An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. An tAcht a Fheidhmiú i leith Tíortha Eile.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Forálacha Idirlinne.)

10 1963

AN tACHT CÓIPCHIRT, 1963

CUID VII.

Forálacha Ilghnéitheacha agus Forálacha Forlíontacha.

Sannadh agus ceadúnais i leith cóipchirt.

47. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh cóipcheart intarchurtha trí shannadh, trí dhiúscairt tiomnach, nó trí oibriú dlí, mar mhaoin phearsanta nó maoin so-chorraithe.

(2) Féadfar sannadh cóipchirt a theorannú i slí ar bith acu seo a leanas, nó in aon teaglaim de shá shlí nó níos mó acu sin, is é le rá—

(a) chun go mbeidh feidhm aige maidir le haicme amháin nó níos mó, ach gan feidhm a bheith aige maidir le gach aicme, de na gníomhartha atá de cheart eisiatach de bhua an Achta seo ag úinéir an chóipchirt a dhéanamh (lena n-áiritear aon aicme nó aicmí áirithe gníomhartha nach bhfuil ainmnithe ar leithligh san Acht seo mar nithe a shriantar leis an gcóipcheart, ach ar d'aon-aicme é de na haicmí gníomhartha atá ainmnithe amhlaidh),

(b) chun go mbeidh feidhm aige maidir le tír amháin nó níos mó, ach gan feidhm a bheith aige maidir le gach tír de na tíortha a bhfuil an ceart eisiatach sin ina leith ag úinéir an chóipchirt de bhua an Achta seo,

(c) chun go mbeidh feidhm aige maidir le cuid, ach gan feidhm a bheith aige maidir leis an iomlán, den tréimhse a bheidh an cóipcheart ar substaineadh,

agus is tagairtí do shannadh a bheidh teoranta amhlaidh tagairtí san Acht seo do pháirt-shannadh.

(3) Ní bheidh éifeacht ag aon sannadh cóipchirt (iomlán nó páirteach) mura mbeidh sé i scríbhinn agus é sínithe ag an sannóir nó thar a cheann.

(4) Aon cheadúnas a dheonóidh duine maidir le haon chóipcheart arb é, maidir leis na nithe lena mbaineann an ceadúnas, úinéir an chóipchirt é, beidh sé ina cheangal ar gach comharba i dteideal ar a leas sa chóipcheart ach amháin duine a cheannóidh an cóipcheart de mheon macánta ar chomaoin luachmhar agus gan fógra (iarbhír nó inchiallaithe) nó duine a ghabh teideal ó cheannaitheoir den sórt sin; agus aon tagairtí san Acht seo, i ndáil le haon chóipcheart, maidir le haon rud a dhéanamh le ceadúnas, nó (de réir mar a bheidh) gan cheadúnas, ó úinéir an chóipchirt forléireofar iad dá réir sin.

Saothair a bheidh corpraithe i scannán cineamatagrafach a chraoladh.

48. —(1) I gcás ina ndéanfaidh úinéir an chóipchirt in aon saothar litríochta, drámaíochta, ceoil, nó ealaíne a údarú do dhuine an saothar a chorprú i scannán cineamatagrafach agus go gcraolfaidh Radio Éireann an scannán, ní sárú ar an gcóipcheart sin an craoladh sin d'éagmais aon chomhaontú dá mhalairt.

(2) I gcás ina gcraolfaidh Radio Éireann scannán cineamatagrafach a mbeidh saothar ceoil corpraithe ann, beidh úinéirí an chirt chun an saothar a chraoladh i dteideal luach saothar cothrom a fháil ó Radio Éireann.

Uinéireacht ionchais cóipchirt.

49. —(1) Má airbheartaíonn úinéir ionchais an chóipchirt, i gcás comhaontú a rinneadh maidir le haon chóipcheart todhchaí agus a síníodh ag an úinéir ionchais nó thar a cheann, an cóipcheart todhchaí a shannadh (go hiomlán nó go páirteach) do dhuine eile (dá ngairtear an sannaí sa fho-alt seo), ansin más rud é, ar theacht chun bheith ann don choipcheart, go mbeadh teideal, ar leith ón bhfo-alt seo, ag an sannaí nó ag duine ag éileamh faoi, amhail i gcoinne gach duine eile a cheangal go ndéanfaí an cóipcheart a dhílsiú dó (go hiomlán nó go páirteach, cibé acu é) dílseoidh an cóipcheart, ar theacht chun bheith ann dó, don sannaí nó dá chomharba i dteideal dá réir sin de bhua an fho-ailt seo agus gan tuilleadh forcinntithe.

