An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Cumainn Thionscail agus Choigiltis: Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (CUID IX. Cánachas ar Chíosanna agus ar Iocaíochtaí Áirithe eile: Cáin Ioncaim agus Forcháin.)

23 1963

AN tACHT AIRGEADAIS, 1963

CUID VIII.

Pionóis agus Measúnachtaí: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparaide.

Feidhmiú Chuid VIII.

72. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den Chuid seo den Acht seo i leith aon phionóis faoina rachfar (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) tar éis dáta an Achta seo a rith maidir le haon bhliain mheasúnachta nó, de réir mar a bheidh, tréimhse chuntasaíochta, cibé acu a chríochnaigh sí roimh dháta an Achta seo a rith nó a chríochnóidh sí tar éis an dáta sin.

Pionóis mar gheall ar a mhainniú tuairisceáin, etc., áirithe a thabhairt.

73. —(1) I gcás—

(a) ina mbeifear tar éis a cheangal ar dhuine ar bith, trí fhógra nó proiceacht faoi réim nó chun críocha aon cheann de na forálacha a shonraítear sa chéad cholún nó sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, liosta nó doiciméad eile a sheachadadh, aon sonraí a thabhairt, aon doiciméad a thabhairt ar aird nó aon rud áirithe a chur ar fáil lena iniúchadh, agus nach ndéanfaidh sé de réir an fhógra nó an ordaithe, nó

(b) nach ndéanfaidh duine ar bith aon ghníomh, nó nach dtabharfaidh sé aon sonraí nó nach seachadfaidh sé aon chuntas de réir aon cheann de na forálacha a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin,

ansin, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus alt 76 den Acht seo, dlífear fíneáil céad punt a chur air agus, má leanann an mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain amhlaidh.

(2) I gcás inar tugadh an fógra a dúradh faoi réim nó chun críocha aon fhorála dá sonraítear sa chéad cholún den Sceideal sin agus go leanfaidh an mhainneachtain tar éis deireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a tugadh an fógra, is é a bheidh sa chéad phionós acu sin a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo dhá chéad agus caoga punt.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll a ghabhann le fo-alt (4) d'alt 100 agus an choinníll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 105 den Income Tax Act, 1918.

Pionós mar gheall ar thuairisceáin neamhchearta, etc., a thabhairt go calaoiseach nó go faillíoch.

1925, Uimh. 28 .

74. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine go calaoiseach nó go faillíoch—

(a) aon tuairisceán nó ráiteas neamhcheart a sheachadadh de shórt a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear sa chéad cholún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú mícheart a dhéanamh i ndáil le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint nó faoiseamh, nó

(c) aon chuntais neamhchearta a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, na gCoimisinéirí Speisialta nó chigire cánach i ndáil le fionnadh a dhliteanais i leith cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin),

ansin faoi réir alt 76 den Acht seo, dlífear pionós mar a leanas a chur air—

(i) céad punt, agus

(ii) méid na difríochta, nó, i gcás calaoise, dhá oiread na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 75 den Acht seo.

(2) Má thugann duine nó má thugann sé ar aird nó má dhéanann sé, go calaoiseach nó go faillíoch, aon tuairisceán, eolas, deimhniú, doiciméad, taifead, ráiteas, sonraí, cuntas nó dearbhú de shórt a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear sa dara colún nó sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ansin, faoi réir alt 76 den Acht seo, dlífear pionós céad punt a chur air, nó, i gcás calaoise, dhá chéad agus caoga punt.

(3) I gcás duine do dhéanamh nó do chur isteach, gan chalaois gan fhaillí, aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú nó cuntais den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus go dtiocfaidh sé faoina iúl (nó, má bhíonn sé tar éis bháis, faoi iúl a ionadaithe pearsanta) go bhfuil nó go raibh sé nó siad neamhcheart, ansin, mura gceartaítear an earráid gan mhoill neamhréasúnach, measfar chun críocha an ailt seo gur go faillíoch a rinne sé nó a chuir sé isteach an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais.

(4) Faoi réir fho-alt (2) d'alt 77 den Acht seo, ní bheidh imeachtaí chun aon phionós faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a ghnóthú míthráthach mar gheall ar iad a thionscnamh tar éis an ama a cheadaítear le fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgid, 1925 .

Forálacha is forlíonadh ar alt 74.

75. —(1) Is é an difríocht dá dtagraítear i mír (ii) d'fho-alt (1) d'alt 74 den Acht seo an difríocht idir—

(a) méid na cánach is iníoctha in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí ag an duine sin (lena n-áirítear aon mhéid arna asbhaint ag an mbunadh agus nach inaisíoctha), agus

(b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mba rud é go raibh an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais a rinne sé nó a thug sé ceart.

