaineann an t-alt seo,

(b) deimhniú cáilíochta maidir lena sheanphost mar Ollamh Péintéireachta Cúnta sa Choláiste Náisiúnta Ealaíon a dheonú don duine dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo.

(3) Aon deimhniú cáilíochta a dheonófar de bhun an ailt seo féadfaidh sé, le toiliú an Aire, a rá go mbeidh éifeacht aige ó dháta roimh dháta a dheonta.

Seirbhís i Státseirbhís Dháil Éireann a áiream.

1936, Uimh. 39 .

16. —(1) Measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh luach saothair in aghaidh gach tréimhse seirbhíse i Státseirbhís Dháil Éireann.

(2) Más deimhin leis an Aire—

(a) gur thosaigh duine tréimhse seirbhíse i Státseirbhís Dháil Éireann lá sonraithe, agus

(b) gur chríochnaigh an tréimhse lá sonraithe ina dhiaidh sin,

áireofar mar sheirbhís neamhbhunaithe an tréimhse, ach amháin aon chuid di a bheidh, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ináirithe mar sheirbhís bhunaithe.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i gcás duine a scoir as post neamhbhunaithe roimh dháta an Achta seo a rith agus ar bheo dó ar an dáta sin, agus déanfar aon aoisliúntas nó liúntas breise is iníoctha leis a choigeartú nó a athrú dá réir sin le héifeacht amhail ó cibé dáta roimh an dáta sin a cheapfaidh an tAire.

(4) San alt seo tá le “Státseirbhís Dháil Éireann” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aoisliúntas, 1936.

Seirbhís neamhbhunaithe a áireamh i gcásanna áirithe.

17. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh seirbhís bhunaithe duine le cinneadh faoi alt 12 nó alt 13 den Acht Aoisliúntas, 1936, agus

(b) go mbeidh an dáta a meastar gur uaidh a thosaigh seirbhís bhunaithe an duine níos déanaí ná dáta a chéad-ligin isteach i státseirbhís arb éard í, de bhua fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Aoisliúntas, 1936, státseirbhís lena mbaineann athshuíomh faoin Acht sin,

déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh dá rogha féin é agus a mhéid agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh sé, an tréimhse eatramhach idir an dá dháta a áireamh mar thréimhse de sheirbhís neamhbhunaithe agus measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a áireofar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ordú a thabhairt de bhun fo-alt (1) den alt seo i leith seirbhís duine a scoir as post bunaithe roimh dháta an Achta seo a rith agus ar bheo dó ar an dáta sin agus—

(a) beidh éifeacht ag an ordú amhail ó cibé dáta roimh dháta an Achta seo a rith a cheapfaidh an tAire,

(b) déanfar aon aoisliúntas nó liúntas breise is iníoctha leis an duine ar an dáta nó tar éis an dáta a cheapfar amhlaidh a choigeartú nó a athrú dá réir sin, agus

(c) measfar gurb as airgead a sholáthraigh an Oireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a bheidh le háireamh de réir an ordaithe.

Seirbhís a athbhunú i gcúinsí áirithe.

1926, Uimh. 27 .

18. —I gcás—

(a) inar deonaíodh deimhniú cáilíochta faoi fho-alt (1) d'alt 62 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , do dhuine ar beo dó ar dháta an Achta seo a rith,

(b) gur scoir sé, roimh an deonú sin, mar gheall ar chúiseanna polaitíochta amháin, de bheith ar fostú i bpost bunaithe i Státseirbhís Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann tráth, agus

(c) gur scoir sé roimh dháta an Achta seo a rith as post bunaithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) áireofar na tréimhsí seo a leanas mar aon tréimhse chomhleanúnach amháin de sheirbhís bhunaithe:

(I) a thréimhse seirbhíse i bpost bunaithe i Státseirbhís Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann tráth,

(II) an tréimhse idir dáta a scoir as oifig i Státseirbhís Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann tráth agus an lú lá d'Eanáir, 1923, agus

(III) tréimhse a sheirbhíse bunaithe sa Státseirbhís,

(ii) déanfar aon aoisliúntas nó liúntas breise a dámhadh dó a choigeartú nó a athrú dá réir sin, agus

(iii) measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh é i gcaitheamh na tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (II) de mhír (i) den alt seo.

Aoisliúntas feabhsaithe do dhaoine áirithe a bhí ina bhfostaithe faoi údarás áitiúil agus a tháinig chun bheith ina státseirbhísigh.

1925, Uimh. 5 .

1936, Uimh. 46 .

