An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Forálacha a Bhaineann le Cumhachtaí agus Dualgais an Cheannasaí agus le hImeachtaí Dlíthiúla.)

9 1963

ACHT NA dTRÁDMHARCANNA, 1963

CUID II.

Forálacha Maidir le Clárú.

Clár na dtrádmharcanna.

9. —(1) Chun críocha an Achta seo, leanfar de leabhar dá ngairtear clár na dtrádmharcanna a choimeád san oifig ina dtaifeadfar na trádmharcanna cláraithe go léir maraon le hainmneacha, seolta, agus tuairiscí a ndílseánach, fógraí maidir le sannta agus tarchuir, ainmneacha, seolta agus tuairiscí gach úsáidire chláraithe, séanta, coinníollacha, teorainneacha agus cibé nithe eile a bheidh forordaithe maidir le trádmharcanna.

(2) Leanfaidh an clár de bheith ina dhá chuid dá ngairfear faoi seach Cuid A agus Cuid B.

(3) Beidh an clár ar oscailt gach tráth caothúil lena iniúchadh ag an bpobal, faoi réir cibé rialacháin a bheidh forordaithe.

(4) Coimeádfar an clár faoi urláimh agus faoi bhainistí an Cheannasaí.

(5) In ionad an clár a choimeád i bhfoirm leabhair, féadfar é a choimeád i cibé foirm taifid eile a cheadóidh an tAire ó am go ham.

Ní thionscnófar caingean mar gheall ar thrádmharc neamhchláraithe a shárú.

10. —Ní bheidh aon duine i dteideal aon imeachtaí a thionscnamh chun cosc a chur le sárú trádmhairc neamhchláraithe ná chun damáistí a ghnóthú mar gheall ar an sárú sin, ach measfar nach ndéanann aon ní san Acht seo difear do chearta caingne in aghaidh aon duine mar gheall ar earraí a thairiscint i leith is gur earraí duine eile iad ná do na leigheasanna i leith an chéanna.

Ní foláir clárú i leith earraí áirithe.

11. —Ní foláir trádmharc a chlárú i leith earraí áirithe nó aicmí áirithe earraí, agus is é an Ceannasaí a chinnfidh aon cheist a éireoidh maidir leis an aicme ar di aon earraí áirithe.

An ceart a thugann clárú i gCuid A agus sárú an chirt sin.

12. —(1) Faoi réir an ailt seo, agus ailt 15 agus 16 den Acht seo, tabharfaidh, nó measfar gur thug, clárú (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis) duine i gCuid A den chlár mar dhílseánach trádmhairc (seachas trádmharc deimhniúcháin) i leith aon earraí, ach an clárú sin a bheith bailí, ceart eisiatach don duine chun úsáide an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin agus, gan dochar go ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, measfar an ceart sin a bheith sáraithe ag aon duine nach é dílseánach an trádmhairc é nó úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc agus é á úsáid de réir na húsáide ceadaithe a úsáidfidh marc comhionann leis nó chomh garchosúil sin leis gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill i gcúrsa trádála, i ndáil le haon earraí a mbeidh sé cláraithe ina leith, agus i slí gur dhóigh go measfaí gurb éard úsáid an mhairc sin—

(a) úsáid mar thrádmharc; nó

(b) i gcás inarb éard í an úsáid sin úsáid ar na hearraí nó i ndáil tadhlach leo nó i gciorclán fógraíochta nó fógrán eile arna eisiúint chun an phobail, úsáid lena ngabhann tagairt do dhuine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó mar úsáidire cláraithe an trádmharc a úsáid nó d'earraí lena bhfuil baint i gcúrsa trádála ag duine den sórt sin a dúradh.

(2) Beidh an ceart chun trádmharc a úsáid a tugadh trí chlárú mar a dúradh faoi réir aon choinníollacha nó teorainneacha a bheidh taifeadta ar an gclár, agus ní mheasfar gur sárú ar an gceart sin aon mharc den sórt sin a úsáid mar a dúradh ar aon mhodh, i ndáil le hearraí a bheifear chun a dhíol nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile in aon áit, i ndáil le hearraí a bheifear chun a onnmhairiú go dtí aon mhargadh, nó in aon chúinsí eile, nach dtagann, ag féachaint d'aon teorainneacha den sórt sin, faoi réim an chláraithe sin.

(3) Ní mheasfar gur sárú ar an gceart chun úsaide trádmharc a tugadh trí chlárú mar a dúradh aon mharc den sórt sin mar a dúradh a úsáid ag aon duine—

(a) i ndáil le hearraí a bhfuil baint acu i gcúrsa trádála le dílseánach an trádmhairc nó le duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc, más rud é, maidir leis na hearraí sin nó le last ar cuid de iad, go ndearna an dílseánach nó an t-úsáidire cláraithe, agus é ag cloí leis an úsáid cheadaithe, an trádmharc a chur agus nár bhain sé anuas nó nár scrios sé é dá éis sin nó gur thoiligh sé go sainráite nó go hintuigthe aon tráth leis an trádmharc a úsáid; nó

(b) i ndáil le hearraí a bheidh oiriúnaithe chun bheith ina gcuid d'earraí eile, nó chun bheith ag gabháil le hearraí eile, ar úsáideadh an trádmharc i ndáil leo gan an ceart sin a tugadh mar a dúradh a shárú nó a bhféadfaí é a úsáid amhlaidh i ndáil leo de thuras na huaire, más gá le réasún an marc a úsáid lena thaispeáint go bhfuil na hearraí oiriúnaithe amhlaidh agus nach é is cuspóir ná is éifeacht d'úsáid an mhairc ach amháin baint i gcúrsa trádála idir aon duine agus na hearraí a thaispeáint de réir an fhíorais.

(4) Má úsáidtear trádmharc cláraithe ar trádmharc é de dhá thrádmharc chláraithe nó níos mó atá comhionann nó garchosúil le chéile, i bhfeidhmiú an chirt chun úsáide an trádmhairc a tugadh trí chlárú mar a dúradh, ní mheasfar gur sárú é ar an gceart a tugadh amhlaidh chun úsáide aon chinn eile de na trádmharcanna sin.

An ceart a thugann clárú i gCuid B agus sárú an chirt sin.

13. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (2) den alt seo, tabharfaidh nó measfar gur thug clárú (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis) duine i gCuid B den Chlár mar dhílseánach trádmhairc i leith aon earraí, ach an clárú sin a bheith bailí, an ceart céanna i ndáil leis na hearraí sin don duine sin, ionann is dá mba i gCuid A den chlár a rinneadh an clárú, agus beidh éifeacht ag forálacha alt 12 den Acht seo sa tslí chéanna maidir le trádmharc arna chlárú i gCuid B den chlár díreach mar tá éifeacht acu maidir le trádmharc arna chlárú i gCuid A den chlár.

(2) In aon chaingean i dtaobh sárú an chirt chun úsáide trádmhairc a tugadh trí chlárú mar a dúradh i gCuid B den chlár, ar shlí eile seachas trí ghníomh a meastar gur sárú é de bhua alt 14 den Acht seo, ní dheonófar aon urghaire ná faoiseamh eile don ghearánaí má shuíonn an cosantóir chun sástachta na cúirte nach dócha don úsáid faoina bhfuil an gearánaí ag gearán a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill nó go measfaí go dtaispeánann sí baint i gcúrsa trádála idir na hearraí agus duine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó mar úsáidire cláraithe an trádmharc a úsáid.

Ceart a shárú trí shriantachtaí áirithe a shárú.

14. —(1) I gcás ina rachaidh ceannaitheoir nó úinéir earraí, trí chonradh i scríbhinn arna dhéanamh le dílseánach nó úsáidire cláraithe trádmhairc chláraithe, faoi oibleagáid arb éifeacht di nach ndéanfaidh sé, i ndáil leis na hearraí, gníomh lena mbaineann an t-alt seo, measfar tríd sin an ceart cun an trádmharc a úsáid a tugadh trí chlárú an chéanna a bheith sáraithe ag aon duine, arb é úinéir na n-earraí sin é de thuras na huaire agus fógra i dtaobh na hoibleagáide aige, a dhéanfaidh an gníomh, nó a údaróidh an gníomh a dhéanamh, i ndáil leis na hearraí, i gcúrsa trádála nó d'fhonn aon déileáil a dhéanamh leo i gcúrsa trádála, mura dtáinig an duine sin chun bheith ina úinéir ar na hearraí trína gceannach de mheon mhacánta ar airgead nó ar luach airgid sula bhfuair sé fógra i dtaobh na hoibleagáide nó de bhua teideal a gabhadh trí dhuine eile a tháinig amhlaidh chun bheith ina úinéir ar na hearraí.

(2) Is iad na gníomhartha lena mbaineann an t-alt seo—

(a) an trádmharc a chur ar na hearraí tar éis athrú a bheith déanta orthu in aon mhodh a bheidh sonraithe sa chonradh maidir lena staid nó a riocht, a ngléasadh nó a bpacáil;

(b) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, an trádmharc sin a athrú, nó cuid de a bhaint de na hearraí nó cuid de a scriosadh;

(c) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, agus go mbeidh orthu freisin ábhar eile is ábhar a thaispeánann baint i gcúrsa trádála idir an dílseánach nó an t-úsáidire cláraithe agus na hearraí, an trádmharc a bhaint de na hearraí nó a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach, mura ndéanfar an t-ábhar eile sin a bhaint de na hearraí nó a scriosadh, go hiomlán;

(d) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, aon trádmharc eile a chur ar na hearraí;

(e) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, aon ábhar eile i scríbhinn ar dócha dó díobháil a dhéanamh do cháil an trádmhairc a chur ar na hearraí.

(3) San alt seo déanfar tagairtí i ndáil le haon earraí do dhílseánach, d'úsáidire cláraithe, agus do chlárú, trádmhairc a fhorléiriú, faoi seach, mar thagairtí don dílseánach a bhfuil an trádmharc cláraithe ina ainm, d'úsáidire cláraithe atá cláraithe, agus do chlárú an trádmhairc, i leith na n-earraí sin, agus folaíonn “ar” i ndáil le haon earraí, tagairt do dháil thadhlach maidir leo.

Cosaint do chearta dílsithe.

