31 1962


Uimhir 31 de 1962.


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIASCACH AGUS CHUIGE SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959 , AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE. [13 Nollaig, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1952, Uimh. 5 .

1959, Uimh. 14 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte;

tá le “Limistéar Mhagh Bhile” an bhrí a shanntar do “Líomatáiste Mhagh Bhile” le hAcht Iascaigh an Fheabhail, 1952 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ábhar díobhálach”:

“ciallaíonn ‘ábhar díobhálach’ aon substaint (lena n-áirítear aon ábhar pléascach, leacht nó gás) a d'fhéadfadh, ar í a dhul amach nó ar í a scaoileadh amach in aon uiscí, na huiscí sin nó aon uiscí eile a dhéanamh nimhiúil nó dochrach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc nó dochar a dhéanamh do luachmhaireacht éisc mar bhia daoine nó laghdú a dhéanamh ar thairbhe grinnill agus ithreach aon uiscí mar leapacha sceite nó ar a a gcumas chun bia le haghaidh éisc a tháirgeadh;”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht trí “1964” a chur in ionad “1961” agus “cúigiú” a chur in ionad “tríú” sa mhíniú ar “bliain toghcháin”.

Alt 9 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Déantar leis seo alt 9 (a thugann cumhacht don Aire fodhlíthe áirithe a dhéanamh) den Phríomh-Acht a leasú—

(a) trí “lena n-áirítear fodhlíthe ag athrú an trátha choiscthe sheachtainiúil maidir le haon abhainn nó an trátha choiscthe sheachtainiúil maidir le haon chora iascaireachta is ábhar d'ordú faoi fho-alt (2) d'alt 107 (ar fodhlíthe iad nach laghdaíonn an tráth coiscthe seachtainiúil chun gur giorra ná ocht n-uaire is daichead a chloig é)” a chur i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh “a chríochnú”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mír (g):

“(gg) toirmeasc nó srianta de ghné éigeandála a chur le tógáil na gcineálacha éagsúla éisc nó le tógáil aon chineál áirithe éisc le haon inneall sonraithe nó innill shonraithe go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná bliain in aon chás inar dóigh leis an Aire gur gá na toirmisc nó na srianta sin,”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-alt (3):

“(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le fodhlíthe a dhéanfar faoin Acht seo tar éis tosach feidhme alt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1962 , agus má sháraíonn aon duine (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) aon fhodhlí den sórt sin beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus, i gcás nach bhforáiltear aon phionós eile faoin Acht seo, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air agus beidh aon iasc a thóg sé go neamhdhleathach nó a bhí ina sheilbh tráth an chiona agus fós aon inneall iascaireachta nó ní a ndearnadh an cion leis nó ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.”

Cosaint do nithe a dhéanfar le haghaidh síolrú saorga, críocha eolaíochta nó feabhsú iascaigh.

4. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 14 den Phríomh-Acht:

“14. (1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo nó in aon ionstraim arna déanamh faoin Acht seo toirmeasc a chur le haon rud a bheidh déanta ag an Aire nó ag duine a raibh údarás i scríbhinn chuige sin aige roimh ré ón Aire le haghaidh iasc a shíolrú go saorga, nó le haghaidh críche eolaíochta éigin nó le haghaidh aon iascach a fheabhsú nó a fhorbairt.

(2) Ní dhéanfar aon ní de bhun fo-alt (1) den alt seo i ndáil le hiascach eisiatach gan toiliú ó úinéir an iascaigh sin.

(3) Aon duine a dtabharfaidh an tAire údarás dó faoin alt seo chun aon ní a dhéanamh tabharfaidh an tAire dó deimhniú ar an údarás sin agus nuair a bheidh sé ag déanamh aon ní de bhun an údaráis déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.”

Cáilíocht coimeádaithe.

5. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 25 den Phríomh-Acht:

“25.—Ní bheidh duine incheaptha aon tráth áirithe chun a thofa chun oifig choimeádaí d'aon toghroinn mura rud é—

(a) go mbeadh sé, dá gcuirfí toghchán don toghroinn sin ar siúl an tráth áirithe sin, i dteideal faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 24 vótáil sa toghchán, nó

(b) (i) gur áititheoir rátaithe é ar iascach ar lú a luacháil inrátaithe ná caoga punt agus atá sa cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin, agus

(ii) gur íoc sé an ráta iascaigh i leith an iascaigh sin don bhliain iascaigh díreach roimh an mbliain a chuirfear an toghchán don oifig sin ar siúl agus nach lú ná punt méid an ráta sin.”

Alt 27 den Phríomh-Acht a leasú.

6. —Déantar leis seo alt 27 (a dhéanann foráil le haghaidh toghcháin do bhoird choimeádaithe) den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (5):

“(5)   (a) Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh is cuí leis maidir le toghcháin chomhaltaí bord coimeádaithe agus seolfar gach toghchán den sórt sin de réir na rialachán (más ann) a bheidh déanta faoin bhfo-alt seo.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh na nithe seo a leanas—

(i) ainmniú iarrthóirí chun a dtofa mar chomhaltaí bord coimeádaithe,

(ii) post-vótáil i dtoghcháin chomhaltaí bord coimeádaithe.