19. —I gcás—

(a) ina mbeidh, ar dháta an Achta seo a rith, aoisliúntas á fháil ag duine (nó ina mbeadh sé á fháil aige mura mbeadh gur fionraíodh a íoc),

(b) gur dháta tar éis an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1936, agus roimh an 2ú lá de Shamhain, 1939, an dáta a thosaigh an duine ar dualgas mar státseirbhíseach bunaithe,

(c) go gcruthófar chun sástachta an Aire—

(i) gur chaill an duine oifig nó fostaíocht faoi choiste teagasc teicniúil mar gheall ar chúiseanna polaitíochta, nó

(ii) gur tharla, ar an duine a bheith ceaptha le rún ó choiste teagasc teicniúil chun bheith ina oifigeach don choiste sin, go ndeachaigh an rún sin ar neamhní de dhroim oibriú alt 71 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 .

(d) nach raibh feidhm ag alt 5 den Acht Rialtais Áitiúla, 1936 , maidir leis an duine,

déanfar an tréimhse idir an dáta (arna chinneadh ag an Aire) a tharla an chailliúint oifige nó fostaíochta nó a chuaigh an rún ar neamhní (cibé acu é) agus an dáta a tháinig an duine chun bheith ina státseirbhíseach bunaithe a áireamh mar sheirbhís bhunaithe, má ordaíonn an tAire dá rogha féin é agus a mhéid a chinnfidh sé amhlaidh, agus—

(I) measfar gurb as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, a íocadh an duine i gcaitheamh na tréimhse a áireofar amhlaidh, agus

(II) déanfar, le héifeacht amhail ó dháta a scoir, an t-aoisliúntas agus aon liúntas breise a dámhadh dó a choigeartú nó a athrú dá réir sin.

Alt 5 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 , a leasú.

1933, Uimh. 5 .

20. —(1) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (1) d'alt 5 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 , a thabhairt tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 5 den Acht Rialtais Áitiúla 1933, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, i gcás inar tharla, i dtuairim an Aire Oideachais, ar oifigeach do choiste gairmoideachais a cheapadh, ar dháta i rith na tréimhse ón lú lá d'Eanáir, 1922, go dtí an 9ú lá de Mhárta, 1932, le rún ó choiste ceardoideachais chun bheith ina oifigeach don choiste sin, go ndeachaigh an rún sin ar neamhní de dhroim oibriú alt 71 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , agus, in aon chás den sórt sin—

(a) an deimhniú a bheidh le tabhairt de bhun an fho-ailt sin ag an Aire Oideachais is deimhniú é go ndeachaigh, ar an oifigeach a cheapadh mar a dúradh ar dháta sonraithe, an rún á cheapadh ar neamhní de dhroim oibriú an ailt sin 71, agus

(b) beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt ach an dáta sonraithe sin a chur in ionad an dáta a chéadluaitear ann agus ionann agus dá mbeadh foráil inti chun cibé laghdú (más aon laghdú é) a shonróidh an deimhniú sin a dhéanamh ar an tréimhse is ináirithe thairis sin faoin mír sin.

(3) I gcás ina dtabharfar deimhniú de bhua fo-alt (1) den alt seo, déanfar an dámhachtain aoisliúntais a deonaíodh don duine lena mbaineann, le héifeacht amhail óna scor, a choigeartú nó a athrú dá réir sin.

(4) Aisíocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, má aontaíonn an tAire leis, na muirir aoisliúntas a thiocfaidh faoi fho-alt (2) den alt seo.

Alt 15 (3) de Acht Aoisliúnntas, 1936, a leasú.

21. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 15 den Acht Aoisliúntas, 1936, trí “nó mar oifigeach de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath” a chur isteach i ndiaidh “mar oifigeach den Gharda Síochána” sa dara áit agus sa tríú áit a bhfuil na focail dheiridh sin.

Iocaíochtaí speisialta i gcásanna áirithe.

1951, I.R. Uimh. 327.

22. —(1) San alt seo ciallaíonn “aoisliúntas a bhfuil feidhm maidir leis ag an alt seo” aoisliúntas a bhí i gcúrsa a íoctha an lú lá d'Eanáir, 1950, i leith seirbhíse i bpost mar Chigire nó mar Thimire sa Roinn Oideachais, agus ar aoisliúntas é a ndearnadh, agus é á ríomh, seirbhís mar mhúinteoir a áireamh de bhun alt 21 den Acht Aoisliúntas, 1936, agus na rialachán faoin Acht sin.

(2) Más rud é, ar dháta an Achta seo a rith, gurb éard duine—

(a) duine a bhfuil aoisliúntas a bhfuil feidhm maidir leis ag an alt seo i gcúrsa a íoctha leis, nó

(b) bean, arb í ba bhanchéile nó gur éag sé don duine ar dámhadh dó aoisliúntas a bhfuil feidhm maidir leis ag an alt seo, agus nár phós arís,

féadfaidh an tAire íocaíocht a dhéanamh leis an duine.

