An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Pionóis agus Measúnachtaí: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparaide.) Ar Aghaidh (CUID X. Ilghnéitheach.)

23 1963

AN tACHT AIRGEADAIS, 1963

CUID IX.

Cánachas ar Chíosanna agus ar Iocaíochtaí Áirithe eile: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Léiriú (Cuid IX).

83. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “éasúint” aon cheart, pribhléid nó sochar in áitreabh nó air nó uaidh;

folaíonn “léas” comhaontú le haghaidh léasa agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin “léasaí” agus “léasóir”, agus folaíonn “léasaí” agus “léasóir”, faoi seach, comharbaí i dteideal léasaí nó léasóra;

ciallaíonn “léas fada” léas arna dheonú ar feadh téarma is faide ná caoga bliain;

ciallaíonn “áitreabh” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin sa Stát;

folaíonn “préimh” aon suim dá samhail, cibé acu le neasléasóir nó le huasléasóir is iníoctha í;

folaíonn “cíos” aon ní i bhfoirm cíosa agus aon íocaíocht arna déanamh ag an léasaí chun costais obair chothabhála nó deisiúcháin ar an áitreabh a íoc, nach obair a gceanglaítear leis an léas gurb é an léasaí a dhéanfaidh í;

ciallaíonn “gearr-léas” léas arna dheonú ar feadh téarma nach faide ná caoga bliain;

ciallaíonn “aonad luachála” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin arna luacháil faoi na hAchtanna Luachála mar aonad.

(2) Nuair a bheidh ré léasa á dhéanamh amach, chun críocha na mínithe ar “léas fada” agus “gearr-léas” atá san fho-alt sin roimhe seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh ar théarmaí an léasa foráil le haghaidh a fhoirceannta trí fhógra ón léasóir nó ón léasaí, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta is luaithe a fhéadfaí é a fhoirceannadh trí fhógra;

(b) i gcás ina dtabharfaidh aon cheann de théarmaí an léasa (cibé acu le forghéilleadh nó le haon ni eile a bhaineann sé) nó aon chúinse eile gur neamhdhócha go leanfaidh an léas thar dáta roimh an lá a bheidh deireadh le téarma an léasa, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta sin.

(3) Má bhíonn an t-eastát nó an leas a bheidh ag aon léasóir in aon áitreabh faoi mhorgáiste agus go mbeidh an morgáistí i seilbh nó go mbeidh na cíosanna agus na brabúis á nglacadh ag glacadóir a ceapadh ag an morgáistí nó ar iarratas uaidh, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar an t-eastát nó an leas sin a bheith dílsithe don mhorgáistí, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do léasóir; ach ríomhfar méid an dliteanais i leith cánach a bheidh ar aon mhorgáistí den sórt sin ionann agus dá mbeadh an morgáistí i seilbh go fóill nó, de réir mar a bheidh, nár ceapadh aon ghlacadóir, agus gurbh é méid dliteanais an mhorgáisteora a bhí á ríomh.

Cánachas ar chíosanna faoi ghearr-léasanna.

84. —(1) A mhéid dá bhforáiltear leis an gCuid seo den Acht seo, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur gnóchan bliantúil nó brabúis bhliantúla de réir Sceidil D na brabúis nó an gnóchan ó aon chíos i leith aon áitribh faoi ghearrléas, agus féadfar an léasóir a mhuirearú ina leith faoi Chás VI den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin aon ní i Riail 2 de na Rialacha is infheidhmithe maidir leis an gCás sin VI, déanfar cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchain is inmhuirir de bhua an ailt seo a ríomh i ngach cás ar mhéid iomlán brabús nó gnóchain na bliana measúnachta.

(3) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo, gheofar amach méid na mbrabús nó an ghnóchain a bheidh le muirearú faoin alt seo trí na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt díreach ina dhiaidh seo a bhaint as aon chíos a mbeidh an léasóir tar éis teacht chun teideal a bheith aige chuige sa bhliain mheasúnachta.