15. —Ní thabharfaidh aon ní san Acht seo teideal do dhílseánach ná d'úsáidire cláraithe trádmhairc chláraithe aon duine a bhac nó a shrianadh ó úsáid a dhéanamh de thrádmharc comhionann leis nó garchosúil leis i ndáil le hearraí a ndearna an duine sin nó réamhtheachtaí i dteideal dá chuid an trádmharc sin a úsáid i ndáil leo go leanúnach—

(a) ó dháta sular úsáideadh an trádmharc céadluaite i ndáil leis na hearraí sin ag an dílseánach nó ag réamhtheachtaí i dteideal dá chuid; nó

(b) ó dháta sular cláraíodh an trádmharc céadluaite i leith na n-earraí sin in ainm an dílseánaigh nó réamhtheachtaí i dteideal dá chuid;

cibé acu is túisce, ná cur in aghaidh (ar an úsáid sin a bheith cruthaithe) an duine sin a chur ar an gclár don trádmharc comh ionann nó garchosúil sin i leith na n-earraí sin faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo.

Cosaint le haghaidh ainm, seoladh nó tuairisc earraí a úsáid.

16. —Ní dhéanfaidh clárú trádmhairc difear—

(a) d'aon úsáid bona fide ag duine ar a ainm féin nó ainm a áit gnó, nó ainm, nó ainm áit gnó aon duine dá réamhtheachtaithe i ngnó, ná

(b) d'úsáid ag aon duine ar aon tuairisc bona fide ar ghné nó cáilíocht a earraí, nach tuairisc í ar dócha go measfaí uaithi go ngabhann aon tagairt léi d'aon sórt dá luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 12, nó i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 45, den Acht seo.

Idirdhealaitheacht riachtanach chun clárú i gCuid A.

17. —(1) Chun trádmharc (seachas trádmharc deimhniúcháin) a bheith inchláraithe i gCuid A den chlár, ní mór gurb éard a bheidh ann nó go mbeidh ann sonra amháin ar a laghad de na sonraí riachtanacha seo a leanas:—

(a) ainm cuideachta, pearsa nó gnólachta, arna léiriú ar mhodh speisialta nó ar mhodh áirithe;

(b) síniú an duine atá ag iarraidh clárú nó síniú réamhtheachtaí éigin ina ghnó;

(c) focal cumtha nó focail chumtha;

(d) focal nó focail nach bhfuil aon tagairt díreach iontu do ghné nó do cháilíocht na n-earraí agus nach ainm ná seoladh geografach de réir a ghnáth-chéille;

(e) ní bheidh aon mharc idirdhealaitheach eile, ach amháin ainm, síniú nó focal nó focail seachas iad sin atá sua tuairiscí i míreanna (a), (b), (c) agus (d) den fho-alt seo, inchláraithe faoin mír seo ach amháin ar fhianaise i dtaobh a idirdhealaitheachta.

(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “idirdhealaitheach” oiriúnaithe, i ndáil leis na hearraí a bhfuil trádmharc cláraithe nó a mbeartaítear trádmharc a chlárú ina leith, chun earraí a bhfuil baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag dílseánach an trádmhairc leo i gcúrsa trádála a idirdhealú ó earraí nach bhfuil aon bhaint den sórt sin ar substaineadh maidir leo, i gcoitinne nó, i gcás ina bhfuil an trádmharc cláraithe, nó ina mbeartaítear é a chlárú, faoi réir teorainneacha, i ndáil le húsáid laistigh de réim an chláraithe.

(3) Nuair a bheifear a chinneadh an bhfuil trádmharc oiriúnaithe chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) aird a thabhairt—

(a) ar a mhéid atá an trádmharc oiriúnaithe go bunúsach chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh, agus

(b) mar gheall ar úsáid an trádmhairc nó aon imthoscaí eile, ar a mhéid atá an trádmharc oiriúnaithe iarbhír chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh.

Inniúlacht ar idirdhealú a dhéanamh riachtanach chun clárú i gCuid B.

18. —(1) Ionas go mbeidh trádmharc inchláraithe i gCuid B den chlár caithfidh sé a bheith inniúil, i ndáil leis na hearraí a bhfuil sé cláraithe, nó a mbeartaítear é a chlárú, ina leith, earraí a bhfuil baint nó a bhféadfadh baint a bheith ag dílseánach an trádmhairc leo i gcúrsa trádála a idirdhealú ó earraí nach bhfuil aon bhaint den sórt sin ar substaineadh maidir leo, i gcoitinne nó i gcás ina bhfuil an trádmharc cláraithe, nó ina mbeartaítear é a chlárú, faoi réir teorainneacha i ndáil le húsáid laistigh de réim an chláraithe.

(2) Nuair a bheifear a chinneadh an bhfuil trádmharc inniúil ar idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) aird a thabhairt—

(a) ar a mhéid atá an trádmharc inniúil go bunúsach ar idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh; agus

(b) mar gheall ar úsáid an trádmhairc nó aon imthoscaí eile, ar a mhéid atá an trádmharc inniúil iarbhír ar idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh.

(3) Féadfar trádmharc a chlárú i gCuid B d'ainneoin aon chlárú i gCuid A in ainm dílseánaigh chéanna an trádmhairc chéanna nó aon choda nó codanna den trádmharc sin.

Toirmeasc ar ábhar meabhlaireachta agus ábhar áirithe eile a chlárú.

19. —Ní dleathach aon ábhar a chlárú mar thrádmharc nó mar chuid de thrádmharc is ábhar a mbeadh a úsáid, mar gheall ar gur dócha dó meabhlaireacht a dhéanamh, nó mearbhall a chur, ar dhaoine nó eile, ó theideal cosanta i gcúirt dlí, nó contrártha don dlí nó don mhoráltacht, ná aon deara scannalach.

Toirmeasc ar thrádmharcanna comhionanna agus cosúla a chlárú.

20. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, ní chlárófar aon trádmharc i leith aon earraí nó tuairisc earraí atá comhionann le trádmharc le dílseánach eile agus atá ar an gclár cheana féin i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí, nó atá chomh garchosúil sin le trádmharc den sórt sin gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill.

(2) I gcás úsáid ionraic chomhthráthach, nó imthoscaí speisialta eile a fhágann i dtuairim na Cúirte nó an Cheannasaí gur cuí é a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) clárú trádmharcanna atá comhionann nó garchosúil le chéile i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí ag níos mó ná dílseánach amháin a cheadú faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha, más ann, a mheasfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) is ceart a fhorchur.

(3) I gcás ina ndéanfaidh daoine éagsúla iarratais ar leithligh ar a gclárú mar dhílseánaigh faoi seach ar thrádmharcanna atá comhionann nó garchosúil le chéile, i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí, féadfaidh an Ceannasaí diúltú aon duine acu a chlárú go dtí go ndéanfar a gcearta a chinneadh ag an gCúirt, nó a shocrú trí chomhaontú i slí a cheadóidh seisean nó an Chúirt ar achomharc, de réir mar a bheidh:

Ar choinníoll, má dhéanann daoine éagsúla iarratais ar leithligh ar dhátaí éagsúla ar a gclárú mar dhílseánaigh faoi seach ar thrádmharcanna atá comhionann nó garchosúil le chéile, go bhféadfaidh an Ceannasaí diúltú dul ar aghaidh leis an dara ceann nó an ceann is deireanaí de na hiarratais sin go dtí go gcinnfear an chéad iarratas agus go measfar gurb éard é an trádmharc is ábhar don chéad iarratas, má dhéantar an trádmharc a chlárú air sin, trádmharc atá ar an gclár cheana féin faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil leis an trádmharc is ábhar don dara iarratas nó don iarratas is deireanaí.

Clárú i gCuid A a bheith ina chruthú dochloíte maidir le bailíocht tar éis seacht mbliana.

21. —(1) I ngach imeacht dlíthiúil a bhainfidh le trádmharc a bheidh cláraithe i gCuid A den chlár (lena n-áirítear iarratais faoi alt 40 den Acht seo), measfar clárú bunaidh an trádmhairc i gCuid A den chlár a bheith bailí ar gach slí tar éis seacht mbliana a bheith caite ó dháta an chláraithe sin, mura rud é—

(a) gur trí chalaois a fuarthas an clárú sin, nó

(b) go gciontaíonn an trádmharc in aghaidh alt 19 den Acht seo.

(2) Ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht seo a fhorléiriú mar ní a thugann na forálacha sin roimhe seo den alt seo a bhaineann le trádmharc atá cláraithe i gCuid A den chlár a bheith inchurtha chun feidhme maidir le trádmharc mar thrádmharc atá cláraithe i gCuid B den chlár.

Clárú faoi réir séanadh.

22. —Má bhíonn i dtrádmharc—

(a) aon pháirt nár chláraigh an dílseánach go leithleach mar thrádmharc; nó

(b) ábhar a bhaineann leis an trádáil i gcoitinne nó ábhar de chineál neamb-idirdhealaitheach;

féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh), agus í nó é ag cinneadh a dtaifeadfar nó a bhfágfar an trádmharc ar an gclár, a cheangal mar choinníoll chun é a bheith ar an gclár—

(i) go séanfaidh an dílseánach aon cheart chun úsáide eisiataí aon pháirte den trádmharc, nó chun úsáide eisiataí gach coda nó aon choda d'aon ábhar den sórt sin a dúradh, i gcás inarb é cinneadh na Cúirte nó an Cheannasaí (de réir mar a bheidh) nach bhfuil teideal aige chun úsáide eisiataí an chéanna; nó

(ii) go ndéanfaidh an dílseánach cibé séanadh eile a mheasfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) is gá chun a chearta faoin gclárú a shonrú:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon séanadh a bheidh ar an gclár difear d'aon chearta de chuid dílseánaigh trádmhairc ach amháin iad sin a éireoidh as clárú an trádmhairc a mbeidh an séanadh déanta ina leith.

Focal trádmhairc a úsáidtear mar ainm earra nó substainte.