(3) Beidh sé ar a rogha as an Aire íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo agus, i gcás ina ndéanfaidh sé aon íocaíocht den sórt sin, beidh a méid ar a rogha aige freisin faoi réir na teorann a shonraítear sa chéad fho-alt eile.

(4) (a) Ní rachaidh méid íocaíochta faoin alt seo thar—

(i) i gcás ina mbeadh ceangal ar an bpinsinéir, dá mbeadh forálacha na Rialachán Aoisliúntais (Seirbhís Mhúinteoireachta d'Aireamh), 1951, infheidhmithe maidir leis, ranníoc a íoc i leith na sochar a deonaíodh faoi na Rialacháin sin—

(I) an tríochadú cuid den tuarastal bliantúil ar faoina threoir a ríomhadh aoisliúntas an phinsinéara arna iolrú ar uimhir blianta seirbhíse múinteoireachta an phinsinéara,

arna laghdú—

(II) méid an ranníoca a bheadh an pinsinéir faoi cheangal amhlaidh a íoc, nó

(ii) in aon chás eile, an tríochadú cuid den tuarastal bliantúil ar faoina threoir a ríomhadh aoisliúntas an phinsinéara arna iolrú ar uimhir blianta seirbhíse múinteoireachta an phinsinéara.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, i gcás inarb é atá in uimhir blianta seirbhíse múinteoireachta an phinsinéara slánuimhir agus codán in ionannas do chuid de bhliain—

(i) i gcás inar tháinig, tar éis na seirbhíse múinteoireachta, tréimhse de sheirbhís bhunaithe mar Chigire nó mar Thimire sa Roinn Oideachais arb é an uimhir blianta a bhí inti slánuimhir agus codán in ionannas do chuid de bhliain nach lú ná an difríocht idir an codán céadluaite agus aon— ní thabharfar aird ar an slánuimhir chéadluaite ná ar an gcodán céadluaite agus measfar gurb í uimhir blianta seirbhíse múinteoireachta an phinsinéara an chéad slánuimhir eile is airde ná an tslánuimhir chéadluaite, agus

(ii) in aon chás eile, ní thabharfar aird ar an gcodán céadluaite.

(c) Sa bhfo-alt seo—

ciallaíonn “an pinsinéir” an duine dar deonaíodh an t-aoisliúntas iomchuí is aoisliúntas a bhfuil feidhm maidir leis ag an alt seo,

ciallaíonn “seirbhís mhúinteoireachta” an méid seirbhíse múinteoireachta arb é a bheadh inti, dá scoireadh an pinsinéir ar an 15ú lá de Shamhain, 1951, seirbhís ináirithe faoi na Rialacháin Aoisliúntais (Seirbhís Mhúinteoireachta d'Aireamh), 1951, chun críocha uile na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1947.

Daoine áirithe meastar gur státseirbhísigh bhunaithe iad chun críocha an Achta Aoisliúntas, 1956 .

1956, Uimh. 38 .

1923, Uimh. 1 .

23. —(1) Chun críocha an Achta Aoisliúntas, 1956 , measfar gur státseirbhíseach bunaithe gach duine acu seo a leanas:

(a) duine a bhfuil post aige a bhfuil feidhm ina leith ag alt 22 nó ag fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Aoisliúntas, 1936,

(b) duine a bhfuil ceadú tugtha ina leith ag an Aire chun críocha mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo,

(c) comhalta den Údarás Forbartha Tionscail (seachas James Patrick Beddy nó duine ar féidir dámhachtain a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963),

(d) duine a shealbhaíonn oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

(2) Measfar, chun críocha an Achta Aoisliúntas, 1956 , gur aoisliúntas pinsean faoi alt 28 den Acht seo nó faoi Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 .

Pá, pinsean, aoisliúntas nó liúntas eile, blianacht nó aisce a íoc i gcás an tairbhí a bheith faoi mhíchumas.

24. —(1) I gcás suim is iníoctha ag aon Aire maidir le haon phá, pinsean, aoisliúntas nó liúntas eile, blianacht nó aisce a bheith iníoctha amhlaidh le duine (dá ngairtear an tairbhí san alt seo) ar deimhin leis an Aire ina thaobh, ar dheimhniú liachleachtóra chláraithe, nach féidir leis mar gheall ar mhíchumas meabhrach nó coirp admháil a thabhairt ar an tsuim, féadfaidh an tAire sin an tsuim a íoc—

(a) go hiomlán nó go páirteach le haon fhoras nó duine ar a bhfuil cúram an tairbhí,

(b) go hiomlán nó go páirteach le cibé daoine a measfaidh an tAire sin gur cleithiúnaithe leis an tairbhí iad, nó

(c) maidir le cuid di, le haon fhoras nó duine ar a bhfui cúram an tairbhí agus, maidir leis an gcuid eile, go hiomlán nó go páirteach le cibé daoine a measfaidh an tAire sin gur cleithiúnaithe leis an tairbhí iad, agus i cibé slí is cuí leis an Aire sin.

