|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Ainmniúcháin.) | Ar Aghaidh (Caibidil IV. An Comhaireamh.) |
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. An Vótaíocht. | |
[EN] |
Ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta. |
22. —(1) Féadfaidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge, tar éis dul i gcomhairle leis an gceann comhairimh do thoghcháin Dála i leith an chontae nó na contae-bhuirge agus de réir rialachán ón Aire, scéim a leagan amach a roinnfidh an contae nó an chontae bhuirg i gceantair vótaíochta chun críocha toghchán Dála agus toghchán do chomhaltaí údarás áitiúil de réir bhrí Chuid VI den Acht seo agus a cheapfaidh áit vótaíochta do gach ceantar vótaíochta. |
[EN] | (2) Tiocfaidh scéim a leagfaidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge amach faoin alt seo i ngníomh— | |
[EN] | (a) i gcás, agus sa chás sin amháin, é a dhaingniú le hordú faoin bhfo-alt ina dhiaidh seo, agus | |
[EN] | (b) an lá a shonrófar chuige sin san ordú sin. | |
[EN] | (3) A luaithe is féidir tar éis dóibh scéim a leagan amach faoin alt seo, cuirfidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge an scéim faoi bhráid an Aire lena daingniú agus déanfaidh an tAire, le hordú, an scéim a dhaingniú le modhnú nó gan í a mhodhnú nó diúltú a thabhairt í a dhaingniú. | |
[EN] | (4) Féadfar, agus déanfar má ordaíonn an tAire amhlaidh, scéim a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú le scéim ina dhiaidh sin faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Aon áit vótaíochta a cheapfar le scéim faoin alt seo, is limistéar a bheidh ann agus féadfaidh sé bheith laistigh nó lasmuigh den chontae, den chontae-bhuirg, den dáilcheantar nó den limistéar toghcháin ina bhfuil an ceantar vótaíochta, ach beidh sé ina áit a thabharfaidh saoráidí réasúnacha chun vótáil do na toghthóirí a dháilfear dó. | |
[EN] | (6) Más rud é go mbeidh an tAire sásta, dá threoir féin nó de thoradh uiríolla a chuirfear faoin bhráid, nach bhfuil na ceantair vótaíochta nó na háiteanna vótaíochta (nó aon cheann acu) a bheidh ainmnithe i scéim a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo ag freagairt do riachtanais réasúnacha na dtoghthóirí, féadfaidh an tAire a cheangal ar chomhairle contae nó ar bhardas contae-bhuirge a bheidh i gceist an scéim a leasú de réir mar a mheasfaidh an tAire is cuí agus, mura ndéanfaidh siad amhlaidh laistigh de mhí, féadfaidh an tAire féin an scéim a leasú le scéim eile. | |
[EN] | (7) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, scéim a dhéanamh faoin alt seo, i gcás comhairle contae, agus is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí chontae-bhuirge é i gcás bardais chontae-bhuirge. | |
[EN] | (8) Go dtí go dtiocfaidh an chéad scéim a dhéanfaidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge faoin alt seo i ngníomh, mairfidh na ceantair vótaíochta agus na háiteanna vótaíochta a bhí ann maidir leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, agus tar éis an chéad scéim sin a theacht i ngníomh, déanfar aon tagairt do cheantar vótaíochta nó d'áit vótaíochta in aon Acht, ordú nó rialachán, nuair is iomchuí é, a fhorléiriú, maidir leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg sin, mar thagairt do cheantar vótaíochta nó d'áit vótaíochta faoi scéim a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo. | |
[EN] | (9) Déantar leis seo Riail 13 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “ach beidh na forálacha sin roimhe seo den Riail seo faoi réir an choinníll go bhféadfaidh an ceann comhairimh, mura féidir, mar gheall ar aon deacracht, stáisiún vótaíochta nó dóthain stáisiún vótaíochta a chur ar fáil san áit vótaíochta cheaptha, stáisiún vótaíochta nó stáisiún vótaíochta a chur ar fáil in aon áit chaothúil eile.” | |
[EN] | (10) Ní thabharfar toghchán faoi cheist mar gheall ar aon neamhchomhlíonadh ar fhorálacha an ailt seo ná aon neamhfhoirmiúlacht maidir le ceantair, áiteanna nó stáisiúin vótaíochta. | |
[EN] |
Cártaí vótaíochta. |
23. —(1) Nuair a bheidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán Dála i ndáilcheantar, cuirfidh an ceann comhairimh chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar, agus nach bhfuil ar liosta na bpostvótálaithe, cárta (dá ngairtear cárta vótaíochta san alt seo) san fhoirm a bheidh sonraithe le rialacháin ón Aire á chur in iúl dó cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí Dála agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann. |