(2) Is iad na blianta measúnachta iomchuí chun críocha fo-alt (1) den alt seo, maidir le haon rud a sheachadfar, a dhéanfar nó a chuirfear isteach in aon bhliain mheasúnachta, an bhliain sin, an chéad bhliain ina dhiaidh sin agus aon bhliain mheasúnachta roimhe sin; agus folaíonn na tagairtí san fho-alt sin do mhéid na cánach is iníoctha forcháin, ach amháin nach bhfolaíonn siad, maidir le haon rud a rinneadh i ndáil le comhpháirtíocht, aon cháin nach inmhuirir in ainm na comhpháirtíochta.

(3) Chun críocha alt 74 den Acht seo, aon chuntais a bheifear tar éis a chur isteach thar ceann duine measfar gurb é an duine sin a chur isteach iad mura gcruthóidh sé gur gan toiliú uaidh nó gan fhios dó a cuireadh isteach iad.

Pionóis mhéadaithe i gcás comhlacht daoine.

76. —(1) Más comhlacht daoine mar a mhínítear le halt 237 den Income Tax Act, 1918, an duine a luaitear in alt 73 den Acht seo—

(a) dlífear—

(i) i gcás inar tugadh an fógra faoi réim nó chun críocha aon cheann de na forálacha dá sonraítear sa chéad cholún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus go leanfaidh an mhainn eachtain tar éis deireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a tugadh an fógra—pionós míle punt, agus

(ii) in aon chás eile—pionós cúig chéad punt,

a chur ar aon gcomhlacht daoine agus, má leanann an mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, dlífear pionós breise caoga punt a chur orthu in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain amhlaidh, agus

(b) dlífear pionós mar a leanas a chur ar an rúnaí—

(i) i gcás inar tugadh an fógra faoi réim nó chun críocha aon cheann de na forálacha dá sonraítear sa chéad cholún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus go leanfaidh an mhainneachtain tar éis deireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a tugadh an fógra—pionós ar leithligh de dhá chéad punt, agus

(ii) in aon chás eile—céad punt de phionós ar leithligh.

(2) Más comhlacht daoine mar a mhínítear le halt 237 den Income Tax Act, 1918, an duine a luaitear in alt 74 den Acht seo—

(a) i gcás calaois nó faillí den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin—

(i) dlífear pionós mar a leanas a chur ar an gcomhlacht daoine—

(I) cúig chéad punt, agus

(II) oiread, nó, i gcás calaoise, dhá oiread, na difríochta a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 75 den Acht seo, agus

(ii) dlífear céad punt, nó i gcás calaoise, dhá chéad punt, de phionós ar leithligh a chur ar an rúnaí,

(b) i gcás aon chalaois nó faillí mar a luaitear i bhfo-alt (2) den alt sin—

(i) dlífear pionós cúig chéad punt, nó, i gcás calaoise, míle punt, a chur ar an gcomhlacht daoine agus

(ii) dlífear céad punt, nó, i gcás calaoise, dhá chéad punt, de phionós ar leithligh a chur ar an rúnaí.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll a ghabhann le fo-alt (4) d'alt 100 agus an choinníll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 105 den Income Tax Act, 1918, ach tharis sin beidh éifeacht aige d'ainneoin aon ní san Acht sin.

Imeachtaí i gcoinne seiceadóra nó riarthóra.

77. —(1) I gcás duine ar bith a chuaigh faoi phionós d'fháil bháis, ansin, aon imeachtaí faoin Acht seo a tionscnaíodh nó a fhéadfaí a thionscnamh ina choinne féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh i gcoinne a sheiceadóra nó a riarthóra, de réir mar a bheidh, agus beidh aon phionós a dhámhfar in imeachtaí a leanfar díobh nó a thionscnófar amhlaidh ina fhiach a bheidh dlite dá eastát agus iníoctha as.

(2) Maidir le himeachtaí a thionscnófar de bhua fo-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgid, 1925 , ionann agus dá ndéanfaí an fo-alt sin (1) den alt sin nó a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: “(1) Féadfar imeachtaí chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú faoina ndeachthas, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim arna leasú leis an Acht seo, maidir le nó i ndáil le cáin ioncaim nó forcháin arna muirearú don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1922, nó d'aon bhliain ina dhiaidh sin a thionscnamh tráth ar bith nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás i gcás inar sa bhliain sin a rinneadh deonú na probháide nó litreacha riaracháin agus tráth ar bith nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll go bhféadfar, i gcás an seiceadóir nó an riarthóir do thaisceadh mionnscríbhinn cheartúcháin chun críche measúnachta dleacht estáit tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, na himeachtaí a thionscnamh tráth ar bith roimh deireadh an dá bhliain díreach i ndiaidh deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin”.