23. —(1) Ní measfar clárú trádmhairc a theacht chun bheith neamhbhailí de bhíthin amháin focal nó focail atá sa trádmharc nó arb é an trádmharc sin é nó iad a úsáid in aon slí tar éis dáta an chláraithe mar ainm nó tuairisc an earra nó na substainte:

Ar choinníoll má chruthaítear—

(a) go bhfuil úsáid seanaitheanta agus bunaithe ann maidir le húsáid an fhocail nó na bhfocal mar ainm nó tuairisc an earra nó na substainte ag duine nó daoine a sheolann trádáil leis an gcéanna, agus nach úsáid i ndáil le hearraí a bhfuil baint acu i gcúrsa trádála le dílseánach an trádmhairc nó le duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc ná (i gcás trádmharc deimhniúcháin) le hearraí arna ndeimhniú ag an dílseánach; nó

(b) gur monaraíodh an t-earra nó an tsubstaint roimhe sin faoi phaitinn (ba phaitinn a bhí i bhfeidhm an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, nó a deonaíodh ina dhiaidh sin), go bhfuil tréimhse dhá bhliain nó níos mó caite ó scoir an phaitinn, agus gurb é an focal sin nó gurb iad na focail sin an t-aon ainm nó tuairisc phraiticiúil ar an earra nó ar an tsubstaint;

beidh éifeacht ag forálacha fo-alt (2) den alt seo.

(2) I gcás ina ndéanfar na fíorais a luaitear i mír (a) nó (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) den alt seo a chruthú maidir le haon fhocal nó focail, ansin—

(a) más é amháin a bheidh sa trádmharc an focal nó na focail sin, measfar chun críocha alt 40 den Acht seo gur taifead atá fanta go mícheart ar an gclár clárú an trádmhairc a mhéid a bhainfidh le clárú i leith an earra nó na substainte lena mbainfidh nó le haon earraí den tuairisc chéanna;

(b) má bhíonn an focal nó na focail sin agus ábhar eile sa trádmharc, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh), agus í nó é ag cinneadh an bhfanfaidh an trádmharc ar an gclár, a mhéid a bhainfidh le clárú i leith an earra nó na substainte a bheidh i gceist agus le clárú i leith aon earraí den tuairisc chéanna, a cheangal, i gcás cinneadh i bhfabhar é a fhágáil ar an gclár, mar choinníoll a rachaidh leis sin go séanfaidh an dílseánach aon cheart chun úsáide eisiataí an fhocail nó na bhfocal sin i ndáil leis an earra nó an tsubstaint sin agus aon earraí den tuairisc chéanna, i slí, áfach, nach ndéanfaidh aon séanadh ar an gclár difear d'aon chearta le dílseánach trádmhairc ach amháin iad sin a éireoidh as clárú an trádmhairc a bhfuil an séanadh déanta ina leith; agus

(c) chun críocha aon imeachtaí dlíthiúla eile a bhainfidh leis an trádmharc, measfar—

(i) más é amháin a bheidh sa trádmharc an focal nó na focail sin, cearta uile an dílseánaigh, cibé acu faoin dlí coitian é nó trí chlárú, chun úsáide eisiataí an trádmhairc i ndáil leis an earra nó an tsubstaint lena mbainfidh nó i ndáil le haon earraí den tuairisc chéanna, nó

(ii) má bhíonn an focal nó na focail sin agus ábhar eile sa trádmharc, gach ceart den sórt sin leis an dílseánach chun úsáide eisiataí an fhocail nó na bhfocal sin i ndáil mar a dúradh,

do scor ar an dáta a tháinig an úsáid a luaitear i mír (a) den choinníoll atá ag gabháil le fo-alt (1) den alt seo chun bheith seanaitheanta agus bunaithe ar dtús, nó ar bheith caite don tréimhse dhá bhliain a luaitear i mír (b) den choinníoll sin.

(3) Ní dhéanfar aon fhocal arb é a thugtar agus lena nglactar de ghnáth mar ainm ar aon dúil shingil cheimiciúil nó ar chumasc singil ceimiciúil, ar leith ó mheascán, a chlárú mar thrádmharc i leith substainte nó ullmhóide ceimiciúla, agus aon chlárú den sórt sin a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin, measfar, chun críocha alt 40 den Acht seo agus d'ainneoin alt 21 den Acht seo, gur taifead é a rinneadh sa chlár gan leorchúis, nó gur taifead é atá fanta go mícheart ar an gclár, de réir mar is gá sna himthoscaí:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo i ndáil le focal a úsáidtear chun comharthú, agus gan ach comharthú, a dhéanamh ar bhranda nó déanamh den dúil nó den chumasc arna dhéanamh ag dílseánach an trádmhairc nó ag duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc, ar leith ón dúil nó ón gcumasc arna dhéanamh ag daoine eile agus maraon le hainm nó tuairisc oiriúnach atá faoi réir a úsáidte ag an bpobal.

Eifeacht teorannaithe maidir le dath nó easpa datha.

24. —(1) Féadfaidh dath sonraithe amháin nó níos mó a bheith de theorainn datha le trádmharc go huile nó go páirteach, agus in aon chás den sórt sin cuirfidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) san áireamh go bhfuil teorainn den sórt sin leis nuair a bheidh gné idirdhealaitheach an trádmhairc á cinneadh.

(2) Más rud é go mbeidh agus sa mhéid go mbeidh trádmharc cláraithe gan teorainn datha, measfar é bheith cláraithe i leith gach datha.

Iarratas ar chlárú.

25. —(1) Aon duine a éilíonn gurb é féin dílseánach trádmhairc a d'úsáid sé nó a bheartaíonn sé a úsáid agus ar mian leis an trádmharc a chlárú, ní mór dó iarratas i scríbhinn a chur go dtí an Ceannasaí sa tslí fhorordaithe ag iarraidh clárú i gCuid A nó i gCuid B den chlár.

(2) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Ceannasaí diúltú don iarratas, nó glacadh leis go huilíoch nó faoi réir cibé leasuithe, modhnuithe, coinníollacha nó teorainneacha, más ann, a mheasfaidh sé a bheith ceart.

(3) I gcás iarratas ar thrádmharc (seachas trádmharc deimhniúcháin) a chlárú i gCuid A den chlár, féadfaidh an Ceannasaí, má bhíonn an t-iarratasóir toilteanach, in ionad diúltú don iarratas, féachaint air mar iarratas ar chlárú i gCuid B agus déileáil leis an iarratas dá réir sin.

(4) I gcás diúltú nó glacadh coinníollach, sonróidh an Ceannasaí i scríbhinn, má éilíonn an t-iarratasóir air é laistigh den am forordaithe, forais a chinnte agus na hábhair a d'úsáid sé chun teacht ar an gcinneadh sin.

(5) Déanfaidh aon iarratasóir ar mian leis achomharc a dhéanamh faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo iarratas chun an Cheannasaí faoi fho-alt (4) den alt seo ag iarraidh an ráitis i scríbhinn dá dtagraítear ann, agus ar an achomharc tabharfaidh an Chúirt, má éilítear uirthi é, éisteacht don iarratasóir agus don Cheannasaí, agus déanfaidh sí ordú á chinneadh an nglacfar leis an iarratas agus cad iad na leasuithe, na modhnuithe, na coinníollacha nó na teorainneacha, más ann, ar faoina réir a ghlacfar leis an iarratas.

(6) Ach amháin le cead na Cúirte ní dhéanfar aon achomharc in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo ach amháin laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a cuireadh chun an iarratasóra an ráiteas i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo nó laistigh de cibé tréimhse breise nach faide ná trí mhí a cheadóidh an Ceannasaí (ar iarraidh chuige sin a fháil roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí sin).

(7) Déanfar achomhairc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinnte ag an gCeannasaí faoin alt seo a éisteacht ar na hábhair a shonróidh an Ceannasaí mar a dúradh, agus ní lámhalfar don Cheannasaí aon fhorais agóide eile a shuíomh in aghaidh glacadh leis an iarratas, seachas na forais sin a shonróidh sé amhlaidh mar a dúradh, ach amháin le cead na Cúirte.

(8) Féadfaidh an Ceannasaí nó an Chúirt (de réir mar a bheidh) aon uair, sula nglacfar leis an iarratas nó dá éis sin, aon earráid san iarratas nó i ndáil leis a cheartú, nó féadfaidh a cheadú don iarratasóir a iarratas a leasú ar cibé téarmaí is cuí leis an gCeannasaí nó leis an gCúirt (de réir mar a bheidh).

Freasúra in aghaidh clárú.

26. —(1) Nuair a bheidh glactha le hiarratas ar thrádmharc a chlárú, go huilíoch nó faoi réir coinníollacha nó teorainneacha, cuirfidh an Ceannasaí faoi deara, a luaithe is féidir tar éis an ghlactha, an t-iarratas mar glacadh leis a fhógairt sa tslí fhorordaithe, agus beidh na coinníollacha agus na teorainneacha go léir ar faoina réir a glacadh leis an iarratas leagtha amach san fhógra:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Ceannasaí a chur faoi deara iarratas a fhógairt sula nglacfar leis in aon chás ina bhfeicfear dó gurb oiriúnach sin a dhéanamh mar gheall ar aon imthoscaí eisceachtúla, agus, i gcás ina mbeifear tar éis iarratas a fhógairt amhlaidh, féadfaidh an Ceannasaí, más cuí leis, é a fhógairt arís nuair a bheidh glactha leis ach ní bheidh d'iallach air déanamh amhlaidh.

(2) Féadfaidh aon duine, laistigh den am forordaithe ó dháta iarratas a fhógairt, fógra a thabhairt don Cheannasaí go bhfuil sé i bhfreasúra leis an gclárú.

(3) Is i scríbhinn sa tslí fhorordaithe a thabharar an fógra agus beidh ráiteas ann ag insint foras an fhreasúra.

(4) Cuirfidh an Ceannasaí cóip den fhógra chun an iarratasóra agus, laistigh den am forordaithe tar éis í a fháil, cuirfidh an t-iarratasóir chuig an gCeannasaí, sa tslí fhorordaithe, frithráiteas ag insint na bhforas ar a bhfuil a sheasamh maidir lena iarratas, agus, mura ndéanfaidh sé amhlaidh, measfar a iarratas a bheith tréigthe aige.

(5) Má chuireann an t-iarratasóir frithráiteas den sórt sin a dúradh chuig an gCeannasaí, tabharfaidh an Ceannasaí cóip de do na daoine a thabharfaidh fógra freasúra agus, tar éis éisteacht leis na páirtithe, má iarrtar sin air, agus an fhianaise a bhreithniú, cinnfidh sé cé acu a cheadófar nó nach gceadófar an clárú agus, má cheadaítear, na coinníollacha nó na teorainneacha, más ann, ar faoina réir a cheadófar é agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir agus don fhreasúróir dá réir sin.

(6) Féadfaidh an t-iarratasóir nó an freasúróir, laistigh den am forordaithe tar éis an dáta a dhéanfar cinneadh an Cheannasaí a fhógairt, iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí ag iarraidh ráitis scríofa air ag insint na bhforas a bhí lena chinneadh.

