An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Cóipcheart i bhFuaim-Thaifeadta, i Scannáin Chineamatagrafacha, i gCraolta, etc.)

10 1963

AN tACHT CÓIPCHIRT, 1963

CUID II.

Cóipcheart i Saothair Bhunaidh.

An ní is cóipcheart ann.

7. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhshéacs a mhalairt, ciallaíonn “cóipcheart”, maidir le saothar d'aon saghas, an ceart eisiatach, de bhua agus faoi réir forálacha an Achta seo, gníomhartha áirithe a dhéanamh, agus a údarú do dhaoine eile gníomhartha áirithe a dhéanamh, sa Stát maidir leis an saothar sin a n-ainmnítear, san fhoráil iomchuí den Acht seo, gurb iad na gníomhartha iad a shriantar leis an gcóipcheart i saothar den saghas sin.

(2) San fho-alt roimhe seo den alt seo ciallaíonn “an fhoráil iomchuí den Acht seo”, maidir le saothar d'aon saghas, aon fhoráil den Acht seo a fhorálann go mbeidh, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear san fhoráil sin a chomhlíonadh, cóipcheart ar substaineadh i saothair den saghas sin.

(3) Is sárú ar an gcóipcheart i saothar ag aon duine, nach é úinéir an chóipchirt é, agus gan ceadúnas aige ó úinéir an chóipchirt sin, do dhéanamh, nó do thabhairt údaráis do dhuine eile chun go ndéanfadh sé, sa Stát aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(4) Beidh feidhm ag na fo-ailt roimhe seo den alt seo maidir le haon ábhar (seachas saothar) de shaghas lena mbaineann aon fhoráil atá i gCuid III den Acht seo mar atá feidhm acu maidir le saothar.

(5) Chun críocha aon fhorála den Acht seo a shonraíonn na coinníollacha faoinar féidir cóipcheart a bheith ar substaineadh in aon saghas saothair nó ábhair eile ciallaíonn “duine cáilithe”—

(a) i gcás duine aonair, duine ar saoránach Éireannach é nó a bhfuil sainchónaí nó cónaí air sa Stát, agus

(b) i gcás comhlacht corpraithe, ciallaíonn sé comhlacht atá corpraithe faoi dhlíthe an Stáit.

Cóipcheart i saothair litríochta, drámaíochta agus ceoil.

8. —(1) Faoi réir forálacha an Acht seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil nár foilsíodh agus ar dhuine cáilithe é an t-údar—

(a) an tráth a rinneadh an saothar, nó

(b) má tóg sé tréimhse an saothar a dhéanamh, ar feadh chuid shubstainteach den tréimhse sin.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil a foilsíodh—

(a) más sa Stát a céadfhoilsíodh an saothar, nó

(b) má ba dhuine cáilithe údar an tsaothair an tráth a céadfhoilsíodh an saothar, nó

(c) má d'éag an t-údar roimh an tráth sin ach go mba dhuine cáilithe é díreach roimh a bhás.

(3) I gcás ina raibh cóipcheart ar substaineadh i saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil díreach sular céadfhoilsíodh é, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh sa saothar sin tar éis a chéadfhoilsithe más rud é agus amháin más rud é go gcomhlíonann an foilsiú sin forálacha an fho-ailt díreach roimhe seo den alt seo maidir le cóipcheart i saothar foilsithe.

(4) Faoi réir forálacha fo-alt (5) den alt seo, is é téarma a bheidh cóipcheart ar substaineadh i saothar faoin alt seo saolré údar an tsaothair agus tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a fuair an t-údar bás.

(5) (a) Más rud é nach ndearnadh ceann ar bith de na gníomhartha seo a leanas roimh bhás an údair—

(i) an saothar a fhoilsiú,

(ii) an saothar a thaibhiú go poiblí,

(iii) taifid den saothar a thairiscint chun a ndíolta leis an bpobal, agus

(iv) an saothar a chraoladh,

leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh ar feadh tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a dhéanfar an chéad ghníomh acu sin a dhéanfar.

(b) I mír (a) den fho-alt seo, folaíonn tagairtí d'aon gníomh a dhéanamh maidir le saothar tagairtí don ghníomh sin a dhéanamh maidir le hathchóiriú ar an saothar sin.

(6) Is iad na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil—

(a) an saothar a atáirgeadh in aon chruth ábhartha,

(b) an saothar a fhoilsiú,

(c) an saothar a thaibhiú go poiblí,

(d) an saothar a chraoladh,

(e) a chur faoi deara an saothar a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís forleata,

(f) aon athchóiriú a dhéanamh ar an saothar,

(g) aon cheann de na gníomhartha a luaitear i míreanna (a) go (e) den fho-alt seo a dhéanamh maidir le hathchóiriú ar an saothar.

