|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1963. | ||
[EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIANTA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A TRÍ AGUS MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CEATHAIR. [29 Márta, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :— | ||
[EN] |
£9,034,624 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1963. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Naoi Milliún Tríocha Ceathair Míle Sé Chéad Fiche agus Ceithre Phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a trí. |
[EN] |
£55,370,000 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1964. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Caoga Cúig Milliún Trí Chéad Seachtó Míle Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a ceathair. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £64,404,624 a fháil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Seasca Ceathair Milliún Ceithre Chéad agus Ceithre Mhíle Sé Chéad Fiche agus Ceithre Phunt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] | (3) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1963 , a ghairm den Acht seo. |