|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. An Comhaireamh.) | Ar Aghaidh (CUID V. Reifrinn.) |
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963
[EN] | ||||||||
[EN] |
CUID IV. Toghcháin Uachtaráin. | |||||||
[EN] |
Léiriú agus forléiriú (Cuid IV agus an Tríú Sceideal). |
43. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 . | ||||||
[EN] | (2) Déanfar Achtanna Toghcháin an Uachtaráin, 1937 go 1960, agus an Chuid seo den Acht seo agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. | |||||||
[EN] |
Cártai vótaíochta. |
44. —(1) Nuair a bheidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán uachtaráin, cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do gach dáilcheantar chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar, agus nach bhfuil ar liosta na bpostvótalaithe, cárta (dá ngairtear cárta vótaíochta san alt seo) san fhoirm fhorordaithe á chur in iúl dó cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí Dála agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann. | ||||||
[EN] | (2) Seolfar cárta vótaíochta chuig an toghthóir ag an seoladh a mbeidh sé cláraithe ina leith i gclár na dtoghthóirí Dála agus cuirfear amach é in am chun go seachadfar é i ngnáthchúrsa an phoist ag an seoladh sin tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh lá na vótaíochta. | |||||||
[EN] | (3) Cuirfear cárta vótaíochta chun bealaigh leis an bpost agus seolfar ar aghaidh é saor in aisce leis an bpost is luaithe a fóhnfaidh. | |||||||
[EN] | (4) Na costais faoina rachaidh ceann comhairimh áitiúil ag comhlíonadh an ailt seo, áireofar iad mar chostais faoina rachaidh sé chun críocha an toghcháin de réir bhrí alt 21 den Phríomh-Acht. | |||||||
[EN] | (5) Ní chuirfear aon toghchán uachtaráin ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann. | |||||||
[EN] | (6) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh áitiúil mar gheall ar aon earráid nó míráiteas i gcárta vótaíochta. | |||||||
[EN] |
Vótaíocht roimh ré ar oileáin. |
45. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é— | ||||||
[EN] | (a) go mbeidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán uachtaráin i ndáilcheantar, agus | |||||||
[EN] | (b) gurb é tuairim cheann comhairimh áitiúil, i gcás stáisiún vótaíochta ar oileán, gur dóigh, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachtaí iompair— | |||||||
[EN] | (i) nach bhféadfaí an vótaíocht a thógáil an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, nó | |||||||
[EN] | (ii) dá dtógfaí an vótaíocht an lá sin, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith san áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a chlog a.m., nó roimhe sin, an lá i ndiaidh lá na vótaíochta. | |||||||
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra poiblí sa cheantar vótaíochta á rá go dtógfaidh sé an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ar an oileán lá a shonróidh sé, agus ar lá é is luaithe ná an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire agus is déanaí ná an séú lá roimh an lá vótaíochta sin, agus, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |||||||
[EN] | (a) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil an vótaíocht a thógáil sa stáisiún vótaíochta ar an oileán an lá a bheidh sonraithe san fhógra nó, más é a thuairim nach féidir, mar gheall ar dhrochaimsir, an vótaíocht a thógáil an lá sin, an chéad lá i ndiaidh an lae sin is dóigh leis a bheidh cursaí iompair idir an t-oileán agus an mórthír réasúnta sábháilte, | |||||||
[EN] | (b) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh socraithe ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar ar an vótaíocht a luaithe is féidir tar éis an ama sin, | |||||||
[EN] | (c) más rud é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a.m., nó roimhe sin, an lá i ndiaidh an lae vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin. | |||||||
[EN] | (3) Ní dhéanfar aon athrú ar fhoirm ná ar ráiteas an fhógra i dtaobh vótaíochta faoi Riail 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar gheall ar athrú faoin alt seo ar lá agus uaire vótaíochta, | |||||||
[EN] |
Ainm an Uachtaráin toghaí a chur in iúl do dhaoine airithe. |
46. —A luaithe is féidir tar éis don cheann comhairimh toghcháin uachtaráin i dtoghchán uachtaráin a dhearbhú go ndearnadh iarrthóir (dá ngairtear an tUachtarán toghaí san alt seo) a thoghadh ina Uachtarán, déanfaidh an ceann comhairimh toghcháin Uachtaráin, sa tslí a ordóidh an Rialtas, ainm agus seoladh an Uachtaráin thoghaí a chur in iúl don Uachtarán, don Uachtarán toghaí, don Taoiseach, don Phríomh-Bhreitheamh, do Chathaoirleach Dháil Éireann, do Chathaoirleach Sheanad Éireann agus do Rúnaí an Uachtaráin. | ||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 12, 13 agus 14 den Phríomh-Acht. |
47. —Beidh éifeacht ag ailt 12, 13 agus 14 den Phríomh-Acht faoi réir na bhforálacha seo a leanas: | ||||||