(7) San Acht seo, ciallaíonn “athchóiriú”—

(a) maidir le saothar litríochta nó drámaíochta, aon ní acu seo a leanas—

(i) i gcás saothar nach saothar drámaíochta, leagan ar an saothar, cibé acu sa teanga bhunaidh é nó i dteanga eile, ina ndéantar saothar drámaíochta de;

(ii) i gcás saothar drámaíochta, leagan ar an saothar cibé acu sa teanga bhunaidh é nó i dteanga eile, ina ndéantar saothar nach saothar drámaíochta de;

(iii) aistriúchán ar an saothar;

(iv) leagan ar an saothar ina léirítear an scéal nó an ghníomhaíocht ar fad nó go formhór trí mhéan pictiúir i gcruth atá oiriúnach le hatáirgeadh i leabhar, nó i nuachtán, in irisleabhar nó i dtréimhseachán eile dá shamhail; agus

(b) maidir le saothar ceoil, cóiriú nó athscríobhadh ar an saothar.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní a bheith luaite sa mhíniú ar “athchóiriú” i bhfo-alt (7) den alt seo difear do ghinearálacht mhír (a) d'fho-alt (6) den alt seo.

Cóipcheart i saothair ealaíne.

9. —(1) San Acht seo ciallaíonn “saothar ealaíne” saothar d'aon saghas acu seo a leanas—

(a) péintéireachtaí, dealbhóireachtaí, líníochtaí, greanadóireachtaí agus grianghrafanna, is cuma a bhfiúntas ó thaobh ealaíne,

(b) saothair ailtireachta, is foirgnimh nó múnlaí le haghaidh foirgneamh, agus

(c) saothair cheirdne ealaíne nach d'aon tuairisc dá bhfuil i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh ealaíne nach bhfuil foilsithe, agus ar dhuine cáilithe é an t-údar—

(a) an tráth a rinneadh an saothar, nó

(b) má thóg sé tréimhse an saothar a dhéanamh, ar feadh cuid shubstainteach den tréimhse sin.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh ealaíne atá foilsithe—

(a) más sa Stát a céadfhoilsíodh an saothar, nó

(b) má ba dhuine cáilithe údar an tsaothair an tráth a céadfhoilsíodh an saothar, nó

(c) má d'éag an t-údar roimh an tráth sin ach go mba dhuine cáilithe é díreach roimh a bhás.

(4) I gcás ina raibh cóipcheart ar substaineadh i saothar bunaidh ealaíne díreach sular céadfhoilsíodh é, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh sa saothar sin tar éis a chéadfhoilsithe más rud é agus amháin más rud é go gcomhlíonann an foilsiú sin forálacha an fho-ailt díreach roimhe seo den alt seo maidir le cóipcheart i saothar foilsithe.

(5) Faoi réir forálacha fo-alt (6) agus fo-alt (7) den alt seo, is é téarma a bheidh cóipcheart ar substaineadh i saothar faoin alt seo saolré údar an tsaothair agus tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a fuair an t-údar bás.

(6) I gcás greanadóireacht nár foilsíodh roimh bhás an údair, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh go ceann tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilseofar é.

(7) I gcás grianghrafa, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh go ceann tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a chéadfhoilseofar an grianghraf.

(8) Is iad na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart i saothar ealaíne—

(a) an saothar a atáirgeadh in aon chruth ábhartha,

(b) an saothar a fhoilsiú,

(c) an saothar a chur in aon chraoladh teilifíse,

(d) a chur faoi deara clár teilifíse ina mbeidh an saothar a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata.

Uinéireacht cóipchirt i saothair litríochta, drámaíochta, ceoil agus ealaíne.

10. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh teideal ag údar saothair bhunaidh litríochta, dramaíochta, ceoil nó ealaíne chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar de bhua na Coda seo den Acht seo.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an t-údar saothar litríochta, drámaíochta nó ealaíne i gcúrsa a fhostaíochta ag dílseánach nuachtáin, irisleabhair nó tréimhseacháin eile dá shamhail faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, agus go ndéanfaidh é chun a fhoilsithe i nuachtán, in irisleabhar nó i dtréimhseachán dá shamhail, beidh teideal ag an dílseánach sin chun an chóipchirt sa saothar, a mhéid a bhaineann sin, agus amháin a mhéid a bhaineann sin, leis an saothar a fhoilsiú i nuachtán, in irisleabhar nó i dtréimhseachán dá shamhail, nó lena atáirgeadh chun a fhoilsithe amhlaidh; ach chun gach críche eile is ag an údar a bheidh teideal chun an chóipchirt.