(2) Más rud é, an tráth a thiocfaidh aon chóipcheart chun bheith ann, gur marbh don duine a bheadh i dteideal an chóipchirt dá mba bheo dó an tráth sin, cineachfaidh an cóipcheart amhail is dá mba rud é go raibh sé ar substaineadh díreach roimh a bhás agus gurbh eisean úinéir an chóipchirt an tráth sin.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 47 den Acht seo maidir le ceadúnas arna dheonú ag úinéir ionchais aon chóipchirt amhail mar atá feidhm aige maidir le ceadúnas arna dheonú ag úinéir cóipchirt atá ar substaineadh faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar aon tagairt san fho-alt sin do leas an úinéara sa chóipcheart a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt dá leas ionchais ann.

(4) San Acht seo ciallaíonn “cóipcheart todhchaí” cóipcheart a thiocfaidh nó a fhéadfaidh teacht chun bheith ann maidir le haon saothar todhchaí nó aicme saothar todhchaí nó ábhar todhchaí eile, nó ar theacht i ngníomh d'aon fhorálacha den Acht seo, nó in aon teagmhas todhchaí eile, agus forléireofar “úinéir ionchais” dá réir sin agus, maidir le haon chóipcheart den sórt sin, folaíonn sé duine atá ina theideal go hionchasach de bhua comhaontú den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

Cóipcheart aistriú faoi uacht i dteannta saothair neamh-fhoilsithe.

50. —Má tharlaíonn faoi thiomnacht (sonrach nó ginearálta) in uacht nó i gcodaisíl le huacht duine a éagfaidh tar éis tosach feidhme an ailt seo go mbeidh teideal, tairbhiúil nó eile, ag duine chun láimhscríbhinn saothair litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó chun saothar ealaíne, agus nár foilsíodh an saothar roimh bhás an tiomnóra déanfar, mura léireofar a mhalairt d'intinn in uacht an tiomnóra nó i gcodaisíl leis an uacht, an tiomnacht a fhorléiriú mar ní a fholaíonn cóipcheart sa saothar a mhéid gurbh é an tiomnóir úinéir an chóipchirt díreach roimh a bhás.

Cóipcheart i bhfoilseacháin Rialtais.

51. —(1) I gcás gach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, fuaim-thaifeadadh agus scannán cineamatagrafach arna ndéanamh ag an Rialtas nó ag Aire Stáit nó faoi ordú nó rialú an Rialtais nó Aire Stáit—

(a) más rud é nach mbeadh, ar leith ón alt seo, cóipcheart ar substaineadh sa saothar, beidh cóipcheart ar substaineadh ann de bhua an fho-ailt seo, agus

(b) in aon chás, beidh teideal ag an Rialtas, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, chun an chóipchirt sa saothar.

(2) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, beidh teideal ag an Rialtas chun an chóipchirt i ngach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne nó fuaim-thaifeadadh nó scannán cineamatagrafach a céadfhoilsíodh sa Stát más faoi ordú nó rialú an Rialtais nó Aire Stáit a céadfhoilsíodh é.

(3) Maidir leis an gcóipcheart in aon saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil a bhfuil teideal chuige ag an Rialtas de bhua an ailt seo—

(a) i gcás an saothar a bheith gan foilsiú, leanfaidh sé ar substaineadh an fad a bheidh an saothar gan foilsiú, agus

(b) i gcás an saothar a bheith foilsithe, leanfaidh sé ar substaineadh (nó, má bhí cóipcheart ar substaineadh sa saothar díreach sular céadfhoilsíodh é leanfaidh sé ar substaineadh) go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an saothar.

(4) Maidir leis an gcóipcheart i saothar ealaíne is leis an Rialtas de bhua an ailt seo—

(a) i gcás inar greanadóireacht nó grianghraf an saothar, leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an saothar, agus

(b) i gcás aon saothar ealaíne eile, leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a rinneadh an saothar.