[EN] | (2) Seolfar cárta vótaíochta chuig an toghthóir ag an seoladh a mbeidh sé cláraithe ina leith i gclár na dtoghthóirí Dála agus cuirfear amach é in am chun go seachadfar é i ngnáthchúrsa an phoist ag an seoladh sin tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh lá na vótaíochta. | |
[EN] | (3) Cuirfear cárta vótaíochta chun bealaigh leis an bpost agus seolfar ar aghaidh é saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh. | |
[EN] | (4) Na costais faoina rachaidh ceann comhairimh ag comhlíonadh an ailt seo, áireofar iad mar chostais faoina rachaidh sé chun críocha an toghcháin de réir bhrí alt 25 den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (5) Ní chuirfear aon toghchán ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann. | |
[EN] | (6) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh mar gheall ar aon earráid nó míraiteas i gcárta vótaíochta. | |
[EN] |
Tráthanna vótaíochta. |
24. —(1) I dtoghchán Dála— |
[EN] | (a) tógfar vótaíocht cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, ar lá é sa tréimhse arb é a bheidh inti na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh na tréimhse arb é a bheidh inti na seacht lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh, agus | |
[EN] | (b) mairfidh vótaíocht ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a.m. agus 10.30 p.m., a shocróidh an tAire le hordú, faoi réir an tsriain gurb í an tréimhse chéanna a shocróidh sé do na dáilcheantair uile i gcás olltoghcháin. | |
[EN] | (2) Déanfar ordú faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |
[EN] |
Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta. |
25. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 35 den Phríomh-Acht: |
[EN] | “35. (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, ceapfaidh sé freisin cléireach nó cléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais. | |
[EN] | (2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le cur ar aghaidh iarrthóireacht aon iarrthóra sa toghchán. | |
[EN] | (3) Ceadóidh an ceann comhairimh, arna iarraidh sin air, do dhuine a bhfuil sé sásta ina thaobh gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán, mar iarrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina iarrthóir, nó mar ghníomhaire do dhuine den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé nó a bhfuil beartaithe aige, ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh. | |
[EN] | (4) Coimeádfaidh oifigeach ceannais ord ina stáisiún, rialóidh sé an méid toghthóirí a ligfear isteach san aon am agus coinneoidh sé amach gach duine eile ach amháin na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí, compánaigh do thoghthóirí a bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orthu nó atá chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leo vótáil gan chabhair, le linn do na compánaigh sin bheith ag cabhrú leis na toghthóirí sin, agus comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar dualgas. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt, chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.” | |
[EN] | (2) Déantar leis seo alt 36 den Phríomh-Acht a leasú trí “aon oifigeach ceannais” a chur in ionad “a ionadaí” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin. | |
[EN] |
Ceart vótála. |
26. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa vótaíocht i dtoghchán Dála sa dáilcheantar sin. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na dtoghthóirí Dála má tá ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é, | |
[EN] | (b) féadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó aon dá cheann acu a chur ar aon duine nuair a iarrfaidh sé páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin: | |
[EN] | (i) An tusa an duine a bhfuil an tainm A B curtha síos dó i gclár na dtoghthóirí atá anois i bhfeidhm | |
[EN] | do dháilcheantar ............................................................. | |
[EN] | ................................................................................? | |
[EN] | (ii) Ar vótáil tú cheana sa toghchán seo ? | |
[EN] | (iii) An raibh bliain is fiche slán agat an ................................. | |