(3) Faoi réir forálacha fo-alt (2) den alt seo, i gcás ina n-ordóidh duine grianghraf a thógáil, nó portráid a phéinteáil nó a tharraingt, nó greanadóireacht a dhéanamh agus go n-íocfaidh sé as nó go gcomhaontóidh sé go n-íocfaidh sé as in airgead nó i luach airgid, agus go ndéanfar an saothar de bhun an ordaithe sin, is é an duine a d'ordaigh an saothar a bheidh i dteideal aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar de bhun na Coda seo den Acht seo.

(4) Más rud é, i gcás ar bith ach i gcás a luaitear i bhfo-alt (2) nó (3) den alt seo, go ndéanfar saothar i gcúrsa an t-údar a bheith fostaithe ag duine eile faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, is é an duine eile a bheidh i dteideal aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar de bhua na Coda seo den Acht seo.

(5) Beidh éifeacht ag gach ceann d'fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, in aon chás áirithe, faoi réir aon chomhaontú ag eisiamh oibriú an fho-ailt sin sa chás áirithe sin.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir forálacha Chuid VII den Acht seo.

Sáruithe trí allmhairiú, díol agus déileála eile.

11. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha alt 7 den Acht seo maidir le sáruithe cóipchirt, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le cóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua na Coda seo den Acht seo.

(2) Sáraíonn aon duine an cóipcheart i saothair litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne má dhéanann sé, gan ceadúnas ó úinéir an chóipchirt—

(a) earra a allmhairiú isteach sa Stát (seachas chun úsáide príobháidí agus tís aige féin), nó

(b) aon earra a dhíol, a ligean ar fruiliú nó a thairiscint nó a thaispeáint i modh trádála chun a fhruilithe nó a dhíolta, nó

(c) aon earra a thaispeáint go poiblí i modh trádála,

más feasach dó gur shárú ar an gcóipcheart sin an t-earra a dhéanamh, nó (i gcás earra a allmhairíodh) gur shárú den sórt sin é dá mba sa Stát a rinneadh an t-earra.

(3) Na forálacha d'fho-alt (2) den alt seo a bhaineann le hearra a dhíol beidh feidhm acu maidir le hearraí a imdháil—

(a) chun críocha trádála, nó

(b) chun críocha eile, ach an méid sin gur dochar é d'úinéir an chóipchirt a bheidh i gceist,

mar atá feidhm ag na forálacha seo maidir le hearra a dhíol.

(4) Faoi réir forálacha fo-alt (5) den alt seo, sáraíonn aon duine an cóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne freisin má cheadaíonn sé áit siamsa poiblí a úsáid chun an saothar a thaibhiú go poiblí, i gcás inar sárú ar an gcóipcheart sa saothar an taibhiú.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) den alt seo, i gcás inar amhlaidh, maidir leis an duine a cheadaigh an áit siamsa poiblí a úsáid mar a luaitear san fho-alt sin—

(a) nárbh fheasach dó, agus nach raibh cúiseanna réasúnacha aige chun bheith in amhras, gur sárú ar an gcóipcheart a bheadh sa taibhiú, nó

(b) gur thug sé an cead in aisce, nó ar chomaoin—

(i) nach raibh inti ach mionchomaoin, nó

(ii) má ba mhó ná mionchomaoin í, nár mhó í ná meastachán réasúnach ar na caiteachais faoina rachadh sé de dhroim an áit a úsáid chun an taibhithe.

(6) San alt seo folaíonn “áit siamsa poiblí” aon áitreabh a áitítear go príomha chun críocha eile, ach a chuirtear ar fáil ó am go ham chun a fhruilithe do cibé daoine ar mian leo é a fhruiliú chun críocha siamsa phoiblí.

Eisceadh ginearálta ó chosaint do shaothair litríochta, drámaíochta nó ceoil.

12. —(1) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil cóir-dhéileáil leis an saothar—

(a) chun críocha taighde nó staidéir phríobháidigh, nó

(b) chun críocha beachtaíochta nó léirmheasa ar an saothar sin nó ar shaothar eile, má ghabhann leor-admháil leis.