(2) Aon íocaíochtaí a dhéanfar faoin alt seo déanfaidh siad an tAire a dhéanfaidh iad a urscaoileadh chomh hiomlán agus dá mba díreach leis an tairbhí a rinneadh iad.

Pinsin a chothromú go dtí an scilling is gaire.

25. —I gcás ina ndéanfar aoisliúntas bliantúil nó cúiteamh bliantúil faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, a dheonú tar éis dáta an Achta seo a rith agus gurb é a bheadh sa tsuim iomlán, ar leith ón alt seo, glanuimhir scillingí agus cuid de scilling, is é a bheidh sa mhéid bliantúil sin—

(a) más lú ná sé phingin an chuid de scilling, an ghlanuimhir scillingí, agus

(b) más sé phingin nó níos mó an chuid de scilling, an ghlanuimhir scillingí móide scilling.

Feidhmeanna aoisliúntas a tharmligean.

26. —Féadfaidh an tAire, a mhéid agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis, aon chumhacht a thugtar dó leis na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, chun aon phinsean nó aisce a dheonú, a tharmligean chun aon Aire Stáit.

Eadránaí maoine.

1960, Uimh. 45 .

1919, c. 57.

27. —(1) I gcás duine a ceapadh, tar éis an lú lá de Shamhain, 1961, agus roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis dáta an Achta seo a rith, de bhun fo-alt (1) d'alt 2 den Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , chun bheith ina eadránaí maoine agus é a bheith fostaithe i gcáil lánaimsire faoi théarmaí a cheapacháin mar eadránaí maoine—

(a) chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, measfar, má cheadaíonn an tAire é, gur seirbhís bhunaithe a sheirbhís mar eadránaí maoine (gan aon seirbhís a áireamh a bheidh tugtha aige tar éis trí mhí a bheith caite ón lá a shlánóidh sé cúig bliana is seasca d'aois),

(b) mura dtabharfar aon dámhachtain dó nó ina leith de bhua na míre sin roimhe seo, measfar gur seirbhís i gcáil lena mbaineann alt 4 den Superannuation Act, 1887, a sheirbhís.

(2) Measfar gur sheirbhís i gcáil lena mbaineann alt 4 den Superannuation Act, 1887, seirbhís duine ar measadh de bhun fo-alt (4) d'alt 2 den Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , é a bheith ceaptha ina eadránaí maoine (lena n-áirítear a sheirbhís mar chomhalta den phainéal eadránaithe oifigiúla faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919).

Aoisliúntas comhaltaí lánaimsire den Údarás Forbartha Tionscail.

1950, Uimh. 29 .

28. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail.

(2) (a) Má scoireann duine, tar éis tréimhse nach lú ná deich mbliana de sheirbhís inphinsin (lena n-áirítear tréimhse chomhleanúnach amháin ar a laghad de chúig bliana seirbhíse inphinsin), de bheith ina chomhalta den Údarás—

(i) trína théarma oifige do dhul in éag gan é athcheapadh, nó

(ii) trína éirí as le linn a théarma oifige tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú nó mar gheall ar easláinte roimh an aois sin a shlánú,

féadfar, faoi réir na céad mhíre eile, pinsean lena shaol a dheonú dó arna áireamh de réir ráta aon daichead a hochtú cuid dá thuarastal inphinsin in aghaidh gach bliana comhlánaithe dá sheirbhís inphinsin, faoi réir uasmhéid d'fhiche a ceathair de dhaichead a hochtuithe dá thuarastal inphinsin.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo i gcás ina dtarlóidh, ar an duine do scor de bheith ina chomhalta den Údarás trína théarma oifige do dhul in éag gan é a athcheapadh, go ndeimhneoidh an tAire Tionscail agus Tráchtála go n-athcheapfaí é mura mbeadh go raibh sé as láthair ó chruinnithe uile an Údaráis i gcaitheamh tréimhse sé mhí nó mar gheall ar mhí-iompar sonraithe nó mar gheall ar gur dhiúltaigh sé glacadh le ceapachán.

(3) I gcás duine d'éag le linn a théarma oifige mar chomhalta den Údarás tar éis cúig bliana ar a laghad de sheirbhís inphinsin, féadfar aisce is comhionann le méid a thuarastail inphinsin a dheonú dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.

(4) I gcás duine ar deonaíodh pinsean dó ar é do scor de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den Údarás d'fháil bháis nuair is lú de shuim ar bith ná a thuarastal inphinsin méid na n-íocaíochtaí i leith an phinsin ó dháta an scoir sin go dtí dáta a bháis, féadfar aisce ar comhéid leis an tsuim sin a dheonú dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.