(5) I gcás gach fuaim-thaifeadadh nó scannán cineamatagrafach arna dhéanamh ag an Rialtas nó Aire Stáit nó faoi ordú nó rialú an Rialtais nó Aire Stáit—

(a) más rud é nach mbeadh, ar leith ón alt seo, cóipcheart ar substaineadh sa taifeadadh nó sa scannán, beidh cóipcheart ar substaineadh ann de bhua an fho-ailt seo, agus

(b) in aon chás, beidh teideal ag an Rialtas, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, chun an chóipchirt sa taifeadadh nó sa scannán, agus beidh an cóipcheart ar substaineadh go ceann na tréimhse céanna agus ionann is dá mba chóipcheart é a bheadh ar substaineadh de bhua, agus a bheadh ar úinéireacht de réir alt 17 nó, cibé acu é, alt 18 den Acht seo.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den alt seo faoi réir aon chomhaontú arna dhéanamh ag an Rialtas nó ag aon Aire Stáit, nó thar ceann an Rialtais nó aon Aire Stáit, le húdar an tsaothair, nó le déantóir an fhuaim-thaifeadta nó an scannáin chineamatagrafaigh, de réir mar a bheidh, trína gcomhaontaítear go ndílseoidh an cóipcheart sa saothar, sa taifeadadh nó sa scannán don údar nó don déantóir, nó do dhuine eile a bheidh ainmnithe chuige sin sa chomhaontú.

(7) Maidir le cóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua an ailt seo beidh feidhm—

(a) i gcás saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, ag forálacha Chuid II den Acht seo, ach amháin na forálacha den Chuid sin a bhaineann le substaineadh, ré nó úinéireacht an chóipchirt, agus

(b) i gcás fuaim-thaifeadta nó scannáin chineamatagrafaigh, ag forálacha Chuid III den Acht seo, ach amháin na forálacha den Chuid sin a bhaineann le substaineadh nó úinéireacht cóipchirt,

amhail mar tá feidhm ag na forálacha sin maidir le cóipcheart atá ar substaineadh de bhua Chuid II nó, de réir mar a bheidh, Chuid III den Acht seo.

Fuaim-thaifeadta agus scannáin chineamatagrafacha a chraoladh agus cláir chraolta a idirleathadh.

52. —(1) I gcás ina ndéanfaidh Radio Éireann fuaim-chraoladh nó craoladh teilifíse, agus go gcuirfidh duine faoi deara, tríd an gcraoladh sin a ghlacadh, fuaim-thaifeadadh, arna dhéanamh roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, a chloisteáil go poiblí nó a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata, ní dhéanfaidh sé tríd sin an cóipcheart (más ann) sa taifeadadh sin a shárú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh Radio Éireann craoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh, agus gur craoladh údaraithe an craoladh, ansin duine ar bith a chuirfidh faoi deara, tríd an gcraoladh a ghlacadh, scannán cineamatagrafach a fheiceáil nó a chloisteáil go poiblí, beidh sé sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar an gcóipcheart (más ann) sa scannán faoi alt 18 den Acht seo a shárú, agus dá mba shealbhóir é ar cheadúnas arna dheonú ag úinéir an chóipchirt sin chun a chur faoi deara an scannán a fheiceáil nó a chloisteáil go poiblí tríd an gcraoladh a ghlacadh.

(3) I gcás ina ndéanfaidh Radio Éireann craoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh, agus gur craoladh údaraithe an craoladh, ansin duine ar bith a chuirfidh faoi deara, tríd an gcraoladh a ghlacadh, clár a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata ar clár é ina mbeidh saothar litríochta, drámaíochta, nó ceoil, nó athchóiriú ar shaothar den sórt sin, nó saothar ealaíne, nó scannán cineamatagrafach, beidh sé sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar an gcóipcheart (más ann) sa saothar nó sa scannán a shárú, agus dá mba shealbhóir é ar cheadúnas arna dheonú ag úinéir an chóipchirt sin chun an saothar, an t-athchóiriú nó an scannán a chur in aon chlár a chuirfeadh sé faoi deara a fhorleathadh chun daoine a ranníocann leis an tseirbhís sin tríd an gcraoladh a ghlacadh.

(4) Má tharla, sna himthosca a luaitear i gceachtar den dá fho-alt deiridh roimhe seo, go ndearna an duine a chuir faoi deara an scannán cineamatagrafach a fheiceáil nó a chloisteáil, nó an clár a fhorleathadh, cibé acu é, sárú ar an gcóipcheart a bheidh i gceist, de bhíthin nár chraoladh údaraithe an craoladh—

(a) ní thionscnófar aon imeachtaí i gcoinne an duine sin faoin Acht seo maidir lena shárú ar an gcóipcheart sin, ach

(b) cuirfear sa chuntas é agus damáistí á measúnú in aon imeachtaí i gcoinne Radio Éireann i leith an chóipchirt sin, sa mhéid go ndearna Radio Éireann sárú ar an gcóipcheart sin tríd an gcraoladh a dhéanamh.