(2) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil cóir-dhéileáil leis an saothar más chun cúrsaí reatha a thuairisciú é—

(a) i nuachtán, in irisleabhar, nó i dtréimhseachán eile dá shamhail, má ghabhann leor-admháil leis, nó

(b) trí chraoladh nó i scannán cineamatagrafach.

(3) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil é a atáirgeadh chun críocha imeachta dlíthiúla nó tuarascála ar aon imeacht den sórt sin.

(4) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta nó drámaíochta atá foilsithe duine amháin do léamh nó d'aithris aon sliocht réasúnach as an saothar sin go poiblí nó i gcraoladh, má ghabhann leor-admháil leis.

(5) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta nó drámaíochta aiste ghearr as a chur i ndíolaim a bheidh ceaptha lena úsáid i scoileanna, más rud é—

(a) go ndéarfar i dteideal an díolama agus in aon fhógraí ina thaobh ón bhfoilsitheoir nó thar a cheann gur chuige sin a bheidh sé ceaptha,

(b) nach lena úsáid i scoileanna a foilsíodh an saothar a bheidh i gceist,

(c) gurb éard is mó a bheidh sa díolaim ábhar nach bhfuil aon chóipcheart ar substaineadh ann,

(d) go mbeidh leor-admháil ag gabháil leis an aiste a chuirfear isteach, agus

(e) nach mbeidh níos mó ná sliocht amháin eile as saothair le húdar na haiste, is saothair ina mbeidh cóipcheart ar substaineadh nuair a fhoilseofar an díolaim, sa díolaim sin nó sa díolaim sin i dteannta le gach díolaim dá shamhail (más aon díolaim é) a d'fhoilsigh an foilsitheoir céanna laistigh den tréimhse cúig bliana díreach roimh dháta an díolaim sin a fhoilsiú.

(6) Má tharlaíonn, tráth is faide ná caoga bliain tar éis deireadh na bliana a fuair údar saothair litríochta, drámaíochta nó ceoil bás, agus is mó ná céad bliain ón tráth nó ó dheireadh na tréimhse a rinneadh an saothar—

(a) go mbeidh cóipcheart ar substaineadh sa saothar, ach

(b) nach mbeidh an saothar foilsithe, agus

(c) go gcoimeádtar láimhscríbhinn an tsaothair nó cóip den saothar i leabharlann nó i músaem nó i bhforas eile mar a bhfuil sé ar oscailt chun a iniúchta (faoi réir aon fhorálacha a rialaíonn an foras a bheidh i gceist),

ní sárú ar an gcóipcheart duine d'fhoilsiú an tsaothair de réir rialachán chuige sin arna ndéanamh ag an Aire.

(7) I gcás ina dtarlóidh, de bhua sannta nó ceadúnais nó eile, go mbeidh údarás ag Radio Éireann saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a chraoladh ach (ar leith ón bhfo-alt seo) nach mbeadh teideal acu atáirgeadh a dhéanamh ar an saothar i gcruth taifid nó scannáin chineamatagrafaigh, ní sárú ar an gcóipcheart sa saothar é má dhéanann Radio Éireann trína áiseanna féin an t-atáirgeadh sin chun críocha an chraolta údaraithe.

(8) Ní bheidh feidhm ag an eisceadh ginearálta a luaitear san fho-alt díreach roimhe seo den alt seo má dhéantar, gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar—

(a) an t-atáirgeadh nó aon chóip de a úsáid chun aon chríche seachas an craoladh a dhéanamh de réir an údaraithe, más ann, nó

(b) an t-atáirgeadh nó aon chóip de a fhágáil gan scriosadh roimh dheireadh na tréimhse sé mhí díreach tar éis an t-atáirgeadh a dhéanamh, nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontófar idir Radio Éireann agus an duine, arb é, maidir le hatáirgthe den saghas a bheidh i gceist a dhéanamh, úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar é.

(9) Féadfar aon atáirgeadh ar shaothar a dhéanfar faoi fho-alt (7) den alt seo agus a mbeidh airíona sainiúla doiciméid ag gabháil leis a chaomhnú i gcartlann Radio Éireann, a cheaptar leis seo mar chartlann oifigiúil chuige sin, ach, faoi réir forálacha an Achta seo, ní úsáidfear é chun craolta ná chun aon chríche eile gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar.

(10) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le haon ghníomh a dhéanamh i ndáil le saothar a athchóiriú díreach mar atá feidhm acu maidir leis an ngníomh sin a dhéanamh i ndáil leis an saothar féin.

(11) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás ina gcuirfear faoi deara saothar nó athchóiriú ar shaothar a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís forleata mar atá feidhm acu i gcás ina gcraoltar saothar nó athchóiriú.