(5) (a) I bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo ciallaíonn “seirbhís inphinsin” seirbhís mar chomhalta lánaimsire den Údarás ag duine faoi bhun cúig bliana is seasca d'aois maraon le—

(i) i gcás comhalta den Údarás a shlánóidh an aois sin le linn a théarma oifige, cibé tréimhse seirbhíse, más aon tréimhse é, mar chomhalta lánaimsire den Údarás (nach faide ná trí mhí) tar éis an dáta a shlánóidh sé an aois sin, agus ní níos mó ná sin, a chomhlánódh bliain eile de sheirbhís inphinsin ar í a chur lena sheirbhís inphinsin roimh an dáta sin, agus

(ii) i gcás duine is comhalta den Údarás ar dháta an Achta seo a rith agus a céadcheapadh mar chomhalta den Údarás an 26ú lá de Bhealtaine, 1949, an tréimhse ón 12ú lá de Mheitheamh, 1953, go dtí an 28ú lá de Mhárta, 1961.

(b) Chun críocha na míre sin roimhe seo, i gcás comhalta den Údarás nach mbeidh aon ordú tugtha ina leith faoi fho-alt (7) d'alt 4 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 , measfar gur seirbhís mar chomhalta lán aimsire a sheirbhís mar chomhalta den Údarás d'ainneoin é a bheith, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, i seilbh poist mar chomhalta páirtaimsire de bhord comhluchta arna cheadú chun críocha na míre seo ag an Aire agus ag an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(c) Chun críocha fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo déanfar “tuarastal inphinsin” a ríomh mar a ríomhtar tuarastal chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) go (5) den alt seo maidir le James Patrick Beddy ná maidir le duine ar féidir dámhachtain a thabhairt ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, seachas na fo-ailt sin.

(7) (a) Má bhíonn James Patrick Beddy (dá ngairtear an cathaoirleach láithreach ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ar dháta an Achta seo a rith, ina chathaoirleach ar an Údarás, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an Aire Tionscail agus Tráchtála laistigh de thrí mhí tar éis dáta an Achta seo a rith, rogha a dhéanamh glacadh le forálacha an fho-ailt seo.

(b) Má dhéanann an cathaoirleach láithreach an rogha dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo—

(i) déanfar na sochair aoisliúntais is iníoctha leis nó ina leith, ar é do scor de bheith i seilbh oifige mar chathaoirleach an Údaráis, a áireamh ar an bhforas dá bhforáiltear le míreanna (c) go (e) den fho-alt seo, agus

(ii) scoirfidh míreanna 3 go 11 den Sceideal a ghabhann leis an Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 , agus an chuid den chonradh a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála leis an gcathaoirleach láithreach de bhun fo-alt (5) d'alt 4 den Acht sin d'éifeacht a bheith acu.

(c) Chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, measfar gur státseirbhíseach bunaithe an cathaoirleach láithreach agus measfar gur seirbhís bhunaithe a sheirbhís inphinsin, mar a mhínítear sa chéad mhír eile.

(d) Is é a bheidh i seirbhís inphinsin an chathaoirligh láithrigh chun críocha an fho-ailt seo seirbhís chomhleanúnach a bheidh tugtha roimh cúig bliana agus seasca d'aois a shlánú aige sna cáileanna seo a léanas:

(i) mar státseirbhíseach bunaithe,

(ii) mar oifigeach don Chuideachta Cairde Tionscail, Teoranta,

(iii) mar chathaoirleach an Údaráis.

(e) Chun críocha dámhachtain de bhua an fho-ailt seo measfar go raibh an cathaoirleach láithreach ag fáil, as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859, tuarastal comhionann le hiomlán an tuarastail is iníoctha leis mar chathaoirleach an Údaráis agus an tuarastail is iníoctha leis mar stiúrthóir bainistí na Cuideachta Cairde Tionscail, Teoranta.

(8) I gcás státseirbhíseach bunaithe a aistriú go cinnteach chun an Údaráis mar chomhalta de, déanfar, má ordaíonn an tAire dá rogha féin é, na sochair aoisliúntais a dheonófar dó a áireamh de réir forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, ionann is dá mba amhlaidh a bhí, i gcaitheamh tréimhse a sheirbhíse mar chomhalta lánaimsire den Údarás tar éis a aistrithe, gur státseirbhíseach bunaithe é agus gur íocadh é i gcaitheamh na tréimhse sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir bhrí alt 17 den Superannuation Act, 1859.

(9) Is é an tAire, ar mholadh an Aire Tionscail agus Tráchtála, a dhéanfaidh aon dámhachtain de bhun an ailt seo.

