16 1962


Uimhir 16 de 1962.


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (BIOTÁILLE MHÓTAIR AGUS OLA BHEALAITHE I gCÓIR MÓTAR-FHEITHICLÍ), 1961, AGUS AN ORDAITHE FÁN ORDÚ UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (BIOTÁILLE MHÓTAIR AGUS OLA BHEALAITHE I gCÓIR MÓTAR-FHEITHICLÍ), 1961 (LEASÚ), 1962, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 .

[25 Iúil, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú. 1961, I.R. Uimh. 294. 1902, I.R. Uimh. 62.

1953, Uimh. 14 .

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Biotáille Mhótair agus Ola Bhealaithe i gcóir Mótar Fheithiclí), 1961, agus an tOrdú fán Ordú um Chleachtais Srianta Trádála (Biotáille Mhótair agus Ola Bhealaithe i gcóir Mótar-Fheithiclí), 1961 (Leasú), 1962, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi Alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Orduithe a Dhaingniú), 1962 , a ghairm den Acht seo.