(7) Aon duine ar mian leis achomharc a dhéanamh faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo déanfaidh sé an ráiteas scríofa dá bhfuil tagairt i bhfo-alt (6) den alt seo a iarraidh ar an gCeannasaí faoin fho-alt sin (6) agus ar an achomharc éistfidh an Chúirt, má iarrtar sin, leis na páirtithe agus déanfaidh an Ceannasaí ordú ag cinneadh cé acu a cheadófar nó nach gceadófar an clárú agus, má cheadaítear, na gcoinníollacha nó na dteorainneacha ar faoina réir a cheadófar é.

(8) Ach amháin le cead na Cúirte, ní dhéanfar aon achomharc in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo ach amháin laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a cuireadh chun an iarratasóra an ráiteas i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo nó laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná trí mhí a cheadóidh an Ceannasaí (ar iarraidh chuige fháil roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí sin).

(9) Ar achomharc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo a bheith á éisteacht, féadfaidh aon pháirtí, sa tslí fhorordaithe nó le cead speisialta ón gCúirt, tuilleadh ábhair a thabhairt ar aird lena bhreithniú ag an gCúirt.

(10) (a) Ar achomharc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo ní lamhálfar, ach amháin le cead na Cúirte, don fhreasúróir ná don Cheannasaí aon fhoras agóide eile a shuíomh in aghaidh clárú trádmhairc, seachas iad sin a bheidh luaite mar a dúradh ag an bhfreasúróir.

(b) I gcás ina suífear aon fhorais agóide eile, beidh an t-iarratasóir i dteideal a iarratas a tharraingt siar gan costais an fhreasúróra a íoc ar fhógra a thabhairt sa tslí fhorordaithe.

(11) Ar achomharc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht leis an gCeannasaí, a cheadú go ndéanfar an trádmharc a bheartaítear a chlárú a mhodhnú in aon slí nach ndéanfaidh difear substaintiúil dá chéannacht, ach in aon chás den sórt sin déanfar an trádmharc arna mhodhnú amhlaidh a fhógairt sa tslí fhorordaithe sula gclárófar é.

(12) Más rud é i gcás duine a thabharfaidh fógra freasúra nó iarratasóir a sheolfaidh frithráiteas tar éis cóip d'fhógra den sórt sin a fháil, nó achomharcóir nach gcónaíonn sé agus nach seolann sé gnó sa Stát, féadfaidh an Chúirt (i gcás achomhairc) nó an Ceannasaí (in aon chás eile) a cheangal air urrús i leith costas na n-imeachtaí a thabhairt agus, má mhainnítear urrús den sórt sin a thabhairt go cuí, féadfar déileáil leis an bhfreasúra nó leis an iarratas nó leis an achomharc, de réir mar a bheidh, mar fhreasúra, iarratas nó achomharc tréigthe.

Clárú.

27. —(1) Nuair a bheidh glactha le hiarratas ag iarraidh trádmharc a chlárú i gCuid A nó i gCuid B den chlár agus—

(a) nach mbeidh freasúra déanta in aghaidh an iarratais agus go mbeidh an t-am chun fógra freasúra a thabhairt caite, nó

(b) go mbeidh freasúra déanta in aghaidh an iarratais agus go mbeidh cinneadh i dtaobh an fhreasúra déanta i bhfabhar an iarratasóra,

déanfaidh an Ceannasaí, mura d'earráid a bheidh glactha leis an iarratas, an trádmharc a chlárú i gCuid A nó i gCuid B, de réir mar a bheidh, agus, nuair a chlárófar an trádmharc, is faoi dháta an iarratais ar chlárú a chlárófar é agus measfar chun críocha an Achta seo gurb é an dáta sin dáta an chláraithe:

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht faoi réir alt 70 den Acht seo maidir le trádmharc arna chlárú faoin Acht seo maille le sochar an ailt sin ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo a bhaineann leis an dáta ar faoi a chlárófar trádmharc agus leis an dáta a measfar gurb é dáta an chláraithe é.

(2) Ar thrádmharc a chlárú eiseoidh an Ceannasaí chun an iarratasóra deimhniú san fhoirm fhorordaithe ar chlárú an trádmhairc agus é séalaithe le séala oifigiúil an Cheannasaí.

(3) I gcás nach ndéanfar, mar gheall ar mhainneachtain an iarratasóra, clárú trádmhairc a chríochnú laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an iarratais, féadfaidh an Ceannasaí, tar éis fógra a thabhairt i scríbhinn sa tslí fhorordaithe don iarratasóir i dtaobh é a bheith gan chríochnú, déileáil leis an iarratas mar iarratas tréigthe mura gcríochnófar é laistigh den am a bheidh sonraithe chuige sin san fhógra.

Ré agus athnuachan clárú.

28. —(1) Mairfidh clárú trádmhairc go ceann tréimhse seacht mbliana, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham de réir an ailt seo:

Ar choinníoll go mbeidh, i ndáil le clárú faoi dháta roimh thosach feidhme an Achta seo, éifeacht ag an bhfo-alt seo trí thréimhse ceithre bliana déag a chur in ionad na tréimhse seacht mbliana sin.

(2) Déanfaidh an Ceannasaí, ar iarratas sa tslí fhorordaithe a fháil laistigh den tréimhse fhorordaithe ó dhílseánach cláraithe trádmhairc, clárú an trádmhairc a athnuachan go ceann tréimhse ceithre bliana déag ó dháta éagtha an chláraithe bhunaidh nó dáta na hathnuachana deiridh, cibé acu é, dáta ar a dtugtar “dul in éag don chlárú deiridh” san alt seo,

(3) Ag an am forordaithe roimh dhul in éag don chlárú deiridh ar thrádmharc, cuirfidh an Ceannasaí fógra sa tslí fhorordaithe chuig an dílseánach cláraithe i dtaobh dáta an éagtha agus na gcoinníollacha maidir le híoc táillí agus eile ar a bhféadfar athnuachan clárú a fháil, agus, más rud é, ar bheith caite don am a bheidh forordaithe chuige sin, nach mbeidh na coinníollacha comhlíonta go cuí, féadfaidh an Ceannasaí an trádmharc a bhaint den chlár, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, maidir lena athchur ar an gclár, a fhorordófar.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis trádmharc a bhaint den chlár mar gheall ar an táille athnuachana a bheith gan íoc, measfar, mar sin féin, chun críche aon iarratais ar thrádmharc a chlárú i rith bliana amháin díreach tar éis an dáta a baineadh den chlár é, gur trádmharc é atá ar an gclár cheana féin:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo i gcás inar deimhin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh)—

(a) nach ndearnadh aon úsáid trádála bona fide den trádmharc a baineadh den chlár i rith an dá bhliain díreach roimh é bhaint de; nó

(b) nach dóigh aon mheabhlaireacht ná mearbhall a theacht trí úsáid an trádmhairc is ábhar don iarratas ar chlárú de bhíthin aon úsáid roimhe sin den trádmharc a baineadh den chlár.

Clárú codanna de thrádmharcanna agus trádmharcanna mar shraitheanna.

29. —(1) (a) I gcás ina n-éileoidh dílseánach trádmhairc go bhfuil teideal aige chun úsáide eisiataí aon choda ar leithligh den trádmharc, féadfaidh sé a iarraidh go gclárófar an t-iomlán agus aon chuid den sórt sin mar thrádmharcanna ar leithligh.

(b) Caithfidh gach trádmharc ar leithligh mar sin na coinníollacha go léir a chomhlíonadh a bhaineann le trádmharc neamhspleách agus, faoi réir fo-alt (3) d'alt 31 agus fo-alt (2) d'alt 38 den Acht seo, beidh aige na comhleanúntais go léir a bhaineann le trádmharc neamhspleách.

(2) I gcás duine a bheidh á éileamh gurb é féin dílseánach trádmharcanna éagsúla, i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí, atá cosúil le chéile ina sonraí ábhartha, ach atá éagsúil maidir le—

(a) ráitis ag lua na n-earraí a n-úsáidtear nó a mbeartaítear iad a úsáid faoi seach i ndáil leo; nó

(b) ráitis ag lua uimhir, praghas, cáilíocht nó ainmneacha áiteanna; nó

(c) ábhar eile de ghné neamh-idirdhealaitheach nach ndéanann difear substaintiúil do chéannacht an trádmhairc; nó

(d) dath;

agus a iarrfaidh go gclárófar na trádmharcanna, féadfar iad a chlárú mar shraith i gclárú amháin.

Cumhachtaí sannta agus tarchuir agus sriantachtaí le sannadh agus tarchur.

30. —(1) D'ainneoin aon riail dlí nó cothromais contrártha dó sin, agus faoi réir an ailt seo, beidh trádmharc cláraithe, agus measfar é a bheith riamh, insannta agus intarchurtha i ndáil le deáthoil gnó nó a mhalairt.

(2) Faoi réir an ailt seo, beidh trádmharc cláraithe, agus measfar é bheith riamh, insannta agus intarchurtha i leith na n-earraí go léir a bhfuil sé cláraithe nó a raibh sé cláraithe ina leith, de réir mar a bheidh, nó i leith coda de na hearraí sin (ach ní hiad go léir).