(10) Déanfar íocaíochtaí faoi dhámhachtain a dhéanfar de bhun an ailt seo a íoc as na deontais faoi alt 7 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 , nó, má ordaíonn an tAire Airgeadais amhlaidh, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

(11) (a) Aon uair, ar aoisliúntas nó pinsean a bheith tagtha chun bheith iníoctha de bhun an ailt seo, a gheobhaidh an pinsinéir aon íocaíochtaí ar mhodh luach saothair as airgead poiblí, ní bheidh san aoisliúntas nó sa phinsean ach cibé méid (más aon mhéid é) nach rachaidh in aon tréimhse dhá mhí dhéag, ar é a chur leis na híocaíochtaí a fuarthas ar mhodh luach saothair, thar an luach saothair bliantúil ab iníoctha leis mar chomhalta den Údarás nó, más é James Patrick Beddy an pinsinéir, thar an iomlán a shonraítear i mír (e) d'fho-alt (7) den alt seo díreach sular thosaigh an t-aoisliúntas nó an pinsean (nó sula dtosódh sé mura mbeadh gan é a bheith i gcúrsa a íoctha).

(b) Na sochair aoisliúntais is iníoctha de bhun an ailt seo (cibé acu ar mhodh liúntais, pinsin nó aisce báis é) ní bheidh iontu ach an méid (más aon mhéid é) ar lú aon sochar aoisliúntais eile, arna sholáthar trí mhuirear ar airgead poiblí agus is iníoctha leis an duine iomchuí lena mbaineann an t-alt seo nó ina leith, ná—

(i) i gcás pinsean a dhámhfar de bhun fo-alt (2) den alt seo, leath an tuarastail inphinsin chun críocha an fho-ailt sin nó an tuarastail ar faoina threoir a áiríodh an sochar aoisliúntais eile, cibé acu is mó,

(ii) i gcás aisce a dhámhfar de bhun fo-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo, an tuarastal inphinsin chun críocha an fho-ailt sin nó an tuarastal ar faoina threoir a áiríodh an sochar aoisliúntais eile, cibé acu is mó,

(iii) in aon chás eile, an tsuim is iníoctha faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, ar scor nó ar bhás (de réir mar is iomchuí) státseirbhísigh le seirbhís bhunaithe cúig bliana is daichead agus tuarastal inphinsin comhionann leis an tuarastal ar faoina threoir a áiríodh an dámhachtain i leith seirbhíse mar chomhalta den Údarás nó leis an tuarastal ar faoina threoir a áiríodh an sochar aoisliúntais eile, cibé acu is mó.

(c) Chun críocha na míre sin roimhe seo féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a chinneadh:—

(i) luach bliantúil aon liúntais nó chnapshuime, nó

(ii) an chnapshuim is comhionann le haon aoisliúntas nó pinsean,

is iníoctha as airgead poiblí le duine lena mbaineann an t-alt seo.

(12) Ní fhéadfar pinsean is iníoctha de bhun an ailt seo a mhuirearú ná a shannadh.

(13) Beidh íoc pinsin is iníoctha de bhun an ailt seo faoi réir an t-íocaí do dhéanamh dearbhaithe i cibé foirm agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire.

(14) (a) Féadfaidh an tAire a chinneadh go n-íocfaidh an Chuideachta Cairde Tionscail, Teoranta, cuid d'íocaíocht i leith dámhachtana is iníoctha de bhun fo-alt (7) den alt seo.

(b) Má dhéanann an tAire cinneadh faoin mír sin roimhe seo, cinnfidh sé freisin an méid den íocaíocht a bheidh le híoc ag an gCuideachta Cairde Tionscail, Teoranta, agus íocfaidh an Chuideachta sin an méid sin leis an Aire.

(c) Aon mhéid a íocfar leis an Aire faoin bhfo-alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é de réir ordú an Aire.

Pinsin neamhranníocacha a íoc le sean chomhaltaí de Thithe n Oireachtais tá i ngátar.

29. —(1) (a) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine—

(i) atá os cionn caoga bliain d'aois agus faoi éagumas de dheasca easláinte nó os cionn seasca bliain d'aois,

(ii) nach bhfuil, agus nach raibh tar éis an 30ú lá d'Aibreán, 1960, ina chomhalta de Dháil Éireann ná de Sheanad Éireann,

(iii) ba chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann an 30ú lá d'Aibreán, 1960, nó roimhe sin,

(iv) a thug 3,460 lá nó níos mó de sheirbhís, agus

(v) nach bhfuil ag fáil pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “seirbhís” an tréimhse nó comhshuim na dtréimhsí a bhí an duine a bheidh i gceist ag fáil liúntais mar chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann.

(2) (a) Féadfar iarratas ar phinsean a dhéanamh chun an Aire ag duine lena mbaineann an t-alt seo nó thar a cheann.

(b) Déanfar gach iarratas den sórt sin i cibé foirm a cheanglóidh an tAire.