[EN] | ................................................... (an dáta a tháinig an | |
[EN] | clár i bhfeidhm) ? | |
[EN] | agus mura rud é go dtabharfar ar na ceisteanna acu sin a chuirfear ar an duine sin, i gcás an chéad cheann agus an tríú ceann de na ceisteanna sin, freagra dearfach agus, i gcás an dara ceann díobh, freagra diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil, | |
[EN] | (c) féadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh aon duine páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin, an duine sin a chur faoi mhionn nó (i gcás aon duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:— | |
[EN] | “Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó—Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go firinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) gur mise an duine a bhfuil an t-ainm A B curtha síos dó ar chlár na dtoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar .............................. agus nár vótáil mé cheana sa toghchán seo, agus go raibh bliain is fiche slán agam an ............................................................. (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm).” | |
[EN] | agus má dhiúltaíonn an duine sin an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní cheadófar dó vótáil. | |
[EN] | (3) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus le Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ní chuirfear ná ní cheadófar aon cheist, mionn, dearbhasc ná agóid tráth na vótaíochta i dtoghchán Dála i dtaobh cheart aon duine chun vótála, agus ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon cheann comhairimh ná oifigeach ceannais aon agóid ina choinne. | |
[EN] | (4) (a) Ní dhéanfaidh duine— | |
[EN] | (i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó | |
(ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin, | ||
vótáil sa vótaíocht i dtoghchán Dála sa dáilcheantar sin. | ||
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | ||
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil. | ||
[EN] |
Vótáil ag daoine dalla, éagumasacha nó neamhliteartha. |
27. —(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: |
[EN] | “24. (1) (a) Má shásaíonn aon toghthóir an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nó go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chabhair, beidh feidhm ag an Riail seo. | |
[EN] | (b) Chun críocha fo-mhír (a) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, an toghthóir a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas: | |
[EN] | ‘Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó— Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go firinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orm (nó—go bhfuil mé chomh mór sin faoi éagumas coirp nó— go bhfuil mé chomh neamhliteartha sin —de réir mar a bheidh) nach féidir liom vótáil gan chabhair’ | |
[EN] | agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag an Riail seo. | |
[EN] | (2) (a) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás toghthóra a shásóidh an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leis vótáil gan chabhair, féadfaidh an toghthóir cead a iarraidh chun go márcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó agus, faoi réir fo-mhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don toghthóir agus, arna mharcáil amhlaidh, cuirfidh sé isteach sa bhosca ballóide é láithreach. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó cinn díobh a chur ar an gcompánach sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide: | |
[EN] | (i) An bhfuil sé bliana déag slán agat ? | |
[EN] | (ii) An bhfuil níos mó ná páipéar ballóide amháin marcáilte agat mar chompánach sa toghchán seo ? | |
[EN] | (iii) An iarrthóir sa toghchán seo thú ? | |
[EN] | (iv) An gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán seo thú ? | |
[EN] | agus mura rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist agus gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo agus— | |
[EN] | (a) go mbeidh an toghthóir neamhliteartha, nó | |
[EN] | (b) nach n-iarrfaidh an toghthóir cead chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó, nó | |
[EN] | (c) má iarrann a toghthóir an cead sin agus go mbeadh marcáil a pháipéir bhallóide ag an gcompánach ina shárú ar fhomhír (b) de mhír (2) den Riail seo, | |