(3) Beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i gcás trádmharc neamhchláraithe a úsáidtear i ndáil le haon earraí amhail mar tá éifeacht acu i gcás trádmharc cláraithe atá cláraithe i leith aon earraí, má dhéantar nó má rinneadh, tráth an trádmharc neamhchláraithe a shannadh nó a tharchur, a úsáid sa ghnó céanna mar thrádmharc cláraithe, agus má dhéantar nó má rinneadh é féin agus an trádmharc cláraithe sin a shannadh nó a tharchur an tráth céanna agus chun an duine chéanna agus i leith earraí arb earraí iad go léir a n-úsáidfear nó ar úsáideadh an trádmharc neamhchláraithe sa ghnó sin i ndáil leo agus a ndéanfar nó a ndearnadh an trádmharc cláraithe sin a shannadh nó a tharchur ina leith.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo, ní bheidh, ná ní mheasfar go raibh, trádmharc insannta ná intarchurtha i gcás ina mbeadh de thoradh sannta nó tarchurtha cearta eisiatacha ar substaineadh, faoin dlí coitian nó trí chlárú, i níos mó ná aon duine amháin de na daoine iomchuí chun úsáid a dhéanamh i ndáil leis na hearraí céanna nó leis an tuairisc chéanna earraí de thrádmharcanna garchosúla nó comhionanna, más rud é, agus ag féachaint do chomhchosúlacht na n-earraí agus na dtrádmharcanna, gur dóigh nó gur dhóigh meabhlaireacht nó mearbhall a theacht de bharr na trádmharcanna a úsáid i bhfeidhmiú na gceartanna sin:

Ar choinníoll, má dhéantar nó má rinneadh trádmharc a shannadh nó a tharchur i gcás mar a dúradh, nach measfar an sannadh nó an tarchur a bheith neamhbhailí faoin bhfo-alt seo más amhlaidh do na ceartanna a bhí nó a bheidh ar substaineadh dá thoradh sin sna daoine iomchuí faoi seach, agus ag féachaint do na teorainneacha a forchuireadh ar na cearta sin, gur cearta nó gur chearta iad nach infheidhmithe nó nárbh infheidhmithe ag beirt duine nó níos mó i ndáil le hearraí atáthar nó a bhíothas chun a dhíol nó a bhfuiltear nó a rabhthas chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile laistigh den Stát (seachas iad a onnmhairiú as an Stát) nó i ndáil le hearraí atáthar nó a bhíothas chun a onnmhairiú go dtí an margadh céanna lasmuigh den Stát.

(5) Féadfaidh dílseánach trádmhairc chláraithe a bheartóidh an trádmharc sin a shannadh i leith aon earraí a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith sonrú cáis ag sonrú na n-imthoscaí a chur faoi bhráid an Cheannasaí sa tslí fhorordaithe, agus féadfaidh an Ceannasaí deimhniú a eisiúint chuige á rá cé acu a bheadh nó nach mbeadh, ag féachaint do chomhchosúlacht na n-earraí agus na dtrádmharcanna dá mbeidh tagairt sa sonrú cáis, an sannadh a bheidh beartaithe a dhéanamh ar an trádmharc céadluaite neamhbhailí faoi fho-alt (4) den alt seo, agus beidh deimhniú a eiseofar amhlaidh, mura suífear gur trí chalaois nó mífhaisnéis a fuarthas an deimhniú, ina dheimhniú dochloíte ar bhailíocht nó neamhbhailíocht an tsannta faoi fho-alt (4) den alt seo a mhéid a bhraithfidh an bhailíocht nó an neamhbhailíocht sin ar na fíorais a bheidh leagtha amach sa sonrú cáis, ach, maidir le deimhniú i bhfabhar bailíochta, is coinníoll go mbeidh sin amhlaidh go ndéanfar iarratas, laistigh de shé mhí ón dáta a eiseofar an deimhniú, á iarraidh go gclárófar faoi alt 33 den Acht seo teideal an duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal.

(6) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) go (3) den alt seo, ní bheidh trádmharc insannta ná intarchurtha ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó dá éis i gcás ina mbeadh, de thoradh a shannta nó a tharchurtha, ceart eisiatach ar substaineadh, faoin dlí coitiann nó trí chlárú, i nduine amháin de na daoine iomchuí chun úsáid a dhéanamh den trádmharc faoi theorainn a úsáidte i ndáil le hearraí atáthar chun a dhíol nó a bhfuiltear chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile, in áit nó in áiteanna sa Stát agus ceart eisiatach ar substaineadh i nduine eile de na daoine sin chun úsáid a dhéanamh de thrádmharc atá garchosúil leis an trádmharc céadluaite nó de thrádmharc comhionann leis i ndáil leis na hearraí céanna nó leis an tuairisc chéanna earraí faoi theorainn a úsáidte i ndáil le hearraí atáthar chun a dhíol nó a bhfuiltear chun trádáil a dhéanamh leo, in áit nó in áiteanna eile sa Stát:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas sa tslí fhorordaithe ó dhílseánach trádmhairc a bheartaíonn an trád mharc sin a shannadh, nó ó dhuine a éilíonn go ndearnadh trádmharc a tharchur chuige nó chuig réamhtheachtaí i dteideal dá chuid ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, in aon chás den sórt sin, go bhféadfaidh sé, más deimhin leis nach mbeadh, sna himthoscaí go léir, úsáid an trádmhairc i bhfeidhmiú na gceartanna sin contrártha do leas an phobail, an sannadh nó an tarchur a cheadú, agus ní mheasfar go bhfuil nó go raibh sannadh nó tarchur a cheadófar amhlaidh neamhbhailí faoin bhfo-alt seo nó faoi fho-alt (4) den alt seo, ar mhodh, áfach, nach mbeidh éifeacht i gcás trádmhairc chláraithe ag an bhforáil seo mura ndéanfar iarratas, laistigh de shé mhí ón dáta a thabharfar an ceadú, ar theideal an duine a thiocfaidh i dteideal a chlárú faoi alt 33 den Acht seo nó, i gcás tarchuir, mura ndearnadh iarratas den sórt sin roimh an dáta sin.

(7) I gcás ina ndéanfar sannadh i leith aon earraí ar thrádmharc a bheidh á úsáid tráth an tsannta i ngnó leis na hearraí sin, ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó dá éis, ar shlí seachas i ndáil le deáthoil an ghnó sin, ní bheidh éifeacht ag an sannadh sin go dtí go ndéanfar, de bhun iarratais arna dhéanamh ag an sannaí sa tslí fhorordaithe chun an Cheannasaí laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a ndéanfar an sannadh (nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh, má cheadaíonn, an Ceannasaí), fógra faoin sannadh a fhoilsiú san Irisleabhar.

Trádmharcanna áirithe le comhghabháil ionas gur mar thrádmharc iomlán a bheidh siad insannta nó intarchurtha.

31. —(1) Aon trádmharcanna atá cláraithe, nó a meastar de bhua an Achta seo a bheith cláraithe, mar thrádmharcanna comhghabhálacha is mar thrádmharc iomlán agus ní mar thrádmharcanna ar leithligh a bheidh siad insannta nó intarchurtha, ach measfar chun gach críche eile iad a bheith cláraithe mar thrádmharcanna ar leithligh.

(2) I gcás trádmharc atá cláraithe, nó is ábhar d'iarratas ar chlárú, i leith aon earraí a bheith comhionann le trádmharc eile atá cláraithe, nó is ábhar d'iarratas ar chlárú, in ainm an dílseánaigh chéanna i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí nó a bheith chomh garchosúil leis gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill má úsáideann duine seachas an dílseánach é, féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith a chur faoi deara go dtaifeadfar na trádmharcanna sa chlár mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(3) I gcás trádmharc agus aon chuid nó codanna de a bheith, de bhua fo-alt (1) d'alt 29 den Acht seo, cláraithe mar thrádmharcanna ar leithligh in ainm an dílseánaigh chéanna, measfar go bhfuil siad, agus beidh siad, cláraithe mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(4) Na trádmharcanna go léir atá, de bhua fo-alt (2) d'alt 29 den Acht seo, cláraithe mar shraith i gclárú amháin, measfar go bhfuil siad, agus beidh siad, cláraithe mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(5) Ar iarratas sa tslí fhorordaithe ó dhuine is dílseánach cláraithe dhá thrádmharc nó níos mó a cláraíodh mar thrádmharcanna comhghabhálacha, féadfaidh an Ceannasaí an chomhghabháil a chur ar ceal maidir le haon cheann acu más deimhin leis nach dócha go mbeadh aon mheabhlaireacht ná mearbhall dá n-úsáidfeadh duine eile an trádmharc sin i ndáil le haon chuid de na hearraí a bhfuil sé cláraithe ina leith, agus féadfaidh sé an clár a leasú dá réir sin.

Cumhacht ag dílseánach cláraithe sannadh a dhéanamh agus admhálacha a thabhairt.

32. —Faoi réir an Achta seo, beidh ag an duine a bheidh de thuras na huaire taifeadtha sa chlár mar dhílseánach trádmhairc cumhacht, faoi réir aon chearta a dhealróidh ón gclár a bheith dílsithe d'aon duine eile, chun an trádmharc a shannadh agus chun admhálacha éifeachtúla a thabhairt ar aon chomaoin i leith aon sannadh ar an trádmharc sin.

Sannta agus tarchurtha a chlárú.

33. —(1) I gcás ina dtiocfaidh duine chun teideal a bheith aige chun trádmhairc chláraithe trí shannadh nó tarchur, iarrfaidh sé sa tslí fhorordaithe ar an gCeannasaí a theideal a chlárú, agus déanfaidh an Ceannasaí, ar an iarratas a fháil agus ar chruthúnas teidil chun a shástachta a fháil, é a chlárú mar dhílseánach an trádmhairc i leith na n-earraí a bhfuil éifeacht ag an sannadh nó an tarchur ina leith, agus cuirfidh sé faoi deara sonraí an tsannta nó an tarchurtha a thaifeadadh sa chlár.

(2) Ach amháin chun críocha achomhairc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh an Cheannasaí faoin alt seo nó chun críocha iarratais faoi alt 40 den Acht seo, ní dhéanfar doiciméad ná ionstraim nach mbeidh aon taifead déanta ina leith sa chlár de réir fo-alt (1) den alt seo a ghlacadh i bhfianaise in aon chúirt dlí i gcruthúnas ar an teideal chun tradmhairc mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

Trádmharc a bhaint den chlár agus teorainneacha a fhorchur mar gheall ar neamhúsáid.

34. —(1) Faoi réir alt 35 den Acht seo, féadfar trádmharc cláraithe a bhaint den chlár i leith aon chuid de na hearraí a bhfuil sé cláraithe ina leith ar iarratas chun na Cúirte ó aon duine éagóraithe nó, más rogha sin leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, ar an bhforas—

(a) gur cláraíodh an trádmharc gan é a bheith ar intinn bona fide ag iarratasóir an chláraithe go n-úsáidfeadh sé é i ndáil leis na hearraí sin agus nach ndearnadh iarbhír aon úsáid bona fide den trádmharc sin i ndáil leis na hearraí ag aon duine ba dhílseánach air de thuras na huaire suas go dtí dáta mí roimh dháta an iarratais; nó

(b) go raibh, go dtí dáta mí roimh dháta an iarratais, tréimhse comhleanúnach cúig bliana nó níos mó caite ar thrádmharc cláraithe an trádmharc lena linn agus nach ndearnadh lena linn aon úsáid bona fide den trádmharc sin i ndáil leis na hearraí sin ag aon duine ba dhílseánach ar an trádmharc de thuras na huaire:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) (ach amháin i gcás ina mbeidh cead tugtha don iarratasóir faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo trádmharc comhionann nó garchosúil leis a chlárú i leith na n-earraí a bheidh i gceist nó i gcás inarb é tuairim na Cúirte nó an Cheannasaí (de réir mar a bheidh) go bhféadfaí a cheadú go cuí dó trádmharc den sórt sin a chlárú amhlaidh) diúltú d'iarratas a dhéanfar faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo i ndáil le haon earraí, má shuítear go ndearnadh, roimh an dáta iomchuí nó i rith na tréimhse iomchuí, de réir mar a bheidh, úsáid bona fide den trádmharc ag aon duine ba dhílseánach air de thuras na huaire i ndáil le hearraí den tuairisc chéanna, arb earraí iad a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith.