(4) Na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt seo is asbhaintí iad faoi threoir aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(a) an méid, más aon mhéid é, a mbeidh an léasóir faoi dhliteanas cáin ioncaim a íoc air, trí asbhaint nó eile, faoi Sceideal A don bhliain mheasúnachta i leith an áitribh;

(b) an barrachas, más aon bharrachas é, a bheidh ag méid aon chíosa is iníoctha ag an léasóir i leith an áitribh, nó i leith coda de, faoi ghearr-léas thar an méid dá dtagraítear sa mhír díreach roimhe seo nó, de réir mar a bheidh, thar an gcuid den mhéid deiridh sin is inchurtha i leith na coda den áitreabh ar iníoctha an cíos ag an léasóir ina leith;

(c) aon suimeanna a íocfaidh an léasóir, de réir coinníollacha an léasa, i leith ráta contae, ráta cathrach nó ráta eile, cibé acu a bheidh na suimeanna sin á muirearú le dlí air féin nó ar an léasaí;

(d) costas an léasóra i leith aon seirbhísí a rinne sé nó earraí a sholáthraigh sé, seachas ar mhodh cothabhála nó deisiúchán, is seirbhísí nó earraí a bhfuil ceangal dlí air faoin léas a dhéanamh nó a sholáthar ach nach bhfaigheann sé aon chomaoin ar leithligh ina leith;

(e) costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí an áitribh a mhéid gurb é an léasóir a íocann an costas sin mar gheall ar oibleagáidí atá forchurtha ag an léas,

agus is é méid na hasbhainte a bheidh le déanamh faoi threoir gach ní de na nithe sin roimhe seo an méid a bheadh le déanamh agus brabúis nó gnóchan á ríomh faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D ionann agus dá mbeadh sé achtaithe gur chóir fáil cíosa faoi ghearr-léas a mheas mar thrádáil atá á seoladh i gcaitheamh ré an léasa ag an léasóir de thuras na huaire agus gur chóir a mheas go bhfuil an t-áitreabh atá ar áireamh sa léas á áitiú chun críocha na trádála sin.

Chun críocha an fho-ailt seo measfar gur cuid de ré léasa tréimhse, díreach tar éis a fhoirceannta, nach raibh an léasóir, díreach roimh an bhfoirceannadh, ag áitiú an áitribh nó aon choda de, ach a bhí sé i dteideal é a shealbhú, má tharlaíonn ag deireadh na tréimhse sin go mbeidh an t-áitreabh tagtha chun bheith ina ábhar do ghearr-léas eile arna dheonú aige.

(5) Má bhíonn léasóir i dteideal cíosa i leith áitribh (dá ngairtear an t-áitreabh sin ina dhiaidh seo san fho-alt seo) faoi ghearr-léas agus—

(a) nach bhfuil iomlán aonaid luachála nó iomlán dhá aonad luachála nó níos mó den sórt sin san áitreabh sin, nó

(b) gurb iníoctha cíos ag an léasóir faoi ghearr-léas i leith áitreabh a bhfuil ann iomlán an áitribh sin agus áitribh eile nó cuid den chéanna,

déanfaidh an cigire cánach, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasfaidh sé, aon chionroinnt iomchuí ar an luacháil inrátaithe nó ar an gcíos is iníoctha ag an léasóir agus méid aon asbhainte faoi mhír (a), (b) nó (c) den fho-alt díreach roimhe seo á chinneadh.

(6) Féadfar cionroinnt faoi fho-alt (5) den alt seo a leasú ag na Coimisinéirí Speisialta, nó ag an mBreitheamh Cúirte Cuarda, ar achomharc i gcoinne measúnacht a rinneadh ar fhoras na cion roinnte sin a éisteacht nó a athéisteacht; ach ar aon achomharc den sórt sin a éisteacht nó a athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála, a thabharfaidh ceachtar páirtí san achomharc agus a dheimhneoidh, maidir le háitreabh a bheidh luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, an méid de luacháil inrátaithe an áitribh is inchurtha i leith aon choda den áitreabh, ina dheimhniú críochnaitheach ar an méid is inchurtha amhlaidh.

Asbhaintí breise i gcásanna áirithe.

1960, Uimh. 42 .

1958, Uimh. 25 .

85. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “brabúis nó gnóchan eiscthe” brabúis nó gnóchan ón gcíos faoi ghearr-léas i leith áitribh arb éard a iomlán nó arbh é a bhí ann, an 6ú lá d'Aibreán, 1963, aonad luachála a gcomhlíontar ina chás, don bhliain mheasúnachta, na coinníollacha seo a leanas go léir, is é sin le rá:

(a) gurb áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo an t-áitreabh;

(b) nach bhforchuireann an léas aon oibleagáid ar an léasaí creatlach nó taobh seachtrach aon fhoirgnimh a chothabháil ná a dheisiú nó ranníoc a dhéanamh i leith costas na cothabhála nó an deisiúcháin sin, agus