(5) Chun críocha an ailt seo measfar, maidir le saothar nó le scannán cineamatagrafach, gur craoladh údaraithe craoladh más rud é, agus amháin más rud é, gurb é úinéir an chóipchirt sa saothar nó sa scannán a rinne an craoladh nó gur le ceadúnas uaidh a rinneadh é.

Abhar cóipchirt a úsáid le haghaidh oideachais.

53. —(1) I gcás cóipcheart a bheith ar substaineadh i saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, ní mheasfar sárú a bheith déanta ar an gcóipcheart de bhíthin amháin an saothar a atáirgeadh nó athchóiriú ar an saothar a dhéanamh nó a atáirgeadh—

(a) le linn teagaisc, ar scoil nó aon áit eile, i gcás ina ndéanfaidh múinteoir nó dalta an t-atáirgeadh nó an t-athchóiriú ar shlí seachas trí phróis chóipeála, nó

(b) mar chuid de na ceisteanna a bheidh le freagairt i scrúdú, nó i bhfreagra ar cheist den sórt sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san fho-alt roimhe seo den alt seo maidir le foilsiú saothair; agus, chun críocha alt 11 den Acht seo, is ionann éifeacht d'fhios a bheith ag duine gur shárú cóipchirt, mura mbeadh an fo-alt roimhe seo den alt seo, earra a dhéanamh agus d'fhios a bheith aige gur shárú den sórt sin é a dhéanamh.

(3) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, i gcás ina ndéanfar saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil—

(a) a thaibhiú i rang, nó ar shlí eile i láthair lucht féachana, agus

(b) a thaibhiú amhlaidh i gcúrsa gníomhaíochtaí scoile ag duine is múinteoir sa scoil nó dalta a bhíonn ag freastal ar an scoil,

nach measfar chun críocha an Achta seo gur taibhiú poiblí an taibhiú más rud é nach mbeidh sa lucht féachana ach daoine ar múinteoirí sa scoil iad nó daltaí a bhíonn ag freastal ar an scoil nó daoine a bhfuil baint díreach ar shlí eile acu le gníomhaíochtaí na scoile.

(4) Chun críocha an fho-ailt deiridh roimhe seo den alt seo ní mheasfar baint díreach a bheith ag duine le gníomhaíochtaí scoile de bhíthin amháin gur tuismitheoir nó caomhnóir dalta é a bhíonn ag freastal ar an scoil.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt seo maidir le fuaim-thaifeadta, scannáin chineamatagrafacha agus craolta teilifíse amhail mar atá feidhm acu maidir le saothair litríochta, drámaíochta agus ceoil, faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar aon tagairt do thaibhiú mar thagairt don ghníomh trína ndearnadh na fuaimeanna nó na hamharc-íomhánna a bheidh i gceist a chloisteáil nó a fheiceáil.

(6) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú—

(a) mar ní a leathnaíonn oibriú aon fhorála den Acht seo maidir leis na gníomhartha a theorannaítear le cóipcheart d'aon sórt, nó

(b) mar ní a laghdaíonn oibriú aon díolúine a thugtar le haon fhoráil den Acht seo seachas an t-alt seo.

(7) San alt seo ciallaíonn “próis chóipeála” próis ar bith ina n-úsáidtear gaireas chun iliomad cóipeanna a tháirgeadh.

(8) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, ordú a dhéanamh faoin alt seo ag ainmniú aon fhoras oideachais nó aon chineál nó saghas eile forais oideachais a sonrófar san ordú gur scoil chun críocha an ailt seo é.

(9) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, tar éis dul i gcomhairle mar a dúradh, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

A chur síos do dhuine eile go bréagach gurb é is údar.

54. —(1) Beidh éifeacht ag na sriantachtaí a fhorchuirtear leis an alt seo maidir le saothair litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne; agus déanfar aon tagairt san alt seo do shaothar a fhorléiriú mar thagairt do shaothar den sórt sin.