(2) Más rud é, maidir le haon earraí a bhfuil trádmharc cláraithe ina leith—

(a) go suífear na hábhair dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo a mhéid a bhaineann le neamh-úsáid an trádmhairc i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a dhíol, nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile, in áit áirithe sa Stát (ar shlí eile seachas chun iad a onnmhairiú as an Stát), nó i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a onnmhairiú go dtí margadh áirithe lasmuigh den Stát; agus

(b) gur ceadaíodh do dhuine faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo trádmharc comhionann nó garchosúil leis a chlárú, i leith na n-earraí sin faoi chlárú a bhfuil réim aige maidir le húsáid i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a dhíol, nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile, san áit sin (ar shlí eile seachas chun iad a onnmhairiú as an Stát), nó i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a onnmhairiú go dtí an margadh sin, nó gurb é tuairim na Cúirte nó an Cheannasaí go bhféadfaí a cheadú go cuí dó an trádmharc sin a chlárú amhlaidh, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh), ar iarratas ón duine sin chun na Cúirte, nó, mar is rogha leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, cibé teorainneacha is cuí leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) a fhorchur ar chlárú an trádmhairc chéadluaite chun a áirithiú go scoirfidh an clárú sin de bhaint a bheith aige leis an úsáid sin is deireanaí a luaitear.

(3) Ní bheidh iarratasóir i dteideal brath, chun críocha mhír (b) d'fho-alt (1), nó chun críocha fo-alt (2) den alt seo, ar aon neamh-úsáid trádmhairc nuair a shuífear gur mar gheall ar imthosca speisialta sa trádáil a tharla sé agus nach mar gheall ar é a bheith ar intinn gan an trádmharc a úsáid nó a thréigean i ndáil le hearraí lena mbaineann an t-iarratas.

Tcádmharcanna cosanta.

35. —(1) I gcás trádmharc ar focal cumtha nó focail chumtha atá ann a theacht chun eolas chomh mór sin a bheith air i leith aon earraí a bhfuil sé cláraithe ina leith agus a ndearnadh é a úsáid i ndáil leo gur dóigh go dtaispeáinfeadh úsáid an chéanna i ndáil le hearraí eile baint i gcúrsa trádála idir na hearraí sin agus duine atá i dteideal an trádmharc a úsáid i ndáil leis na hearraí céadluaite, ansin, d'ainneoin nach ndéanann nó nach mbeartaíonn an dílseánach atá cláraithe i leith na n-earraí céadluaite an trádmharc a úsáid i ndáil leis na hearraí eile sin agus d'ainneoin aon ní atá in alt 34 den Acht seo, féadfar, ar iarratas sa tslí fhorordaithe ón dílseánach atá cláraithe i leith na n-earraí céadluaite sin, an trádmharc a chlárú ina ainm mar thrádmharc cosanta i leith na n-earraí sin eile agus, an fad a bheidh sé cláraithe amhlaidh, ní dhlífear é a bhaint den chlár i leith na n-earraí sin faoi alt 34 den Acht seo.

(2) Féadfaidh dílseánach cláraithe trádmhairc a iarraidh go gclárófar an trádmharc i leith aon earraí mar thrádmharc cosanta d'ainneoin é bheith cláraithe cheana féin ina ainm i leith na n-earraí sin ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta, nó féadfaidh sé a iarraidh go gclárófar an trádmharc sin i leith aon earraí ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta d'ainneoin é bheith cláraithe cheana féin ina ainm i leith na n-earraí sin mar thrádmharc cosanta, in ionad an chláraithe atá ar substaineadh i ngach cás.

(3) Aon trádmharc atá cláraithe mar thrádmharc cosanta agus fós an trádmharc sin mar atá sé cláraithe ar shlí eile in ainm an dílseánaigh chéanna measfar iad a bheith agus beidh siad, d'ainneoin gur cláruithe i leith earraí éagsúla na cláraithe faoi seach, cláraithe mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(4) Ar iarratas ó aon duine éagóraithe chun na Cúirte nó, mar is rogha leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, féadfar clárú trádmhairc mar thrádmharc cosanta a chealú ar an bhforas nach bhfuil ceanglais fo-alt (1) den alt seo á gcomhlíonadh a thuilleadh maidir le haon earraí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith in ainm an dílseánaigh chéanna ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta, nó féadfar é a chealú i leith aon earraí a bhfuil sé cláraithe ina leith mar thrádmharc cosanta ar an bhforas nach dócha a thuilleadh go measfaí go dtugann an úsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin an taispeánadh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(5) Féadfaidh an Ceannasaí aon uair cealú a dhéanamh ar chlárú mar thrádmharc cosanta a bheidh déanta ar thrádmharc nach bhfuil aon chlárú air a thuilleadh in ainm an dílseánaigh chéanna ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta.

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite san alt seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir le clárú trádmharcanna mar thrádmharcanna cosanta agus le clárú trádmharcanna a bheidh cláraithe amhlaidh díreach mar atá feidhm acu maidir le cásanna eile.

Usáidirí cláraithe.

36. —(1) (a) Faoi réir an ailt seo, féadfar duine seachas dílseánach trádmhairc a chlárú mar úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc sin maidir le gach earra nó aon earra a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith (ar shlí seachas mar thrádmharc cosanta) agus i dteannta nó d'éagmais coinníollacha nó sriantachtaí, ar choinníoll go bhfuil caidreamh forordaithe ar substaineadh idir an dílseánach agus an duine a mholtar a chlárú mar úsáidire cláraithe.

(b) San Acht seo gairtear úsáid cheadaithe d'úsáid trádmhairc ag duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc sin maidir le hearraí a bhfuil baint aige leo i gcúrsa trádála agus a bhfuil an trádmharc cláraithe, agus a bhfuil seisean cláraithe mar úsáidire cláraithe, ina leith de thuras na huaire agus arb úsáid í a chomhlíonann aon choinníollacha nó sriantachtaí a bhfuil an clárú faoina réir.

(2) Measfar gurb éard é úsáid cheadaithe trádmhairc úsáid ag dílseánach an trádmhairc, agus measfar nach úsáid é ag duine seachas an dílseánach chun críocha alt 34 den Acht seo agus chun aon chríocha eile ar ní ábhartha chuige sin faoin Acht seo nó faoin dlí coitian an úsáid sin.

(3) (a) Faoi réir aon chomhaontú a bheidh ar substaineadh idir na páirtithe, beidh úsáidire cláraithe i leith trádmhairc i dteideal glaoch ar dhílseánach an chéanna chun imeachtaí a thionscnamh chun sárú an trádmhairc sin a chosc, agus, má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an dílseánach déanamh amhlaidh laistigh de dhá mhí tar éis glaoch air amhlaidh, féadfaidh an t-úsáidire cláraithe imeachtaí mar gheall ar shárú a thionscnamh ina ainm féin amhail is dá mba é féin an dílseánach, agus cosantóir a dhéanamh den dílseánach.

(b) Ní dhlífear aon chostais a chur ar dhílseánach a ndéanfar cosantóir mar sin de mura ndéanfaidh sé láithreas a thaifeadadh agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

(4) I gcás ina molfar go ndéanfar duine a chlárú mar úsáidire cláraithe trádmhairc, ní mór don dílseánach agus don duine sin iarratas i scríbhinn a dhéanamh chun an Cheannasaí sa tslí fhorordaithe agus ní mór dóibh cibé doiciméid, eolas nó fianaise a bheidh ag teastáil faoi na rialacha nó ón gCeannasaí a chur ar fáil don Cheannasaí.

(5) Más rud é, tar éis ceanglais fo-alt (4) den alt seo a bheith comhlíonta, gur deimhin leis an gCeannasaí, tar éis an t-eolas a cuireadh ar fáil dó faoin bhfo-alt sin a bhreithniú, nach mbeadh, sna himthoscaí go léir, úsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí molta nó le haon chuid acu ag an úsáidire cláraithe molta faoi réir aon choinníollacha nó sriantachtaí is cuí leis an gCeannasaí, contrártha do leas an phobail, féadfaidh an Ceannasaí an t-úsáidire cláraithe molta a chlárú mar úsáidire cláraithe i leith na n-earraí a bhfuil sé deimhneach amhlaidh ina dtaobh faoi réir na gcoinníollacha agus na sriantachtaí sin a dúradh.

(6) Diúltóidh an Ceannasaí glacadh le hiarratas faoi fho-alt (4) den alt seo má fheictear dó go n-éascódh sé margaíocht sa trádmharc dá ngéilltí don iarratas.

(7) Gan dochar d'alt 40 den Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí clárú duine mar úsáidire cláraithe—

(a) a athrú maidir leis na hearraí a bhfuil éifeacht ag an gclárú sin ina leith, nó maidir le haon choinníollacha nó sriantachtaí a bhfuil éifeacht ag an gclárú sin faoina réir, ar iarratas i scríbhinn sa tslí fhorordaithe ó dhílseánach cláraithe an trádmhairc lena mbaineann an clárú;

(b) a chealú ar iarratas i scríbhinn sa tslí fhorordaithe ó dhílseánach cláraithe nó ó úsáidire cláraithe an trádmhairc nó ó aon duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc; nó

(c) a chealú ar iarratas i scríbhinn sa tslí fhorordaithe ó aon duine ar aon fhoras acu seo a leanas, is é sin le rá—

(i) gur úsáid an t-úsáidire cláraithe an trádmharc ar shlí seachas de réir na húsáide ceadaithe, nó ar slí a bhí, nó ar dhócha dó a bheith, ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill;

(ii) gur mhífhaisnéisigh nó nár nocht an dílseánach nó an t-úsáidire cláraithe fíoras éigin ab fhíoras ábhartha i leith leis an iarratas ar chlárú, nó gur tháinig athrú ábhartha ar na himthoscaí ó dháta an chláraithe;

(iii) nár chóir an clárú a dhéanamh ag féachaint do chearta atá dílsithe don iarratasóir de bhua conradh a bhfuil leas aige ina chomhlíonadh.