[EN] | (a) beidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin i dteideal rialú a thabhairt go bhfuil páipéar ainmniúcháin neamhbhailí i gcás, agus sa chás sin amháin, nach bhfuil sé déanta amach nó sínithe i gceart; | |||||||
[EN] | (b) sa rialú ar ainmniúcháin cuirfidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sé mícheart, nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada; má chuireann an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin i gcoinne na tuairisce amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá ionadaí údaraithe, de réir mar is iomchuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin, féadfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena ionadaí údaraithe, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé rialú a thabhairt go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é; | |||||||
[EN] | (c) ní dhéanfaidh forálacha mhír (a) den alt seo difir d'fheidhm an ailt sin 13 i gcás aon cheist maidir le feidhmeanna an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin de bhun na míre sin; | |||||||
[EN] | (d) más rud é, ag an rialú ar ainmniúcháin, go ndéanfaidh duine ar bith atá ina theideal sin aon agóid maidir le hainmniú iarrthóra seachas agóid maidir le feidhmeanna an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin de bhun mhír (b) den alt seo— | |||||||
[EN] | (i) iarrfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin air forais a agóide a lua, | |||||||
[EN] | (ii) mura luafaidh sé forais a agóide san am agus san áit sin, measfar an agóid a bheith tarraingthe siar, | |||||||
[EN] | (iii) má luann sé san am agus an 0áit sin forais a agóide, cuirfidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin ar atráth an rialú ar ainmniúcháin agus cuirfidh sé an agóid faoi bhráid binse ar a mbeidh triúr breitheamh den Ard-Chúirt (lena n-áirítear an measúnóir breithiúnach) a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte an t-am céanna a ainmneofar an measúnóir breithiúnach nó a chuirfidh Uachtarán na hArd-Chúirte in iúl go bhfuil sé féin chun gníomhú mar mheasúnóir breithiúnach, | |||||||
[EN] | (iv) tabharfar breith an bhinse laistigh de thrí lá agus beidh sí ina breith chríochnaitheach, | |||||||
[EN] | (v) sula gcuirfidh sé ar atráth an rialú ar ainmniúcháin, féadfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin, más cuí leis é, agus déanfaidh sé, ar iarratas ó iarrthóir nó ó ionadaí iarrthóra, ráiteas scríofa i dtaobh na hagóide agus na bhforas atá léi a iarraidh agus an ráiteas sin a sheachadadh, laistigh de cheithre huaire is fiche a chloig, dó féin agus don iarrthóir a ndearnadh an agóid ina choinne agus, má sheachadtar an ráiteas sin, cuirfidh sé faoi bhráid an bhinse é. | |||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 6 agus 20 den Phríomh-Acht. |
48. —(1) Déantar leis seo alt 20 den Phríomh-Acht a leasú mar a leanas: | ||||||
[EN] | (i) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (a) : | |||||||
[EN] | “(aa) mairfidh an vótaíocht ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a chlog, a.m. agus 10.30 a chlog p.m. a cheapfar chuige sin faoin Acht seo,” | |||||||
[EN] | (ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (d) : | |||||||
[EN] | “(d) is é an duine a bheadh ina cheann comhairimh i dtoghchán Dála in aon dáilcheantar acu sin a bheidh ina cheann comhairimh sa dáilcheantar sin chun críocha na vótaíochta, ach mura mbeidh ar chumas an duine sin toisc é a bheith breoite nó ar chúis réasúnach eile gach ceann nó aon cheann dá dhualgais mar cheann comhairimh den sórt sin a chomhlíonadh nó má tharlaíonn folúntas in oifig cheann comhairimh, ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann comhairimh den sórt sin chun na dualgais sin a chomhlíonadh le linn an éagumais nó an fholúntais sin, cibé acu é, agus déanfar aon tagairt san Acht seo do cheann comhairimh áitiúil a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhuine a bheidh, de bhua na míre seo, ina cheann comhairimh i ndáilcheantar chun críocha na vótaíochta agus mar thagairt do dhuine a cheapfaidh an tAire mar a dúradh;” | |||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 6, den Phríomh-Acht a leasú trí “agus an tréimhse ar lena linn a déanfar” a chur isteach roimh “an vótaíocht (más ann di)”. | |||||||
[EN] |
Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta. |
49. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 23 den Phríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “23. (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, cléireach nó cléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais. | |||||||
[EN] | (2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh áitiúil aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le cur ar aghaidh iarrthóireacht aon iarrthóra sa toghchán. | |||||||