(12) San Acht seo, ciallaíonn “leor-admháil” admháil ina ndéantar an saothar a bheidh i gceist a shonrú faoina theideal nó faoi thuairisc eile air agus, mura saothar gan ainm a údair leis é nó mura mbeidh an t-údar tar éis comhaontú, nó ceangal a chur, roimh ré nach ndéanfaí aon admháil ar a ainm, ina n-ainmnítear an t-údar.

Eisceadh speisialta i leith taifead de shaothair cheoil.

13. —(1) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ceoil duine (dá ngairtear an monaróir san alt seo) do dhéanamh taifid den saothar, nó d'athchóiriú air, sa Stát, más rud é—

(a) go ndearnadh roimhe sin taifid den saothar nó, de réir mar a bheidh, d'athchóiriú dá shamhail ar an saothar sa Stát nó a allmhairiú isteach sa Stát chun a ndíolta ar mionreic, agus go ndearnadh nó gur allmhairíodh amhlaidh iad ag úinéir an chóipchirt sa saothar nó le ceadúnas uaidh;

(b) sula ndearna sé an taifead, gur thug an monaróir d'úinéir an chóipchirt an fógra ordaithe i dtaobh é a bheith ar intinn aige é a dhéanamh;

(c) go bhfuil ar intinn ag an monaróir an taifead a dhíol ar mionreic, nó é a sholáthar chun duine eile dá dhíol ar mionreic, nó go bhfuil ar intinn aige é a úsáid chun taifid eile a dhéanamh a dhíolfar nó a sholáthrófar amhlaidh; agus

(d) i gcás taifead a dhíolfar ar mionreic, go n-íocfaidh an monaróir ríchíos cóir le húinéir an chóipchirt sa tslí ordaithe agus an tráth ordaithe.

(2) I gcás—

(a) ina ngeallfaidh ceachtar páirtí i ndíospóid i dtaobh méid an ríchíosa is iníoctha faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí faoi alt 31 den Acht seo, agus

(b) go n-íocfaidh an monaróir le húinéir an chóipchirt suim ar cuntas méid an ríchíosa is comhionann le cúig faoin gcéad de ghnáthphraghas mionreaca an taifid ar ina leith is iníoctha an ríchíos agus go dtabharfaidh sé don úinéir sin gealltanas go n-íocfaidh sé leis méid an ríchíosa a chinnfear faoin alt sin 31 lúide an tsuim réamhráite agus go dtabharfaidh an t-úinéir sin don mhonaróir gealltanas go n-aisíocfaidh sé leis an monaróir an méid (más aon mhéid é) a bheidh an tsuim réamhráite níos mó ná méid an ríchíosa arna chinneadh faoin alt sin 31,

ní bheidh an cóipcheart sa saothar sáraithe ar fhoras an coinníoll a shonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo a bheith gan chomhlíonadh tríd an monaróir do dhéanamh taifid.

(3) I gcás taifead—

(a) ina mbeidh (i dteannta nó d'éagmais ábhair eile, agus iad ina gcruth bunaidh nó i gcruth athchóraithe) dhá shaothar ceoil nó níos mó ina mbeidh cóipcheart ar substaineadh, agus

(b) gur daoine éagsúla úinéirí an chóipchirt sna saothair,

déanfar an ríchíos a chionroinnt ar na húdair de réir mar a chomhaontóidh siad.

(4) I gcás a mbeidh taifead ann ina mbeidh (i dteannta nó d'éagmais ábhair eile) taibhiú ar shaothar ceoil, nó athchóiriú ar shaothar ceoil, ina gcantar focail, nó ina labhartar focail go teagmhasach leis an gceol nó ag gabháil leis, agus nach mbeidh aon chóipcheart ar substaineadh sa saothar sin, nó má bhíonn an cóipcheart sin ar substaineadh, go mbeidh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo comhlíonta maidir leis an gcóipcheart sin, ansin—

(a) más cuid de shaothar litríochta nó drámaíochta ina bhfuil cóipcheart ar substaineadh, nó más cuid de shaothar den sórt sin, na focail, agus

(b) go ndearnadh nó gur allmhairíodh roimhe sin taifid den sórt dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo ag úinéir, nó le ceadúnas ó úinéir, an chóipchirt sa saothar litríochta nó drámaíochta sin, agus

(c) go mbeidh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (b), (c) agus (d) den fho-alt sin (1) comhlíonta maidir le húinéir an chóipchirt sin,

ní sárú ar an gcóipcheart sa saothar lítríochta nó drámaíochta an taifead a dhéanamh.