(c) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo aon fhoráil den alt seo (seachas an fo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm agus, má dhéantar faoin bhfo-alt seo rialacháin ag leasú nó ag cúlghairm aon fhoráil den alt seo, forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht aige faoi réir an leasaithe nó na cúlghairme sin, de réir mar a bheidh.”

Alt 33 den Phríomh-Acht a leasú.

7. —Déantar leis seo alt 33 (a dhéanann foráil le haghaidh corrfholúntais a líonadh i gcomhaltas bord coimeádaithe) den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(3) Aon chomhalta de bhord coimeádaithe a dhícháileofar faoi alt 31 ní bheidh sé intofa chun aon bhord coimeádaithe faoin alt seo roimh an gcéad dáta eile, tar éis dáta an dícháilithe, a thoghfar coimeádaithe faoi alt 27 chun an bhoird is déanaí a luaitear.”

Alt 49 den Phríomh-Acht a leasú.

8. —Déantar leis seo alt 49 (a bhaineann leis an gCiste Caomhnaithe Bradán) a leasú tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (9) i ndiaidh fomhír (1):

“(ia) cibé suimeanna a mheasfaidh sé is cuí i leith caiteachas an chomhlachta chomhairligh um iascach intíre ar a dtugtar Comhairle na mBord Coimeádaithe Iascaigh,”.

Cumhachtaí Cúirte faoi ailt 78 agus 90 den Phríomh-Acht a leathnú.

9. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, de bhun na gcumhachtaí a thugtar di le halt 78 nó le halt 90 (ailt a dhéanann foráil i dtaobh ceadúnais iascaireachta áirithe a fhorghéilleadh), arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, den Phríomh-Acht, a ordú ceadúnas iascaireachta nó ceadúnas iascaireachta oisrí, de réir mar a bheidh, a fhorghéilleadh, féadfaidh an Chúirt, ina theannta sin, a dhearbhú go mbeidh sealbhóir an cheadúnais a ordaíodh a fhorghéilleadh dícháilithe chun aon cheadúnas den sórt sin a shealbhú i rith cibé tréimhse nach faide ná bliain a shonróidh an Chúirt agus, i gcás ina ndearbhóidh an Chúirt go mbeidh duine dícháilithe chun ceadúnas d'aon sórt áirithe a shealbhú, beidh an sealbhóir dícháilithe chun ceadúnas den sórt sin a shealbhú i rith na tréimhse a shonróidh an Chúirt agus, d'ainneoin aon ní atá in ailt 71, 76 agus 280 den Phríomh-Acht, ní eiseofar ceadúnas den sórt sin chun an tsealbhóra sin in aghaidh na tréimhse a shonróidh an Chúirt.

(2) Leasaítear leis seo alt 90 den Phríomh-Acht—

(a) trí “ar cheadúnas nó ceadúnais iascaireachta nó ar cheadúnas nó ceadúnais iascaireachta oisrí” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “ar cheadúnas nó ceadúnais chun bradáin nó bric a iascaireacht”, agus

(b) an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-alt (2):

“(3) I gcás ina ndéanfar duine nach sealbhóir ar cheadúnas iascaireachta nó ar cheadúnas iascaireachta oisrí a chiontú i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an Chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a dhearbhú go mbeidh an duine sin dícháilithe chun ceadúnas iascaireachta nó ceadúnas iascaireachta oisrí a shealbhú i rith cibé tréimhse nach faide ná bliain a shonróidh an Chúirt agus, i gcás ina ndearbhóidh an Chúirt go mbeidh duine dícháilithe chun ceadúnas d'aon sórt áirithe a shealbhú, beidh an duine dícháilithe chun ceadúnas den sórt sin a shealbhú i rith na tréimhse a shonróidh an Chúirt agus, d'ainneoin aon ní atá in ailt 71, 76 agus 280 den Acht seo, ní eiseofar ceadúnas den sórt sin chun an duine sin in aghaidh na tréimhse a shonróidh an Chúirt.”

Líonta, etc., a shealbhú chun críocha alt 96 den Phríomh-Acht.

10. —I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi alt 96 (a chuireann srian le líonta agus uirlisí neamhdhleathacha a shealbhú) den Phríomh-Acht maidir le haon líon nó uirlis eile nó mealladh nó baoite a fuarthas ar a phearsa nó i mbád nó i bhfeithicil leis, nó ar aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a bhí á n-áitiú aige measfar (go dtí go gcruthóidh sé don Chúirt go ndearna duine eile, gan fhios dó féin agus gan toiliú uaidh, an líon nó an uirlis eile nó an mealladh nó an baoite, cibé acu é, a chur san áit ina bhfuarthas é) chun críocha an ailt sin 96, an líon nó an uirlis nó an mealladh nó an baoite, cibé acu é, a bheith ina sheilbh nó faoina urlámhas.

Innill sheasmhacha a úsáid chun eascanna a ghabháil.

11. —Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, a údarú le fodhlí iascaireacht a dhéanamh le haon inneall seasmhach, nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, chun eascanna a ghabháil, in aon áit shonraithe in uiscí taoide agus, i gcás ina mbeidh fodhlí faoin alt seo i bhfeidhm, ansin, d'ainneoin aon ní atá in ailt 102 agus 103 (a thoirmisceann innill sheasmhacha a shuíomh nó a úsáid in áiteanna áirithe) den Phríomh-Acht, ní cion é faoin alt sin 102 nó 103 iascaireacht a dhéanamh le haon inneall seasmhach, nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, de réir na gcoinníollacha (más ann) a bheidh sonraithe san fhodhlí, chun eascanna a ghabháil san áit.

