An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cróinéirí agus Ceantair Chróinéirí) Ar Aghaidh (CUID IV Giúiréithe ag Ionchoisní)

9 1962

AN tACHT CRÓINÉIRÍ, 1962

CUID III

Ionchoisní

Dualgas ginearálta ionchoisne a chur ar bun.

17. —Faoi réir forálacha an Achta seo, nuair a chuirfear in iúl do chróinéir go bhfuil corp duine éagtha ina luí laistigh dá cheantar, is é dualgas an chróinéara ionchoisne a chur ar bun maidir le bás an duine sin más dóigh leis go mb'fhéidir gur tharla an bás go foréigneach nó go mínádúrtha nó go tobann agus ó chúiseanna aineoil nó in áit nó in imthosca a thabharfadh, faoi fhorálacha ina leith sin atá in aon achtachán eile, gur ghá ionchoisne a chur ar bun.

Cumhacht roghnach chun ionchoisne a chur ar bun agus dualgas scéala a chur chun an chróinéara.

18. —(1) Nuair a chuirfear in iúl do chróinéir go bhfuil corp duine éagtha ina luí laistigh dá cheantar agus nach bhfuil fáil ar dheimhniú dochtúra i dtaobh cúis báis an duine sin, féadfaidh sé fiosrú a dhéanamh faoi imthosca báis an duine sin agus, mura féidir leis cúis an bháis a fhionnadh, féadfaidh sé, más cuí leis é, ionchoisne maidir lena bhás a chur ar bun.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chás lena mbaineann alt 17 den Acht seo.

(3) Is é dualgas cigire nó oifigigh don Gharda Síochána é, má fhaigheann sé eolas faoi bhás a fháil, laistigh de cheantar cróinéara, do dhuine ar bith nach bhfuil fáil ar dheimhniú dochtúra i dtaobh cúis a bháis, an bás sin a chur in iúl don chróinéir.

(4) Gach lia-chleachtóir, cláraitheoir básanna nó adhlacóir, agus gach áititheoir tí nó teaghaise soghluaiste, agus gach duine i bhfeighil aon fhorais nó áitribh, ina raibh cónaí ar dhuine éagtha tráth a bháis, má tá cúis aige chun a chreidiúint go bhfuair an duine éagtha bás, go díreach nó go neamhdhíreach, mar gheall ar fhoréigean nó míthapa nó ar chuma éagórach, nó mar gheall ar fhaillí nó mí-iompar nó míchleachtas ag daoine eile, nó ó aon chúis eile seachas breoiteacht nó galar nádúrtha a ndearna lia chleachtóir cláraithe é a fheiceáil nó a chóireáil ina leith laistigh de mhí roimh a bhás, nó in imthosca de shórt ba ghá a imscrúdú (lena n-áirítear bás de chionn anaistéiseach a thabhairt), cuirfidh sé fíorais agus imthosca an bháis in iúl láithreach don chróinéir ar ina cheantar atá corp an duine éagtha ina luí.

(5) An oibleagáid a chuirtear ar dhuine le fo-alt (4) den alt seo, measfar í a bheith comhlíonta má chuireann sé in iúl láithreach do chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire na fíorais agus na himthosca is gá a chur in iúl faoin bhfo-alt sin.

(6) Gach duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Scrúdú postmortem in ionad ionchoisne.

19. —(1) I gcás—

(a) ina gcuirfear in iúl do chróinéir go bhfuil corp duine éagtha ina luí laistigh dá cheantar, agus

(b) inarb é tuairim an chróinéara go bhféadfadh sé gur tharla bás an duine sin go tobann agus ó chúiseanna aineoil, agus

(c) inarb é tuairim an chróinéara go bhféadfadh sé go dtaispeánfadh scrúdú post-mortem ar chorp an duine sin nach gá ionchoisne maidir leis an mbás,

féadfaidh an cróinéir a chur faoi deara go ndéanfar an scrúdú post mortem agus más é a thuairim go dtaispeánann tuarascáil an scrúdaithe nach gá ionchoisne maidir leis an mbás ní bheidh sé d'oibleagáid air ionchoisne a chur ar bun.

(2) Ní údaróidh aon ní san alt seo do chróinéir a ligean thar ceal ionchoisne a chur ar bun maidir le bás más é a thuairim go bhféadfadh sé gur tharla an bás go foréigneach nó go mínádúrtha nó in áit nó in imthosca a thugann, faoi fhorálacha ina leith sin in aon achtachán eile, gur gá ionchoisne a chur ar bun.

Forálacha i gcás nach féidir le cróinéir agus le leas-chróinéir ionchoisne a chur ar bun.

