23 1962


Uimhir 23 de 1962.


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1939 GO 1959. [7 Lúnasa, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , a leasú.

1953, Uimh. 36 .

1946, Uimh. 36 .

1959, Uimh. II.

1. —(1) Beidh éifeacht ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , maidir leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963, an 31ú lá de Mhárta, 1964, agus an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus beidh éifeacht aige amhlaidh ionann is nach mbeadh sé toirmiscthe liúntais fhorlíontacha faoi alt 6 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , a thabhairt.

(2) Dá réir sin—

(a) déantar leis seo na focail “leis an aon bhliain déag” a chur in ionad “leis na hocht mbliana” mar a bhfuil na focail deiridh sin in alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , arna leasú le halt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1959 , sa tagairt don bhliain airgeadais áitiúil dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus do na hocht mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin,

(b) déantar leis seo “sa bhliain airgeadais áitiúil dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, ná in aon cheann de na hocht mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin” a chur isteach i mír (i) d'alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , i ndiaidh “faoi alt 6”.

Alt 8 (I) den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), I939, a leasú.

I939, Uimh. 23.

2. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 8 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 , arna chur chun feidhme le fo-alt (2) d'alt 7 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , trí “sé bliana déag” a chur in ionad “seacht mbliana déag”.

Alt 5 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), I946, a leasú.

3. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , trí “seacht ndeichiú” a chur in ionad “trí chúigiú” mar a bhfuil na focail deiridh sin san alt.

Alt 6 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), I946, a leasú.

4. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , trí “leis an gceathrú cuid” a chur in ionad “leis an gcúigiú cuid”.

Alt 7 (I) (b) den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), I946, a leasú.

5. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , arna leasú le halt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , trí “trí cheathrú de thoradh” a chur in ionad “toradh”.

Alt 48 (I) den Local Government (Ireland) Act, I898, a leasú.

I898, c. 37.

6. —Na suimeanna is iníoctha de bhun fo-alt (1) d'alt 48 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963, agus leis na blianta airgeadais ina dhiaidh sin, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar iad in ionad iad a íoc as an bPríomh-Chiste.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1962, a ghairm de na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1959, agus den Acht seo le chéile.