Treoir-bhallaí.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh sé, díolúine a dheonú, go ceann tréimhse teoranta nó go ceann tréimhse gan teorainn ama, maidir le cora iascaireachta shonraithe nó le damba muilinn iascaireachta sonraithe a úsáidtear chun eascanna a ghabháil agus chuige sin amháin, ó fhorálacha alt 114 (a bhaineann le tógáil treoirbhallaí comhghabhálach le coraí iascaireachta agus dambaí muilinn iascaireachta) den Phríomh-Acht.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, díolúine a thabharfar faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Alt 139 den Phríomh-Acht a leasú.

13. —Déantar leis seo alt 139 (a mhíníonn “an tráth coiscthe seachtainiúil”) a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2):

“(2) I gcás ina mbeidh fodhlíthe faoi alt 9 i bhfeidhm ag athrú an tráth coiscthe seachtainiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (3) den alt seo, forléireofar tagairtí san Acht seo don tráth coiscthe seachtainiúil sin mar thagairtí don tráth coiscthe seachtainiúil sin arna athrú amhlaidh.”

Iarratas ar dheimhniú oiriúnachta chun ceadúnas faoi Chuid X a shealbhú.

14. —(1) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chun Breithimh Dúiche faoi alt 158 (a dhéanann foráil i dtaobh Breitheamh Dúiche do dheonú deimhniú oiriúnachta chun ceadúnas faoi Chuid X a shealbhú) den Phríomh-Acht ar dheimhniú faoin alt sin maidir le ceadúnas mangaire bradán nó ceadúnas onnmhaireora bradán tabharfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh dháta an iarratais a éisteacht, fógra i scríbhinn i dtaobh an iarratais do bhord coimeádaithe gach ceantair iascaigh ina ndéanann sé nó ina mbeartaíonn sé díol bradán agus breac nó onnmhairiú bradán agus breac (cibé acu é) a sheoladh mar ghnó agus beidh teideal ag gach bord den sórt sin, trína chléireach nó trí cibé oifigeach eile a ainmneoidh an bord chuige sin, láithriú sa Chúirt agus éisteacht a fháil ar an iarratas a bheith á éisteacht.

(2) Chun críocha fo-alt (1) den alt seo measfar gur ceantar iascaigh Limistéar Mhagh Bhile agus measfar gurb é Coimisiún Iascaigh an Fheabhail an bord coimeádaithe ina leith.

Alt 163 den Phríomh-Acht a leasú.

15. —Leasaítear leis seo alt 163 (a dhéanann foráil i dtaobh mangairí agus onnmhaireoirí bradán agus breac do choinneáil clár) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-alt (3):

“(3A) Is é dualgas gach duine is sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X aon chlár a bheidh á choinneáil aige de bhun an ailt seo a chaomhnú agus a choimeád go ceann tréimhse sé mhí tar éis deireadh na bliana is déanaí ina ndearnadh taifead sa chlár sin.”, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mír (c):

“(cc) a mhainneoidh déanamh de réir forálacha fo-alt (3A) den alt seo, nó”.

Pionós mar gheall ar ábhar díobhálach a úsáid nó a bheith ar seilbh ag duine.

1907, c. 17.

16. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 164 den Phríomh-Acht:

“164. (1) Má úsáideann duine ar bith in aon uiscí aon ábhar díobhálach chun iasc a ghabháil nó a dhíothú nó díobháil a dhéanamh d'iasc beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(2) Má bhíonn aon ábhar díobhálach i seilbh nó faoina urlámhas aon duine agus é ar bhruach aon uiscí nó in aice leo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(3) Is cosaint mhaith ar chúiseamh faoi fho-alt (2) don chosantóir a chruthú gur chun críche neamhurchóidí a bhí an t-ábhar díobhálach ina sheilbh nó faoina urlámhas.

(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air,

(b) ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cion faoin alt seo.

(6) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon ábhar díobhálach a fuarthas ina sheilbh nó faoina urlámhas, agus a ndearnadh an cion ina leith, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.”

Alt 166 den Phríomh-Acht a leasú.

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 166 (a fhoráileann pionós mar gheall ar uirlisí áirithe a úsáid chun iasc a ghabháil) den Phríomh-Acht—

(a) trí “innleog, eireaballóir,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “ilchromán”, agus

(b) trí “eireaballóir nó” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (3) roimh “cromán”.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt sin 166 maidir le huirlis lena mbaineann an t-alt sin a fuarthas ar a phearsa, i mbád nó i bhfeithicil dá chuid nó ar aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a bhí á n-áitiú aige, ansin (mura gcruthóidh sé don Chúirt gur duine eile a chuir an uirlis san áit a bhfuarthas í gan fhios dó féin nó gan toiliú uaidh) measfar, chun críocha an ailt sin 166, go raibh an uirlis ina sheilbh nó faoina urlámhas aige.

Alt 172 den Phríomh-Acht a leasú.

18. —Déantar leis seo alt 172 (a dhéanann foráil i dtaobh uiscí a chosaint ar thruailliú) den Phríomh-Acht a leasú trí—

(a) fo-alt (1) a scriosadh, agus

(b) “ábhar díobhálach” a chur in ionad “leacht docharach” i bhfo-alt (2).

