21 1962


Uimhir 21 de 1962.


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CEADÚNÚCHÁIN, 1833 GO 1960, AGUS ACHTANNA CLÁRÚ NA gCLUBANNA, 1904 GO 1960, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [2 Lúnasa, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1833, c. 68

1902, c. 18.

1910, c. 8.

1924, Uimh. 62 .

1927, Uimh. 15 .

1943, Uimh. 7 .

1960, Uimh. 18 .

1925, Uimh. 8 .

1. —(1) San Acht seo, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1833” an Licensing (Ireland) Act, 1833;

ciallaíonn “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;

ciallaíonn “Acht 1910” an Finance (1909-10) Act, 1910;

ciallaíonn “Acht 1924” an tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 ;

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Deocha Meisciúla, 1943 ;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Deocha Meisciúla, 1960 ;

ciallaíonn “cúirt dúiche bhliantúil um cheadúnú” an suí den Chúirt Dúiche a chomórtar de bhun rialacha cúirte i limistéar ceadúnúcháin chun éisteacht le hiarratais ar dheimhnithe le haghaidh athnuachan ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol;

ciallaíonn “ceantar Cúirte” ceantar Cúirte Dúiche arna fhorordú le dlí chun gnó ceadúnúcháin a dhéanamh; ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol ar gá deimhniú ón gCúirt Dúiche nó ón gCúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, a thabhairt ar aird chun go ndeonófar é, nó ceadúnas arna dheonú faoi alt 18 den Acht seo, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “na hAchtanna Ceadúnúcháin” na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960;

ciallaíonn “tréimhse ama shamhraidh” tréimhse arna ceapadh leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 , nó faoi chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh;

tá le “tráthanna toirmiscthe” an bhrí a shanntar do “tráthanna coiscthe” le halt 2 d'Acht 1927;

ciallaíonn “Achtanna Clárú na gClubanna” Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1960;

ciallaíonn “ceadúnas seacht lá” ceadúnas dá dtagraítear in alt 11 d'Acht 1927 mar cheadúnas seacht lá;

tá le “ceadúnas sé lá” an bhrí a shanntar dó le halt 8 d'Acht 1927;

ní fholaíonn “Domhnach” Domhnach ar Lá Nollag é.

(2) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1927.

2. —Déantar leis seo alt 2 (a cuireadh isteach le halt 1960 agus a bhaineann le tráthanna toirmiscthe) d'Acht 1927 a leasú—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in ionad mír (a) d'fho-alt (1):

“(a) aon dálach, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin nó—

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, tar éis leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, nó

(ii) i rith tréimhse ama shamhraidh, i ndiaidh a haon déag a chlog tráthnóna, nó, más i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó Chorcaí atá an t-áitreabh (faoi réir na n-eisceachtaí a luaitear anseo ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin, nó”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mír (b) d'fho-alt (1):

“(b) Lá Fhéile Pádraig nó aon Domhnach, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin, nó idir a dó a chlog agus a ceathair a chlog san iarnóin nó tar éis a deich a chlog tráthnóna, nó”

agus

(c) trí “i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó Chorcaí” a chur i mír (a) agus i mír (b) d'fho-alt (2) in ionad “i gcontae-bhuirg”.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1927.

3. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'alt 3 (a bhaineann le trádáil mheasctha) d'Acht 1927—

(a) trí “leathuair tar éis a seacht a chlog” a chur i mír (i) in ionad “a naoi a chlog”, agus

(b) trí “i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó Chorcaí a chur i mír (ii) in ionad “i gcontae-bhuirg”.

Leasú ar alt 13 Acht 1927.

4. —Leasaítear leis seo alt 13 (a cuireadh isteach le hAcht 1960 agus a dhéanann foráil le haghaidh díolúintí ó thráthanna toirmiscthe d'óstáin agus do phroinntithe) d'Acht 1927 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a) agus (b):

“(a) i rith tréimhse ama shamhraidh, idir leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog maidin an lae ina dh aidh sin, nó

(b) i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, idir a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog maidin an lae ina dhiaidh sin, nó

(bI) más i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó Chorcaí atá an t-áitreabh, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin aon dálach, nó

(b2) Lá Fhéile Pádraig nó, mura ceadúnas sé lá a cheadúnas, aon Domhnach, idir a dó a chlog agus a trí a chlog san iarnóin, nó idir a deich a chlog agus a haon déag a chlog tráthnóna, nó”.

Leasú ar alt 14 d'Acht 1927.

5. —Leasaítear leis seo alt 14 (a dhéanann foráil le haghaidh díolúintí áirithe ó thráthanna toirmiscthe) d'Acht 1927 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mír (a):

“(aa) ar dheochanna meisciúla a dhíol am ar bith ag stáisiún iarnróid (is stáisiún iarnróid a dtéann daoine a bhíonn tar éis taisteal, nó ar tí taisteal, ar long isteach ann le haghaidh úrúcháin) le paisnéirí atá tar éis taisteal nó a bhfuil ticéid acu a thugann teideal dóibh taisteal, agus atá ar tí taisteal, ar feadh caoga míle ar a laghad ar long, nó”.

Leasú ar alt 56 d'Acht 1927.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 56 (a cuireadh isteach le hAcht 1960 agus a bhaineann le tráthanna toirmiscthe i gclubanna) d'Acht 1927—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1):

“(a) aon dálach, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin, ná—

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, tar éis leathuair tar éis a haon déag tráthnóna, ná

(ii) i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna,

ná, más i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó Chorcaí atá an club, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin, ná

(b) Lá Fhéile Pádraig ná aon Domhnach, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin ná idir a dó a chlog agus a ceathair a chlog san iarnóin ná tar éis a deich a chlog tráthnóna, ná”,

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2):

“(a) i rith tréimhse ama shamhraidh, idir leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog maidin an lae ina dhiaidh sin, nó

(b) i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, idir a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog maidin an lae ina dhiaidh sin, nó

(bI) más i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó Chorcaí atá an t-áitreabh, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin, aon dálach, nó

(b2) lá Fhéile Pádraig nó aon Domhnach idir a dó a chlog agus a trí a chlog san iarnóin nó idir a deich a chlog agus a haon déag a chlog tráthnóna, nó”, agus

(c) trí “‘tréimhse ama shamhraidh’” a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh “tá le”.

(2) (a) Chun críocha Achtanna Clárú na gClubanna, measfar, ar feadh na hidirthréimhse, rialacha club a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin i dtosach feidhme an Achta seo, a bheith ar comhréir le forálacha alt 56, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1927.

(b) San alt seo ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tús dáta tosach feidhme an Achta seo agus dar críoch an tráth a éagfaidh an deimhniú cláraitheachta maidir leis an gclub a bheidh i bhfeidhm dhá mhí tar éis an dáta sin, nó, más túisce a tharlóidh sin, an dáta a chuirfear rialacha an chlub ar comhréir leis an alt sin 56, arna leasú amhlaidh.

Am chun deoch mheisciúil a sholáthrófar i rith tráthanna ceadaithe a ól.

7. —(1) (a) Ní oibreoidh aon ní sna hAchtanna Ceadúnúcháin chun a thoirmeasc ar dhuine a bheith, nó a thoirmeasc ar dhuine deoch mheisciúil a ól, nó a cheadú deoch mheisciúil a ól, in áitreabh a bhfuil ar-cheadúnas de réir bhrí Acht 1927 i bhfeidhm ina leith i rith na tréimhse deich nóiméad dar tús tosach tréimhse a bhfuil sé toirmiscthe deoch mheisciúil a dhíol in áitreabh ceadúnaithe.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, measfar, maidir le tréimhse a gceadaítear, faoi réim nó de réir aon fhorála de na hAchtanna Ceadúnúcháin (seachas alt 2 d'Acht 1927), deoch mheisciúil a dhíol in áitreabh ceadúnaithe gur tréimhse í a bhfuil sé toirmiscthe an díol sin a dhéanamh san áitreabh sin.

(2) (a) Ní oibreoidh aon ní atá in Achtanna Clárú na gClubanna, nó atá, amháin de bhua fo-alt (1) d'alt 56 d'Acht 1927, i rialacha club atá cláraithe faoi na hAchtanna sin, chun toirmeasc a chur le haon duine d'ól dí inmháil in áitreabh an chlub i rith na tréimhse deich nóiméad dar tús tosach tréimhse a bhfuil sé toirmiscthe deoch inmháil a sholáthar san áitreabh sin.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, measfar, maidir le tréimhse a bhfuil sé ceadaithe faoi réim nó de réir aon fhorála d'Achtanna Clárú na gClubanna (seachas fo-alt (1) d'alt 56 d'Acht 1927) deoch inmháil a sholáthar in áitreabh club, gur tréimhse í a bhfuil sé toirmiscthe deoch inmháil a sholáthar san áitreabh sin

Leasú ar alt 21 d'Acht 1924.