(2) Sáróidh duine ar bith (dá ngairtear an ciontóir san fho-alt seo) na sriantachtaí sin maidir le duine eile má dhéanann sé, gan ceadúnas ón duine eile sin, gníomh ar bith díobh seo a leanas sa Stát, is é sin le rá:—

(a) ainm an duine eile sin a chur i saothar nó ar shaothar nach é an duine sin a údar nó in nó ar atáirgeadh ar an saothar sin, i slí a thabharfaidh le tuiscint gurb é an duine eile sin údar an tsaothair, nó

(b) saothar a mbeidh ainm an duine eile sin curtha ann nó air amhlaidh a fhoilsiú, nó a dhíol nó a ligean ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairiscint nó a thaispeáint chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó, i modh trádála, a thaispeáint go poiblí, más eol don chiontóir nach é an duine sin údar an tsaothair, nó

(c) gníomh ar bith díobh sin a luaitear sa mhír dheiridh roimhe seo den fho-alt seo a dhéanamh maidir le hatáirgthe ar shaothar, nó atáirgthe ar shaothar a imdháil, ar atáirgthe iad a mbeidh ainm an duine eile sin curtha iontu nó orthu amhlaidh, más eol don chiontóir nach é an duine sin údar an tsaothair, nó

(d) saothar nach é an duine eile sin a údar a thaibhiú go poiblí, nó a chraoladh, mar shaothar arb é an duine sin a údar, más eol don chiontóir nach é an duine sin údar an tsaothair.

(3) Beidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo má chuirtear i gcéill, in aghaidh na fírinne, gur athchóiriú ar shaothar duine eile saothar áirithe amhail mar atá feidhm aige i gcás ina gcuirtear i gcéill amhlaidh gur saothar de chuid duine eile saothar áirithe.

(4) I gcás saothar ealaíne a bheidh athraithe tar éis don údar scarúint lena sheilbh air, beidh na sriantachtaí sin sáraithe, maidir leis an údar, ag duine a dhéanfaidh sa Stát, gan ceadúnas ón údar—

(a) an saothar arna athrú amhlaidh a fhoilsiú, a dhíol nó a ligean ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairiscint nó a thaispeáint chun a dhíolta nó a fhruilithe, mar shaothar neamhathraithe de chuid an údair, nó

(b) atáirgeadh ar an saothar arna athrú amhlaidh a fhoilsiú, a dhíol nó a ligean ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairiscint nó a thaispeáint chun a dhíolta nó a fhruilithe, mar atáirgeadh ar shaothar neamhathraithe de chuid an údair,

más eol dó nach saothar neamhathraithe nó, de réir mar a bheidh, atáirgeadh ar shaothar neamhathraithe, de chuid an údair é.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo i gcás aon ní a dhéanfar maidir le saothar duine eile tar éis bás an duine sin amhail is dá mba é a bhí in aon tagairt do cheadúnas an duine sin tagairt do cheadúnas uaidh féin nó óna ionadaithe pearsanta, ar shlí, áfach, nach mbeidh feidhm ag aon ní atá sna fo-ailt sin i gcás aon rud a dhéanfar maidir le duine tráth is faide ná fiche bliain tar éis bás an duine sin.

(6) I gcás saothar ealaíne a bhfuil cóipcheart ar substaineadh ann, beidh na sriantachtaí sin sáraithe freisin, maidir le húdar an tsaothair, ag duine sa Stát—

(a) a fhoilseoidh, nó a dhíolfaidh nó a ligfidh ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairgfidh nó a thaispeánfaidh chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó, i modh trádála, a thaispeánfaidh go poiblí, atáirgeadh ar an saothar, mar atáirgeadh a rinne údar an tsaothair, nó

(b) a imdháilfidh atáirgthe ar an saothar mar atáirgthe a rinne údar an tsaothair,

más rud é (in aon chás den sórt sin) gurb eol dó nárbh é an t-údar a rinne an t-atáirgeadh nó na hatáirgthe.

(7) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo (modhnaithe mar is gá) i gcás rudaí a rinneadh maidir le beirt duine nó níos mó i ndáil leis an saothar céanna.

(8) Ní bheidh na sriantachtaí a fhorchuirtear leis an alt seo inchurtha i bhfeidhm trí aon imeachtaí coiriúla; ach beidh aon sárú ar na sriantachtaí sin, maidir le duine, inchaingne ar a agra, nó, más marbh dó, ar agra a ionadaithe pearsanta, mar shárú ar dhualgas reachtúil.