Alt 219 den Phríomh-Acht a leasú.

1894, c. 60.

1955, Uimh. 29 .

19. —(1) Déantar leis seo alt 219 (ina bhfuil mínithe chun críocha Chuid XIII den Phríomh-Acht) den Phríomh-Acht a leasú tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “bád iascaireachta mara Éireannach”:

“ciallaíonn ‘bád iascaireachta mara Éireannach’ bád iascaireachta mara—

(a) (i) atá cláraithe sa Stát faoi Chuid IV den Merchant Shipping Act, 1894, agus

(ii) i gcás bád a thiocfaidh chun bheith cláraithe faoin gCuid sin IV tar éis an lú lá d'Iúil, 1962, agus ar mó ná cúig throigh is tríocha a fad iomlán agus atá cláraithe faoin Acht Loingis Tráchtála, 1955, nó

(b) (i) atá díolmhaithe ó chlárú faoin gCuid sin IV le rialacháin faoi alt 373 den Merchant Shipping Act, 1894, agus

(ii) atá ar úinéireacht go hiomlán ag saoránach Éireannach nó ag comhlacht corpraithe arna bhunú faoi réim agus faoi réir dlí an Stáit agus ar sa Stát atá a phríomh-áit ghnó aige;”

(2) Féadfar ó am go ham, más oiriúnach leis an Aire é, uimhir troigh seachas cúig is tríocha a fhorordú chun críocha an mhínithe ar “bád iascaireachta mara Éireannach” (a cuireadh isteach leis an alt seo) in alt 219 den Phríomh-Acht agus, i gcás ina mbeidh uimhir áirithe troigh forordaithe faoin bhfo-alt seo, measfar gur tagairt don uimhir sin an tagairt sa mhíniú sin do chúig is tríocha agus forléireofar an míniú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Aon deimhniú faoi láimh an chláraitheora long chun críocha an Merchant Shipping Act, 1894, agus an Achta Loingis Thráchtála, 1955 , ag aon phort cláraitheachta sa Stát á dheimhniú go bhfuil bád a bheidh sonraithe sa deimhniú gan bheith cláraithe de réir mhír (a) den mhíniú ar “bád iascaireachta mara Éireannach” (a cuireadh isteach leis an alt seo) in alt 219 den Phríomh-Acht sa phort cláraitheachta sin is fianaise chríochnaitheach é nach bhfuil an bád cláraithe amhlaidh agus beidh deimhnithe mar a dúradh maidir le gach port cláraitheachta sa Stát ina bhfianaise chríochnaitheach nach bhfuil an bád cláraithe amhlaidh sa Stát agus ní gá síniú chláraitheora a chruthú ná a chruthú gur chláraitheoir é iarbhír.

Srian le halt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

1851, c. 93.

20. —Ní bheidh feidhm ag mír 4 (a fhorordaíonn teorainneacha ama le haghaidh déanamh gearán i gcásanna dlínse achomaire) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, maidir le gearán i leith ciona faoi alt 221, 222 nó 223 den Phríomh-Acht.

Alt 228 den Phríomh-Acht a leasú.

21. —Leasaítear leis seo alt 228 (a thoirmisceann iasc mara atá róbheag a bheith ar seilbh, lena ndíol, ar bord aon bháid iascaireachta mara) den Phríomh-Acht trí “nó a chur ar ais san fharraige” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “a dhíothú” agus “nó curtha ar ais san fharraige” a chur isteach i ndiaidh “díothaithe”.

Alt 229 den Phríomh-Acht a leasú.

22. —Leasaítear leis seo alt 229 (a thoirmisceann iasc mara atá róbheag a chur i dtír nó a dhíol) den Phríomh-Acht trí—

(a) “nó a chur ar ais san fharraige” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “a dhíothú” agus “nó curtha ar ais san fharraige” a chur isteach i ndiaidh “díothaithe”, agus

(b) “stóras, linn stórais, coimeádán nó áit nó ní eile ina gcoimeádtar iasc” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (4) i ndiaidh “siopa”.

Alt 231 den Phríomh-Acht a leasú.

23. —Leasaítear leis seo alt 231 (a thugann cumhachtaí d'oifigigh cosanta iascaigh mhara chun iasc mara a iniúchadh agus a choinneáil) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-alt (3):

“(3A) I gcás ina gcoinneoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara aon iasc mara beo ina choimeád faoi údarás an ailt seo, féadfaidh sé an t-iasc mara a thabhairt ar aird d'Fheidhmeannach Síochána agus, má údaraíonn an Feidhmeannach Síochána sin dó, cuirfidh sé an t-iasc mara ar ais san fharraige”, agus

(b) trí “nó a chur ar ais san fharraige” a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh “sna himthoscaí an t-iasc mara a dhíothú” agus “nó a chur ar ais san fharraige, de réir mar a bheidh” a chur isteach i ndiaidh “sin an t-iasc mara a dhíothú”.

Bád nó feithicil a úsáid mar chabhair chun cion a dhéanamh.

24. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i gCuid XVII roimh alt 286:

“285A. (1) Má úsáideann aon duine bád nó feithicil mar chabhair chun cion a dhéanamh faoi aon fhoráil den Acht seo nó d'aon Acht ag leasú an Achta seo nó d'ionstraim arna déanamh faoin Acht seo nó faoi aon Acht ag leasú an Achta seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air,

(b) ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(2) (a) Faoi réir mír (c) den fho-alt seo, i gcás duine a chiontú i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo nó d'aon Acht ag leasú an Achta seo nó d'aon ionstraim arna déanamh faoin Acht seo nó faoi aon Acht ag leasú an Achta seo beidh aon bhád a úsáideadh ag déanamh an chiona nó mar chabhair chun a dhéanta ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(b) I gcás duine a chiontú ar dhíotáil i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo ar cion é is intriailte ar dhíotáil, féadfar, le hordú ón gCúirt, a ordú go mbeidh aon fheithicil a úsáideadh ag déanamh an chiona nó mar chabhair chun a dhéanta ar forghéilleadh.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le bád a d'úsáid duine nach é a húinéir é má chruthaíonn an t-úinéir gur gan fhios dó féin nó gan toiliú uaidh a úsáideadh amhlaidh í.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le cionta faoi Chuid XIII den Acht seo nó faoi alt 35 den Acht Iascaigh (Leasú), 1962 .”

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 285A (a cuireadh isteach leis an alt seo) den Phríomh-Acht maidir le cionta a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo.

Alt 301 den Phríomh-Acht a leasú.

25. —Leasaítear leis seo alt 301 (a thugann cumhachtaí iniúchta agus coinneála d'oifigigh údaraithe) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (2) i ndiaidh fomhír (iv):

“(iva) in aon óstán, teach aíochta, bialann, nó áitreabh nó áit eile ina ndéantar cothú agus iostas nó béilí a sholáthar ar luaíocht, nó”, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mír (f):

“(ff) aon bhád nó feithicil a dhlitear, nó a chreidtear a dhlitear, a fhorghéilleadh faoin Acht seo a thógáil, a aistriú agus a choinneáil ina choimeád,”.

Nós imeachta chun báid nó innill iascaireachta a urghabhfar a dhiúscairt.

26. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 302 den Phríomh-Acht:

“302. Má dhéanann aon duine, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an gCuid seo, aon bhád nó inneall iascaireachta a urghabháil, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, ordú chun é a dhiúscairt faoin alt seo a iarraidh ar an mBreitheamh Dúiche ar ina dhúiche a urghabhadh é, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) más rud é, i gcás báid, go gcinnfidh an Breitheamh go rabhthas, tráth a hurghabhála, tar éis í a úsáid, a húsáid nó ar tí í a úsáid chun críche is críoch mhídhleathach faoin Acht seo, ordóidh sé í a fhor ghéilleadh;

(b) más rud é, i gcás inneall iascaireachta, go gcinnfidh an Breitheamh gur inneall é a dtoirmisctear le dlí é a úsáid, ordóidh sé é a fhorghéilleadh agus a dhíothú;

(c) más rud é, i gcás inneall iascaireachta, go gcinnfidh an Breitheamh gur inneall iascaireachta dleathach é a rabhthas, tráth a urghabhála, tar éis é a úsáid, á úsáid nó ar tí é a úsáid go mídhleathach, ordóidh sé é a fhorghéilleadh;

(d) in aon chás eile, ordóidh an Breitheamh an bád nó an t-inneall iascaireachta a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a úinéir é.”

Fianaise ar chéannacht daoine a bheidh ag tabhairt ceadúnas ar aird.

27. —Aon duine a thabharfaidh ar aird do dhuine údaraithe ceadúnas iascaireachta nó ceadúnas iascaireachta oisrí, cibé acu é, deanfaidh sé, ar sin a éileamh air, fianaise i dtaobh a chéannachta a thabhairt don duine údaraithe san am sin agus san áit sin, nó a luaithe is féidir dá éis sin, agus, mura ndéanfaidh, beidh an duine ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Srian le ceannach bradán agus breac.

1952, Uimh. 5 .

28. —(1) Faoi réir forálacha fo-alt (2) den alt seo, aon duine nach sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X, nó nach gníomhaire a bheidh cuí-údaraithe i scríbhinn chuige sin thar ceann duine is sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X, ar ceadúnas é a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, agus a cheannóidh bradán nó breac beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear suim nach mó ná caoga punt maraon le suim nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach bradáin agus deich scilling in aghaidh gach bric a ndearnadh an cion ina leith, agus nach mó ná céad punt san iomlán, d'fhíneáil a chur air agus beidh aon iasc a ndearnadh an cion ina leith, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) maidir le bradán nó breac a cheannach bona fide ag duine nó thar a cheann le haghaidh úsáide ag an duine sa bhaile aige féin, ná

(b) maidir le bradán nó breac a cheannach bona fide ag duine nó thar a cheann le haghaidh úsáide chur críocha lónadóireachta in áitreabh ina bhfuil óstán bialann nó teach aíochta, nó soláthar cothú agus iostais nó soláthar béilí ar luaíocht, á sheoladh aige mar ghnó más—

(i) ó dhuine is sealbhóir ar cheadúnas mangaire bradán (de réir bhrí na Coda sin X) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, nó