8. —Ní dheonófar níos mó ná cúig údarás déag faoi alt 21 (a bhaineann leis an gCúirt Dúiche do dheonú údarás chun deoch inmháil a sholáthar i gclubanna) d'Acht 1924 d'aon chlub aon bhliain agus beidh fo-alt (3) den alt sin arna leasú dá réir sin.

Béilí tacúla.

9. —(1) Chun críocha na nAchtanna Ceadúnúcháin agus Achtanna Clárú na gClubanna ní mheasfar gur béile tacúil béile a dháilfear in aon áitreabh tar éis tosach feidhme an Achta seo mura rud é—

(a) gur béile é arb é a leithéid a mbeadh súil leis mar phríomh bhéile meán lae nó mar phríomh-bhéile tráthnóna nó mar phríomh-chúrsa de cheachtar de na béilí sin agus

(b) gur béile é de shaghas—

(i) ag féachaint do na praghasanna a bhaintear amach ar bhéilí san áitreabh tráthanna seachas tráthanna toirmiscthe, nó

(ii) mura gnách béilí a dháil san áitreabh, ag féachain do na himthosca uile,

go mbeadh sé réasúnach suim a bhaint amach nac lú ná—

(I) an tsuim (más aon suim í) a bheidh socair de thuras na huaire faoi fho-alt (2) den alt seo, nó

(II) mura mbeidh aon suim socair amhlaidh faoin bhfo-alt sin (2), cúig scilling.

(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt ó am go ham, le hordú, cibé suim, is mó ná cúig scilling, is dóigh leis a bheith réasúnach chun críocha fo-alt (1) den alt seo a shocrú, agus féadfaidh sé, le hordú, aon ordú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Díolúintí le haghaidh teagmhas speisialta.

1854. c. 103.

10. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndéanfar, ar iarratas chun Breitheamh den Chúirt Dúiche ó shealbhóir ceadúnais i leith áitribh in aon líomatáiste nach bhfuil i gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, a shuíomh chun sástachta na Cúirte go bhfuil formheas formhór na ndaoine is sealbhóirí ceadúnas i leith áitreabh sa líomatáiste sin leis an iarratasagus go mbaineann sé le tréimhse a mbeidh teagmhas speisialta nó teagmhais speisialta de shórt sa líomataiste sin nó in aice leis gur tréimhse í ar dóigh, i dtuairim na Cúirte, tarraingt uimhir an-mhór daoine a bheith ar an líomatáiste sin, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur inmhianaithe é sin a dhéanamh mar áis do na daoine sin, tar éis éisteacht a thabhairt don oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste sin, ordú a dhéanamh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, ag díolmhadh daoine is sealbhóirí ceadúnas i leith áitreabh sa líomatáiste sin ó fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin maidir le tráthanna toirmiscthe i leith na n-áitreabh sin cibé tráthanna agus cibé laethanta i rith na tréimhse is oiriúnach léi: ar choinníoll, má bhíonn níos mó ná naoi lá sa tréimhse sin a dúradh, go mbeidh de theorainn leis an díolúine nach mbeidh feidhm aici ach maidir le cibé tráthanna agus cibé laethanta is oiriúnach leis an gCúirt i rith tréimhse nó tréimhsí (nach mó ná trí cinn) nach faide ná naoi lá san iomlán.

(2) Féadfaidh aon duine ar dóigh leis an gCúirt Dúiche leas bona fide a bheith aige san ábhar láithriú agus fianaise a thabhairt le linn iarratas faoin alt seo a bheith á éisteacht.

(3) Ní thabharfaidh an Chúirt Dúiche aird ar iarratas faoin alt seo mura deimhin léi agus go dtí gur deimhin léi go ndearna an t-iarratasóir, tráth nach lú ná seacht lá roimh an dáta a mbeartaítear an t-iarratas a dhéanamh, fógra i scríbhinn ag insint go rabhthas ar intinn an t-iarratas a dhéanamh a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-iarratas agus gur fhoilsigh sé an fógra i nuachtán a léitear sa líomatáiste sin.

(4) Ní mó ná trí ordú faoin alt seo ag a mbeidh éifeacht aon bhliain áirithe a dhéanfar maidir le haon líomatáiste áirithe agus, i gcás ina ndéanfar níos mó orduithe ná ordú amháin ag a mbeidh éifeacht aon bhliain áirithe maidir le líomatáiste áirithe ní mó ná naoi lá san iomlán an méid laethanta lena mbainfidh na horduithe agus laethanta comhleanúnacha a bheidh sna laethanta sin nó beidh isad roinnte ina dtrí tréimhse ar leithligh ar a mhéid agus lá nó laethanta comhleanúnacha i ngach tréimhse acu.

(5) Má chomhlíonann agus fad a chomhlíonfaidh duine a mbeidh ordú deonaithe ina leith faoin alt seo na coinníollacha ar faoina réir a deonaíodh an t-ordú, beidh sé díolmhaithe na tráthanna a shonraítear san ordú ó aon phionós mar gheall ar shárú a dhéanamh ar na forálacha de na hAchtanna Ceadúnúcháin a bhaineann le tráthanna toirmiscthe i leith an áitribh lena mbainfidh an t-ordú, ach ní bheidh ó aon phionós eile faoi na hAchtanna sin.

(6) Ní dhéanfaidh ordú faoin alt seo sealbhóir ceadúnais is ceadúnas sé lá a dhíolmhadh ó fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin a bhaineann le tráthanna toirmiscthe ar an Domhnach.

(7) Más rud é, ar iarratas a dhéanamh chun Breitheamh den Chúirt Dúiche, go suífear chun sástachta na Cúirte go bhfuil formheas formhór na ndaoine is sealbhóirí ar-cheadúnas i leith áitreabh i líomatáiste a ndearnadh ordú faoin alt seo ina leith, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith roimh thosach na tréimhse lena mbainfidh an t-ordú, an t-ordú a chúlghairm agus, ar an gcúlghairm sin, measfar, chun críocha an ailt seo, nach ndearnadh an t-ordú riamh.

(8) Chun críocha an ailt seo agus an dá alt díreach ina dhiaidh seo, folóidh líomatáiste atá i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile, i mbaile (cibé acu atá nó nach bhfuil coimisinéirí air faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854) nó i sráidbhaile iomlán na buirge sin, an bhaile sin nó an tsráidbhaile sin, de réir mar a bheidh, agus aon limistéir fhoirgnithe ina thimpeall.

Ceadúnais ócáideacha.

1862. c. 22.

1863. c. 33.

1864. c. 18.

11. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ar iarratas chun Bhreitheamh den Chúirt Dúiche ó shealbhóir ar-cheadúnais, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, agus más deimhin léi go bhfuil teagmhas speisialta á sheoladh in aon áit nach bhfuil aon cheadúnas chun deoch mheisciúil a dhíol ag gabháil leis, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas ócáideach san alt seo) a dheonú don iarratasóir á údarú dó cibé deoch mheisciúil a cheadaítear dó a dhíol leis an ar-cheadúnas a dúradh a dhíol san áit sin cibé tráthanna agus cibé laethanta (nach mó ná trí lá) a shonrófar as cheadúnas.

(2) (a) Ní dheonófar ceadúnas ócáideach le haghaidh dinnéir mura mar dhálas speisialta le haghaidh siamsa do chomhaltaí comhlachais nó eagrais áirithe nó grúpa áirithe eile dá shamhail a eagrófar é.

(b) Ní dheonófar ceadúnas ócáideach le haghaidh rince mura rud é—

(i) gur in áit seachas faoin aer nó i bpuball, ollphuball nó déanmhas eile dá shamhail a sheolfar é, agus

(ii) (I) gur mar dhálas speisialta le haghaidh siamsa do chomhaltaí comhlachais áirithe nó eagrais áirithe nó grúpa áirithe eile dá shamhail a eagrófar é agus go ndéanfar béile tacúil (a mbeidh a phraghas (más aon phraghas é ar áireamh ar an bpraghas (más aon phraghas é) chun dul isteach go dtí an rince) a dháileadh ar na daoine a bheidh ag an rince, nó

(II) go seolfar é go hiomlán nó go páirteach lá ar lá fleáchais speisialta é, i dtuairim na Cúirte, i gcoitinne nó sa líomatáiste ina bhfuil an áit lena mbainfidh an ceadúnas.

(3) Ní dheonófar ceadúnais ócáideacha de bhun chlásal (I) d'fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo i leith aon áitribh in aghaidh níos mó ná sé lá éagsúla i rith bliana.