(9) Damáistí ar bith a ghnóthóidh ionadaithe pearsanta faoin alt seo, maidir le sárú a rinneadh i ndáil le duine tar éis a bháis, cineachfaidh siad mar chuid dá eastát, amhail agus dá mbeadh an ceart caingne ar substaineadh agus go raibh sé dílsithe dó díreach roimh a bhás.

(10) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo laghdú ar aon cheart caingne nó leigheas eile (coiriúil nó sibhialta) in imeachtaí a tionscnaíodh ar shlí seachas de bhua an ailt seo; ach sin i slí, áfach, nach bhforléireofar an fo-alt seo mar ní a cheanglaíonn gan aird a thabhairt ar aon damáistí a gnóthaíodh de bhua an ailt seo agus damáistí á measúnú in aon imeachtaí a tionscnaíodh ar shlí seachas de bhua an ailt seo agus a bhainfidh leis an idirbheart céanna.

(11) San alt seo folaíonn “ainm” inisealacha nó monagram.

Clár a bheith le coimeád ag dílseánaigh amharclainne, etc.

55. —(1) Beidh de dhualgas ar dhílseánach gach amharclainne, halla, seomra nó áite eile ina dtaibhítear saothair dhrámaíochta clár a choimeád nó a chur faoi deara clár a choimeád san amharclann, sa halla, sa seomra nó san áit sin, san fhoirm a bheidh forordaithe ag an Aire le rialacha, de na saothair dhrámaíochta go léir a bheifear tar éis a thaibhiú san amharclann, sa halla, sa seomra nó san áit sin i láthair daoine a mbeidh íoctha acu as dul isteach chun an taibhithe agus, laistigh de dhá uair déag a chloig tar éis gach taibhiú, cibé sonraí ar an saothar agus ar an duine a léirigh é a thaifeadadh sa chlár nó a chur faoi deara na sonraí sin a thaifeadadh sa chlár ar sonraí iad a bheidh forordaithe le rialacha a rinne an tAire.

(2) Gach clár a choimeádfar de bhun an ailt seo féadfaidh duine ar bith é a iniúchadh gach tráth réasúnach ar duine é is údar aon saothair foilsithe nó úinéir an chóipchirt in aon saothar foilsithe agus féadfaidh an duine sin cóipeanna den chlár nó d'aon chuid de a dhéanamh.

(3) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ag forordú gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) foirm an chláir a bheidh le coimeád de bhun an ailt seo,

(b) na sonraí a bheidh le taifeadadh sa chlár maidir le saothair dhrámaíochta agus maidir leis an duine a léirigh iad,

(c) ag sonrú an duine a mheasfar, maidir le haon saothar drámaíochta áirithe, a bheidh á léitriú.

(4) Aon duine ar a gceanglaítear leis an alt seo clár a choimeád nó a chur faoi deara clár a choimeád agus—

(a) nach gcoimeádfaidh an clár nó nach gcuirfidh faoi deara é a choimeád, nó

(b) nach gcuirfidh sa chlár nó nach gcuirfidh faoi deara go gcuirfear sa chlár laistigh den am a fhorordaítear leis an alt seo aon taifead a cheanglaítear leis an alt seo nó faoi a chur ann, nó

(c) nach dtabharfaidh an clár ar aird lena iniúchadh ag aon duine a bheidh i dteideal faon alt seo é a iniúchadh nó a chuirfidh cosc nó bac ar aon duine den sórt sin iniúchadh a dhéanamh amhlaidh, nó

(d) a dhéanfaidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go ndéanfar, go toiliúil nó le faillí, aon taifead a chur sa chlár a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Leabhair a sheachadadh do leabharlanna áirithe.