(c) nach mó ná dhá phunt caogad sa bhliain an cíos a bhfuil an léasóir ina theideal nó, i gcás inar inlamháilte asbhaint faoi mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 84 den Acht seo agus méid na mbrabús nó an ghnóchain á ríomh chun críche measúnachta faoi Chás VI de Sceideal D, an cíos sin arna laghdú oiread na hasbhainte is inlamháilte mar a dúradh;

ciallaíonn “cíos brabúis”, maidir le haon áitreabh a bhfuil léasóir, i mbliain mheasúnachta, i dteideal cíosa ina leith faoi ghearr-léas, an méid (dá ngairtear an méid inmheasúnaithe ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) arbh inmhuirir, mura mbeadh forálacha na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, an léasóir ina thaobh don bhliain mheasúnachta faoi Chás VI de Sceideal D, i leith brabús nó gnóchain ón gcíos sin, móide aon asbhaint a lamháiltear faoi mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 84 den Acht seo agus an méid inmheasúnaithe á ríomh agus lúide an méid, más aon mhéid é, ar lú aon asbhaint a lamháiltear faoi mhír (b) den fho-alt sin (4) agus an méid inmheasúnaithe á ríomh ná an asbhaint ab inlamháilte amhlaidh dá mba rud é—

(i) nárbh inlamháilte aon asbhaint faoin mír sin (a), agus

(ii) gur bhain an mhír sin (b) agus an fo-alt sin (5) den alt sin 84 le haon íocaíocht lena mbaineann alt 94 den Acht seo amhail mar a bhaineann siad le haon chíos is iníoctha faoi ghearr-léas.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon áitreabh a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim (nó, ar achomharc, chun sástachta na gCoimisinéirí Speisialta) ina thaobh gurbh áitreabh rialaithe de réir bhrí an Achta Srianta Cíosa, 1960 , é sa bhliain mheasúnachta.

(b) I gcás duine a bheith inmhuirir maidir le haon bhliain mheasúnachta, faoi Chás VI de Sceideal D i leith brabús nó gnóchain ó aon chíos i leith aon áitribh lena mbaineann an fo-alt seo faoi ghearr-léas, déanfar an méid a mbeadh sé inmhuirir amhlaidh ina thaobh, ar leithligh ón bhfo-alt seo, a laghdú méid is comhionann le dhá chúigiú den chíos brabúis:

Ar choinníoll nach mó ná dhá chéad punt comhshuim na méideanna uile a dhéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, na brabúis nó an gnóchan, seachas brabúis nó gnóchan eiscthe, a tháinig chun aon duine a laghdú de bhua na míre seo.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le haon áitreabh—

(i) nach áitreabh a mbaineann an fo-alt sin díreach roimhe seo leis sa bhliain mheasúnachta, agus

(ii) nach bhfuil á áitiú chun críocha aon trádála nó gairme sa bhliain mheasúnachta.

Chun críocha na míre seo ní mheasfar áitreabh a bheith á áitiú chun críocha trádála nó gairme más le haghaidh cónaithe atá an t-áitreabh á áitiú go formhór agus nach bhfuil aon chuid de á áitiú chun críocha trádála ach go bhfuil cuid de á áitiú chun críocha gairme.

(b) I gcás duine a bheith inmhuirir, maidir le haon cheann de na blianta measúnachta 1963-64, 1964-65 agus 1965-66, faoi Chás VI de Sceideal D i leith brabús nó gnóchain ó aon chíos i leith aon áitribh lena mbaineann an fo-alt seo faoi ghearr-léas, déanfar an méid a mbeadh sé inmhuirir amhlaidh ina thaobh, ar leithligh ón bhfo-alt seo, a laghdú méid is comhionann leis an gcúigiú cuid den chíos brabúis:

Ar choinníoll nach mó ná céad punt comhshuim na méideanna uile a dhéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, na brabúis nó an gnóchan a tháinig chun aon duine a laghdú de bhua na míre seo.

(4) I gcás éifeacht a bheith, in aon bhliain mheasúnachta, ag fo-alt (2) agus fo-alt (3) den alt seo maidir leis na brabúis nó an gnóchan a tháinig chun aon duine, ní mó ná dhá chéad punt comhshuim na méideanna uile a dhéanfar na brabúis nó an gnóchan sin, seachas brabúis nó gnóchan eiscthe, a laghdú, de bhua an fho-ailt sin (2) nó de bhua an fho-alt sin (3).

(5) Gach tagairt, atá sna coinníollacha a ghabhann le mír (b) d'fho-alt (2) agus le mír (b) d'fho-alt (3) agus atá i bhfo-alt (4) den alt seo, do bhrabúis nó gnóchan a tháinig chun aon duine measfar go bhfolaíonn sí, i gcás pearsa aonair, tagairtí do bhrabúis nó do ghnóchan a tháinig chun banchéile nó fearchéile na pearsan aonair.

