Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

2 1963


Uimhir 2 de 1963.


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL I NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE SIN DO THABHAIRT AIRLEACAN AS AN bPRÍOMH-CHISTE DON CHUIDEACHTA SIN AGUS CHUN AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA DO RÁTHÚ IASACHTAÍ A GHEOBHAIDH AN CHUIDEACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [19 Feabhra, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Nítrigin Éireann Teoranta ;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

An tAire Airgeadais do thógáil scaireanna.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £100.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

3. —Féadfaidh an tAire Airgeadais na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú i leith scaireanna a bheidh aige sa Chuideachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna den sórt sin agus, más trí aturnae is infheidhmithe ceart nó cumhacht, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae.

Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.

4. —Déanfar na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An tAire Airgeadais do thabhairt airleacan don Chuideachta.

5. —(1) D'fhonn a chumasú don Chuideachta a feidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán, ar iad a chur le haon airgead a airleacadh chun na Cuideachta roimh dháta an Achta seo a rith as airgead a sholáthraigh an tOireachtas, ná sé mhilliún punt) a iarrfaidh an Chuideachta ó am go ham a airleacan ó am go ham chun na Cuideachta.

(2) Tabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus eile a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(3) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna uile a íocfaidh an Chuideachta ag aisíoc airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt.

An meabhrán comhlachais agus na hairteagail chomhlachais a athrú.

6. —Déanfaidh an Chuideachta na beartanna sin is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú chun go mbeidh siad ar comhréir leis an Acht seo.

An tAire do ráthú airgid a gheofar ar iasacht.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus fós an t-ús a íoc.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £1,000,000.

(3) I gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt, tabharfaidh an Chuideachta, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúirí) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a urrú don Aire.

(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin,—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(6) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (5) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc leis an Aire de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón gCuideachta faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht as an bPríomh-Chiste.

8. —(1) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais agus ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha acu faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh faoi chomhair suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint, agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrús sin a eisiúint.

Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe.

9. —Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an fad—

(a) a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais,

(b) a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe ag an Aire faoin Acht seo, nó

(c) a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe amhlaidh agus a mbeidh a mhéid íoctha ag an Aire faoin ráthaíocht (maraon le hús air de réir na rátaí a cheap an tAire Airgeadais) gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire, nó

(d) a bheidh aon airgead a airleacadh chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste gan aisíoc.

Caiteachas an Aire.

10. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 , a ghairm den Acht seo.