[EN] | cuirfidh an t-oifigeach ceannais faoi deara go ndéanfar, i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí agus gan aon duine eile a bheith i láthair, vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide sa tslí a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh sé an páipéar ballóide arna mharcáil amhlaidh isteach sa bhosca ballóide láithreach. | |
[EN] | (4) I gcás ina n-iarrfaidh toghthóir, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, cead chun go ndéanfaí a pháipéar ballóide a mharcáil dó faoin Riail seo i slí seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais an cead sin a dhiúltú, más é a thuairim, mar gheall ar an méid toghthóirí a bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh cuí a dhualgas nó go gcuirfeadh sé bac míchuí ar vótáil toghthóirí eile dá dtugadh sé an cead sin. | |
[EN] | (5) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an toghthóir trí na sonraí a bheidh luaite i leith gach iarrthóra a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide, ach ní ghníomhóidh sé de bhun aon treorach i scríbhinn.” | |
[EN] | (2) (a) Más rud é, de bhun mhír (2) de Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, go mbeidh duine tar éis dhá pháipéar ballóide a mharcáil i dtoghchán mar chompánach, ní dhéanfaidh sé, sa toghchán sin, aon pháipéar ballóide eile a mharcáil mar chompánach. | |
[EN] | (b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (2) de Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, páipéar ballóide a mharcáil i dtoghchán, mar chompánach, más iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán sin é. | |
[EN] | (c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
[EN] |
Pearsanú a líomhnaítear. |
28. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 25 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: |
[EN] | “25. Má dhéanann duine, a chuirfidh in iúl gur toghthóir áirithe é atá ainmnithe ar chlár na dtoghthóirí, páipéar ballóide a iarraidh tar éis páipéar ballóide a bheith tugtha do dhuine eile amhail is dá mba é an toghthóir sin é, beidh an t-iarratasóir, má fhreagraíonn sé go cuí na ceisteanna a cheadaítear leis an dlí a chur ar vótálaithe tráth na vótaíochta, i dteideal páipéar ballóide a mharcáil faoi mar a bheadh aon toghthóir eile agus an páipéar ballóide, arna mharcáil, a chur isteach sa bhosca ballóide, ach déanfaidh an t-oifigeach ceannais amach ráiteas a thaispeánfaidh an méid iomlán páipéar ballóide a eisíodh de bhun na Rialach seo agus na hainmneacha agus na huimhreacha a bhí ar chlár na dtoghthóirí do na daoine chun ar eisíodh iad”. | |
[EN] |
Leasú ar an bPríomh-Acht maidir leis an marc oifigiúil ar pháipéir bhallóide. |
29. —Déantar leis seo “le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir, gach páipéar ballóide” a chur in ionad “leis an marc oifigiúil, stampálta no pollta, dhá thaobh gach páipéir bhallóide” i mír (2) de Riail 3 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus” é le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir,” a chur in ionad “gach taobh den pháipéar leis an marc oifigiúil, le stampáil nó le pollú” i Riail 22 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. |
[EN] |
Dualgais an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta. |
30. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 27 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: |
[EN] | “27. Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ag an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, bearta chun a áirithiú nach ligfear aon toghthóirí eile isteach sa stáisiún vótaíochta agus, faoi réir an choinníll go mbeidh toghthóir a bheidh san áitreabh ag an am sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus vótáil a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, a luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, agus i láthair ghníomhairí na n-iarrthóirí, gach bosca ballóide a shéalú, gan é a oscailt ach an eochair a bheith ceangailte de, ionas nach féidir a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, agus cuirfidh sé i bpaicéid ar leith a shéalóidh sé lena shéala— | |
[EN] | (a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus mhillte, i dteannta a chéile, | |
[EN] | (b) cóipeanna marcáilte de chlár na dtoghthóirí, agus | |
[EN] | (c) comhdhuillí na bpáipéar ballóide, | |