San fho-alt seo agus san fho-alt ina dhiaidh seo ciallaíonn “banchéile” bean phósta a bhfuil sé le háireamh faoi fho-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1958 , go gcónaíonn sí lena fearchéile, agus tá brí chomhréire le “féarchéile”.

(6) (a) Má thagann, in aon bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchan chun fearchéile agus chun banchéile ó chíosanna i leith áitribh lena mbaineann fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo agus gur mó comhshuim (dá ngairtear an mhór-chomhshuim ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna a bheadh na brabúis nó an gnóchan sin le laghdú faoin alt seo, dá bhfágfaí ar lár as an alt seo na coinníollacha a ghabhann le mír (b) d'fho-alt (2) agus le mír (b) d'fho-alt (3) agus le fo-alt (4) (dá ngairtear na forálacha teorainniúcháin ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ná an méid arb éard é, de dhroim oibriú foráil amháin nó níos mó de na forálacha teorainniúcháin, comhshuim (dá ngairtear an ghlan-chomhshuim ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna uile a fhéadfar na brabúis nó an gnóchan sin a laghdú, ní rachaidh comhshuim na méideanna uile a laghdófar na brabúis nó an gnóchan a tháinig chun ceachtar céile thar an tsuim a mbeidh idir í agus an ghlan-chomhshuim an chomhréir chéanna a bheidh idir comhshuim na méideanna uile a bheadh na sochair nó an gnóchan a tháinig chun an chéile sin le laghdú, mura mbeadh na forálacha teorainniúcháin, agus an mhór-chomhshuim.

(b) Ní bheidh feidhm ag an mír sin roimhe seo má tharlaíonn i mbliain mheasúnachta, gur chun duine amháin de na céilí a tháinig brabúis nó gnóchan ó chíos i leith áitribh lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo agus nach n-oibríonn fo-alt (4) de.

(c) Aon tagairt san fho-alt seo do bhrabúis nó gnóchan ní fholaíonn sí tagairt do bhrabúis nó gnóchan eiscthe.

Préimheanna, etc., a áireamh mar chíos.

86. —(1) I gcás ina gceanglaítear aon phréimh a íoc faoi léas nó d'eile faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas, agus gur gearr-léas é, measfar chun críocha alt 84 den Acht seo, teideal a bheith ag an léasóir, ar an léas a dheonú, chun suim a fháil ar mhodh cíosa (i dteannta aon chíosa iarbhír) is comhionann le méid na préimhe arna laghdú an caogadú cuid den mhéid sin in aghaidh gach tréimhse iomláine de dhá mhí dhéag, seachas an chéad tréimhse, atá ar áireamh i dtéarma an léasa.

(2) Má dhéanann na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas aon áitribh oibleagáid a fhorchur ar an léasaí aon obair a dhéanamh ar an áitreabh, measfar chun críocha an ailt seo gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) de mhéid is comhionann leis an méid a bhí luach eastáit nó leasa an léasóra, díreach tar éis tosach feidhme an léasa, faoi bhun an méid arbh é a luach é an uair sin dá ndéanfaí an obair, ach ar shlí seachas ar chostas an léasaí, agus go mbeadh an cíos arna mhéadú dá réir sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo sa mhéid go gceanglaíonn an oibleagáid obair a dhéanamh a mbeadh íocaíocht ina leith inbhainte as an gcíos faoi fho-alt (4) d'alt 84 den Acht seo dá mba ar an léasóir agus nach ar an léasaí a bheadh d'oibleagáid an obair a dhéanamh.

(3) I gcás ina mbeidh íocaíocht mar a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo dlite do dhuine seachas an léasóir, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin (1) maidir leis an íocaíocht sin, ach déanfar aon mhéid a bheadh le háireamh mar chíos dá mba don léasóir a bheadh an íocaíocht dlite a áireamh mar bhrabús nó gnóchan bliantúil leis an duine eile sin agus beidh sé inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D.

(4) (a) Más ina thráthchodanna is iníoctha méid préimhe a bhfuil duine inmhuirir i leith cánach faoina threoir de bhua fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, i gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, in ionad an fho-ailt sin (1) nó, de réir mar a bheidh, in ionad an fho-ailt sin (3):

(i) chun críocha alt 84 den Acht seo, déanfar gach tráthchuid den sórt sin is iníoctha leis an léasóir de thuras na huaire a áireamh ionann agus dá mba chíos í is iníoctha faoin léas, agus

(ii) déanfar gach tráthchuid den sórt sin is iníoctha le duine nach léasóir a áireamh mar bhrabús nó gnóchan bliantúil leis an duine sin agus beidh sé inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D.