Pionós mar gheall ar chabhrú le tuairisceán neamhcheart, etc., a thabhairt.

78. —Duine ar bith a chabhróidh nó a aslóidh chun aon tuairisceán, cuntas, ráiteas nó dearbhú is eol dó a bheith mícheart a dhéanamh nó a sheachadadh chun aon chríocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dlífear fíneáil cúig chéad punt a chur air.

Fianaise ar ioncam chun críocha Chuid VIII.

79. —Chun críocha na Coda seo den Acht seo, aon mheasúnacht nach féidir a athrú níos faide ag na Coimisinéirí Speisialta ar achomharc ná le hordú ó aon chúirt is leor-fhianaise í gur mar a luaitear sa mheasúnacht a tháinig nó a fuarthas an t-ioncam a muirearaítear cáin ina leith sa mheasúnacht.

Pionóis a ghnóthú.

1958, Uimh. 25 .

1959, Uimh. 18 .

1924, Uimh. 10 .

80. —(1) Gan dochar d'aon mhodh eile chun pionós faoin gCuid seo den Acht seo, faoi alt 43 den Acht Airgeadais, 1958 , nó faoi alt 23 nó 59 den Acht Airgeadais, 1959 , a ghnóthú, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo, agra a dhéanamh ina ainm féin trí imeachtaí sibhialta chun an pionós a ghnóthú san Ard-Chúirt mar shuim leachtaithe agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 94 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

(2) Má éagann oifigeach a bheidh tar éis imeachtaí de bhun an ailt seo a thionscnamh, nó a bheidh tar éis leanúint de na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, nó má scoireann sé ar shlí eile ar chúis ar bith de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fo-alt (1) den alt seo—

(a) beidh deireadh le ceart an oifigigh sin chun leanúint de na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint díobh do cibé oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh agus a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) i gcás ina n-ainmneofar an t-oifigeach eile sin faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige dá réir sin é a chur mar pháirtí sna himeachtaí in ionad an oifigigh chéadluaite, agus

(c) i gcás ina gcuirfear oifigeach in ionad oifigigh eile amhlaidh, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir i dtaobh an chur in ionad.

(3) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine áirithe agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a d'údaraigh siad chun críocha fho-alt (1) den alt seo, gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine eile, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus go bhfuil sé ainmnithe acu, maidir leis na himeachtaí, chun críocha fho-alt (2) den alt seo, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(5) In imeachtaí de bhun an ailt seo, féadfar deimhniú ag deimhniú na bhfíoras dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (4) den alt seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag Coimisinéir Ioncaim a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas, agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe amhlaidh.

(6) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm, i gcás imeachtaí de bhun an ailt seo, ag na rialacha den Ard-Chúirt is infheidhmithe de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta.

Cuid VIII a fheidhmiú maidir le cáin bhrabús corparáide.

81. —Beidh éifeacht ag forálacha an Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo chun foráil i gcomhréir leis na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo a dhéanamh maidir le cáin bhrabús corparáide.

Léiriú (Cuid VIII).

82. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

folaíonn “measúnacht” measúnacht bhreise;

folaíonn “rúnaí” daoine den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 106 den Income Tax Act, 1918, agus i bhfo-alt (1) d'alt 55 den Finance Act, 1920, agus, maidir leis an dualgas faoi fho-alt (2) den alt sin 55 i dtaobh fógra foirceannta a thabhairt, forléireofar é mar thagairt don leachtóir;

agus folaíonn tagairtí don Chuid seo den Acht seo tagairtí don Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar nár mhainnigh duine aon ní áirithe a dhéanamh a raibh cheangal ann é a dhéanamh laistigh d'am teoránta má rinne sé é laistigh de cibé am breise, más aon am é, a bheidh na Coimisinéirí nó oifigeach iomchuí tar éis a cheadú; agus, i gcás cúis réasúnach a bheith ag duine i dtaobh gan aon ní áirithe a dhéanamh a raibh de cheangal ann é a dhéanamh, measfar nár mhainnigh sé é a dhéanamh má rinne sé é gan mhoill neamhréasúnach tar éis deireadh a bheith leis an gcúis sin.