11 1963


Uimhir 11 de 1963.


AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM GHABHÁLTAIS CRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960. [9 Aibreán, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú agus forléiriú.

1960, Uimh. 32 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £4,000,00 scair-chaipiteal na Cuideachta) trí “£6,000,000” a chur in ionad “ceithre mhilliún punt”.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht (a chuireann teorainn £4,000,000 le tógáil scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais) trí “£6,000,000” a chur in ionad “£4,000,000” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht (a chuireann teorainn £500,000 le ráthú ag an Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhfaidh an Chuideachta ar iasacht) trí “£1,000,000” a chur in ionad “£500,000” i bhfo-alt (3).

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 agus 1963, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.