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina ndéanfaidh an duine is inmhuirir de bhua fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo trí fhógra i scríbhinn, a thabharfar don chigire cánach roimh dheireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a tháinig sé chun bheith i dteideal an chéad tráthchoda den phréimh, a ghlacadh de rogha go mbeidh feidhm aige agus i gcás ina dtabharfar fógra den sórt sin i dtaobh rogha a ghlacadh déanfar gach measúnacht bhreise, gach athrú ar mheasúnachtaí agus gach aisíocaíocht cánach is gá.

(5) Chun críocha an ailt seo glacfar go ndearnadh aon suim, seachas cíos, a íocadh ar léas a dheonú nó i ndáil le léas a dheonú a íoc ar mhodh préimhe ach amháin sa mhéid go gcruthófar gur tugadh leor-chomaoin eile i leith na híocaíochta.

(6) I gcás ina mbeidh ré léasa le déanamh amach chun críocha an ailt seo tar éis dáta ar ar tháinig deireadh leis an léas ar chúis ar bith, glacfar, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2) d'alt 83 den Acht seo, gur mhair an ré ó thosach feidhme an léasa go dtí an dáta sin; agus i gcás ina mbeidh an ré sin le déanamh amach chun na gcríocha sin tráth a bheidh an léas ar marthain, beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin (2) de réir na gcúinsí a bheidh ann an tráth sin.

Ligin áirithe a eisiamh.

87. —Ní bheidh éifeacht ag alt 84 ná ag alt 90 den Acht seo maidir le cás ina bhfuil an cíos a fhorcoimeádtar faoi léas (lena n-áirítear, más ar an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin a deonaíodh an léas, suim iomchuí i leith aon phréimhe is iníoctha faoin léas) neamhdhóthanach, agus bliain amháin a thógáil le bliain eile, chun íoc as costas an léasóra ag comhlíonadh a oibleagáidí faoin léas agus chun aon chaiteachas a íoc a bhainfidh le cothabháil, deisiúchán, árachas agus bainistí an áitribh faoi réir an léasa agus a bheidh le n-íoc aige, agus chuige sin measfar an léasóir d'iompar go bliantúil caiteachas bainistí (i dteannta aon chaiteachais iarbhír) is comhionann leis an méid a mbeidh sé dlite de cáin a íoc ina leith faoi Sceideal A i leith an áitribh.

Cánachas ar íocaíochtaí áirithe i leith éasúintí.

88. —I gcás aon duine a bheith, in aon bhliain mheasúnachta, i dteideal aon íocaíochta, seachas íocaíocht lena mbaineann alt 94 den Acht seo, maidir le haon éasúint i ndáil le haon áitreabh, nach áitreabh arb eisean a aon-áititheoir chun críocha Sceideal A, i gcaitheamh na tréimhse a bhfuil an íocaíocht dlite ina leith, áireofar chun críocha alt 84 den Acht seo an íocaíocht ionann agus dá mba chíos í ab iníoctha i leith áitribh faoi ghearr-léas, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin faoi réir na modhnuithe is gá.

Forálacha maidir le measúnacht.

89. —(1) I gcás brabúis nó gnóchan is inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D de bhua na bhforálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo a theacht ó dhá bhunadh nó níos mó chun aon duine d'aon bhliain mheasúnachta, féadfar méideanna iomaí na mbrabús nó an ghnóchain is inmhuirir amhlaidh a mheasúnú in aon mheasúnacht amháin.

(2) I gcás measúnacht, i leith brabúis nó gnóchan is inmhuirir mar a dúradh d'aon bhliain mheasúnachta, a dhéanamh sa bhliain sin, cibé acu de bhun an fho-ailt díreach roimhe seo nó ar shlí eile—

(a) déanfar é ar an bhforas gur díreach mar a bhí i gcás na bliana measúnachta deiridh roimhe sin do na foinsí uile brabús nó gnóchain agus do na fíorais uile is iomchuí maidir le ríomh brabús nó gnóchain, agus

(b) beidh cáin intobhaigh dá réir sin, ach déanfar aon choigeartuithe is gá tar éis deireadh na bliana, cibé acu ar mhodh measúnachta breise, aisíoc cánach nó eile é, chun a áirithiú go muirearófar cáin ar bhrabúis nó ar ghnóchan na bliana measúnachta.

(3) Chun críocha mhír (a) den fho-alt sin roimhe seo ní thabharfar aird ar aon mhéideanna nach gcuirfí i gcuntas, mura mbeadh alt 86 den Acht seo, agus brabúis nó gnóchan á ríomh.

Faoiseamh i leith caillteanas.

1945, Uimh. 20 .