56. —(1) Déanfaidh foilsitheoir aon leabhair a chéadfhoilsoofar sa Stát tar éis tosach feidhme an ailt seo, cóip den leabhar a sheachadadh, ar a chostas féin, laistigh de mhí tar éis a fhoilsithe, do iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, cóip den leabhar don údarás ag a bhfuil urlámhas ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ceithre chóip den leabhar don údarás nó de réir threorú an údaráis ag a bhfuil urlámhas ar Ollscoil na hÉireann le haghaidh úsáid na leabharlanna faoi seach a bhaineann le trí chomhcholáiste na hOllscoile sin agus leabharlann Choláiste Phádraig, Mánuat, Coláiste aitheanta den Ollscoil sin, agus cóip den leabhar do iontaobhaithe Mhusaem na Breataine, agus tabharfaidh na hiontaobhaithe agus na húdaráis sin faoi seach admháil scríofa ar gach leabhar a sheachadfar dóibh amhlaidh:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an tAire, ar iarratas ó iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, nó ón údarás ag a bhfuil urlámhas ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, nó ó aon cheann de na húdaráis faoi seach ag a bhfuil urlámhas ar na trí comhcholáistí d'Ollscoil na hÉireann nó ar Choláiste Phádraig, Mánuat, nó ó iontaobhaithe Mhusaem na Breataine, rialacháin a dhéanamh ag eisceadh foilseachán ó fhorálacha an fho-ailt seo maidir leis na hiontaobhaithe nó leis an údarás a dhéanfaidh an t-iarratas, is foilseacháin arb éard iad ar fad nó go formhór cineál fógraí trádála, nó cibé aicmí d'fhoilseacháin den sórt sin a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus air sin ní gá d'fhoilsitheoir aon fhoilseacháin a eiscfear amhlaidh an foilseachán a sheachadadh do na hiontaobhaithe nó don údarás sin ná do na hiontaobhaithe nó don údarás sin admháil a thabhairt ina leith, mura rud é, i gcás aon fhoilseacháin áirithe, go ndéanfaidh na hiontaobhaithe nó an t-údarás sin éileamh scríofa go seachadfaí é.

(2) Fairis sin, déanfaidh foilsitheoir aon leabhair a chéadfhoilseofar sa Stát tar éis tosach feihdme an ailt seo, má dhéantar éileamh scríofa roimh dheireadh dhá mhí déag tar éis an fhoilsithe, cóip den leabhar sin a sheachadadh laistigh de mhí tar éis an t-éileamh scríofa sin a fháil nó, más roimh an bhfoilsiú a rinneadh an t-éileamh, laistigh de mhí tar éis an fhoilsithe, ag seoladh éigin i mBaile Átha Cliath a bheidh ainmnithe san éileamh le haghaidh, nó de réir threoracha, an údaráis ag a bhfuil urlámhas ar gach leabharlann díobh seo a leanas, eadhon: an Bodleian Library, Oxford, an University Library, Cambridge, an National Library of Scotland, agus an National Library of Wales. I gcás ciclipéid, nuachtán, iris, irisleabhar nó saothar a foilsíodh i sreath uimhreacha nó codanna, féadfar na huimhreacha nó na codanna go léir den saothar a fhoilseofar ina dhiaidh sin, a áireamh san éileamh scríofa.

(3) Is é a bheidh i gcóip de leabhar a sheachadfar d'iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann nó d'iontaobhaithe Mhusaem na Breataine de bhun forálacha an ailt seo cóip den leabhar iomlán leis na léarscáileanna agus na pictiúir go léir a bhainfidh leis, agus í ar aon-chríochnú agus ar aon-dath leis na cóipeanna is fearr a fhoilseofar den leabhar, agus beidh sí ceangailte, fuaite nó uamtha le chéile, agus beidh sí clóbhuailte an bpáipéar is fearr ar a mbeidh an leabhar clóbhuailte.

(4) Beidh cóip de leabhar a sheachadfar d'aon údarás de na húdaráis eile a luaitear san alt seo de bhun forálacha an ailt seo clóbhuailte ar an bpáipéar céanna ar a mbeidh an líon is mó cóipeanna den leabhar clóbhuailte le díol, agus beidh sí sa riocht céanna leis na leabhair a bheidh ullmhaithe le haghaidh díola.

(5) Mura ndéanfaidh foilsitheoir de réir an ailt seo, dlífear ar a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus luach an leabhair, agus íocfar an fhíneáil leis na hiontaobhaithe nó leis an údarás dár chóir an leabhar a sheachadadh.

(6) Chun críocha an ailt seo, folaíonn “leabhar” gach cuid nó roinn de leabhar, paimfléad, leathán cló, leathán ceoil, léarscáil, plean, cairt nó tábla a bheidh foilsithe ar leithligh, ach ní fholóidh séa on dara eagrán nó eagrán ina dhiaidh sin de leabhar mura mbeidh san eagrán sin breiseanna nó athruithe sa chló nó sna léarscáileanna, sna priontaí, nó sna greanadóireachtaí eile a bhainfidh leis.

Cóipcheart i nótaí dlíthairgthe Éireannacha, i nótaí bainc comhdhlúite Éireannacha agus i mboinn airgid Éireannacha.

1926, Uimh. 14 .

1927, Uimh. 32 .

1950, Uimh. 32 .