[EN] | agus seachadfaidh sé na boscaí ballóide agus na paicéid sin go léir don cheann comhairimh.” | |
[EN] |
Rúndacht. |
31. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 28 den Phríomh-Acht a leasú trí “agus gach comhalta den Gharda Síochána agus gach iarrthóir a bheidh i láthair amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “i láthair i stáisiún vótaíochta” agus “ná aon chomhalta den Gharda Síochána ná iarrthoir” a chur isteach i ndiaidh “aon oifigeach, cléireach ná gníomhaire”. |
[EN] | (2) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht a leasú trí “agus gach comhalta den Gharda Síochána, gach iarrthóir agus gach duine dá dtabharfaidh an ceann comhairimh cead bheith i láthair,” a chur isteach roimh “dá mbeidh i láthair le linn comhreamh na vótanna”. | |
[EN] |
Bás iarrthóra. |
32. —(1) Más rud é, tráth ar bith i rith na tréimhse a thosóidh dhá uair is seachtó a chloig roimh thoghchán Dála a chur ar athló chun vótaíocht a thógáil agus a chríochnóidh ar thosach na vótaíochta, go bhfaighidh an ceann comhairimh cruthúnas a shásóidh é go bhfuil iarrthóir tar éis bás a fháil, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig cléireach Dháil Éireann agus san am céanna, má bhíonn fógra tugtha faoin vótaíocht, cuirfidh sé an vótaíocht ar ceal; | |
[EN] | (b) tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí go bhfuil gach gníomh a rinneadh i ndáil leis an toghchán (ach amháin ainmniú na n-iarrthóirí atá fágtha) ar neamhní agus go ndéanfar toghchán úr; | |
[EN] | (c) tosófar as úire ar na himeachtaí uile le haghaidh an toghcháin, ach ní gá ainmniú ná toiliú úr i leith aon iarrthóra a bhí arna ainmniú an tráth a cuireadh an scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire; | |
[EN] | (d) sa toghchán úr, is é an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh lá deiridh na tréimhse arb é a bheidh inti na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh an lae a cuireadh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire. | |
[EN] | (e) socróidh an tAire lá na vótaíochta sa toghchán úr; | |
[EN] | (f) chun críche Riail 1 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht maidir leis an toghchán úr, measfar an eascaire a bheith faighte ag an gceann comhairimh an lá i ndiaidh an lae a chuirfidh sé scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire. | |
[EN] | (2) Más rud é, tráth ar bith tar éis tosach na vótaíochta i dtoghchán Dála i ndáilcheantar agus roimh chríochnú na vótaíochta sin, go bhfaighidh an ceann comhairimh cruthúnas a shásóidh é go bhfuil iarrthóir tar éis bás a fháil— | |
[EN] | (a) tabharfar neamhaird ar na vótaí go léir a tugadh sa toghchán sa dáilcheantar agus díothófar na páipéir bhallóide, | |
[EN] | (b) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig Cléireach Dháil Éireann, | |
[EN] | (c) beidh feidhm ag forálacha mhíreanna (b) go (f) d'fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (3) Má fhaigheann iarrthóir i dtoghchán Dála bás in imthosca seachas iad siúd dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo, ní chuirfidh sin ó bhail a ainmniú ná aon rogha a cuireadh síos dó agus, má thoghtar é, ní bheidh a thoghadh ó bhail mar gheall ar a bhás, ach measfar gur scoir sé de bheith ina chomhalta den Dáil díreach tar éis a thofa. | |
[EN] | (4) Nuair a chuirfear vótaíocht ar ceal faoin alt seo, tabharfar neamhaird ar na páipéir bhallóide go léir a cuireadh amach chuig postvótálaithe agus díothóidh an ceann comhairimh, gan iad a oscailt, na páipéir bhallóide go léir a fuair sé lena n-áireamh sa vótaíocht a cuireadh ar ceal. | |
[EN] |
Bás Chathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig. |
33. —(1) I gcás Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig, de réir bhrí alt 14 den Acht seo, agus nár chraol don Dáil sular lánscoireadh í nach mian leis go ndéanfaí comhalta den Dáil de san olltoghchán a leanfaidh as a lánscor, d'fháil bháis tar éis a lánscortha agus roimh thosú na vótaíochta sa dáilcheantar a measfar, de bhua an ailt sin, é a bheith tofa dó, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) má fhaigheann an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig bás sula a n-eiseofar an eascaire chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar, scoirfidh an t-alt sin d'éifeacht a bheith aige maidir leis an olltoghchán; | |