(5) Ní fhorléireofar forálacha fo-alt (4) den alt seo mar ní a cheanglaíonn go n-íocfar níos mó ná ríchíos amháin i leith taifid; agus má bhíonn cóipcheart ar substaineadh sa saothar ceoil agus sa saothar litríochta nó drámaíochta freisin, agus gur daoine éagsúla úinéirí na gcóipcheart sin, déanfar an ríchíos a chionnroinnt orthu (nó orthu agus aon duine eile ag a mbeidh teideal chun scair de réir fo-alt (3) den alt seo) de réir mar a chomhaontóidh siad.

(6) Chun críocha an ailt seo measfar athchóiriú ar shaothar a bheith comhchosúil le hathchóiriú air i dtaifid roimhe sin mura mbeidh aon mhór-éagsúlacht idir na slite ina ndéileálann an dá athchóiriú leis an saothar ó thaobh stíle nó (gan aon difríocht ina líon a áireamh) maidir leis na taibheoirí is gá chun iad a thaibhiú.

(7) I gcás ina dteastóidh ón monaróir, chun críocha mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, fios a fháil a ndearnadh nó ar allmhairíodh mar a luaitear sa mhír sin taifid roimhe sin den sórt a luaitear sa mhír sin, féadfaidh an monaróir na fiosruithe ordaithe a dhéanamh; agus má mhainníonn úinéir an chóipchirt na fiosruithe sin a fhreagairt laistigh den tréimhse ordaithe, measfar go ndearnadh nó gur allmhairíodh, de réir mar a bheidh, na taifid roimhe sin le ceadúnas ó úinéir an chóipchirt.

(8) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn go n-allmhaireofaí, chun a ndíolta ar mionreic, taifid nach bhféadfaí a allmhairiú go dleathach mura mbeadh an t-alt seo; agus dá réir sin, chun críocha aon fhorála den Acht seo a bhaineann le hearraí allmhairithe, má éiríonn an cheist, maidir le taifead a rinneadh lasmuigh den Stát agus a allmhairíodh amhlaidh, arbh shárú cóipchirt é an taifead a dhéanamh dá mba sa Stát a dhéanfaí an taifead, cinnfear an cheist sin ionann agus dá mbeifí gan fo-alt (1) den alt seo a achtú.

(9) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo, maidir le taifid de chuid de shaothar nó de chuid d'athchóiriú mar atá feidhm acu maidir le taifid den iomlán, ach amháin nach mbainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le taifead d'iomlán saothair nó athchóirithe murar thaifid d'iomlán an tsaothair nó d'iomlán athchóirithe a chomhchosúil na taifid roimhe sin dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin, ná

(b) le taifead de chuid de shaothar nó de chuid d'athchóiriú murar thaifid den chuid sin den saothar nó de athchóiriú a chomhchosúil na taifid roimhe sin.

(10) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun oríocha an ailt seo agus san alt seo ciallaíonn “ordaithe” ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

Eisceadh ginearálta ó chosaint saothair ealaíne.

14. —(1) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne cóirdhéileáil leis an saothar—

(a) chun críocha taighde nó staidéir phríobháidigh, nó

(b) chun críocha beachtaíochta nó léirmheasa ar an saothar sin nó ar shaothar eile, má ghabhann leor-admháil leis.

(2) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne cóir-dhéileáil leis an saothar chun cúrsaí reatha a thuairisciú trí chraoladh nó i scannán cineamatagrafach.

(3) (a) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar lena mbaineann an fo-alt seo péintéireacht, líníocht, greanadóireacht nó grianghraf a dhéanamh den saothar nó an saothar a chur isteach i scannán cineamatagrafach nó i gcraoladh teilifíse.

(b) Baineann an fo-alt seo le saothair dhealbhóireachta, agus leis na saothair cheirdne ealaíne dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht seo, atá suite go buan in áiteanna poiblí nó in áitribh atá ar oscailt don phobal agus le saothair ailtireachta.

(4) Gan dochar don fho-alt díreach roimhe seo den alt seo, ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne an saothar a chur isteach i scannán cineamatagrafach nó i gcraoladh teilifíse, más é amháin is cúis lena chur isteach é a bheith mar chúlra nó a bheith teagmhasach ar shlí eile i leith leis na príomh-ábhair a léireofar sa scannán nó sa chraoladh.