[EN] | (3) Ceadóidh an ceann comhairimh áitiúil, arna iarraidh sin air, do dhuine a bhfuil sé sásta ina thaobh gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán, mar iarrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina iarrthóir, nó mar ghníomhaire do dhuine den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé, nó a bhfuil beartaithe aige, ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh. | |||||||
[EN] | (4) Coimeádfaidh oifigeach ceannais ord ina stáisiún, rialóidh sé an méid toghthóirí a ligfear isteach san aon am agus coinneoidh sé amach gach duine eile ach amháin na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí, compánaigh do thoghthóirí a bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orthu nó atá chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leo vótáil gan chabhair, le linn do na compánaigh sin bheith ag cabhrú leis na toghthóirí sin, agus comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar dualgas. | |||||||
[EN] | (5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.” | |||||||
[EN] |
Vótáil ag postvótálaithe. |
50. —D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar alt 12 den Acht Toghcháin, 1960 , fanfaidh na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-ailt (2) agus (3) d'alt 29 den Phríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil ó cheann comhairimh toghcháin an uachtaráin i dtaobh toghchán uachtaráin a chur ar atráth chun vótaíocht a thógáil, páipéar ballóide agus foirm admhála (san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach duine a mbeidh a ainm ar liosta na bpostvótálaithe dá dháilcheantar. | |||||||
[EN] | (3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, roimh chríochnú na vótaíochta, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an duine sin maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí aige, comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéileálfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáthshlí.” | |||||||
[EN] |
Ceart vótála. |
51. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa vótaíocht i dtoghchán uachtaráin sa dáilcheantar sin. | ||||||
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |||||||
[EN] | (a) glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na dtoghthóirí Dála má tá ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é, | |||||||
[EN] | (b) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó dhá cheann acu a chur ar aon duine nuair a iarrfaidh sé páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin; | |||||||
[EN] | (i) An tusa an duine a bhfuil an t-ainm A.B. curtha síos dó i gclár na dtoghthóirí atá anois i bhfeidhm | |||||||
[EN] | do dháilcheantar ........................................................ | |||||||
[EN] | ................................................................................? | |||||||
[EN] | (ii) Ar vótáil tú cheana sa toghchán uachtaráin seo ? | |||||||
[EN] | (iii) An raibh bliain is fiche slán agat an ............................. | |||||||
[EN] | ........................................................................... (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm) ? | |||||||
[EN] | agus mura rud é go dtabharfar ar na ceisteanna acu sin a chuirfear ar an duine sin, i gcás an chéad cheann agus an tríú ceann de na ceisteanna sin, freagra dearfach agus, i gcás an dara ceann díobh, freagra diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil, | |||||||
[EN] | (c) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh aon duine páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin, an duine sin a chur faoi mhionn nó (i gcás aon duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:— | |||||||
[EN] | “Bheirim Dia Uileachumhachtadh (nó—Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) gur mise an duine a bhfuil an t-ainm A.B. curtha síos dó ar chlár na dtoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar .................................... agus nár vótáil mé cheana sa toghchán seo, agus go raibh bliain is fiche slán agam an .................................................. (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm)” | |||||||
[EN] | agus má dhiúltaíonn an duine sin an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní cheadófar dó vótáil. | |||||||
[EN] | (3) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus le Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ní chuirfear ná ní cheadófar aon cheist, mionn, dearbhasc ná agóid tráth na vótaíochta i dtoghchán uachtaráin i dtaobh cheart aon duine chun vótála, agus ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon cheann comhairimh áitiúil ná aon oifigeach ceannais aon agóid ina choinne. | |||||||
[EN] | (4) (a) Ní dhéanfaidh duine— | |||||||
[EN] | (i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó | |||||||
[EN] | (ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin, | |||||||