(4) Beidh de choinníoll i gceadúnas ócáideach a dheonófar le haghaidh dinnéir nó rince nach ndíolfar deoch mheisciúil de bhun an cheadúnais ach le daoine a bheidh ag an dinnéar nó ag an rince lena mbainfidh an ceadúnas.

(5) Ní dheonófar ceadúnas ócáideach in aghaidh aon Dombnaigh, aon Lá Nollag nó aon Aoine an Chéasta.

(6) Féadfaidh aon duine ar dóigh leis an gCúirt Dúiche leas bona fide a bheith aige san ábhar láithriú agus fianaise a thabhairt le linn iarratas faoin alt seo a bheith á éisteacht.

(7) Ní thabharfaidh an Chúirt Dúiche aird ar iarratas faoin alt seo mura deimhin léi go ndearna an t-iarratasóir, tráth nach lú ná ocht n-uaire is daichead a chloig sula ndearna sé an t-iarratas, fógra i scríbhinn ag insint go raibh ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh, ag insint a ainm agus a sheoladh agus an áit, an ócáid agus an tráth dá mbeidh an ceadúnas ócáideach lena mbainfidh an t-iarratas ag teastáil a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbainfidh an t-iarratas.

(8) Oibreoidh ceadúnas ócáideach chun an duine dá ndeonófar é a dhíolmhadh (má chomhlíonann agus fad a chomhlíonfaidh sé na coinníollacha ar faoina réir a dheonófar é agus go ndéanfar an teagmhas speisialta dá ndeonófar an ceadúnas a sheoladh de réir na bhforálacha iomchuí d'fho-ailt (2) agus (10) den alt seo) ó na forálacha de na hAchtanna Ceadúnúcháin a bhaineann le díol agus soláthar dí meisciúla san áit agus i rith an trátha dá ndeonófar an ceadúnas.

(9) Na forálacha de na hAchtanna Ceadúnúcháin a cheanglaíonn go bhformhuineofar cion ar cheadúnas ní bheidh feidhm acu maidir le cion a dhéanfar i leith ceadúnais ócáidigh.

(10) Ní dheonófar ceadúnas ócáideach d'aon tráth i ndiaidh a deich a chlog tráthnóna ná roimh a hocht a chlog ar maidin mura dinnéar nó rince an teagmhas lena mbainfeadh an ceadúnas.

(11) (a) Aisghairtear leis seo alt 13 den Revenue Act; 1862, alt 20 den Revenue Act, 1863, alt 5 den Revenue (No. 1) Act, 1864, agus alt 6 d'Acht 1927 a mhéid a bhaineann siad le ceadúnais á údarú deoch mheisciúil a dhíol.

(b) D'ainneoin mír (a) den fho-alt seo, féadfar ceadúnas chun deoch mheisciúil a dhíol a dheonú tar éis tosach feidhme an Achta seo de bhun toiliú a tugadh faoi fho-alt (2) den alt sin 6 roimh an tosach feidhme sin agus aon cheadúnas a bheifear tar éis a dheonú (cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó dá éis sin) i leith teagmhas a sheolfar tar éis an tosach feidhme sin de bhun toiliú den sórt sin leanfaidh sé i bhfeidhm, ach—

(i) má dheonaítear ceadúnas de bhun toiliú faoin bhfo-alt sin (2) a ndearnadh iarratas ina leith chun na Cúirte Dúiche tar éis an 19ú lá d'Aibreán, 1962, agus

(ii) má bhaineann sé le rince a sheolfar níos mó ná mí tar éis an tosach feidhme sin,

measfar é a bheith mar choinníoll sa cheadúnas go ndáilfear béile tacúil ar na daoine a bheidh ag an rince.

Orduithe díolúine speisialta.

1935, Uimh. 2 .

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 (a bhaineann le horduithe díolúine speisialta) d'Acht 1927, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1960):

“(5) San alt seo ciallaíonn ‘ócáid speisialta‘—

(a) (i) ócáid teagmhais speisialta a eagrófar mar shiamsa do chomhaltaí comhlachais áirithe nó eagrais áirithe nó grúpa áirithe eile dá shamhail, nó

(ii) ócáid dálais phríobháidigh san áitreabh ar maidir leis a bheifear ag lorg an ordaithe dhíolúine speisialta agus a ndéanfar lena linn béile tacúil (a mbeidh a phraghas (más aon phraghas é) ar áireamh ar an bpraghas (más aon phraghas é) chun dul isteach chun an dálais) a dháileadh ar na daoine a bheidh ag an teagmhas.

(b) ócáid rince a sheolfar i mbálseomra a bheidh ceadúnaithe faoin Acht um Hallaí Rinnce Poiblí, 1935, agus is cuid den áitreabh ar maidir leis a bheifear ag lorg an ordaithe dhíolúine speisialta agus is rince a ndéanfar lena linn béile tacúil (a mbeidh a phraghas (más aon phraghas é) ar áireamh ar an bpraghas (más aon phraghas é) chun dul isteach go dtí an rince) a dháileadh ar na daoine a bheidh ag an rince, nó

(c) ócáid rince a sheolfar i mbálseomra den sórt sin lá ar lá fleáchais speisialta é, i dtuairim na Cúirte, i gcoitinne nó sa líomatáiste ina bhfuil an t-áitreabh.

(6) Ní dheonófar orduithe díolúine speisialta de bhun mhír (c) d'fho-alt (5) den alt seo maidir le haon áitreabh in aghaidh níos mó ná sé lá éagsúla i rith bliana.

(7) Beidh in ordú díolúine speisialta, mar cheann dá théarmaí, coinníoll nach ndíolfar deoch mheisciúil ag an teagmhas lena mbainfidh an t-ordú, i rith na n-uaire a chloig a shonrófar san ordú, le daoine seachas na daoine a bheidh i láthair ag an teagmhas agus nach ligfear daoine den phobal, seachas daoine a bheidh i láthair ag an teagmhas, isteach sa chuid den áitreabh ina mbeidh deoch mheisciúil á soláthar nó á hól de bhun an ordaithe.

(8) D'ainneoin forálacha fo-alt (3) den alt seo, féadfar ordú díolúine speisialta a dheonú i leith Domhnach arb é Lá Caille, Oíche Lá Caille nó Lá Fhéile Pádraig é.

(9) Beidh de choinníoll in ordú díolúine speisialta go ndéanfar an teagmhas speisialta, an dálas príobháideach nó an rince ar maidir leis a dheonófar é a sheoladh de réir forálacha iomchuí fo-alt (5) den alt seo.”

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le horduithe díolúine speisialta a deonaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo:

(a) aon ordú a bheidh arna dheonú de bhun iarratas a rinneadh roimh an 19ú lá d'Aibreán, 1962, nó i leith teagmhas a bheidh ar siúl laistigh de mhí ó thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé i bhfeidhm, agus

(b) leanfaidh aon ordú eile i bhfeidhm ach measfar é bheith de choinníoll san ordú:

(i) nach ndíolfar deoch mheisciúil ag an teagmhas lena mbainfidh an t-ordú, i rith na n-uaire a chloig a shonrófar san ordú, ach leis na daoine a bheidh i láthair ag an teagmhas, agus nach ligfear daoine den phobal, seachas daoine a bheidh i láthair ag an teagmhas, isteach sa chuid den áitreabh lena mbainfidh an t-ordú agus ina mbeidh deoch mheisciúil á soláthar nó á hól de bhun an ordaithe, agus

(ii) go ndáilfear béile tacúil ar na daoine a bheidh i láthair ag an teagmhas lena mbainfidh an t-ordú.

Féilchlubanna.

13. —(1) I gcás inar deimhin leis an gCúirt Dúiche, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi alt 11 den Acht seo nó faoi alt 5 d'Acht 1927—

(a) go bhfuil féile á seoladh arb éard í, ar fad nó go formhór, taibhithe ceoil, rince nó drámaí nó taispeántais scannán nó aon chonáscadh de thaibhithe nó de thaispeántais den sórt sin, agus

(b) go bhfuil club bona fide bunaithe ag lucht eagraithe na féile agus arb éard iad a chomhaltaí daoine a bheidh ag taibhiú le linn na féile nó daoine a d'íoc ranníoc amháin a dtugann a íoc teideal dóibh a bheith i láthair ag gach teagmhas den fhéile nó ag gach teagmhas d'aicme áirithe, is aicme ar cuid shuaithinseach den fhéile í, nó ag teagmhas amháin, ar a laghad, gach lá de chúig lá leanúnacha nó níos mó, agus

(c) go bhfuil dálas sóisialta á sheoladh in áit nach bhfuil aon cheadúnas chun deoch mheisciúil a dhíol ag gabháil leis nó is óstán nó proinnteach ag comhaltaí an chlub, is dálas a bhíonn ar siúl i rith tréimhse na féile nó dálas a thosaíonn lá deiridh na féile agus a chríochnaíonn an lá sin nó an lá tar éis an lae sin,

féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin aon ní atá in alt 11 den Acht seo nó in alt 5 d'Acht 1927, agus, cibé acu a bheifear nó nach mbeifear chun béile tacúil a dháileadh ar dhaoine a bheidh i láthair ag an dálas, ceadúnas ócáideach nó ordú díolúine speisialta, de réir mar is iomchuí, a dheonú, ar cibé coinníollacha is cuí léi, á údarú don duine a dhéanfaidh an t-iarratas, ar sealbhóir ar-cheadúnais é i gcás iarratas ar cheadúnas ócáideach agus ar sealbhóir ar-cheadúnais é i leith an áitribh lena mbainfidh an t-ordú í gcás iarratas ar ordú díolúine speisialta, cibé deoch mheisciúil a údaraíonn an t-ar-cheadúnas a dúradh dó a dhíol, san áit ina mbeidh an dálas á sheoladh, i rith cibé tráthanna agus (faoi réir fo-alt (5) d'alt 11 den Acht seo nó fo-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1927) cibé lá nó laethanta a shonrófar sa cheadúnas nó san ordú.