(ii) ó iascaire a bheidh go dleathach ag tógáil agus ag marú bradán nó breac, cibé acu é, agus ar sealbhóir é (i gcás ina mbeidh aon bhradán ar áireamh sa cheannach) ar cheadúnas iascaireachta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bheidh ar fáil lena úsáid le haghaidh tógáil agus marú bradán sa cheantar iascaireachta ina mbeifear tar éis an bradán a ghabháil nó a mharú,

a dhéanfar an ceannach agus, i gcás ceannach ó iascaire—

(I) go bhfaighidh an ceannaitheoir ón iascaire ráiteas i scríbhinn ina mbeidh a ainm agus a sheoladh agus (i gcás ina mbeidh aon bhradán ar áireamh sa cheannach) uimhir a cheadúnais iascaireachta agus ina ndéarfar gurb é féin a ghabh, go dleathach, an bradán nó an breac, cibé acu é, agus

(II) go gcoimeádfaidh an ceannaitheoir an ráiteas agus go dtabharfaidh sé ar aird é do chigire nuair a iarrfaidh an cigire air sin a dhéanamh.

(3) Aon duine a bheidh ag ceannach bradán nó breac agus a airbheartóidh a bheith ag gníomhú mar ghníomhaire do dhuine is sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X tabharfaidh sé a údarás chun gníomhú mar ghníomhaire den sórt sin ar aird don chigire ar é á éileamh sin agus má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn sé a údarás a thabhairt ar aird nó, ar é a thabhairt ar aird, go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a cheadú don chigire an t-údarás a léamh san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Aon duine nach ndéanfaidh, nuair a éileofar go dleathach air faoin alt seo a údarás réamhráite a thabhairt ar aird, a údarás a thabhairt ar aird toisc nach sealbhóir ar údarás é measfar gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh sé a údarás a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

(5) I gcás ina ndéanfaidh duine (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a dhíolfaidh bradán nó breac le duine eile ráiteas i scríbhinn a thabhairt de bhun fo-alt (2) den alt seo don duine eile agus go mbeidh an ráiteas sin nó aon chuid de bréagach nó míthreorach go bhfios don díoltóir beidh an díoltóir ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(6) San alt seo—

maidir le “cigire”—

(a) i gcás cigire d'fheidhmiú cumhachtaí faoin alt seo i Limistéar Mhagh Bhile, ciallaíonn sé cigire arna cheapadh faoi alt 55 d'Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 , agus

(b) in aon chás eile, tá leis an bhrí a shanntar dó le Cuid X den Phríomh-Acht;

tá le “ceadúnas faoi Chuid X” an bhrí a shanntar dó le Cuid X den Phríomh-Acht.

Cumhachtaí maidir le hiascaireacht bradán ar muir agus calú agus sealbhú bradán a ghabhadh ar muir.

29. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú—

(a) (i) iascaireacht bradán ar muir, agus

(ii) calú bradán a gabhadh ar muir,

a thoirmeasc, a shrianadh nó a rialú ar aon slí eile, agus

(b) sealbhú bradán a gabhadh nó a calaíodh contrártha d'ordú faoin alt seo a thoirmeasc, a shrianadh nó a rialú ar shlí eile.

(2) Aon ordú faoin alt seo ag srianadh nó ag rialú ar shlí eile iascaireacht bradán féadfaidh sé, i ndáil le haon áit áirithe lena mbaineann an t-ordú, na nithe seo a leanas a fhorordú—

(a) na haicmí daoine a bhféadfar ceadúnais iascaireachta de réir bhrí an Phríomh-Achta a eisiúint chucu le haghaidh iascaireacht bradán san áit sin, na cineálacha bád agus na cineálacha ineall iascaireachta a bhféadfar ceadúnais den sórt sin a eisiúint ina leith le haghaidh iascaireachta san áit sin,

(b) an méid uasta ceadúnas den sórt sin a fhéadfaidh an bord coimeádaithe nó na boird choimeádaithe a eisiúint aon bhliain áirithe don áit sin,

(c) an t-am agus an modh ina n-iarrfar ceadúnais den sórt sin, agus

(d) an modh ina ndéanfar ceadúnais den sórt sin a dháiliú in aon chás inar mó an méid iarratas bailí ar cheadúnais a dhéanfar chun bord coimeádaithe don áit sin aon bhliain áirithe ná an méid a bheidh forordaithe faoi mhír (b) den fho-alt seo don bhliain sin maidir leis an mbord sin,

agus, d'ainneoin aon ní atá sa Phríomh-Acht, ní eiseofar ceadúnas iascaireachta contrártha d'fhoráil a bheidh in ordú faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire iascaireacht in aon áit áirithe nó ar aon mhodh áirithe a eisceadh ó fhorálacha a bheidh in ordú faoin alt seo agus fós calú agus sealbhú bradán a ghabhadh in áit nó ar mhodh a bheidh eiscthe amhlaidh.

(4) Aon duine a sháróidh foráil d'ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air agus beidh aon bhradán a gabhadh nó a calaíodh, agus aon ghléas iascaireachta a úsáideadh, contrártha d'fhorálacha an ordaithe, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe agus beidh aon bhád a úsáideadh contrártha d'fhorálacha an ordaithe agus aon iasc agus gléas iascaireachta eile a fuarthas ar bord an bháid ar forghéilleadh má ordaíonn an Chúirt amhlaidh.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Foráil maidir le Limistéar Mhagh Bhile.