(8) Forálfar leis na rialacha go ndéanfar fógra i dtaobh duine a chlárú mar úsáidire cláraithe a thabhairt d'aon duine eile is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc sin agus go dtabharfar fógra i dtaobh iarratais faoi fho-alt (7) den alt seo do dhílseánach cláraithe an trádmhairc sin agus do gach duine is úsáidire cláraithe (nach é an t-iarratasóir é) i leith an trádmhairc sin agus chun go dtabharfar don iarratasóir ar an iarratas sin a dhéanamh, agus do gach duine dá dtabharfar fógra i dtaobh an iarratais agus a dhéanfaidh idiragra sna himeachtaí de réir na rialacha, caoi ar éisteacht a fháil.

(9) Féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith cealú a dhéanamh ar chlárú duine mar úsáidire cláraithe trádmhairc i leith aon earraí nach bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith a thuilleadh.

(10) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo d'úsáidire cláraithe trádmhairc aon cheart insannta nó intarchurtha chun an trádmharc a úsáid.

(11) Aon duine a bheidh cláraithe faoin Acht seo mar úsáidire cláraithe trádmhairc measfar gur faoi dháta an iarratais ar a chlárú mar úsáidire cláraithe a cláraíodh amhlaidh é.

Usáid a bheartaítear a dhéanamh de thrádmharc ag corparáid atáthar chun a bhunú.

37. —(1) Ní dhiúltófar d'aon iarratas ar thrádmharc a chlárú i leith aon earraí ná ní choimeádfar siar cead le haghaidh an chláraithe sin ar an bhforas amháin gur dealraitheach nach ndéanann, nó nach mbeartaíonn an t-iarratasóir an trádmharc a úsáid—

(a) más deimhin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) go bhfuiltear ar tí comhlachas corpraithe a bhunú, agus go bhfuil ar intinn ag an iarratasóir an trádmharc a shannadh don chorporáid le hintinn an chorporáid d'úsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin; nó

(b) má bhíonn iarratas go gclárófar duine mar úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc ag gabháil leis an iarratas, agus gur deimhin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) go bhfuil ar intinn ag an dílseánach go n-úsáidfidh an duine sin é i ndáil leis na hearraí sin agus gur deimhin freisin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) go gclárófar an duine sin mar úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc díreach tar éis an trádmharc a chlárú.

(2) Beidh éifeacht ag alt 34 den Acht seo i ndáil le trádmharc a chlárófar faoin gcumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirfí in ionad na tagartha, atá i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, do é a bheith ar intinn ag duine is iarratasóir ar chlárú go n-úsáidfeadh sé trádmharc tagairt do é a bheith ar intinn aige go ndéanfadh an chorparáid nó an t-úsáidire cláraithe iomchuí é a úsáid.

(3) Féadfaidh an Ceannasaí nó (i gcás achomhairc) an Chúirt a cheangal, mar choinníoll ar a ndéanfar an chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i bhfabhar iarratasóra a bhraithfidh ar é a bheith ar intinn aige sannadh chun corparáide mar a dúradh, ar an iarratasóir urrús a thabhairt i leith costas aon imeachtaí os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte (de réir mar a bheidh) agus mura dtabharfar an t-urrús sin go cuí déileáfar leis an iarratas mar iarratas tréigthe.

(4) I gcás ina gclárófar trádmharc i leith aon earraí faoin gcumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo in ainm iarratasóra a bhraitheann ar é a bheith ar intinn aige sannadh chun corparáide mar a dúradh, ansin, mura ndéanfar an chorporáid a chlárú mar dhílseánach an trádmhairc i leith na n-earraí sin laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe nó, laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná sé mhí a cheadóidh an Ceannasaí ar iarratas a dhéanamh chuige sa tslí fhorordaithe, scoirfidh an clárú d'éifeacht a bheith aige i leith na n-earraí sin ar bheith caite don tréimhse sin, agus leasóidh an Ceannasaí an clár dá réir sin.

Usáid ceann amháin de thrádmharcanna comhghabhálacha nó de thrádmharcanna atá comhionann go substaintiúil le chéile a bheith ar comhchéim le húsáid cinn eile.

38. —(1) I gcás inar gá faoin Acht seo úsáid trádmhairc chláraithe a chruthú chun aon chríche, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) glacadh le húsáid trádmhairc chomhghabhálaigh chláraithe, nó le húsáid an trádmhairc sin maille le breisithe nó athruithe nach ndéanann difear substaintiúil dá chéannacht, mar úsáid comhionann leis an úsáid is gá a chruthú.

(2) Aon úsáid a dhéanfar d'iomlán aon trádmhairc chláraithe measfar, chun críocha an Achta seo, gurb éard é freisin úsáid d'aon trádmharc cláraithe, is cuid den chéanna, atá cláraithe in ainm an dílseánaigh chéanna de bhua fo-alt (1) d'alt 29 den Acht seo.

Usáid trádmhairc don trádáil onnmhairíochta.

39. —Measfar gurb ionann trádmharc a chur sa Stát ar earraí a bheifear chun a onnmhairiú as an Stát agus fós aon ghníomh eile a dhéanfar sa Stát i ndáil le hearraí a bheifear chun a onnmhairiú amhlaidh agus arbh úsáid trádmhairc sa Stát é dá mba i ndáil le hearraí a mbeifí chun iad a dhíol, nó chun trádáil ar shlí eile a dhéanamh leo, sa Stát a dhéanfaí é, measfar gurb ionann é agus úsáid trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin chun aon chríche arb úsáid ábhartha chuige faoin Acht seo nó faoin dlí coiteann an úsáid sin.

Cumhacht ghinearálta chun ceartú a dhéanamh ar thaifid i gclár.

40. —(1) Aon duine arb éagóir leis aon taifead áirithe bheith gan cur sa chlár nó a fhágáil as, nó aon taifead áirithe a chur sa chlár gan chúis leordhóthanach, nó aon taifead áirithe a bheidh fanta go mícheart ar an gclár, nó aon earráid nó easnamh in aon taifead sa chlár, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh sa tslí fhorordaithe chun na Cúirte nó, de rogha an iarratasóra agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, agus féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) cibé ordú is cuí leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) a dhéanamh chun an taifead a dhéanamh, a scriosadh nó a athrú.

(2) In aon imeacht faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) cinneadh a dhéanamh maidir le haon cheist is gá nó is fóirsteanach a chinneadh maidir le ceartú an chláir.

(3) I gcás calaois i gclárú, i sannadh nó i dtarchur trádmhairc chláraithe, nó in aon chás eile ina measann sé é bheith riachtanach ar mhaithe leis an bpobal, féadfaidh an Ceannasaí féin iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoin alt seo.

(4) Tabharfaidh aon ordú de chuid na Cúirte ag ceartú an chláir ordú go ndéanfar fógra i dtaobh an cheartaithe a sheirbheáil sa tslí fhorordaithe ar an gCeannasaí agus, ar an bhfógra a fháil, ceartóidh an Ceannasaí an clár dá réir sin.

(5) Folóidh an chumhacht a thugtar leis an alt seo chun an clár a cheartú cumhacht chun clárú atá i gCuid A den chlár a aistriú go Cuid B.

Cumhacht chun clárú a scriosadh nó a athrú mar gheall ar shárú coinníll.

41. —Ar iarratas chun na Cúirte ó aon duine éagóraithe nó, mar is rogha leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí nó ar iarratas ón gCeannasaí chun na Cúirte, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) cibé ordú is oiriúnach leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) a dhéanamh chun clárú trádmhairc a scriosadh nó a athrú ar an bhforas gur sáraíodh coinníoll, nó nár urramaíodh coinníoll, a bhí taifeadta sa chlár i ndáil leis an gclárú.

An clár a cheartú.

42. —(1) Féadfaidh an Ceannasaí ar iarratas sa tslí fhorordaithe ón dílseánach cláraithe—

(a) aon earráid in ainm, seoladh nó tuairisc dílseánach cláraithe trádmhairc a cheartú,

(b) aon athrú ar ainm, seoladh nó tuairisc an duine atá cláraithe mar dhílseánach trádmhairc a thaifeadadh;

(c) taifeadadh trádmhairc sa chlár a chealú;

(d) sonraíocht na n-earraí a bhfuil trádmharc cláraithe ina leith a leasú, ar choinníoll nach ndéanfaidh an leasú méadú in aon slí ar na cearta a thugtar leis an gclárú atá ann ar an trádmharc; nó

(e) séanadh nó meabhrán maidir le trádmharc a thaifeadadh nach méadóidh in aon slí na cearta a thugtar leis an gclárú atá ann ar an trádmharc.

(2) Ar úsáidire cláraithe trádmhairc á iarraidh sin sa tslí fhorordaithe, féadfaidh an Ceannasaí aon earráid a cheartú, nó aon athrú ar ainm, seoladh nó tuairisc an úsáidire chláraithe a thaifeadadh.

(3) Féadfaidh an Ceannasaí, uaidh féin, tar éis an fógra forordaithe a thabhairt, aon earráid a rinne sé in aon taifead sa chlár a cheartú.

Trádmharc cláraithe a athrú.

43. —(1) Féadfaidh dílseánach cláraithe trádmhairc cead a iarraidh sa tslí fhorordaithe ar an gCeannasaí chun cur leis an trádmharc nó é a athrú in aon slí nach ndéanfaidh difear substaintiúil do chéannacht an trádmhairc sin, agus féadfaidh an Ceannasaí diúltú cead a thabhairt nó cead a thabhairt ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé teorainneacha is cuí leis.

(2) Féadfaidh an Ceannasaí a chur faoi deara go bhfógrófar iarratas faoin alt seo sa tslí fhorordaithe in aon chás ina bhfeicfear dó gur foirstineach sin a dhéanamh, agus, i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh, má thugann aon duine fógra don Cheannasaí, sa tslí fhorordaithe laistigh den am forordaithe ó dháta an fhógra, go bhfuil sé i bhfreasúra leis an iarratas, déanfaidh an Ceannasaí cinneadh faoin ábhar, tar éis éisteacht leis na páirtithe má éilítear sin.