(2) Beidh de choinníoll i gceadúnas ócáideach nó in ordú díolúine speisialta a dheonófar maidir le dálas sóisialta de bhua an ailt seo nach ndíolfar deoch mheisciúil de bhun an cheadúnais nó an ordaithe ach le comhaltaí den chlub ag a mbeidh an dálas á sheoladh agus le daoine ag a mbeidh cuireadh chun an dálais (is cuireadh scríofa a luafaidh ainm an duine dá dtugtar an cuireadh agus a eisíodh tráth nach déanaí ná ceithre huaire is fiche a chloig roimh thosach an dálais) ó lucht eagraithe na féile ar lena linn a sheolfar an dálas go gcoinneoidh lucht eagraithe na féile liosta d'ainmneacha chomhaltaí an chlub agus na ndaoine a fuair cuireadh chun an dálais, go bhféadfaidh an Garda Síochána an liosta a iniúchadh agus go seolfar an dálas de réir na bhforálacha iomchuí d'alt 11 den Acht seo agus d'alt 5 d'Acht 1927 agus den alt seo.

(3) Ní dheonófar ceadúnas ócáideach ná ordú díolúine speisialta le haghaidh dálais shóisialta de bhua an ailt seo mura suífear chun sástachta na Cúirte go bhfuil tacaíocht lucht eagraithe na féile ar lena linn a sheolfar an dálas leis an iarratas.

(4) Ní ghéillfear d'iarratas de bhua an ailt seo i leith níos mó ná aon dálas sóisialta amháin aon lá maidir le haon fhéile.

(5) San alt seo tá le “óstán” agus le “proinnteach” na bríonna a shanntar do “tigh ósta” agus do “tigh bídh” le hAcht 1927.

Teagmhais speisialta i gclubanna spóirt.

14. —(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ó rúnaí chlub chláraithe (de réir bhrí Achtanna Clárú na gClubanna) arb é a phríomh-chuspóir aon chaitheamh aimsire, spórt, cluiche nó siamsa faoin aer a chothú i measc a chomhaltaí, údarás a thabhairt, d'ainneoin na bhforálacha a bheidh i rialacha an chlub de bhun na nAchtanna sin, chun go bhféadfaidh an club, nó go bhféadfar le toiliú an chlub, deoch inmháil a dhíol le haon duine nó a sholáthar d'aon duine lena hól i bhfoirgintí nó ar fhearann an chlub, agus chun go bhféadfaidh aon duine deoch inmháil a ól i bhfoirgintí nó ar fhearann an chlub, cibé tráthanna a shonrófar san údarás ar ócáid teagmhais speisialta sa chlub, ar dóigh dó, i dtuairim na Cúirte, cuid mhór daoine a tharraingt chun an chlub.

(2) Ní dheonófar údarás faoin alt seo i leith club maidir le níos mó ná teagmhas amháin in imeacht bliana agus ní rachaidh tréimhse an údaráis thar cúig lá chomhleanúnacha, ach ní údaróidh sé deoch mheisciúil a sholáthar ná a ól aon lá i rith na tréimhse sin nach mbeidh an teagmhas lena mbaineann sé ar siúl.

(3) Beidh sé dleathach, agus measfar nach sárú ar rialacha an chlub, deocha meisciúla a dhíol, a sholáthar agus a ól i bhfoirgintí nó ar fhearann club de bhun údaráis faoin alt seo.

Orduithe díolúine ginearálta.

15. —(1) Ní dhéanfar ordú díolúine ginearálta mar áis do dhaoine a bheidh ag freastal ar mhargadh nó aonach poiblí a dheonú in aghaidh aon lae in aghaidh aon ama roimh a cúig a chlog ar maidin ná in aghaidh aon ama—

(a) i rith tréimhse ama shamhraidh, tar éis leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(b) i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna.

(2) Ní dhéanfar ordú díolúine ginearálta mar áis do dhaoine a bhíonn ag gabháil d'aon trádáil nó gairm dhleathach (seachas iascaireacht in uiscí taoide) a dheonú in aghaidh aon lae roimh a seacht a chlog ar maidin ná in aghaidh aon ama—

(a) i rith tréimhse ama shamhraidh, tar éis leathuair tar éis an haon déag a chlog tráthnóna, ná

(b) i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna.

(3) Ní dheonófar ordú díolúine ginearálta i leith áitribh i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath mura raibh ordú díolúine ginearálta i bhfeidhm i leith an áitribh an 19ú lá d'Aibreán, 1962, nó aon am i rith an dá bhliain díreach roimh an dáta sin.

(4) Ní dhéanfaidh na forálacha roimhe seo den alt seo difir do bhailíocht orduithe díolúine ginearálta a deonaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, ach beidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis na horduithe sin a athnuachan.

(5) San alt seo ciallaíonn “ordú díolúine ginearálta” ordú arna dheonú faoi alt 4 d'Acht 1927.

Díolúintí do ghnó ceadúnaithe iarnóin Dé Domhnaigh.

16. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndéanfar, ar iarratas chun Breitheamh den Chúirt Dúiche ó shealbhóir ceadúnais (nach ceadúnas sé lá) i leith áitribh in aon líomatáiste nach bhfuil i gcontae-bhuirg ná i mbuirg eile, a shuíomh chun sástachta na Cúirte go bhfuil formheas formhór na ndaoine is sealbhóirí ar cheadúnais den sórt sin i leith áitreabh sa líomatáiste sin leis an iarratas, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur inmhianaithe sin a dhéanamh toisc imthoscaí sa líomatáiste, ordú a dhéanamh ag díolmhadh na ndaoine go léir is sealbhóirí ar cheadúnais den sórt sin i leith áitreabh sa líomatáiste sin ó fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin maidir le tráthanna toirmiscthe i leith na n-áitreabh sin i rith na tréimhse idir a dó dhéag a chlog agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin ar an Domhnach agus Lá Fhéile Pádraig.

(2) Ní dhéanfaidh an Chúirt Dúiche ordú faoin alt seo in aghaidh tréimhse ar dóigh d'uimhir an-mhór daoine sa líomatáiste lena mbainfeadh an t-ordú a bheith ag freastal ar Sheirbhís Diaga lena linn nó le linn coda di.

(3) Féadfaidh aon duine ar dóigh leis an gCúirt Dúiche leas bona fide a bheith aige san ábhar láithriú agus fianaise a thabhairt le linn iarratas faoin alt seo a bheith á éisteacht.

(4) Mura gcúlghairfear roimhe sin faoin alt seo é, fanfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm go dtí an dáta (más aon dáta é) a shonrófar san ordú a rachaidh sé in éag nó go dtí dáta na céad-chúirte dúiche bliantúla um cheadúnú eile don líomatáiste lena mbainfidh sé, cibé dáta acu is túisce.

(5) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ó aon duine ar dóigh leis an gCúirt leas bona fide a bheith aige san ábhar, ordú faoin alt seo a chúlghairm más deimhin leis, tar éis an duine arbh ar iarratas uaidh a deonaíodh an t-ordú agus aon duine eile ar dóigh leis an gCúirt leas bona fide a bheith aige san ábhar a éisteacht, gur inmhianaithe é sin a dhéanamh.

(6) Aon uair a bheidh ordú i bhfeidhm faoin alt seo maidir le haon áitreabh, beidh sealbhóir an cheadúnais maidir leis an áitreabh sin díolmhaithe ar an Domhnach agus Lá Fhéile Pádraig i rith na tréimhse idir a dó dhéag a chlog agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin ó aon phionós mar gheall ar shárú a dhéanamh ar na forálacha de na hAchtanna Ceadúnúcháin a bhaineann le tráthanna toirmiscthe i leith an áitribh sin, ach ní bheidh ó aon phionós eile faoi na hAchtanna sin.