(3) Ar aon iarratas den sórt sin ag duine lena mbaineann an t-alt seo nó thar a cheann, féadfaidh an tAire pinsean a dheonú don duine sin.

(4) Beidh sé ar a rogha ag an Aire pinsean a dheonú faoin alt seo ach amháin nach ndeonóidh sé pinsean mura deimhin leis, ag féachaint do chúrsaí airgeadais an duine a rinne an t-iarratas nó a ndearnadh an t-iarratas thar a cheann, gur chóir an pinsean a dheonú, agus i gcás ina ndeonóidh sé aon phinsean amhlaidh, beidh, faoi réir an chéad fho-ailt eile, méid an phinsin ar a rogha aige.

(5) Ní bheidh pinsean faoin alt seo níos mó ná £350 sa bhliain agus, nuair a bheidh a mhéid á shocrú ag an Aire, tabharfaidh sé aird ar chúrsaí airgeadais an deontaí.

(6) Féadfaidh an tAire cibé socruithe is oiriúnach leis a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais faoin alt seo (lena n-áirítear iarratais a chur faoi bhráid choiste de chomhaltaí Thithe an Oireachtais a cheapfar chuige sin).

(7) Féadfaidh gurb é a bheidh i ndeonú faoin alt seo, más cuí leis an Aire sin, deonú lena mbeidh éifeacht amhail ó dháta roimh dháta an deonaithe ach nach luaithe ná dáta an iarratais.

(8) Beidh íoc pinsin faoin alt seo faoi réir an íocaí de dhéanamh dearbhú i cibé foirm agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire.

(9) I gcás ina dtiocfaidh duine dá ndeonófar pinsean faoin alt seo i dteideal suí i gceachtar Teach den Oireachtas, déanfar an pinsean faoin alt seo a chealú amhail ón dáta a thosóidh liúntas an duine sin mar chomhalta den Teach sin.

(10) Má dhiúltaítear uair amháin nó níos mó pinsean faoin alt seo a dheonú d'aon duine áirithe ní cosc é ar phinsean den sórt sin a dheonú ina dhiaidh sin don duine sin.

(11) I gcás ina ndearna an tAire, roimh dháta an Achta seo a rith, deonú ar dheonú é ba chuí a dhéanamh faoin alt seo dá mbeadh an t-alt seo i bhfeidhm an tráth sin, nó ar dheonú den sórt sin é dá mbeadh éifeacht aige ó dháta an iarratais á iarraidh, is deonú é ba chuí a dhéanamh faoin alt seo agus measfar gur dheonú den sórt sin ariamh é.

Alt 6A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 , a leasú.

1938, Uimh. 34 .

1960, Uimh. 12 .

30. —(1) Leasaítear leis seo alt 6A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 , is é sin an t-alt a cuireadh isteach le halt 5 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 , le héifeacht amhail ó dháta an Achta deiridh sin a luaitear a rith, trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(4) Féadfar scéim lena mbaineann an t-alt seo a leasú le rún a rithfidh gach Teach den Oireachtas.

(5) Féadfaidh forálacha a bheith i scéim iena mbaineann an t-alt seo chun go bhféadfar an scéim a fhoirceannadh le rún a rithfidh gach Teach den Oireachtas agus chun cumhacht a thabhairt d'iontaobhaithe na scéime, i gcás ina bhfoirceannfar an scéim, na sócmhainní a réadú agus a dhiúscairt.”

(2) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1963, a ghairm d'Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1962, agus den alt seo i dteannta a chéile.

Forlíonadh ar liúntais áirithe faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) 1956.

I.R. Uimh. 141 de 1960.

31. —(1) Baineann an t-alt seo le duine atá tar éis scor, de dhroim an Dearbhú Sláinte (Teorainn Aoise d'Oifig Dochtúir Oifigiúil Ceantair), 1960, d'oifig dhochtúir oifigiúil ceantair má tharla an scor an lú lá d'Eanáir, 1961, nó tar éis an lae sin agus roimh an lú lá d'Eanáir, 1968.

(2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le ceadú an Aire, forlíonadh a íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas ar aon liúntas faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , is iníoctha le duine a mbaineann an t-alt seo leis maidir lena shean-oifig mar dhochtúir oifigiúil ceantair.

(3) Déanfar ráta forlíonadh faoin alt seo a ríomh mar cheatadán den liúntas iomchuí, agus is é an ceatadán—

(a) más 1961 an bhliain scoir—50 faoin gcéad,

(b) más 1962 an bhliain sin—45 faoin gcéad,

(c) más 1963 an bhliain sin—40 faoin gcéad,

(d) más 1964 an bhliain sin—35 faoin gcéad,

(e) más 1965 an bhliain sin—30 faoin gcéad,

(f) más 1966 an bhliain sin—20 faoin gcéad,

(g) más 1967 an bhliain sin—10 faoin gcéad.