(3) I gcás ina dtabharfar cead mar a dúradh, déanfar an trádmharc, arna athrú, a fhógairt sa tslí fhorordaithe, san fhoirm chun ar athraíodh é, i bhfógra faoi fho-alt (2) den alt seo mura mbeidh sé fógartha cheana féin.

Taifid i gclár a chur in oiriúint d'aon aicme leasaithe nó malartaithe earraí.

44. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé rialacha a dhéanamh, cibé foirmeacha a fhorordú agus, i gcoitinne, cibé nithe a dhéanamh is fóirsteanach leis, chun a chumasú don Cheannasaí an clár a leasú trí thaifid a chur ann nó taifid atá ann a scriosadh nó a athrú, a mhéid is gá chun an t-ainmniú atá ann ar na hearraí nó na haicmí earraí a bhfuil trádmharcanna cláraithe ina leith a chur in oiriúint d'aon aicme leasaithe nó malartaithe a fhorordófar.

(2) Ní dhéanfaidh an Ceannasaí, i bhfeidhmiú aon chumhachta a thugtar dó chun na críche sin a dúradh, aon leasú ar an gclár arb éifeacht dó aon earraí nó aicmí earraí a chur de bhreis leis na hearraí a bhfuil trádmharc cláraithe ina leith (is aicme amháin nó níos mó) díreach sula mbeidh an leasú le déanamh, nó clárú trádmhairc i leith aon earraí a réamhdhátú:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo i ndáil le hearraí ar deimhin leis an gCeannasaí ina dtaobh go mbainfeadh aimhréiteacht mhíchui le comhlíonadh an fho-ailt sin i ndáil leis na hearraí sin agus nach ndéanfadh an cur de bhreis ná an réamhdhátú, de réir mar a bheidh, difear d'aon mhór-chainníocht earraí agus nach ndéanfadh sé dochar substaintiúil do chearta aon duine.

(3) Déanfar moladh chun an clár a leasú chun na críche a dúradh a chur i bhfios do dhílseánach cláraithe an trádmhairc iomchuí agus a fhógairt fara aon mhodhnuithe agus féadfaidh aon duine a bheidh éagóraithe ar an bhforas go sáraíonn an leasú atá molta fo-alt (2) den alt seo cur ina aghaidh os comhair an Cheannasaí.

Trádmharcanna deimhniúcháin.

45. —(1) Aon mharc a bheidh curtha in oiriúint i ndáil le haon earraí chun earraí a bheidh deimhnithe ag aon duine maidir le bunadh, ábhar, modh déantóireachta, cáilíocht, cruinneas nó aon saintréith eile a idirdhealú i gcúrsa trádála ó earraí nach mbeidh deimhnithe amhlaidh beidh sé inchláraithe mar thrádmharc deimhniúcháin i gCuid A den chlár i leith na n-earraí sin in ainm an duine sin mar dhílseánach an trádmhairc:

Ar choinníoll nach mbeidh marc inchláraithe amhlaidh in ainm duine a sheolann trádáil in earraí den chineál a bheidh deimhnithe.

(2) Nuair a bheidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) ag cinneadh an bhfuil marc oiriúnaithe chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh, féadfaidh sí nó sé (de réir mar a bheidh) aird a thabhairt—

(a) ar a mhéid atá an marc oiriúnach ó bhunús chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh i ndáil leis na hearraí iomchuí; agus

(b) ar a mhéid atá an marc oiriúnach iarbhír, mar gheall ar úsáid an mhairc nó aon imthoscaí eile, chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh i ndáil leis na hearraí iomchuí.

(3) Faoi réir fo-ailt (4) go (6) den alt seo, agus ailt 15 agus 16 den Acht seo, tabharfaidh clárú duine mar dhílseánach trádmhairc deimhniúcháin i leith aon earraí, ach an clárú sin a bheith bailí, ceart eisiatach don duine sin chun úsáide an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin, agus, gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, measfar an ceart sin a bheith sáraithe ag aon duine, nach é dílseánach an trádmhairc agus é á úsáid dá réir sin, a bheidh tar éis úsáid a dhéanamh de thrádmharc comhionann leis nó chomh garchosúil sin leis gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill, i gcúrsa trádála, i ndáil le haon earraí a bhfuil sé cláraithe ina leith, agus i slí gur dhócha go measfaí gurb éard úsáid an mhairc—

(a) úsáid mar thrádmharc; nó

(b) i gcás inarb éard í an úsáid sin úsáid ar na hearraí nó i ndáil ábhartha leo nó i gciorclán fógraíochta nó fógrán eile arna eisiúint chun an phobail, úsáid lena ngabhann tagairt do dhuine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó le húdarás uaidh faoi na rialacháin iomchuí an trádmharc a úsáid nó d'earraí atá deimhnithe ag an dílseánach.

(4) Beidh an ceart chun úsáide trádmhairc deimhniúcháin arna thabhairt trí chlárú mar a dúradh faoi réir aon choinníollacha nó teorainneacha a bheidh taifeadta sa chlár, agus ní mheasfar an ceart sin a bheith sáraithe mar gheall ar aon trádmharc den sórt sin a úsáid mar a dúradh ar aon mhodh i ndáil le hearraí a mbeifear chun iad a dhíol nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile in aon áit, i ndáil le hearraí a mbeifear chun iad a onnmhairiú go dtí aon mhargadh, nó in aon imthoscaí eile nach dtagann, ag féachaint d'aon teorainneacha den sórt sin, faoi réim an chláraithe sin.

(5) Ní mheasfar gur sárú ar an gceart chun úsáide trádmhairc dheimhniúcháin arna thabhairt trí chlárú mar a dúradh aon mharc den sórt sin a úsáid mar a dúradh ag aon duine—

(a) i ndáil le hearraí atá deimhnithe ag dílseánach ar trádmhairc más rud é, maidir leis na hearraí sin nó le last ar cuid de iad, go ndearna an dílseánach nó duine eile de réir a údaráis faoi na rialacháin iomchuí an trádmharc a chur agus nár bhain sé anuas nó nár scrios sé é dá éis sin, nó gur thoiligh an dílseánach go sainráite nó go hintuigthe aon tráth leis an trádmharc a úsáid; nó

(b) i ndáil le hearraí atá oiriúnaithe chun bheith ina gcuid d'earraí eile, nó chun bheith ag gabháil le hearraí eile, ar úsáideadh an trádmharc i ndáil leo gan an ceart sin a tugadh mar a dúradh a shárú nó a bhféadfaí é a úsáid amhlaidh de thuras na huaire más gá le réasún úsáid an mhairc chun a thaispeáint go bhfuil na hearraí oiriúnaithe amhlaidh agus nach é is cuspóir ná is éifeacht d'úsáid an mhairc ach amháin chun a thaispeáint go bhfuil de réir an fhíorais na hearraí deimhnithe ag an dílseánach:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo i gcás úsáide arb éard í aon mharc den sórt sin a chur ar aon earraí, d'ainneoin gurb earraí iad den sórt a luaitear sa mhír sin, má tá sé contrártha do na rialacháin iomchuí marc den sórt sin a chur ar na hearraí.

(6) I gcás inar ceann de dhá thrádmharc chláraithe nó níos mó atá comhionann nó garchosúil le chéile trádmharc deimhniúcháin, ní mheasfar úsáid aon cheann de na trádmharcanna sin i bhfeidhmiú an chirt chun úsáide an trádmhairc sin a bheidh tugtha trí chlárú do shárú an chirt a bheidh tugtha amhlaidh chun úsáide aon cheann eile de na trádmharcanna sin.

(7) (a) Taiscfear san Oifig i leith gach trádmhairc a chlárófar faoin alt seo rialacháin a bheidh ceadaithe ag an Aire chun úsáid an trádmhairc sin a rialú, agus beidh iontu forálacha maidir leis na cásanna ina ndéanfaidh an dílseánach earraí a dheimhniú agus úsáid an trádmhairc a údarú, agus féadfaidh aon fhorálacha eile a bheith iontu a cheanglóidh an tAire nó a cheadóidh sé a chur iontu (lena n-áirítear forálacha ag tabhairt ceart achomhairc chun an Cheannasaí in aghaidh aon diúltú ag an dílseánach earraí a dheimhniú nó úsáid an trádmhairc de réir na rialachán a údarú).

(b) Beidh rialacháin a thaiscfear faoin bhfo-alt seo ar oscailt chun a n-iniúchta mar a bheidh an clár.

(8) Ní bheidh trádmharc deimhniúcháin insannta ná intarchurtha ach amháin le toiliú an Aire.

(9) Beidh éifeacht ag forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo maidir le clárú mairc faoin alt seo agus le marcanna a bheidh cláraithe amhlaidh.

Airí do chlárú marcanna.

46. —(1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh Aire Stáit a thabhairt go ndéanfar trádmharc nó trádmharc deimhniúcháin a chlárú agus aon Aire a thabharfaidh go ndéanfar clárú den sórt sin, clárófar é mar dhílseánach an chéanna chun gach críche faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh Aire Stáit a thabhairt go ndéanfar trádmharc (cibé acu atá nó nach bhfuil sé cláraithe faoi fho-alt (1) den alt seo) a chlárú in aon chlár a chothabháiltear lasmuigh den Stát más cead, agus a mhéid is cead, agus faoi réir cibé coinníollacha ar ar cead, an clárú sin a dhéanamh faoin dlí a rialaíonn an clár sin agus in aon chás den sórt sin féadfaidh sé a thabhairt go ndéanfar é féin a thaifeadadh sa chlár sin mar dhílseánach an trádmhairc sin.

Mí-úsáid trádmharcanna a thaispeánann bunús Éireannach.

47. —Is dleathach don Aire cibé bearta dleathacha is cuí leis a dhéanamh lasmuigh den Stát, trí chaingean nó ionchúiseamh dlí nó ar shlí eile, chun cosc nó srian nó pionós a chur le haon trádmharc nó aon mharc nó tuairisc eile a chlárú, a úsáid nó a chur chun feidhme i ndáil le nó maidir le hearraí nach sa Stát a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh iad, más trádmharc, marc nó tuairisc eile é a chuireann in iúl nó i dtuiscint, nó ar dócha dó a thabhairt ar dhaoine a chreidiúint, gur sa Stát a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh na hearraí a mbeidh an trádmharc, an marc nó an tuairisc sin á úsáid ina leith nó curtha orthu.