(7) Ní thabharfaidh an Chúirt Dúiche aird ar iarratas faoi fho-alt (1) nó (5) den alt seo mura deimhin léi agus go dtí gur deimhin léi go ndearnadh, deich lá ar a laghad roimh an dáta a mbeartófar an t-iarratas a dhéanamh, fógra i scríbhinn, ag insint é a bheith ar intinn an t-iarratas a dhéanamh a thabhairt don oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbainfidh an t-iarratas agus gur foilsíodh an fógra seacht lá ar a laghad roimh an dáta sin i nuachtán a léitear sa líomatáiste sin.

Díolúintí le haghaidh gnó neamhcheadúnaithe maidineacha Domhnaigh.

17. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndéanfar, ar iarratas chun Breitheamh den Chúirt Dúiche ó shealbhóir ceadúnais (nach ceadúnas a deonaíodh de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902) i leith áitribh in aon líomatáiste nach bhfuil i gcontae-bhuirg ná i mbuirg eile, a shuíomh chun sástachta na Cúirte go bhfuil formheas formhór na ndaoine is sealbhóirí den sórt sin i leith áitreabh sa líomatáiste sin leis an iarratas, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur inmhianaithe sin a dhéanamh toisc imthoscaí sa líomatáiste, ordú a dhéanamh á cheadú do na daoine go léir is sealbhóirí ar cheadúnais den sórt sin i leith áitreabh sa líomatáiste sin na háitribh a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun aon ghnó a sheoladh seachas deoch mheisciúil a dhíol nó a sholáthar i rith aon tréimhse áirithe amháin a shonrófar san ordú agus nach faide ná cúig nóiméad is daichead maidineacha Domhnaigh agus maidin Lá Fhéile Pádraig.

(2) Ní dhéanfaidh an Chúirt Dúiche ordú faoin alt seo in aghaidh tréimhse ar dóigh d'uimhir an-mhór daoine sa líomatáiste lena mbainfeadh an t-ordú a bheith ag freastal ar Sheirbhís Diaga lena linn nó le linn coda di.

(3) Féadfaidh aon duine ar dóigh leis an gCúirt Dúiche leas bona fide a bheith aige sa ghnó láithriú agus fianaise a thabhairt ar iarratas faoin alt seo a bheith á éisteacht.

(4) Mura gcúlghairfear roimhe sin faoin alt seo é, fanfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm go dtí an dáta (más aon dáta é) a shonrófar san ordú a rachaidh sé in éag nó go dtí dáta na céad-chúirte dúiche bliantúla um cheadúnú eile don líomatáiste lena mbainfidh sé, cibé dáta acu is túisce.

(5) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ó aon duine ar dóigh leis an gCúirt leas bona fide a bheith aige san ábhar, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú más deimhin leis, tar éis an duine ar ar iarratas uaidh a deonaíodh an t-ordú agus aon duine eile ar dóigh leis an gCúirt leas bona fide a bheith aige san ábhar a éisteacht, gurb inmhianaithe sin a dhéanamh.

(6) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Ceadúnúcháin, ní mheasfar gurb ionann áitreabh a oscailt nó a choimeád ar oscailt de bhun ordú faoin alt seo agus an t-áitreabh a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil a dhíol.

(7) Ní thabharfaidh an Chúirt Dúiche aird ar iarratas faoi fho-alt (1) nó (5) den alt seo mura deimhin léi agus go dtí gur deimhin léi go ndearnadh, deich lá ar a laghad roimh an dáta a mbeartófar an t-iarratas a dhéanamh, fógra i scríbhinn ag insint é a bheith ar intinn an t-iarratas a dhéanamh a thabhairt don oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbainfidh an t-iarratas agus gur foilsíodh an fógra seacht lá ar a laghad roimh an dáta sin i nuachtán a léitear sa líomatáiste sin.

Ceadúnais do rás-rianta cúnna.

1958. Uimh. 12.

18. —(1) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Ceadúnúcháin, is dleathach do na Coimisinéirí Ioncaim go ndeonóidh siad, ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais rás-riain cúnna, don sealbhóir sin nó do dhuine a ainmneoidh sé—

(a) ceadúnas chun deoch mheisciúil a dhíol ag an rás-rian lena mbainfidh an ceadúnas rás-riain cúnna chun í a ól ag an rás-rian, agus

(b) athnuachan ar cheadúnas a deonaíodh don sealbhóir sin nó don duine sin de bhun an ailt seo i leith an rásriain sin.

(2) D'ainneoin aon ní atá in Acht 1927, aon cheadúnas a dheonófar faoin alt seo i leith rás-riain cúnna oibreoidh sé, i gcaitheamh cibé tréimhse a bheidh an ceadúnas rás-riain cúnna maidir leis an rian i bhfeidhm, chun a údarú deoch mheisciúil a dhíol agus a ól ag an rian, áitreabh a choimeád ar oscailt ag an rian sin chun an díol sin a dhéanamh, agus an t-ól sin a cheadú, ar aon ócáid a bheidh—

(a) rás-chruinniú cúnna,

(b) díol cúnna, nó

(c) trialacha cúnna,

ar siúl ag an rian sin i rith na tréimhse—

(i) dar tosach tríocha nóiméad roimh thosach an rás-chruinnithe, an díola nó na dtrialacha, de réir mar a bheidh, agus

(ii) dar críoch, i gcás rás-chruinniú, an t-am a thosóidh an rás deireannach den chruinniú, agus, i gcás díola nó trialacha, an t-am a bheidh deireadh leis an díol nó leis na trialacha, de réir mar a bheidh,

ach ní oibreoidh sé i gcaitheamh aon tréimhse eile.

(3) Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na hailt seo a leanas maidir le háitreabh a bheidh ceadúnaithe faoin alt seo, is é sin, ailt 4 agus 5 d'Acht 1927 agus ailt 10, 11, 16 agus 17 den Acht seo.

(4) (a) San alt seo—

ní fholaíonn “díol cúnna” agus “trialacha cúnna” díol ná trialacha, de réir mar a bheidh, a sheolfar ag rás-rian cúnna an lá céanna a bheidh rás-chruinniú cúnna ar siúl ag an rian sin ach sin tar éis an ráschruinnithe sin;

ciallaíonn “ceadúnas rás-riain cúnna” ceadúnas faoi alt 22 d'Acht Tionscail na gCon, 1958 ,

(b) Má mhaireann rás-chruinniú cúnna, díol cúnna nó trialacha cúnna ar feadh níos mó ná lá amháin, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb éard í an chuid den rás-chruinniú, den díol nó de na trialacha sin, de réir mar a bheidh, a sheolfar aon lá áirithe cruinniú nó díol faoi leith, nó trialacha faoi leith, de réir mar a bheidh.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1902.

19. —Leasaítear leis seo alt 4 (a dhéanann foráil i dtaobh ceadúnais nua a dheonú i gcásanna áirithe a mbeidh méadú daonra ann) d'Acht 1902 trí na focail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “part of the parish” “or for premises situate in a parish in which the increase aforesaid has not taken place if the premises are situate in the city or town and either—

(a) the city or town is within the parish and there is an increase in population in the area comprising the city or town, or

(b) a part only of the city or town is within the parish and there is an increase in population in the area comprising such part,

and the licence is in substitution for an existing licence or licences held in respect of premises situate in the city or town aforesaid and in the parish aforesaid.”.

Srian le halt 4 d'Acht 1902, le hailt 21 agus 22 d'Acht 1943 agus le hailt 13. 14. 19 agus 27 d'Acht 1960.

20. —(1) Ní ghéillfear d'iarratas chun na Cúirte Cuarda faoi alt 4 d'Acht 1902, faoi alt 21 nó 22 d'Acht 1943 nó faoi alt 13, 14 nó 27 d'Acht 1960 (ailt a bhaineann le ceadúnais nua a dheonú i gcúinsí áirithe ar cheadúnais láithreacha a mhúchadh) más é a bheidh sa cheadúnas nó i gceachtar de na ceadúnais, de réir mar a bheidh, a bheadh le múchadh dá ngéillfí don iarratas agus go ndeonófaí ceadúnas de bhun an ailt faoina ndéanfar an t-iarratas, ceadúnas arna dheonú de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902, nó faoi alt 18 den Acht seo.

(2) (a) Ní ghéillfear d'iarratas chun na Cúirte Cuarda faoi alt 13 d'Acht 1960 i leith áitribh in áit nach lú ná míle, arna thomhas ar feadh an bhealaigh phoiblí is giorra, ó áitreabh a bhfuil i bhfeidhm ina leith ceadúnas a deonaíodh den chéad uair an 4ú lá d'Iúil, 1960, nó roimhe sin agus ar ceadúnas comhghné é leis an gceadúnas a bheadh le deonú dá ngéillfí don iarratas.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo measfar gur ceadúnais chomhghné na har-cheadúnais go léir.