vótáil sa vótaíocht i dtoghchán uachtaráin sa dáilcheantar sin. | ||||||||
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | ||||||||
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil. | ||||||||
[EN] |
An páipéar ballóide. |
52. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad Alt 27 den Phríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “27.—(1) Is le ballóid a thabharfar vótaí i dtoghchán uachtaráin agus is é a bheidh i mballóid gach vótálaí páipéar (dá ngairtear páipéar ballóide san Acht seo) i bhfoirm 8 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |||||||
[EN] | (2) Beidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin freagrach i leorchainníocht de pháipéir bhallóide a chló agus a chur ar fáil.” | |||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo an fhoirm agus na treoracha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad fhoirm 8 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus déanfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin de réir na dtreoracha sin. | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 28 (2) den Phríomh-Acht agus ar Riail 11 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
53. —(1) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht a leasú trí na focail seo a leanas a chur i ndeireadh an fho-ailt: “ach ní bheidh an páipéar ballóide neamhbhailí as siocair amháin go mbeidh air na focail ‘aon’, ‘dó’, ‘trí’ (agus mar sin de) nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil a thaispeánann rogha nó roghanna go soiléir.” | ||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo riail 11 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “céad-rogha”, “dara rogha” agus “an chéad rogha infheadhma eile”: | |||||||
[EN] | “ciallaíonn an abairt ‘céad-rogha’ an figiúr ‘1’, an focal ‘aon’ nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil a thaispeánann céad-rogha go soiléir; ciallaíonn an abairt ‘dara rogha’ an figiúr ‘2’, an focal ‘dó’ nó marc is dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil a thaispeánann dara rogha go soiléir, agus é ina sheasamh ar leanúint ar chéad-rogha; | |||||||
[EN] | ciallaíonn an abairt ‘an chéad rogha infheidhme eile’ rogha ar dóigh leis an gceann comhairimh gur dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin í a cuireadh síos in ord comhleantach d'iarrthóir leanúnach, gan aird a thabhairt ar roghanna d'iarrthóirí a bheidh dúnta amach cheana;” | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht. |
54. —(1) Déantar leis seo deireadh a chur leis an bhfeidhm a bhí, de bhua fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht ag na páirteanna seo den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 : mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 1, alt 4, fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 6, ailt 9, 10, 11 agus 14, na focail go léir in alt 15 ó “agus ní fhéadfar” go dtí deireadh an ailt, ailt 20 agus 45 agus an míniú ar “seomra coiste” in alt 56. | ||||||
[EN] | (2) I gcás aon fheidhm a thabhairt de bhua fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht, d'fho-alt (1) nó (2) d'alt 6 nó d'alt 15 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) nó (2), nó ag an alt sin 15, de réir mar a leasaítear é le halt 90 den Acht seo. | |||||||
[EN] | (3) (a) I mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht déanfar an tagairt do Chuid II den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 13A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin agus, i gcás aon fheidhm a thabhairt, de bhua na míre sin, d'alt 15 den Acht deiridh sin, déanfar an tagairt san alt sin 15 do na hailt thuasluaite den Acht deiridh sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin 13A. | |||||||
[EN] | (b) I mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht, déanfar an tagairt do na hailt den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 55A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin. | |||||||
[EN] | (c) I bhfo-alt (2) d'alt 32 den Phríomh-Acht déanfar an abairt “na páirteanna sin den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923”, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do na hailt sin 13A agus 55A. | |||||||
[EN] |
Leasú ar Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
55. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “1. (1) Is dleathach d'aon cheann comhairimh áitiúil, le toiliú an Aire, leas-cheann comhairimh áitiúil a cheapadh chun gach ceann nó aon chuid áirithe de dhualgais an cheann comhairimh áitiúil sin a chomhlíonadh. | |||||||
[EN] | (2) Más rud é i dtoghchán iomaidh uachtaráin gurb é an duine céanna is ceann comhairimh áitiúil do dhá dháilcheantar nó níos mó, ansin— | |||||||
[EN] | (a) i gcás gur dhá cheann agus nach mó ná dhá cheann de na dáilcheantair sin atá ann, ceapfaidh sé, i leith ceann acu, leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh, | |||||||