57. —(1) D'ainneoin aon ní atá i gCuid II den Acht seo, an cóipcheart i nótaí dlíthairgthe a eisíodh roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin ag Banc Ceannais na hÉireann (dá ngairtear an Banc san alt seo) nó roimh an tosach feidhme sin ag Coimisiún an Airgid Reatha is coipcheart suthain é agus is leis an mBanc é.

(2) D'ainneoin aon ní atá i gCuid II den Acht seo is cóipcheart suthain agus is leis an mBanc an cóipcheart i nótaí bainc comhdhlúite a eisíodh roimh thosach feidhme an ailt seo ag an mBanc nó ag Coimisiún an Airgid Reatha.

(3) D'ainneoin aon ní atá i gCuid II den Acht seo an cóipcheart i ngach bonn airgid lena mbaineann an t-alt seo agus fós an cóipcheart sa saothar ealaíne ag sonrú dearadh aon bhoinn airgid den sórt sin is cóipcheart suthain é agus is leis an Aire Airgeadais é.

(4) (a) Nuair a bheidh fo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo á fheidhmiú maidir le haon nóta dlíthairgthe nó nóta bainc comhdhlúite nó aon bhonn airgid den sórt sin lena mbaineann an t-alt seo forléireofar tagairtí san fho-alt do chuid shubstainteach de shaothar nó d'ábhar eile mar thagairtí d'aon chuid de shaothar nó d'ábhar eile.

(b) Ní bheidh feidhm ag ailt 12 agus 14 den Acht seo maidir leis na cóipchirt dá dtagraítear san alt seo.

(5) Maidir le boinn airgid lena mbaineann an t-alt seo agus leis an saothar ealaíne a shonraíonn dearadh aon bhoinn airgid den sórt sin ní mheasfar, chun críocha alt 172 d'Acht 1927, gur deartha iad.

(6) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le boinn airgid arna n-eisiúint faoin Acht Coighneála, 1926 , nó faoin Acht sin arna leasú, maidir le boinn arna n-eisiúint faoin Acht Airgid Reatha, 1927 , agus maidir le boinn arna n-eisiúint faoin Acht Monaíochta, 1950 .

Leabhair Leabharlann Ostaí an Rí, Baile Átha Cliath a dhiúscairt.

1945, Uimh. 22 .

1801, c. 107.

1836, c. 110.

58. —D'ainneoin aon ní atá in Acht Leabharlann Ostaí an Rí, 1945 , nó sna hachtacháin dá dtagraítear ansin nó san Copyright Act, 1801, nó san Copyright Act, 1836, féadfaidh Binseoirí Chomhlacht Onórach Ostaí an Rí aon chuid de na leabhair i Leabharlann Ostaí an Rí, Baile Átha Cliath, a dhíol nó a mhalartú, cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin a fuarthas iad,

Leasú ar alt 70 d'Acht 1927.

59. —Leasaítear leis seo alt 70 d'Acht 1927 trí—

(a) “roimh dheireadh tréimhse chúig bliana agus sé mhí ó dháta an chláraithe sin” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na gcúig mblian san”, agus

(b) “roimh dheireadh tréimhse deich mbliana agus sé mhí ó dháta an chláraithe sin” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na dara tréimhse sin de chúig bliana”.

Cosaint.

60. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon cheart nó pribhléid leis an Rialtas a bheidh ar substaineadh ar shlí seachas de bhua achtacháin, ná ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon cheart nó pribhléid leis an Rialtas nó le haon duine eile faoi aon achtachán, ach amháin sa mhéid go ndéantar an t-achtachán sin a aisghairm, a leasú nó a mhodhnú go sainráiteach leis an Acht seo.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart an Rialtais ná do cheart aon duine a ghabhann teideal ón Rialtas earraí a dhíol nó a úsáid nó déileáil in aon tslí eile le hearraí, is earraí a forghéilleadh faoi na dlíthe a bhaineann le custam nó mál, lena n-áirítear aon earra a forghéilleadh amhlaidh de bhua an Achta seo nó de bhua aon achtacháin a aisghairtear leis an Acht seo.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'oibriú aon riail chothromais a bhaineann le sáraithe iontaobhais nó iontaoibhe.

(4) Faoi réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo, ní bheidh aon chóipcheart, ná ceart de chineál cóipchirt, ar substaineadh ar shlí seachas de bhua an Achta seo nó achtacháin éigin eile chuige sin.