22 1963


Uimhir 22 de 1963.


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1961. [16 Iúil, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Méadú ar dheontais neamhinaisíochta áirithe do Bhord Fáilte Éireann.

1959, Uimh. 27 .

1. —Ní rachaidh méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann (dá ngairtear an Bord san alt seo), chun an Bord do thabhairt deontais le haghaidh coiríocht saoire a fhorbairt, thar £1,500,000 agus, dá réir sin, déanfar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear sa mhír sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1963, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1961, agus den Acht seo le chéile.