[EN] | (b) má fhaigheann an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig bás tar éis an eascaire a eisiúint agus roimh thosú na vótaíochta sa dáilcheantar— | |
[EN] | (i) déanfaidh Cléireach Dháil Éireann, ar chruthúnas chun a shástachta a bheith aige faoin mbás, an eascaire a ghairm ar ais agus eiseoidh sé ina hionad chuig an gceann comhairimh eascaire (dá ngairtear an eascaire nua sa mhír seo) a fhoclófar ar dhóigh go n-ordóidh sí dó toghchán a chur á dhéanamh do lánlíon na gcomhaltaí de Dháil Éireann don dáilcheantar, agus nuair a eiseoidh sé an eascaire nua sin cuirfidh sé fógra chun an Aire san am céanna gur eisíodh í; | |
[EN] | (ii) déanfaidh an ceann comhairimh, ar chruthúnas chun a shástachta a bheith aige faoin mbás nó ar an eascaire nua a fháil dó (cibé acu sin is túisce a tharlóidh), an vótaíocht a chur ar ceal má bhíonn fógra tugtha faoin vótaíocht; | |
[EN] | (iii) tosófar as úire ar na himeachtaí uile le haghaidh an toghcháin; | |
[EN] | (iv) sa toghchán úr— | |
[EN] | (I) is é an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh lá deiridh na tréimhse arb é a bheidh inti na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh an lae a eiseofar an eascaire nua agus socróidh an tAire lá na vótaíochta, | |
[EN] | (II) ní gá aon ainmniú ná toiliú úr i leith aon iarrthóra a bhí arna ainmniú, i gcás an vótaíocht a chealú faoi fhomhír (ii) den mhír seo, an tráth a cuireadh an vótaíocht ar ceal agus, in aon chás eile, an tráth a fuair an ceann comhairimh an eascaire nua. | |
[EN] | (c) más rud é go bhfaighidh an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig bás tar éis tosú na vótaíochta sa dáilcheantar agus roimh chríochnú na vótaíochta sin— | |
[EN] | (i) tabharfar neamhaird ar na vótaí go léir a tugadh sa toghchán sa dáilcheantar agus díothófar na páipéir bhallóide, | |
[EN] | (ii) beidh feidhm ag forálacha fomhíreanna (i), (iii) agus (iv) de mhír (b) den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) Nuair a chuirfear vótaíocht ar ceal faoin alt seo, tabharfar neamhaird ar na páipéir bhallóide go léir a cuireadh amach chuig postvótálaithe agus díothóidh an ceann comhairimh, gan iad a oscailt, na páipéir bhallóide go léir a fuair sé lena n-áireamh sa vótaíocht a cuireadh ar ceal. | |
[EN] |
Vótaíocht roimh ré ar oileáin. |
34. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán Dála i ndáilcheantar, agus | |
[EN] | (b) gurb é tuairim an cheann comhairimh, i gcás stáisiún vótaíochta ar oileán, gur dóigh, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachtaí iompair— | |
[EN] | (i) nach bhféadfaí an vótaíocht a thógáil an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, nó | |
[EN] | (ii) dá dtógfaí an vótaíocht an lá sin, nárb fhéidir na boscaí ballóide a bheith san áit le haghaidh comhaireamh na vótaí ar 9 a chlog a.m. nó roimhe sin, an lá i ndiaidh lá na vótaíochta. | |
[EN] | (2)I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí sa cheantar vótaíochta á rá go dtógfaidh sé an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ar an oileán lá a shonróidh sé, agus ar lá é is luaithe ná an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire agus is déanaí ná an séú lá roimh an lá vótaíochta sin, agus, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) féadfaidh an ceann comhairimh an vótaíocht a thógáil sa stáisiún vótaíochta ar an oileán an lá a bheidh sonraithe san fhógra nó, más é a thuairim nach féidir, mar gheall ar dhrochaimsir, an vótaíocht a thógáil an lá sin, an chéad lá i ndiaidh an lae sin is dóigh leis a bheidh cúrsaí iompair idir an t-oileán agus an mórthír réasúnta sábháilte, | |
[EN] | (b) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh socraithe ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar ar an vótaíocht a luaithe is féidir tar éis an ama sin, | |
[EN] | (c) más rud é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ceithre huaire an chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh comhaireamh na vótaí ar a 9 a.m., nó roimhe sin an lá i ndiaidh an lae votaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfar aon athrú ar fhoirm ná ar ráiteas fógra i dtaobh vótaíochta faoi alt 19 den Phríomh-Acht mar gheall ar athrú faoin alt seo ar lá agus uaire vótaíochta. | |
[EN] |
Leasú ar alt 59 (b) den Phríomh-Acht. |
35. —Leasaítear leis seo mír (b) d'alt 59 den Phríomh-Acht trí “le dlí” a chur in ionad “leis an Acht seo”. |