An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Ionchoisní) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

9 1962

AN tACHT CRÓINÉIRÍ, 1962

CUID IV

Giúiréithe ag Ionchoisní

Cumhacht ghinearálta chun suí le giúiré nó gan ghiúiré.

39. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gCuid seo, féadfaidh cróinéir ionchoisne a chur ar bun le giúiré nó gan ghiúiré de réir mar is cuí leis.

Oibleagáid ar an gcróinéir suí le giúiré i gcásanna áirithe.

40. —(1) Cuirfear ionchoisne ar bun le giúiré más rud é, roimh an ionchoisne nó lena linn, go dtiocfaidh an cróinéir ar an tuairim—

(a) gur dúnmharú, naíonmharú nó dúnorgain a thug bás an éagaigh, nó

(b) gur tharla bás an éagaigh in áit nó in imthosca a thugann, faoi fhorálacha chuige sin atá in aon achtachán eile, gur gá ionchoisne a chur ar bun, nó

(c) gurb é ba chúis le bás an éagaigh tionóisc, nimhiú nó galar ar gá, faoi fhorálacha chuige sin atá in aon achtachán eile, fógra ina thaobh a thabhairt d'Aire nó do Roinn Stáit nó do chigire nó d'oifigeach eile d'Aire nó do Roinn Stáit, nó

(d) gurbh é ba chúis le bás an éagaigh tionóisc a tharla mar gheall ar fheithicil a úsáid in áit phoiblí, nó

(e) gur tharla bás an éagaigh in imthoscaí a mbeadh sé contúirteach do shláinte nó do shábháilteacht an phobail nó aon roinn den phobal dá bhfanfadh na himthosca sin ann nó dá bhféadfaidís tarlú arís.

(2) Déanfaidh an cróinéir nó déanfar os a chomhair an giúiré ag ionchoisne a chur faoi mhionn.

(3) Má chuireann comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire in iúl do chróinéir, sula dtosófar nó a n-athchromfar ar ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh sé an t-ionchoisne a chur ar atráth ar an bhforas go bhfuil imeachtaí coiriúla maidir leis an mbás faoi bhreithniú nó gur tionscnaíodh iad, measfar gach oibleagáid (más ann) faoi fho-alt (1) den alt seo chun an t-ionchoisne a chur ar bun le giúiré a bheith ar fionraí mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar an t-ionchoisne a éisteacht go hiomlán.

An méid daoine a bheidh ar ghiúiré cróinéara.

41. —Seisear ar a laghad agus dáréag ar a mhéid a bheidh ar ghiúiré cróinéara.

Dliteanas chun fónamh ar ghiúiré cróinéara.

42. —Gach duine os cionn bliain is fiche d'aois a mbeidh cónaí air i gceantar cróinéara, dlífidh sé fónamh ar an ngiúiré ag aon ionchoisne a chuirfear ar bun sa cheantar sin mura rud é—

(a) go bhfuil sé dícháilithe chun fónamh mar ghiúróir faoi alt 4 d'Acht na nGiúirithe, 1927 ;

(b) go bhfuil sé díolmhaithe ó fhónamh mar ghiúróir faoi alt 5 den Acht sin, agus nach bhfuil sé ar áireamh, faoi alt 16 den Acht sin, i liosta giúróirí.

Giúiré a thoghairm.

43. —Aon uair a bheidh giúiré ag teastáil le haghaidh ionchoisne ag aon am agus in aon áit, cuirfidh an cróinéir é sin in iúl do chomhalta den Gharda Síochána agus déanfaidh an comhalta seisear ar a laghad agus dáréag ar a mhéid a bheidh cáilithe chun bheith ina ngiúróirí ag an ionchoisne a thionól ag an am agus san áit sin agus féadfaidh sé, más dóigh gur gá sin, toghairmeacha san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil chun a áirithiú go mbeidh siad i láthair.

Mura mbíonn an giúiré ar aonaigne.

44. —Mura mbíonn giúiré ag ionchoisne ar aon-aigne i dtaobh fíoraisc, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) má bhíonn tromlach an ghiúiré ar aon aigne i dtaobh fíoraisc, glacfaidh an cróinéir leis an bhfíorasc, agus

(b) in aon chás eile, scaoilfidh an cróinéir an giúiré agus cuirfidh sé ionchoisne nua ar bun.

Ionchoisne a cuireadh ar atráth a chur ar bun le giúiré eile.

45. —I gcás ionchoisne a cuireadh ar atráth agus nár tugadh ann ach fianaise aithinte, féadfar athchromadh ar an ionchoisne le giúiré nua.