(4) Beidh forlíonadh faoin alt seo iníoctha go dtí dáta báis an íocaí nó ar shé bliana a bheith caite ó dháta an scoir (cibé dáta acu is túisce).

(5) I gcás duine lenar iníoctha forlíonadh faoin alt seo d'fháil aon íocaíochta ar mhodh luach saothair as airgead poiblí, ní íocfar níos mó den fhorlíonadh leis in aon bhliain ná an oiread sin agus is comhionann, i dteannta na híocaíochta sin agus an liúntais iomchuí, leis an luach saothair (lena n-áirítear luach airgid na sochar oifige, más ann) ar ar ríomhadh an liúntas sin.

Iocaíocht i leith áit chónaithe a fhágáil i gcásanna áirithe.

32. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine a bheidh, ar é scor de dhroim an Dearbhú Sláinte (Teorainn Aoise d'Oifig Dochtúir Oifigiúil Ceantair), 1960, tar éis áit chónaithe a fhágáil a cuireadh ar fáil dó mar shealbhóir na hoifige sin más ar an lú lá d'Eanáir, 1961, nó dáta tar éis an dáta sin agus roimh an lú lá d'Iúil, 1965, a fágadh an áit chónaithe.

(2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le ceadú an Aire, na suimeanna seo a leanas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le duine lena mbaineann an t-alt seo—

(a) má ba é an dáta céanna sna sé mhí dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1961, an dáta a fágadh an áit chónaithe agus an dáta scoir nó, murarbh é an dáta céanna iad, gur sna sé mhí sin a bhí an dáta ba dhéanaí díobh—cúig chéad punt,

(b) má ba é an dáta céanna sa bhliain dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1962, na dátaí sin nó, murarb é an dáta céanna iad, gur sa bhliain sin a bhí an dáta ba dhéanaí díobh—ceithre chéad punt,

(c) má ba é an dáta céanna sa bhliain dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1963, na dátaí sin, nó murarb é an dáta céanna iad, gur sa bhliain sin a bhí an dáta ba dhéanaí díobh—trí chéadpunt,

(d) má ba é an dáta céanna sa bhliain dar críoch an lá de Mheitheamh, 1964, na dátaí sin nó, murarb é an dáta céanna iad, gur sa bhliain sin a bhí an dáta ba dhéanaí díobh—dhá chéad punt,

(e) má ba é an dáta céanna sa bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1965, na dátaí sin nó, murarb é an dáta céanna iad, gur sa bhliain sin, a bhí an dáta ba dhéanaí díobh—céad punt.

Seirbhís mar chláraitheoir contae a áireamh ag Breitheamh Cúirte Dúiche.

1961, Uimh. 39 .

33. —Leasaítear leis seo mír 7 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “seirbhís” i ndiaidh fomhír (b):

“(bb) seirbhís mar chláraitheoir contae (is seirbhís a bhí comhleanúnach le seirbhís ina dhiaidh sin mar bhreitheamh nó mar bhreitheamh dúiche sealadach agus is seirbhís ar íocadh luach saothair leis an duine ina leith, gan aon tréimhse a áireamh a bhí sé as láthair de dheasca breoiteachta agus a íocadh luach saothair leis de réir ráta arna chinneadh faoi threoir an ráta ab iomchuí dá mbeadh sé ar pinsean),”

An tAcht Iompair 1959, a leasú.

I.R. Uimh. 139 de 1960.

1959, Uimh. 31 .

34. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an Scéim” Scéim Aoisliúntas Chóras Iompair Éireann (Comhaltaí), 1960;

ciallaíonn “comhlacht ceadaithe” comhlacht arna cheadú chun críocha an ailt seo ag an Aire agus ag an Aire Iompair agus Cumhachta.

(2) D'ainneoin alt 2 den Acht Iompair, 1959 , i gcás ina ndéanfar duine lena mbaineann an Scéim a cheapadh mar chomhalta páirtaimsire de bhord comhlachta cheadaithe, leanfaidh sé de bheith i dteideal sochar na Scéime.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le duine a ndearnadh, tráth ar bith tar éis an 30ú lá de Mhárta, 1962, agus roimh dháta an Achta seo a rith (ar tráth é ar bhain an Scéim leis) a cheapadh mar chomhalta páirtaimsire de bhord comhlachta cheadaithe, lena n-áirítear aon duine den sórt sin a d'éag nó a scoir roimh dháta an Achta seo a rith.

An tAire do chinneadh ábhar a bheidh faoi dhíospóid.

35. —Is é an tAire a chinnfidh gach amhras, ceist nó díospóid a éireoidh faoin Acht seo, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a chinneadh.

Gearrtheideal agus comhlua.

36. —(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, agus den Acht seo le chéile.