An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963) Ar Aghaidh (CUID II. Toghchóras agus Clárú.)

19 1963

AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú, nó le horduithe, ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla de chuid an Achta seo.

(3) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1961, maraon le Cuid I, II, III agus VIII den Acht seo, agus leis an gCéad agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(4) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1963, a ghairm d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1960, maraon le Cuid I, IV agus VIII den Acht seo agus leis an gCéad agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(5) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1960, maraon le Cuid I, V agus VIII den Acht seo agus leis an gCéad agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Léiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

(2) Ach amháin sa mhéid go n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Aisghairm.

3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm an méid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.