90. —Más rud é i gcás aon bhliana measúnachta gur mó comhshuim na n-asbhaintí a bheidh údaraithe, maidir le haon ghearrléas, le fo-alt (4) d'alt 84 den Acht seo ná méid an chíosa a dtiocfaidh an léasóir chun bheith ina theideal sa bhliain, measfar gurb é a bheidh sa bharrachas caillteanas den sórt a luaitear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1945 , agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin.

Faoiseamh i leith méid nach bhfuarthas.

91. —(1) Más rud é, ar éileamh ina leith sin, go gcruthóidh léasóir nach bhfuair sé an méid a bhí sé i dteideal a fháil maidir le gearr-léas agus—

(a) más mar gheall ar mhainneachtain an duine ag arbh iníoctha é nach bhfuarthas an méid sin, go mbeidh an méid sin neamh-inghnóthaithe, nó

(b) má tharscaoil sé íoc an mhéid sin, go ndearnadh an tarscaoileadh gan chomaoin agus go ndearnadh é go réasúnach d'fhonn cruatan a sheachaint,

déileálfar chun críocha na Coda seo den Acht seo leis an léasóir ionann agus dá mba nach raibh teideal aige an méid sin a fháil agus déanfar a dhliteanas i leith cánach don bhliain mheasúnachta a tháinig sé chun bheith i dteideal an méid sin a fháil agus d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a choigeartú, trí aisíoc nó ar shlí eile, de réir mar is gá i gcúrsaí an cháis; ach má fhaightear an méid sin go léir nó aon chuid de ina dhiaidh sin, déanfar dliteanas an léasóra i leith cánach do na blianta measúnachta iomchuí uile a athchoigeartú go cuí trí mheasúnacht bhreise nó ar shlí eile.

(2) Is chun an chigire cánach a dhéanfar agus is é an cigire cánach a chinnfidh, aon éileamh ar aisíocaíocht faoin alt seo; ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh de chuid an chigire cánach ar aon éileamh den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá agus fiche tar éis fógra a thabhairt dó i dtaobh an chinnte, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(3) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (2) den alt seo ionann agus dá mba achomharc é i gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, faoi réir na modhnuithe is gá, ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc nó cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

Asbhaint faoi threoir préimh a íocadh agus brabúis á ríomh chun críocha Cásanna I agus II de Sceideal D

92. —I gcás—

(a) in aon tréimhse (dá ngairtear an tréimhse sin ina dhiaidh seo san alt seo) inarb é duine ag a bhfuil trádáil nó gairm ar siúl léasaí áitribh atá á áitiú aige go hiomlán nó go páirteach chun críocha an chéanna, agus

(b) ina bhfuil aon mhéid tagtha chun bheith inmhuirir i leith cánach faoi fho-alt (1), (2) nó (3) d'alt 86 den Acht seo, nó go mbeadh sé tagtha chun bheith inmhuirir amhlaidh mura mbeadh fo-alt (4) den alt sin, maidir le préimh a íocadh, nó a mheasfar a íocadh, leis an léasóir (cibé acu ba é an léasaí a bhí i gceist an duine ag a raibh an trádáil nó an ghairm ar siúl nó a réamhtheachtaí i dteideal).

déanfar an ríomh, chun críche measúnachta faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D, ar bhrabúis nó gnóchan na trádála nó na gairme don tréimhse sin ionann agus dá mbeadh an duine ag a raibh sin ar siúl tar éis méid cíosa (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír) a íoc i leith an áitribh is comhionann leis an méid ab inmhuirir mar a dúradh (nó i gcás gan an duine sin a bheith ina léasaí faoin léas ach amháin i gcaitheamh cuid den tréimhse a dúradh, cuid chionúireach den mhéid sin) arna iolrú ar an gcodán arb é a uimhreoir an méid laethanta sa tréimhse sin agus arb é a ainmeoir an méid laethanta i ré an léasa arna cinneadh chun críocha an fho-ailt iomchuí den alt sin 86.

Asbhaintí faoi threoir préimheanna a íocadh agus brabúis á ríomh chun críocha Chuid IX.

93. —(1) I gcás aon mhéid a bheith tagtha chun bheith inmhuirir i leith cánach faoi fho-alt (1), (2) nó (3) d'alt 86 den Acht seo, nó go mbeadh sé tagtha chun bheith inmhuirir amhlaidh mura mbeadh fo-alt (4) den alt sin, maidir le préimh a íocadh nó a mheastar a íocadh faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas, ansin, faoi réir forálacha na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, measfar chun críocha fho-alt (4) d'alt 84 den Acht seo go ndearna an léasaí, cibé acu is é an léasaí bunaidh é nó nach é, íocaíocht a íoc ar mhodh cíosa faoin léas (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír) i ngach bliain mheasúnachta arb é an léasaí é ar a feadh is íocaíocht a bhfuil idir í agus an méid sin (dá ngairtear an méid is inmhuirir ar an uasléas ina dhiaidh seo san alt seo an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse sa bhliain sin arbh eisean an léasaí ar a feadh agus fad téarma an léasa.