(5) Maidir le péintéireacht, líníocht, greanadóireacht, grianghraf nó scannán cineamatagrafach de shaothar ealaíne, arb amhlaidh, de bhua fo-alt (3) den alt seo, nár shárú ar an gcóipcheart sa saothar sin a dhéanamh, ní sárú ar an gcóipcheart sin a fhoilsiú.

(6) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne í a atáirgeadh chun críocha imeachta dlíthiúla nó tuarascála ar aon imeacht den sórt sin.

(7) Ní mheasfar gur sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne dé-thoimhseach aon earra trí-thoimhseach d'aon sórt a dhéanamh, mura ndealródh sé do dhaoine nach saineolaithe maidir le hearraí den sórt sin gur atáirgeadh ar an saothar ealaíne an t-earra.

(8) I gcás ina ndéanfaidh údar saothair ealaíne (dá ngairtear an saothar tosaigh san fho-alt seo) saothar eile dá shórt (dá ngairtear an saothar déanach san fho-alt seo) agus go ndéanfar cuid den saothar tosaigh—

(a) a atáirgeadh sa saothar déanach, agus

(b) a atáirgeadh amhlaidh trí mhúnla, teilgean, sceitse, plean, samhail nó staidéar a rinneadh chun críocha an tsaothair thosaigh a úsáid,

ní sárú ar an gcóipcheart sa saothar tosaigh an saothar déanach a dhéanamh mura ndéanfaidh údar an tsaothair dhéanaí athghin nó aithris ar phríomhdhearadh an tsaothair thosaigh, le linn dó a bheith ag déanamh an tsaothair sin.

(9) I gcás cóipcheart a bheith ar substaineadh i bhfoirgneamh mar shaothar ailtireachta, ní sárú ar an gcóipcheart sin aon athfhoirgniú ar an bhfoirgneamh.

(10) I gcás ina mbeidh foirgneamh foirgnithe de réir líníochtaí nó pleananna ailtireachta ina mbeidh cóipcheart ar substaineadh agus go ndearnadh amhlaidh é ag úinéir an chóipchirt sin nó le ceadúnas uaidh, ní sárú ar an gcóipcheart sin aon athfhoirgniú ina dhiaidh sin ar an bhfoirgneamh faoi threoir na líníochtaí nó na bpleananna sin.

(11) I gcás ina mbeidh údarás, de bhua sannta nó ceadúnais nó ar shlí eile, ag Radio Éireann saothar ealaíne a chur isteach i gcraoladh teilifíse, ach (mura mbeadh an t-alt seo) nach mbeadh teideal aige atáirgeadh a dhéanamh air ní shárófar an cóipcheart sa saothar má dhéanann Radio Éireann, trína áiseanna féin, atáirgeadh, i gcruth ar bith, chun críocha an chraolta údaraithe.

(12) Ní bheidh feidhm ag an eisceadh ginearálta a luaitear san fho-alt díreach roimhe seo den alt seo má dhéantar, gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar—

(a) an t-atáirgeadh a dhéanfar amhlaidh nó aon chóip de a úsáid chun aon chríche seachas an craoladh a dhéanamh de réir an údaráis, más ann, nó

(b) an t-atáirgeadh nó aon chóip de a fhágáil gan scriosadh roimh dheireadh na tréimhse sé mhí díreach tar éis an t-atáirgeadh a dhéanamh nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontófar idir Radio Éireann agus an duine arb é, maidir le hatáirgthe den saghas a bheidh i gceist a dhéanamh, úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar é.

(13) Féadfar atáirgeadh ar shaothar ealaíne a dhéanfar de bhua fo-alt (11) den alt seo agus a mbeidh airíona sainiúla doiciméid ag gabháil leis a chaomhnú i gcartlann Radio Éireann, a cheaptar leis seo mar chartlann oifigiúil chuige sin, ach, faoi réir forálacha an Achta seo, ní úsáidfear é chun craolta ná chun aon chríche eile gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar.

(14) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le clár teilifíse a gcuirfear faoi deara é a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata mar atá feidhm acu maidir le craoladh teilifíse.

Saothair gan ainmneacha údar agus saothair faoi ainmneacha bréige.

15. —(1) I gcás saothar a foilsíodh gan ainm údair nó faoi ainm bréige beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo faoi réir forálacha an ailt seo.

(2) (a) I gcás saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó saothar ealaíne seachas grianghraf, a chéadfhoilsiú gan ainm údair nó faoi ainm bréige, ansin, aon chóipcheart a bheidh ar substaineadh sa saothar, de bhua alt 8 nó 9 den Acht seo, leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an saothar.