30. —(1) Beidh réim ag ailt 102, 103 agus 114 agus ag Codanna XIII go XVI (forálacha a bhaineann le hiascaigh mhara agus le nithe áirithe eile) den Phríomh-Acht maidir le Limistéar Mhagh Bhile (d'ainneoin alt 325 den Acht sin) agus, d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt do na forálacha sin, beidh réim freisin maidir leis an Limistéar sin ag gach foráil eile den Phríomh-Acht nó den Acht seo is infheidhmithe maidir le haon cheann de na forálacha sin.

(2) Scoirfidh na forálacha de na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1958, a fhreagraíonn do na forálacha leathnaithe sin den Phríomh-Acht, d'fheidhm a bheith acu sa mhéid gur lean siad de bheith i bhfeidhm i Limistéar Mhagh Bhile de bhíthin oibriú alt 325 den Acht sin.

(3) Ní bheidh réim ag alt 29 den Acht seo maidir le Limistéar Mhagh Bhile.

An Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú.

31. —Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal (a bhaineann leis na dleachtanna ar cheadúnais iascaireachta) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach gCuid II den Sceideal sin:

13

Líon Cochaill le haghaidh eascanna

2 0 0

Pionóis áirithe faoin bPríomh-Acht a athrú.

32. —(1) Aon duine a chiontófar i gcion a bhforáiltear pionós ina leith in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad cibé méid den phionós a fhoráiltear amhlaidh, arb éard é fíneáil, príosúnacht (le daorobair nó gan daorobair) fíneáil nó príosúnacht (le daorobair nó gan daorobair), nó fíneáil agus príosúnacht (le daorobair nó gan daorobair), an pionós iomchuí a chur air a shonraítear i gcolún (3) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag an uimhir thagartha sin agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion i gcoinne fodhlí a mbeidh feidhm ina leith ag fo-alt (2) d'alt 9 den Phríomh-Acht agus a rinneadh roimh thosach feidhme am Achta seo dlífear (d'ainneoin aon ní atá san fho-alt sin (2)) ar é a chiontú go hachomair, in ionad aon fhíneáil dá bhforáiltear leis an bhfodhlí ach i dteannta aon fhorghéilleadh dá bhforáiltear ann, fíneáil a chur air nach mó ná cúig phunt is fiche, agus beidh aon iasc a thóg sé nó a bhí ina sheilbh, go neamhdhleathach, tráth an chiona, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Leasaítear leis seo alt 221 den Phríomh-Acht trí “fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus” a chur in ionad “, i gcás an chéad chiona faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná céad punt agus (cibé acu arb é an chéad chion é nó nach ea)” i bhfo-alt (2).

(4) Leasaítear leis seo alt 222 den Phríomh-Acht trí “fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus” a chur in ionad “,i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná céad punt agus (cibé acu arb é an chéad chion é nó nach ea),” i bhfo-alt (3).

(5) Leasaítear leis seo alt 223 den Phríomh-Acht—

(a) trí “fíneáil nach mó ná céad punt a chur air” a chur in ionad “i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air, agus i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo fíneáil nach mó ná cúig chéad punt” i bhfo-alt (2),

(b) trí “nó aon iasc a ndearnadh an cion leis nó ina leith” a chur in ionad “lena ndearnadh an cion” i bhfo-alt (3), agus

(c) trí “dara” a chur in ionad “tríú” i mír (a) d'fho-alt (4), agus “aon chion” a chur in ionad “na cionta” i mír (b) den fho-alt sin.

(6) Beidh éifeacht ag an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht ionann is dá gcuirfí—

(a) “cúig phunt is fiche” in ionad “fiche punt” i gclásal (d) d'fho-mhír (3) de mhír 11, agus

(b) “cúig phunt is fiche” in ionad “cúig phunt” i bhfomhír (3) de mhír 13.

(7) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin bPríomh-Acht nó faoi aon Acht ag leasú an Phríomh-Achta nach bhfuil aon fhoráil ina thaobh déanta (ar leithligh ón alt seo) maidir le haon iasc a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh, beidh aon iasc a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(8) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo.

AN TÁBLA.

Uimh. Thag.

Alt

Pionós

(1)

(2)

(3)

1.

12, 13, 153, 162, 178, 179, 180, 181, 237, 238, 239, 240, 241, 242, 243, 253, 255, 265, 273, 274, 285, 286, 287, 288, 289, 290, 291, 303, 304, 306.

Fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche.

 

 

 

2.

17, 91, 92, 93, 105 106, 112, 113, 119 120, 121, 122, 125 130, 140, 141, 143, 144, 145, 146, 152, 163, 167, 168, 169, 294, 298.

Fíneáil nach mó ná caoga punt.

3.

69, 123, 128, 129.

Fíneáil nach mó ná caoga punt agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó ná caoga punt ar fad) nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

4.

100.

Fíneáil nach mó ná céad punt agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó ná céad punt ar fad) nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfaidh an cion tar éis a chiontú ann.

 

 

 

5.

111.

Fíneáil nach mó ná caoga punt agus fíneáil bhreise (nach mó ná caoga punt ar fad) nach mó ná punt in aghaidh an lae go dtí go gcuirfidh an cosantóir ar ais ina riocht bunaidh leaba na habhann a ndearnadh an cion ina leith faoin alt sin 111.