(2) I gcás—

(a) go bhfuil, nó go mbeadh, aon mhéid tagtha chun bheith inmhuirir mar a luaitear san fho-alt sin díreach roimhe seo, agus

(b) go mbeadh an léasaí, ar leithligh ón bhfo-alt seo, inmhuirir i leith cánach faoin alt sin 86 ar aon mhéid maidir le préimh a íocadh, nó a mheastar a íocadh, leis ar fholéas ar an áitreabh uile, nó ar chuid den áitreabh, atá sa léas i dteannta nó d'éagmais áitribh eile,

is é méid a mbeidh sé inmhuirir ina leith amhlaidh, i gcás gan é do dhéanamh aon éilimh faoi fho-alt (4) den alt sin 86, barrachas (más ann) an mhéid ar a mbeadh sé inmhuirir mar a dúradh thar an gcodán iomchuí den mhéid is inmhuirir ar an uasléas, nó, mura bhfuil an t-áitreabh atá sa léas i gcomhionannas leis an áitreabh atá san fholéas, an codán iomchuí den mhéid sin arna choigeartú go comhréireach.

(3) I gcás ina mbeidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo, beidh feidhm ag fo-alt (1) i leith na bliana measúnachta a mbeadh an léasaí inmhuirir ina haghaidh mar a dúradh agus i leith blianta ina dhiaidh sin más mó agus amháin más mó an codán iomchuí sin ná an méid a mbeadh an léasaí inmhuirir ina leith amhlaidh, agus beidh feidhm aige ansin amhail agus dá mba chomhionann leis an mbarrachas an méid ab inmhuirir ar an uasléas:

Ar choinníoll, i gcás nach bhfuil ach cuid den áitreabh atá sa léas sa bhfoléas, go bhfeidhmeofar an fo-alt sin (1) agus an fo-alt seo ar leithligh maidir leis an gcuid sin den áitreabh sin agus maidir leis an gcuid eile den áitreabh sin, ach sin ionann agus dá gcuirfí in ionad aon tagartha don méid is inmhuirir ar an uasléas tagairt don mhéid sin arna choigeartú go comhréireach.

(4) Chun críocha an ailt seo is é an codán iomchuí den méid is inmhuirir ar an uasléas an tsuim a bhfuil idir í agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir téarma an fholéasa agus téarma an léasa.

(5) Is é an cigire cánach a dhéanfaidh aon choigeartú dá dtagraítear san alt seo agus déanfaidh sé sin de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasfaidh sé, agus féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, nó an Breitheamh Cuarda, aon choigeartú a dhéanfar amhlaidh a leasú, ar achomharc i gcoinne measúnacht a rinneadh ar fhoras an choigeartaithe a éisteacht nó a athéisteacht.

Cánachas ar chíosanna faoi léasanna fada agus ar íocaíochtaí áirithe eile.

1929, Uimh. 32 .

94. —(1) Bainfidh an t-alt seo leis na híocaíochtaí seo a leanas:

(a) aon chíos is iníoctha i leith aon áitribh nach bhfuil an mhaoin ann measúnaithe ar leithligh agus muirearaithe faoi Sceideal A, nó i leith aon éasúna, i gcás an t-áitreabh nó an éasúint a bheith á úsáid, á áitiú nó á theachtadh i ndáil le haon cheann de na gnóthais a bhfuil na brabúis uaidh inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D de bhua alt 8 den Acht Airgid, 1929 ,

(b) aon chíos is iníoctha maidir le haon áitreabh, seachas áitreabh atá á úsáid, á áitiú nó á theachtadh mar a dúradh, faoi léas fada, agus

(c) aon ús, blianacht, cíosmhuirear nó cíos feofheirme bliantúil nó aon íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta i leith aon áitribh, nó atá muirearaithe ar aon áitreabh nó ag eisiúint as, nach cíos is iníoctha faoi léas nó i leith áitribh atá á úsáid, á áitiú nó á theachtadh mar a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó cíosmhuirear den sórt a luaitear i Riail 6 d'Uimh. VIII de Sceideal A,

is íocaíocht a tháinig nó a thiocfaidh chun bheith dlite an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin.