(3) Ní ghéillfear d'iarratas faoi alt 19 (a bhaineann le hiarratais chun na Cúirte Dúiche chun bearanna poiblí a cheadú in óstlanna áirithe) d'Acht 1960, más ceadúnas arna dheonú faoi alt 18 den Acht seo a bheadh sa cheadúnas a bheadh le múchadh dá ngéillfí don iarratas.

(4) Ní bheidh éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo—

(a) maidir le hiarratas ar tugadh fógra ina thaobh, de bhun rialacha cúirte, don Chláraitheoir Contae iomchuí nó don chléireach Cúirte Dúiche iomchuí roimh thosach feidhme an Achta seo, ná

(b) maidir le hiarratas go ndeonófar deimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir ceadúnas a fháil i leith aon áitribh a suífear ina thaobh chun sástachta na Cúirte le linn é a bheith á éisteacht go ndearna an Chúirt dearbhú i leith an áitribh sin faoi fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1960 roimh thosach feidhme an Achta seo nó gur tugadh fógra i dtaobh iarratas ag iarraidh dearbhú den sórt sin, de bhun rialacha cúirte, don Chláraitheoir Contae iomchuí nó don Chléireach Cúirte Dúiche iomchuí roimh thosach feidhme an Achta seo, agus go ndearnadh an dearbhú sin (cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó dá éis).

Srian le ciontuithe áirithe a thaifeadadh ar cheadúnais.

21. —I gcás duine a chiontú (cibé acu roimh an Acht seo i rith nó dá éis), maidir le haon áitreabh a mbeidh ceadúnas aige ina leith chun deochanna meisciúla a dhíol ar mionreic agus atá i gceantar Cúirte Bhéal Átha na Muice, i níos mó ná cion amháin (is ciontaí a ndearnadh gach cion acu i rith na tréimhse ón 19ú lá de Bhealtaine, 1961, go dtí an 23ú lá de Bhealtaine, 1961) agus a mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo, níos mó ná ceann amháin de na ciontaí le taifeadadh faoi alt 25 d'Acht 1927 ar an gceadúnas, ní thaifeadfar amhlaidh níos mó ná ceann amháin de na ciontaí.

Feithiclí ainmhítharraingte a locadh in áitreabh ceadúnaithe.

22. —D'ainneoin aon ní atá in alt 17 (a bhaineann leis an gcion arb éard é a bheith in áitreabh ceadúnaithe i rith tráthanna toirmiscthe) d'Acht 1927, ní bheidh sé neamhdhleathach ag duine a bheith in aon chlós, stábla, cró, seid nó áit eile dá shamhail is cuid d'áitreabh a bhfuil ceadúnas i bhfeidhm maidir leis agus nach bhfuil i gcontae-bhuirg ná i mbuirg eile ar Dhomhnach, Lá Fhéile Pádraig, Lá Nollag nó Aoine an Chéasta, d'aonghnó chun feithicil ainmhí-tharraingte a fhágáil ansin, aire a thabhairt don fheithicil nó í a thabhairt chun siúil as.

Toimhdeofar ceadúnas a bheith ann i gcás ionchúiseamh áirithe.

23. —In ionchúiseamh i leith ciona maidir le tráthanna toirmiscthe i leith áitribh—

(a) toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil ceadúnas den ghné agus de réir na gcoinníollacha (más ann) a líomhnaíonn an t-ionchúiseamh i bhfeidhm i leith an áitribh, agus

(b) má chruthaíonn an cosantóir nach raibh, an tráth a líomhnaítear a rinne sé an cion ina mbeifear á chúiseamh, ceadúnas i bhfeidhm i leith an áitribh, déileáfaidh an Chúirt ar os a comhair a éistfear an

t-ionchúiseamh leis an gcúiseamh mar chúiseamh i gcion contrártha d'alt 7 (a thoirmisceann deoch mheisciúil a dhíol gan cheadúnas) d'Acht 1924, agus ní fhreaschuirfear aontú faoin alt sin 7 ar an bhforas amháin go bhfuair an cosantóir ceadúnas i leith an áitribh ina dhiaidh sin.

Ciontuithe áirithe a thaifeadadh ar cheadúnais a gheofar tar éis ciontú.

24. —I gcás, tar éis tosach feidhme an Achta seo—

(a) ina gciontófar duine i leith áitribh i gcion faoi alt 7 (a thoirmisceann deoch mheisciúil a dhíol gan cheadúnas) d'Acht 1924.

(b) gur shealbhóir ar cheadúnas i leith an áitribh an duine dhá mhí dhéag ar a mhéid roimh thráth an chiona, agus

(c) go dtiocfaidh an duine chun bheith ina shealbhóir ar cheadúnas i leith an áitribh tar éis tráth an chiontaithe,

measfar gur cion lena mbaineann Cuid III (a bhaineann le ceadúnais a fhormhuiniú) d'Acht 1927 an cion agus measfar, chun críocha na Coda sin, go raibh an ceadúnas i bhfeidhm agus ag an duine tráth an chiontaithe, agus, dá réir sin, taifeadfar an ciontú ar an gceadúnas faoin gCuid sin.

Cruthú ar cheadúnais i gcásanna áirithe.

25. —In iarratas chun na Cúirte Dúiche faoi alt 10, 16 nó 17 den Acht seo maidir le haon cheantar Cúirte—

(a) aon deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gCléireach Cúirte Dúiche don cheantar sin agus á dheimhniú gurb éard é liosta atá ann liosta de na daoine go léir is sealbhóirí, i leith áitreabh sa cheantar sin nó sa chuid de lena mbainfidh an t-iarratas, de réir mar a bheidh, ar dheimhnithe ón gCúirt nach foláir a thabhairt ar aird chun ceadúnais a dheonú nó a athnuachan, beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú nó gurbh é ba Chléireach Cúirte Dúiche don cheantar sin, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe a dheimhnítear sa deimhniú agus leis, agus

(b) toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, an ceadúnas lena mbaineann gach deimhniú a bheidh sonraithe sa liosta a bheith i bhfeidhm an tráth a thabharfar an liosta i bhfianaise.

Aitreabh óil neamhcheadúnaithe.

26. —(1) San alt seo ciallaíonn “áitreabh óil neamhcheadúnaithe” áitreabh nach bhfuil ar-cheadúnas ag gabháil leis, nach áitreabh le club atá cláraithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna agus a úsáidtear nó a chuirtear ar fáil chun daoine a ghnáthaíonn an t-áitreabh sin d'ól dí meisciúla ann, seachas áititheoir bona fide an áitribh, duine de theaghlach an áititheora, duine a chónaíonn san áitreabh nó a bhíonn ag obair ann (dá ngairtear daoine eiscthe san alt seo) nó aí príobháideach bona fide d'aon duine acu sin.

(2) Ní dleathach do dhuine bheith in áitreabh óil neamhcheadúnaithe nó deoch mheisciúil a ól ann mura duine eiscthe é nó aí príobháideach bona fide do dhuine eiscthe.

(3) Beidh úinéir áitribh is áitreabh óil neamhcheadúnaithe ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus, má leanann an t-áitreabh ar ina leith a bheidh sé arna chiontú de bheith ina áitreabh óil neamhcheadúnaithe tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den sárú sin.

(4) (a) Aon duine a sholáthróidh deoch mheisciúil d'áitreabh arb eol dó gur áitreabh óil neamhcheadúnaithe é lena hól ag daoine faoi thoirmeasc, de bhua fo-alt (2) den alt seo, deoch mheisciúil a ól san áitreabh sin, measfar é a bheith ag cabhrú agus ag neartú le duine eile chun cion faoi fho-alt (3) den alt seo a dhéanamh.

(b) Aon duine a sholáthróidh deoch mheisciúil d'áitreabh óil neamhcheadúnaithe de bhun orduithe ó níos mó ná duine amháin (seachas duine eiscthe) laistigh de thréimhse trí lá, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb eol dó gur áitreabh óil neamhcheadúnaithe an t-áitreabh.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná c ga punt a chur air.

(6) I gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh ceadúnas chun deocha meisciúla a dhíol ar mionreic cion faoi fho-alt (3) den alt seo, nó cion ar cabhrú agus neartú leis an gcion sin a dhéanamh é, measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le ceadúnais a fhormhuiniú) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin, ach, má bhíonn níos mó ná ceadúnas amháin den sórt sin ag an duine sin, ní thaifeadfar ciontú i dtaobh an chiona ach ar cibé ceann áirithe amháin de na ceadúnais is iomchuí leis an gCúirt a chiontóidh an duine.