(b) ní bhainfidh an fo-alt seo le saothar ar bith ar féidir, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt, le duine gan eolas roimh ré aige ar na fíorais a dhéanamh amach, ó fhiosrú réasúnach, cérbh é údar an tsaothair.

(3) Féadfaidh údar saothair a bheidh foilsithe gan ainm an údair nó faoi ainm bréige a údarú d'fhoilsitheoir an tsaothair aon sannadh nó ceadúnas sa chóipcheart a bheidh ar substaineadh sa saothar agus ar leis an údar é a thabhairt gan ainm an údair a nochtadh don sannaí nó don cheadúnaí.

(4) Chun críocha an Achta seo ní mheasfar gur foilsiú gan ainm údair foilsiú ar shaothar faoi dhá ainm nó níos mó murab ainmneacha bréige na hainmneacha sin uile.

Saothair comhúdar.

16. —(1) San Acht seo ciallaíonn “saothar comhúdar” saothar a táirgeadh trí chomhar beirt údar nó níos mó agus nach bhfuil cuid gach údair ar leithligh ann ó chuid an údair eile nó na n-údar eile.

(2) Maidir le saothar comhúdar, forléireofar na tagairtí don údar i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 8 agus i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 9, agus i mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht seo mar thagairtí d'aon duine amháin nó níos mó de na húdair.

(3) Maidir le saothar comhúdar, seachas saothar lena mbaineann an t-alt díreach ina dhiaidh seo, forléireofar na tagairtí don údar i bhfo-alt (4) d'alt 8 agus i bhfo-alt (5) d'alt 9 den Acht seo mar thagairtí don údar is deireanaí a fuair bás.

(4) (a) Baineann an fo-alt seo le haon saothar comhúdar a céadfhoilsíodh faoi dhá ainm nó níos mó—

(i) arbh ainm bréige nó ainmneacha bréige ceann amháin nó níos mó díobh ach nárbh ainmneacha bréige iad go léir, nó

(ii) arbh ainmneacha bréige iad go léir, más rud é, tráth ar bith laistigh den tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana caileandair a céadfhoilsíodh an saothar, go bhféadfadh duine gan eolas roimh ré aige ar na fíorais, a dhéanamh amach, ó fhiosrú réasúnach, cérbh é duine áirithe nó cérbh iad daoine áirithe (ach ní gach duine) de na húdair.

(b) Maidir le saothar lena mbaineann an fo-alt seo, forléireofar tagairtí don údar i bhfo-alt (4) d'alt 8 agus i bhfo-alt (5) d'alt 9 den Acht seo mar thagairtí don údar ar nochtadh cérbh é nó, má nochtadh cérbh iad beirt nó níos mó de na húdair, don duine de na húdair sin is deireanaí a fuair bás.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo measfar gur nochtadh cérbh é údar áirithe más rud é—

(i) nárbh ainm bréige ina chás an t-ainm faoinar foilsíodh an saothar, nó

(ii) gur féidir a dhéanamh amach cérbh é mar a luaitear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo.

(5) (a) Baineann an fo-alt seo, i gcás saothair, le duine ar bith ar duine é nach mbeadh cóipcheart ar substaineadh sa saothar faoin gCuid seo den Acht seo dá mba eisean aon-údar an tsaothair.

(b) Maidir le saothar comhúdar ar duine lena mbaineann an fo-alt seo duine nó níos mó de na húdair, beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 den Acht seo ionann agus dá mba é an t-údar nó dá mba iad na húdair, seachas daoine lena mbaineann an fo-alt seo, aon-údar nó (de réir mar a bheidh) aon-údair an tsaothair.

(6) An tagairt atá i mír (e) d'fho-alt (5) d'alt 12 den Acht seo do gan níos mó ná sliocht amháin eile as saothair le húdar na haiste a bheidh i gceist a bheith i ndíolaim áirithe—

(a) measfar go bhfolaíonn sí tagairt do shleachta as saothair le húdar na haiste sin i gcomhar le haon duine eile, nó

(b) más aiste as saothar comhúdar an aiste a bheidh i gceist, measfar go bhfolaíonn sí tagairt do shleachta as saothair le haon duine amháin nó níos mó d'údair na haiste sin, nó le haon duine amháin nó níos mó de na húdair sin i gcomhar le haon duine eile.

(7) Faoi réir forálacha an ailt seo den Acht seo, déanfar (mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite) aon tagairt atá san Acht seo d'údar saothair a fhorléiriú maidir le saothar comhúdar mar thagairt d'údair uile an tsaothair.