[EN] | (b) in aon chás eile, ceapfaidh sé, i leith gach ceann de na dáilcheantair (ach ceann amháin), leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh. | |||||||
[EN] | (3) Ní cheapfar duine faoi mhír (2) den Riail seo mura mbeidh an ceapachán ceadaithe ag an Aire. | |||||||
[EN] | (4) Faoi réir forálacha na míreanna sin roimhe seo, is é an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar a stiúrfaidh toghchán uachtaráin sa dáilcheantar sin mura rud é nach féidir leis é toisc é a bheith breoite nó ar chúis eile is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach. | |||||||
[EN] | (5) Sna Rialacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo folóidh tagairtí do chinn chomhairimh áitiúla, nuair is iomchuí é, tagairtí do leas-chinn chomhairimh áitiúla.” | |||||||
[EN] |
Leasú ar Riail 15 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
56. —Déantar leis seo Riail 15 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir” a chur in ionad “ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil tré n-a stampáil air nó tré n-a pholladh tríd”. | ||||||
[EN] |
Vótáil ag daoine dalla, éagumasacha nó neamhliteartha. |
57. —(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “17. (1) (a) Má shásaíonn aon toghthóir an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nó go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chabhair, beidh feidhm ag an Riail seo. | |||||||
[EN] | (b) Chun críocha fho-mhír (a) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, an toghthóir a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas: | |||||||
[EN] | ‘Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó— Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orm (nó—go bhfuil mé chomh mór sin faoi eagumas coirp nó—go bhfuil mé chomh neamhliteartha sin—de réir mar a bheidh) nach féidir liom vótáil gan chabhair ' | |||||||
[EN] | agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag an Riail seo. | |||||||
[EN] | (2) (a) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás toghthóra a shásóidh an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leis vótáil gan chabhair, féadfaidh an toghthóir cead a iarraidh chun go márcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó agus, faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don toghthóir agus, arna mharcáil amhlaidh, cuirfidh sé isteach sa bhosca ballóide é láithreach. | |||||||
[EN] | (b) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó cinn díobh a chur ar an gcompánach sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide: | |||||||
[EN] | (i) An bhfuil sé bliana déag slán agat ? | |||||||
[EN] | (ii) An bhfuil níos mó ná páipéar ballóide amháin marcáilte agat mar chompánach sa toghchán seo ? | |||||||
[EN] | (iii) An iarrthóir sa toghchán seo thú ? | |||||||
[EN] | (iv) An gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán seo thú ? | |||||||
[EN] | agus mura rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist agus gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide. | |||||||
[EN] | (3) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo agus— | |||||||
[EN] | (a) go mbeidh an toghthóir neamhliteartha, nó | |||||||
[EN] | (b) nach n-iarrfaidh an toghthóir cead chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó, nó | |||||||
[EN] | (c) má iarrann an toghthóir an cead sin agus go mbeadh marcáil a pháipéir bhallóide ag an gcompánach ina shárú ar fhomhír (b) de mhír (2) den Riail seo, | |||||||
[EN] | cuirfidh an t-oifigeach ceannais faoi deara go ndéanfar, i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí, agus gan aon duine eile a bheith i láthair, vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide sa tslí a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, arna mharcáil amhlaidh, isteach sa bhosca ballóide láithreach. | |||||||
[EN] | (4) I gcás ina n-iarrfaidh toghthóir, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, cead chun go ndéanfaí a pháipéar ballóide a mharcáil dó faoin Riail seo i slí seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais an cead sin a dhiúltú más é a thuairim, mar gheall ar an méid toghthóirí a bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh cuí a dhualgas nó go gcuirfeadh sé bac míchuí ar vótáil toghthóirí eile dá dtugadh sé an cead sin. | |||||||
[EN] | (5) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an toghthóir trí na sonraí a bheidh luaite i leith gach iarrthóra a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide, ach ní ghníomhóidh sé de bhun aon treorach i scríbhinn”. | |||||||
[EN] | (2) (a) Más rud é, de bhun mhír (2) de Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, go mbeidh duine tar éis dhá pháipéar ballóide a mharcáil mar chompánach, ní dhéanfaidh sé, sa toghchán uachtaráin céanna, aon pháipéar ballóide eile a mharcáil mar chompánach. | |||||||