(7) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo maidir le haon áitreabh—

(a) is cosaint mhaith a shuíomh—

(i) go n-úsáidtear an t-áitreabh bona fide mar chlub (seachas club atá cláraithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna) a bunaíodh agus a sheoltar chun críocha nach mbaineann le deochanna meisciúla a ól,

(ii) gur tugadh an deoch mheisciúil (más aon deoch mheisciúil í) lena mbaineann an cion a líomhnaítear chun an áitribh tráth nach luaithe ná dhá uair dhéag a chloig roimh an ócáid lena mbaineann an t-ionchúiseamh ag comhaltaí den chlub, nó thar a gceann lena hól ag comhaltaí den chlub, agus

(iii) nach n-óltar deochanna meisciúla de ghnáth nó go minic in áitreabh an chlub agus nach stóráiltear ann iad.

(b) toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, faoi aon duine a gheofar san áitreabh lena mbaineann an t-ionchúiseamh nach mar aí príobháideach bona fide do dhuine eiscthe atá sé ann, agus

(c) má shuitear chun sástachta na Cúirte arb os a comhair a éistfear an t-ionchúiseamh go gcoimeádtar stocanna de dheochanna meisciúla le daoine éagsúla (seachas daoine eiscthe) san áitreabh, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur áitreabh óil neamhcheadúnaithe an t-áitreabh.

(8) Aon duine a gheofar in áitreabh óil neamhcheadúnaithe ar aon ócáid agus a chúiseofar i gcion a dhéanamh faoin alt seo, ní chiontófar é sa chion—

(a) Más rud é, i gcás nach mbeidh fianaise ann gur ól sé deoch mheisciúil san áitreabh ar an ócáid, go ndéarfaidh sé faoi mhionn sa Chúirt arb os a comhair a éistfear an cúiseamh nár ól sé deoch mheisciúil san áitreabh ar an ócáid agus nach raibh ar intinn aige sin a dhéanamh, nó

(b) má shuíonn sé chun sástachta na Cúirte nach raibh a fhios aige gurbh áitreabh óil neamhcheadúnaithe an t-áitreabh.

(9) (a) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche ó fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire go bhfuil foras réasúnach ann chun a cheapadh go ndearnadh cion, nó go bhfuil cion á dhéanamh, nó go bhfuiltear ar tí cion a dhéanamh, faoin alt seo, in aon áitreabh, féadfaidh an Breitheamh barántas cuardaigh a eisiúint faoin bhfo-alt seo.

(b) Údaróidh an barántas cuardaigh do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, a mbeidh cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána ina theannta is cuí leis an gcomhalta sin, dul isteach san áitreabh tráth ar bith laistigh d'ocht n-uaire is daichead a chloig tar éis an barántas a eisiúint, le forneart más gá é, agus an t-áitreabh agus aon leabhair agus doiciméid ann a iniúchadh, agus ainm agus seoladh aon duine a gheofar ann a thógáil.

(c) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon duine a ghabháil gan barántas a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin air faoin alt seo nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a mbeidh cúis ag an gcomhalta sin a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach.

(d) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh comhalta den Gharda Síochána i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo, nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a iarrfaidh an comhalta sin air nó a thabharfaidh ainm nó seoladh is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(e) Má bhactar nó má choisctear comhalta den Gharda Síochána agus é ag dul isteach in aon áitreabh nó in aon chuid de i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurbh áitreabh óil neamhcheadúnaithe an t-áitreabh sin.

Licéar-sheacláidí.

27. —(1) Aon ní atá sna hAchtanna Ceadúnúcháin (seachas an t-alt seo) nó in aon achtachán a cheanglaíonn údarás ceadúnais mháil a bheith ann le deoch mheisciúil a dhíol nó a sholáthar ní bheidh éifeacht aige maidir le deoch mheisciúil a bheidh i milseog más milseog í—

(a) nach mó an chionúireacht dí meisciúla atá inti ná an caogadú cuid de ghalún dí (arna ríomh mar bhiotáille phrofa) an punt den mhilseog, agus

(b) atá comhdhéanta de mhíreanna leithleacha nach mó ná unsa go leith meáchain an ceann nó atá deartha lena briseadh ina míreanna den sórt sin lena caitheamh.

(2) Ní dhíolfar deoch mheisciúil i milseog le duine faoi bhun sé bliana déag d'aois.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo go feasach beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Eis-cheadúnas mionreacaire fíona agus eischeadúnas mionreacaire leanna úll.

28. —(1) Ní dheonóidh na Coimisinéirí Ioncaim, cibé acu mar cheadúnas nua é nó mar aistriú nó athnuachan ar cheadúnas láithreach, eis-cheadúnas mionreacaire fíona i leith aon áitribh seachas áitreabh ina seoltar gnó den chineál dá dtagraítear in alt 61 d'Acht 1927 nó a bhfuil eis-cheadúnas mionreacaire bhiotáille nó eis-cheadúnas mionreacaire leanna i bhfeidhm ina leith.

(2) Ní dheonóidh na Coimisinéirí Ioncaim, cibé acu mar cheadúnas nua é nó mar aistriú nó athnuachan ar cheadúnas láithreach, eis-cheadúnas mionreacaire leanna úll i leith aon áitribh seachas áitreabh a bhfuil eis-cheadúnas mionreacaire bhiotáille nó ceadúnas déileálaí mhórdhíola chun biotáille, leann nó fíon a dhíol i bhfeidhm ina leith.

(3) San alt seo tá le “eis-cheadúnas mionreacaire fíona”, “eis-cheadúnas mionreacaire bhiotáille”, “eis-cheadúnas mionreacaire leanna”, “eis-cheadúnas mionreacaire leanna úll” agus “eis-cheadúnas déileálaí mhórdhíola chun biotáille, leann nó fíon a dhíol” na bríonna atá le “wine retailer's off-licence”, “spirit retailer's off-licence”, “beer retailer's off-licence”, “cider retailer's off-licence” agus “wholesale dealer's licence for the sale of spirits, beer or wine”, faoi seach, in Acht 1910.

Ceadú do dhaoine bheith in áitreabh ceadúnaithe le linn tráthanna toirmiscthe.

29. —Aon duine a cheadóidh do dhuine a bheith in áitreabh ceadúnaithe contrártha d'fho-alt (1) d'alt 17 (a cuireadh isteach le hAcht 1960 agus a dhéanann foráil i dtaobh cionta áirithe maidir le tráthanna toirmiscthe) d'Acht 1927 beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair, dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná fiche punt, nó, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná daichead punt, a chur air agus measfar chun críocha Chuid III (a bhaineann le ceadúnais a fhormhuiniú) d'Acht 1927, gur cion lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin an cion.

Cruthú ar fhigiúirí daonra.

30. —(1) In alt 8 d'Acht 1902 ciallaíonn “last census”, in alt 14 d'Acht 1924, ciallaíonn “áirimh dheiridh” agus san Acht seo ciallaíonn “daonáireamh deiridh” an daonáireamh deiridh a rinneadh faoi na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, óna bhfuarthas staidreamh daonra, seachas staidreamh a airbheartaíonn gur staidreamh gan lán-deimhniú atá ann agus gurb shin amháin atá ann, arna fhoilsiú ag Oifig an tSoláthair.

(2) In aon iarratas chun Cúirte faoi Acht 1902—

(a) aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith arna fhoilsiú ag Oifig an tSoláthair agus a bheith arna thiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus staidreamh daonra a bheith ann a fuarthas ó dhaonáireamh a rinneadh faoi na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, seachas staidreamh a airbheartaíonn gur staidreamh gan lán-deimhniú atá ann agus gurb shin amháin atá ann nó staidreamh a fuarthas as an daonáireamh a rinneadh sa bhliain 1901, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe maidir le staidreamh daonra a luaitear sa doiciméad.

(b) aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag Stiúrthóir, nó ag duine eile a bhí, de thuras na huaire, i gceannas na Príomh-Oifige Staidrimh agus á dheimhniú gurb é an daonáireamh dá dtagraítear i ndoiciméad den chineál a luaitear i mír (a) den fho-alt seo an daonáireamh deiridh agus nach ndearnadh aon daonáireamh níos déanaí ná sin nó nach ndéanfar staidreamh daonra ó dhaonáireamh níos déanaí, seachas staidreamh a airbheartóidh gur staidreamh gan lán-deimhniú atá ann agus gurb shin amháin atá ann, a fhoilsiú i rith an dá mhí díreach i ndiaidh an dáta ar a dtabharfar an deimhniú, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú, nó gurbh é Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh é nó go raibh sé, de thuras na huaire, i gceannas na Príomh-Oifige Staidrimh ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis.