6.

124.

Fíneáil nach mó ná caoga punt agus fíneáil bhreise (nach mó ná caoga punt ar fad) nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfaidh an fhaillí dá dtagraítear san alt sin 124.

7.

172.

Fíneáil nach mó ná caoga punt agus fíneáil bhreise (nach mó ná caoga punt ar fad) nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfaidh an fhaillí dá dtagraítear san alt sin 172.

8.

127, 134, 135, 136, 137, 138, 177.

Fíneáil, nach mó ná céad punt ar fad, de mhéid nach mó ná caoga punt maraon le méid nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach bradáin agus deich scilling in aghaidh gach éisc eile a ndearnadh an cion faoin alt ina leith.

 

 

 

9.

94.

Fíneáil, nach mó ná céad punt ar fad, de mhéid nach mó ná caoga punt maraon le méid nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach brdaáin agus deich scilling in aghaidh gach éisc eile a gabhadh le haon líon a úsáideadh ag déanamh an chiona faoin alt sin 94.

10.

95, 96, 131, 132, 165, 166, 170, 173, 174, 183, 231, 233, 236, 301, 308.

Fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

11.

97, 99, 102, 103, 104, 107, 110, 114, 116, 171.

Fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

12.

 

156, 157, 176, 182.

 

Fíneáil, nach mó ná céad punt ar fad, de mhéid nach mó ná caoga punt maraon le méid nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach bradáin agus deich scilling in aghaidh gach éisc eile a ndearnadh an cion faoin alt ina leith nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

 

Fodhlíthe faoin bPríomh-Acht.

33. —D'ainneoin aon ní atá sa Phríomh-Acht, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis—

(a) fodhlí a dhéanamh, gan fiosrú a dhéanamh roimh ré i dtaobh indéantacht an fhodhlí, faoi aon fhoráil den Phríomh-Acht a thugann cumhacht dó an fodhlí a dhéanamh, agus

(d) fodhlí a dhéanamh, gan iarratas a chur chun an Aire á iarraidh air fiosrú a chur á dhéanamh i dtaobh indéantacht an fhodhlí—

(i) ag athrú na tréimhse (ar choinníoll nach giorra ná trí bliana roimhe sin ó socraíodh í) arb éard í in aon líomatáiste séasúr coiscthe bliantúil na mbradán agus na mbreac, an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán, an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac, séasúr coiscthe bliantúil na bpollán, séasúr coiscthe bliantúil na n-eascann, séasúr coiscthe na n-oisrí nó an séasúr coiscthe d'iasc sliogánach (seachas oisrí), de chineál áirithe, nó

(ii) faoi alt 272 den Phríomh-Acht.

Alt 8 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, a leasú.

1959, Uimh. 22 .

34. —Déantar leis seo alt 8 (a thugann cumhacht don Aire a údarú go ndéanfadh báid choigríche iascaireacht laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit) den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, a leasú trí “chun críocha túrgnaimh i ndáil le hiascaireacht mhara,” a scriosadh as fo-alt (1).

Stoic éisc a chaomhnú agus leas réasúnach a bhaint as iascaigh.

35. —(1) I gcás inar deimhin leis an Aire, ag féachaint d'aon chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, gur gá sin a dhéanamh, féadfaidh an tAire le hordú cibé beartanna is cuí leis an Aire a fhorordú agus a dhéanamh chun stoic éisc a chaomhnú agus leas réasúnach a bhaint as iascaigh.

(2) Gach duine a dhéanfaidh sárú, nó a thabharfaidh faoi shárú a dhéanamh, ar aon fhoráil d'ordú faoin Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil IV de Chuid XIII den Phríomh-Acht i gcás aon chiona den sórt sin ionann is dá ndéanfaí, in ionad ná dtagairtí atá ann do chion faoin gCuid sin, tagairtí do chion faoin alt seo a chur ina n-ionad.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon ghléas iascaireachta nó aon iasc a ndearnadh an cion leis nó maidir leis ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) I gcás ina ndéanfar an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo ar bord an bháid chéanna, cibé acu arb é an duine ciontaithe an duine céanna ar gach ócáid nó nach ea, agus go mbeidh an bád tráth déanta an chiona ar úinéireacht nó páirtúinéireacht ag duine ba úinéir nó páirt-úinéir ar an mbád tráth déanta aon chiona roimhe sin, féadfaidh an Chúirt, i dteannta aon phionóis nó pionós eile faoin alt seo, a ordú go bhforghéillfear an bád.

(5) Beidh ag oifigeach cosanta iascaigh mhara, d'fhonn ordú faoin alt seo a chur i bhfeidhm, maidir le haon bhád iascaireachta mara agus maidir le húinéir, máistir nó foireann an chéanna, na cumhachtaí céanna a thugtar d'oifigeach cosanta iascaigh mhara le fo-alt (1) d'alt 233 den Phríomh-Acht agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin agus alt 234 den Acht sin.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(7) San alt seo tá le “máistir”, “bád iascaireachta mara” agus “oifigeach cosanta iascaigh mhara” na bríonna a shanntar dóibh le Cuid XIII den Phríomh-Acht.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

36. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Aisghairm.

37. —Aisghairtear leis seo ailt 133, 147, mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 151 agus fo-alt (2) d'alt 230 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

38. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 agus 1962, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta, nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.