I mír (a) den fho-alt seo, measfar go bhfolaíonn an tagairt do chíos tagairt do dhola, dleacht, ríchíos nó d'íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil i bhfoirm cíosa cibé is in airgead nó i luach airgid nó ar shlí eile is iníoctha é.

(2) Ní bheidh éifeacht ag Riail 1 ná ag Riail 4 d'Uimh. VIII de Sceideal A maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo—

(a) sa mhéid nach dtagann sí faoi réim aon Cháis eile de Sceideal D, muirearófar cáin uirthi faoi Chás VI den Sceideal sin, agus

(b) déileálfar léi, chun críocha mhír (m) de Riail 3 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D agus Rialacha 19 agus 21 de na Rialacha Ginearálta, ionann agus dá mba ríchíos í a íocadh i leith úsáid paitinne:

Ar choinníoll, i gcás cíos den sórt a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a thabhairt i dtoradh de chuid an ghnóthais, go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo ionann agus dá bhfágfaí ar lár mír (b) den fho-alt seo; agus measfar gurb é luach an toradh a tugadh amhlaidh méid na mbrabús nó an ioncaim ón gcéanna.

(4) (a) Maidir le hasbhaint ó íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a rinneadh ar cuntas cánach ioncaim tráth ar bith tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1963, agus roimh dháta an Achta seo a rith, arbh asbhaint dhlíthiúil í dá mbeadh na forálacha sin roimhe seo den alt seo i bhfeidhm an tráth sin, measfar gurbh asbhaint dhlithiúil í arbh infheidhmithe ina leith forálacha uile Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta, de réir mar a bheidh.

(b) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 211 den Income Tax Act, 1918, ionann agus dá mba rud é gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1963, agus forléireofar “other annual payment”, sa dá áit ina bhfuil sé sin san fho-alt sin, mar ní a fholaíonn tagairt d'aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo nach íocaíocht cíosa, úis nó blianachta.

Tuairisceáin, etc., chun críocha Chuid IX.

95. —D'fhonn sonraí a fháil i dtaobh brabúis nó gnóchan is inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D de bhua na Coda seo den Acht seo, féadfaidh an cigire cánach trí fhógra i scríbhinn a cheangal—

(a) ar aon léasóir, nó athléasóir, áitribh cibé eolas a shonrófar san fhógra a thabhairt, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, i dtaobh forálacha an léasa agus na dtéarmaí ar faoina réir a deonaíodh an léas agus i dtaobh na n-íocaíochtaí a rinneadh leis, nó a rinne sé, maidir leis an áitreabh;

(b) ar aon léasaí, áititheoir nó athléasaí nó ath-áititheoir áitribh (lena n-áirítear aon duine ag a bhfuil nó ag a raibh úsáid an áitribh) cibé eolas a thabhairt a shonrófar san fhógra i dtaobh na dtéarmaí a bhaineann leis an léas, le háitiú nó le húsáid an áitribh, agus i gcás ina mbeidh aon cheann de na téarmaí sin bunaithe le haon ionstraim scríofa, an ionstraim a thabairt ar aird don chigire cánach lena hiniúchadh;

(c) ar aon léasaí nó athléasaí áitribh cibé eolas a thabhairt a shonrófar san fhógra i dtaobh aon chomaoin a tugadh i leith an léas a dheonú dó;

(d) ar aon duine a dhéanann mar ghníomhaire áitreabh a bhainistí nó cíos nó íocaíochtaí eile as áitreabh a ghlacadh cibé sonraí a thabhairt don chigire cánach maidir le híocaíochtaí as an áitreabh a shonrófar san fhógra.

Scor, etc.

1932, Uimh. 20 .

96. —(1) Ní bheidh éifeacht don bhliain 1963-64 ná d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin ag alt 6 den Acht Airgid, 1932 , ná ag an Riail a cuireadh tríd an alt sin, leis na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cás III de Sceideal D.

(2) D'ainneoin aon ní sa Chuid seo den Acht seo, forléireofar alt 37 den Income Tax Act, 1918, agus beidh éifeacht aige ionann agus dá mbeadh aon cháin is inmhuirir faoi Sceideal D de bhua forálacha na Coda seo den Acht seo inmhuirir faoi Sceideal A.

(3) Más rud é go bhféadfar asbhaint a dhéanamh, i leith aon bhliana measúnachta, faoi fho-alt (4) d'alt 84 den Acht seo maidir le costas cothabhála, deisiúchán, árachais nó bainistí aon áitribh, ní lamhálfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim faoi Sceideal A i leith an áitribh faoi Riail 8 d'Uimh. V den Sceideal sin.