(c) aon deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag Stiúrthóir, nó ag duine eile a bheidh, de thuras na huaire, i gceannas na Príomh-Oifige Staidrimh agus ina mbeidh staidreamh daonra agus a airbheartóidh a dheimhniú gurbh ón daonáireamh deiridh a fuarthas an staidreamh agus nach ndearnadh aon daonáireamh níos déanaí ná sin nó nach ndéanfar staidreamh daonra ó dhaonáireamh níos déanaí ná sin a fhoilsiú i rith an dá mhí díreach i ndiaidh an dáta ar a dtabharfar an deimhniú, beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine d'airbheartaigh a shínigh an deimhniú nó gurbh é Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh é nó go raibh sé, de thuras na huaire, i gceannas na Príomh-Oifige Staidrimh, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe maidir le staidreamh a bheidh sa deimhniú agus ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis, agus

(d) aon deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag Stiúrthóir, nó ag an duine eile a bheidh de thuras na huaire i gceannas na Príomh-Oifige Staidrimh agus ina mbeidh staidreamh daonra agus a airbheartóidh a dheimhniú go bhfuarthas an staidreamh ón daonáireamh a tógadh sa bhliain 1901, beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú nó gurbh é Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh é nó go raibh sé, de thuras na huaire, i gceannas na Príomh-Oifige Staidrimh, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt ar na nithe maidir le staidreamh a bheidh sa deimhniú agus ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis.

Iarratais faoi ailt 15 agus 17 d'Acht 1960.

31. —Féadfar géilleadh d'iarratas faoi alt 15 d'Acht 1960 i leith aon áitribh d'ainneoin nach suífear chun sástachta na Cúirte go gcomhlíonann an t-áitreabh forálacha alt 5 d'Acht 1902, ach ní ghéillfear d'iarratas lena mbaineann an fo-alt sin 5 agus fós fo-alt (1) d'alt 17 d'Acht 1960 i leith aon áitribh, mura suífear chun sástachta na Cúirte go gcomhlíonann an t-áitreabh forálacha an ailt sin 5.

Leasú ar alt 17 d'Acht 1960.

32. —Leasaítear leis seo alt 17 (a bhaineann le ceadúnú nó deimhniú áitribh is ábhar do dhearbhú faoi alt 15 d'Acht 1960) d'Acht 1960 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1):

“(1) Más rud é, ar iarratas a éisteacht go ndeonófaí deimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir ceadúnas a fháil i leith aon áitribh, go suífear chun sástachta na Cúirte—

(a) go ndearna an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo,

(b) go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú go substaintiúil de réir téarmaí an dearbhaithe, agus

(c) más de bhun aon fhoráil de na hAchtanna Ceadúnúcháin a fhorálann go múchfar ceadúnas láithreach amháin nó níos mó ar an gceadúnas a dheonú—

(i) go bhfuil an ceadúnas nó gach ceann de na ceadúnais i bhfeidhm ar suíodh chun sástachta na Cúirte ina thaobh ar an iarratas ag lorg an dearbhaithe gurb é an t-iarratasóir ba shealbhóir air nó go raibh sé tar éis toiliú shealbhóir an cheadúnais a fháil lena mhúchadh, nó

(ii) mura bhfuil an ceadúnas nó na ceadúnais sin nó aon cheann acu i bhfeidhm, nár forghéilleadh nó nár múchadh an ceadúnas nó na ceadúnais nach bhfuil i bhfeidhm agus nár measadh, de bhun aon fhorála atá sna hAchtanna Ceadúnúcháin, nach raibh an t-áitreabh lenar bhain an ceadúnas nó na ceadúnais ceadúnaithe riamh,

ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú don iarratas—

(I) i gcás inar de bhun alt 21 d'Acht 1943, a dhéanfar é, ar fhoras ar bith, agus

(II) in aon chás eile, ar fhoras ar bith seachas carachtar, mí-iompar nó neamhoiriúnacht an iarratasóra,

agus i gcás, maidir le ceadúnas nó ceadúnais agus an t-áitreabh nó na háitribh lenar bhain sé nó siad, ina suífear chun sástachta na Cúirte go gcomhlíonann sé nó siad forálacha fomhír (ii) de mhír (c) den fho-alt seo, measfar chun críocha na bhforálacha de na hAchtanna Ceadúnúcháin a bhaineann le ceadúnais a dheonú, ach ní ar aon slí eile, an ceadúnas nó na ceadúnais a bheith i bhfeidhm agus baint a bheith aige nó acu leis an áitreabh nó na háitribh lenar bhain sé nó siad agus, ar an gceadúnas nua a dheonú, múchfar é nó iad dá réir sin agus measfar nach raibh an t-áitreabh nó na háitribh lenar bhain sé nó siad ceadúnaithe riamh.”

Leasú ar alt 27 d'Acht 1960.

33. —Leasaítear leis seo alt 27 (ina bhfuil foráil chun láncheadúnas a dheonú i leith áitribh lenar ghabh ceadúnas srianta) d'Acht 1960 trí “thrí bliana” a chur in ionad “dhá bhliain” i bhfo-alt (4).

Ceadúnas a aistriú go sealadach.

34. —(1) Folóidh cumhacht Bhreitheamh den Chúirt Dúiche faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin chun ar-cheadúnas nó eischeadúnas a aistriú go sealadach ar éag do shealbhóir an cheadúnais cumhacht chun an ceadúnas a aistriú chun duine ar bith (is duine a cheadóidh an Chúirt agus nach mbeidh dícháilithe de réir dlí) a ainmneoidh seiceadóir nó riarthóir an tsealbhóra nó, mura mbeidh seiceadóir nó riarthóir ann, aon duine ag a mbeidh leas san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas, agus oibreoidh an t-aistriú chun a údarú don duine chun a n-aistreofar an ceadúnas an gnó a údaraítear leis an gceadúnas a sheoladh san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas go dtí dáta suí na céad-Chúirte Dúiche bliantúla um cheadúnú sa cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh a chomórfar tar éis mí a bheith caite ó dháta an aistrithe, nó más cuí leis an gCúirt an tráth sin, nó ar aon iarratas ina dhiaidh sin chuici, sin a ordú, go dtí suí na Cúirte Dúiche bliantúla um cheadúnú a dúradh an bhliain nó an dara bliain (de réir mar is cuí leis an gCúirt a ordú) tar éis an tsuí a dúradh.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis ceadúnas a aistriú de bhua fo-alt (1) den alt seo, féadfar, ar iarratas ó ainmneoir an aistrí chun na Cúirte ag aon suí di don cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil an t-áitreabh, an ceadúnas a aistriú trí fhormhuiniú a dhéanfaidh an Chúirt ar an gceadúnas nó, mura mbeidh an ceadúnas ar fáil, ar chóip de, chun cibé duine eile (is duine a cheadóidh an Chúirt agus nach mbeidh dícháilithe de réir dlí) a ainmneoidh an t-ainmneoir.

(3) San alt seo tá le “eis-cheadúnas” agus “ar-cheadúnas” na bríonna a shanntar do “ceadúnas teoranta” agus “ceadúnas iomlán” le hAcht 1927.

Ceantar Cathrach Bhaile Átha Cliath.

35. —(1) Measfar gur tagairtí do Cheantar Cathrach Bhaile Átha Cliath na tagairtí atá sna hAchtanna Ceadúnúcháin do Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath.

(2) Measfar, chun críocha na nAchtanna Ceadúnúcháin, go bhfolaíonn contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath iomlán cheantar Cathrach Bhaile Átha Cliath agus measfar, chun críocha na nAchtanna sin, gur cathair an bhuirg agus an Ceantar sin.

(3) Ní bheidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den alt seo—

(a) maidir le hiarratas faoi alt 13 (a bhaineann le ceadúnais nua a dheonú i limistéar tuaithe ar dhá cheadúnas láithreacha a mhúchadh) d'Acht 1960 ar tugadh fógra ina thaobh, de bhun rialacha cúirte, don Chláraitheoir Contae iomchuí nó don Chléireach Cúirte Dúiche iomchuí roimh thosach feidhme an Achta seo, ná

(b) maidir le hiarratas faoin alt sin 13 go ndeonófaí deimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir ceadúnas a fháil i leith aon áitribh a suífear chun sástachta na Cúirte le linn éisteachta go ndearna an Chúirt dearbhú i leith an áitribh sin faoi fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1960 roimh thosach feidhme an Achta seo.

Gearrtheideal, forléiriú comhlua agus tosach feidhme.

36. —(1) Féadfar an tAcht Deochanna Meisciúla, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) A mhéid a leasaíonn sé agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Ceadúnúcháin, forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1962, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn sé agus a leathnaíonn sé Achtanna Clárú na gClubanna, forléireofar é féin agus na hAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1962, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an dara lá tar éis dáta a rite.