[EN] | (b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (2) de Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, páipéar ballóide a mharcáil i dtoghchán uachtaráin mar chompánach, más iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán sin é. | |||||||
[EN] | (c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |||||||
[EN] |
Pearsanú a líomhnaítear. |
58. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “18. Má dhéanann duine, a chuirfidh in iúl gur toghthóir áirithe é atá ainmnithe ar chlár na dtoghthóirí, páipéar ballóide a iarraidh tar éis páipéar ballóide a bheith tugtha do dhuine eile amhail is dá mba é an toghthóir sin é, beidh an t-iarratasóir, má fhreagraíonn sé go cuí na ceisteanna a cheadaítear leis an Acht seo a chur ar vótálaithe tráth na vótaíochta, i dteideal páipéar ballóide a mharcáil faoi mar a bheadh aon toghthóir eile agus an páipéar ballóide, arna mharcáil, a chur isteach sa bhosca ballóide, ach déanfaidh an t-oifigeach ceannais amach ráiteas a thaispeánfaidh an méid iomlán páipéar ballóide a eisíodh de bhun na Rialach seo agus na hainmneacha agus na huimhreacha a bhí ar chlár na dtoghthóirí do na daoine chun ar eisíodh iad”. | |||||||
[EN] |
Dualgais an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta. |
59. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 21 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “21. Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ag an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, bearta chun a áirithiú nach ligfear aon toghthóirí eile isteach sa stáisiún vótaíochta agus, faoi réir an choinníll go mbeidh toghthóir a bheidh san áitreabh ag an am sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus vótáil a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, a luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, agus i láthair gníomhairí pearsanaíochta na n-iarrthóirí, gach bosca ballóide a shéalú, gan é a oscailt ach an eochair a bheith ceangailte de, ionas nach féidir a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, agus cuirfidh sé i bpaicéid ar leith a shéalóidh sé lena shéala— | |||||||
[EN] | (a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus mhillte, i dteannta a chéile, | |||||||
[EN] | (b) cóipeanna marcáilte de chlár na dtoghthóirí, agus | |||||||
[EN] | (c) comhdhuillí na bpáipéar ballóide, | |||||||
[EN] | agus seachadfaidh sé na boscaí ballóide agus na paicéid sin go léir don cheann comhairimh áitiúil. | |||||||
[EN] |
Leasú ar Rialacha 22A, 23 agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
60. —Déantar leis seo na Rialacha seo a leanas a chur in ionad Rialacha 22A, 23 agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar Rialacha 27, 39 agus 40 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
61. —(1) D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar mhír (d) d'alt 3 d'Acht Toghchán an Uachtaráin (Leasú), 1946 , fanfaidh “óna haon déag” in ionad “óna seacht” i Rialacha 27 agus 39 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. | ||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo Riail 40 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “ón dáta a bhí an vótaíocht ann” a chur isteach i ndiaidh “go ceann sé mhí”. | |||||||
[EN] |
Leasú ar Riail 8 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
62. —Déantar leis seo na míreanna seo a leanas a chur le Riail 8 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “(4) An chumhacht a thugtar leis an mír sin roimhe seo chun páipéir a athscrúdú agus a athchomhaireamh, tá réim aici maidir le páipéir ar déileáladh leo i gcomhaireamh ba luaithe ná an comhaireamh díreach roimhe sin. | |||||||
[EN] | (5) I gcás gach iarrthóra, féadfaidh sé féin nó a phríomhghníomhaire iarratas amháin (agus sin uile) a dhéanamh ag iarraidh athscrúdú agus athchomhaireamh iomlán ar gach beartán páipéar, agus má iarrtar sin ar an gceann comhairimh toghcháin uachtaráin déanfaidh sé athscrúdú agus athchomhaireamh ar na beartáin pháipéar dá réir sin. San athscrúdú agus san athchomhaireamh, ní athrófar méid ná ord na bpáipéar in aon bheartán. Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sna forálacha sin roimhe seo den mhír seo d'oibleagáid ar an gceann comhairimh toghcháin uachtaráin an beartán céanna páipéar a athscrúdú nó a athchomhaireamh níos mó ná uair amháin, ach má aimsítear earráid agus gurb é tuairim an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin gurb earráid thábhachtach í ar dóigh di difir a dhéanamh do thoradh an toghcháin, comhairfidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin na páipéir go léir as úire ón bpointe ag ar tharla an earráid. | |||||||
[EN] | (6) Má aimsítear earráid, déanfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin, más gá é, aon torthaí a bheidh fógartha aige roimhe sin a leasú.” |