An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Eolas a pháirtiú chun dochair do shlánd áil nó caomhnú an Stáit)

1 1963

AN tACHT UM RÚIN OIFIGIÚLA, 1963

CUID II

Eolas Oifigiúil

Eolas oifigiúil a nochtadh.

4. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon eolas oifigiúil a pháirtiú le haon duine eile mura mbeidh sé údaraithe go cuí chun é sin a dhéanamh nó mura ndéanfaidh sé amhlaidh i gcúrsa agus de réir a dhualgas mar shealbhóir oifige poiblí nó i gcás inarb é a dhualgas é a dhéanamh chun leasa an Stáit.

(2) Glacfaidh duine lena mbaineann fo-alt (1) cúram réasúnach chun gan aon eolas den sórt sin a pháirtiú go neamhdhleathach.

(3) Ní bhfaighidh duine ar bith eolas oifigiúil i gcás inarb eol dó, nó ina bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, gur shárú ar fho-alt (1) é an t-eolas sin a pháirtiú leis.

(4) San alt seo ciallaíonn “údaraithe go cuí” údaraithe ag Aire nó ag údarás Stáit nó ag duine éigin a bheidh údaraithe chuige sin ag Aire nó ag údarás Stáit.

Eolas faoi iontaoibh i gconarthaí oifigiúla a nochtadh.

5. —(1) Ní dhéanfaidh duine atá nó a bhí—

(a) ina pháirtí i gconradh le hAire nó le húdarás Stáit nó le haon duine thar ceann Aire nó údaráis Stáit, nó

(b) ar fostú ag páirtí den sórt sin,

aon eolas a bhameann leis an gconradh, agus a mbeidh sé sainráite ann gurb eolas faoi iontaoibh é, a pháirtiú le haon tríú páirtí.

(2) Glacfaidh duine lena mbaineann fo-alt (1) cúram réasúnach chun gan aon eolas den sórt sin a pháirtiú go neamhdhleathach.

(3) Is cosaint mhaith é ar ionchúiseamh mar gheall ar an alt seo a shárú a chruthú go raibh an páirtiú údaraithe i scríbhinn ag an Aire nó ag údarás Stáit nó ag an bpáirtí a bhí ag conrú thar ceann an Aire nó an údaráis Stáit.

Doiciméid agus earraí a choinneáil.

6. —(1) Ní choinneoidh duine ar bith aon doiciméad oifigiúil ná aon ní arb eolas oifigiúil é, nó a bhfuil eolas oifigiúil ann, nuair nach mbeidh aon cheart aige é a choinneáil, nó nuair nach dá dhualgas mar shealbhóir oifige poiblí é a choinneáil.

(2) Déanfaidh duine de réir na dtreoracha uile a eiseoidh Aire, nó Rúnaí Roinne nó aon duine a bheidh údaraithe faoi shéala ag Aire, maidir le haistabhairt nó diúscairt aon doiciméid oifigiúil, nó aon rud arb eolas oifigiúil é nó a bhfuil eolas oifigiúil ann, agus atá ina sheilbh nó faoina urláimh agus a bheidh sonraithe nó curtha in iúl sna treoracha sin.

(3) Féadfaidh an Taoiseach treoracha a thabhairt maidir le haistabhairt nó diúscairt aon doiciméad bunaidh a shonrófar nó a chuirfear in iúl sna treoracha sin agus arb eolas oifigiúil iad nó a bhfuil eolas oifigiúil iontu agus a bheidh i seilbh nó faoi urláimh aon duine a shealbhaigh oifig tráth mar Aire nó mar Rúnaí Parlaiminte, agus déanfaidh aon duine den sórt sin de réir na dtreoracha sin uile.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) i gcás duine a shealbhaigh tráth oifig lena mbaineann fo-alt (3).

Cionta maidir le díslí, séalaí agus stampaí oifigiúla.

7. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine aon ní acu seo a leanas—

(a) ní úsáidfidh sé ná ní bheidh ina sheilbh ná faoina urláimh aige, gan údarás nó leithscéal dleathach, aon dísle, séala ná stampa oifigiúil ná aon dísle, séala ná stampa a bheidh chomh mór sin i gcosúlacht lena leithéid gur dóigh dó duine a mhealladh, ná

(b) ní ghóchumfaidh sé aon dísle, séala ná stampa oifigiúil, ná

(c) ní úsáidfidh sé ná ní bheidh ina sheilbh ná faoina urláimh aige, gan údarás nó leithscéal dleathach, aon dísle séala ná stampa góchumhtha den sórt sin, ná

(d) ní dhéanfaidh sé ná ní dhíolfaidh sé ná ní bheidh in sheilbh aige lena dhíol, gan údarás nó leithscéal dleathach, aon dísle, séala ná stampa oifigiúil.

(2) San alt seo ciallaíonn “dísle, séala ná stampa oifigiúi dísle, séala nó stampa Aire nó údaráis Stáit nó aon ghníomhaire taidhleoireachta nó consalachta nó aon údaráis eile a ceapadh húdarás an Rialtais nó atá ag gníomhú faoi údarás an Rialtais, dísle, séala nó stampa a bhaineann le haon cheann acu sin nó a úsáideann sé nó a rinne nó a sholáthraigh sé.

Doiciméid oifigiúla a bhrionnú, etc.

8. —Ní dhéanfaidh duine ar bith aon ní acu seo a leanas :—

(a) ní bhrionnóidh sé aon doiciméad oifigiúil ná, gan údarás nó leithscéal dleathach, ní athróidh sé é ná ní dhéanfaidh crioscaíl leis, ná

(b) ní úsáidfidh sé ná ní bheidh ina sheilbh ná faoina urláimh aige, gan údarás nó leithscéal dleathach, aon doiciméad oifigiúil brionnaithe, athraithe nó neamhrialta.