20. —(1) Aon uair nach féidir ionchoisne a chur ar bun, ach amháin de bhua an ailt seo, toisc—

(a) an cróinéir don cheantar iomchuí a bheith as láthair, breoite nó éagumasaithe nó a bheith dícháilithe faoin Acht seo chun ionchoisne a chur ar bun nó folúntas a bheith in oifig chróinéara don cheantar, agus

(b) an leas-chróinéir don cheantar a bheith san am céanna as láthair, breoite nó éagumasaithe nó a bheith dícháilithe faoin Acht seo chun an t-ionchoisne a chur ar bun,

féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire a iarraidh ar an gcróinéir do cheantar tadhlach an t-ionchoisne a chur ar bun, agus air sin cuirfidh an cróinéir sin an t-ionchoisne ar bun dá réir sin, agus chuige sin measfar gurb é an cróinéir don cheantar céadluaite é.

(2) Aon uair a chuirfear ionchoisne ar bun de bhua an ailt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dhlífidh tuarastal an chróinéara a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth a íoc cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis an gcróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun maraon le cibé suim faoi chomhair a chostas taistil agus a chostas eile ar a gcomhaontófar idir é féin agus an t-údarás áitiúil nó, cheal comhaontaithe, a shocróidh an tAire.

Ionchoisne i gcás bás beirte nó níos mó a theacht den teagmhas céanna.

21. —I gcás coirp bheirt duine nó níos mó a ndealraíonn sé gur tharla a mbás de dheasca an teagmhais chéanna a bheith ina luí laistigh de cheantair chróinéirí éagsúla, féadfaidh an tAire más cuí leis é, a ordú go gcuirfidh duine de na cróinéirí sin ion choisne ar bun maidir leis na básanna uile, agus air sin cuirfidh an cróinéir dá dtabharfar an t-ordú sin an t-ionchoisne ar bun ionann is dá mba laistigh dá cheantar féin a bhí na coirp go léir

Ionchoisne gan an corp a dhí-adhlacadh.

22. —I gcás corp aon duine ar gá ionchoisne a chur ar bun ina leith a bheith adhlactha agus gurb eol don chróinéir nach ndéanfadh sé aon mhaith an corp a dhí-adhlacadh le haghaidh ionchoisne, féadfaidh sé dul ar aghaidh agus ionchoisne a chur a bun gan an corp a dhí-adhlacadh.

Ionchoisne i gcás inar bhain díothú don chorp nó gan fáil a bheith air.

23. —Aon uair a bheidh cúis ag cróinéir chun a chreidiúint gu tharla bás ina cheantar nó gar dó in imthosca de shórt gur cu ionchoisne ina leith agus, mar gheall ar dhíothú an choirp n toisc nach féidir an corp a fháil, nach féidir ionchoisne a chur a bun ach amháin de bhua an ailt seo, féadfaidh an tAire, má cuí leis é, a ordú go gcuirfidh an cróinéir sin nó cróinéir eil ionchoisne ar bun maidir leis an mbás, agus air sin cuirfidh an cróinéir dá dtabharfar an t-ordú sin ionchoisne ar bun maidir leis an mbás ionann is dá mba laistigh dá cheantar féin a bhí an corp ina luí agus go raibh sé tar éis é a bhreithniú.

Ionchoisne ar ordú ón Ard-Aighne.

24. —(1) Má bhíonn cúis ag an Ard-Aighne chun a chreidiúint go bhfuair duine bás in imthosca a thugann, de réir a thuairime, gurb inmholta ionchoisne a chur ar bun, féadfaidh sé a ordú d'aon chróinéir (cibé acu is é nó nach é an cróinéir é a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth) ionchoisne a chur ar bun maidir le bás an duine sin, agus cuirfidh an cróinéir sin ionchoisne ar bun de réir forálacha an Achta seo (agus ionann is dá mba rud é, murab é an cróinéir é a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth, gurb eisean an cróinéir sin), cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé féin nó aon chróinéir eile tar éis an corp a bhreithniú, aon fhiosrú a dhéanamh, aon ionchoisne a chur ar bun, nó aon bheart eile a dhéanamh maidir leis an mbás.

(2) Aon uair a chuirfear ionchoisne ar bun de bhua an ailt seo agus gur cróinéir seachas an cróinéir a dhéanfadh é de ghnáth a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dhlífidh tuarastal an chróinéara a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth a íoc cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis an gcróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun maraon le cibé suim faoi chomhair a chostas taistil agus a chostas eile ar a gcomhaontófar idir é féin agus an t-údarás áitiúil nó, cheal comhaontaithe, a shocróidh an tAire.

Atráthú ionchoisne i gcás imeachtaí coiriúla a bheith faoi bhreithniú nó a bheith tionscanta.

25. —(1) Más rud é, ag ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire ar an gcróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth ar an bhforas go bhfuil imeachtaí coiriúla maidir leis an mbás faoi bhreithniú, cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí leis agus cuirfidh sé an t-ionchoisne ar atráth fós arís go ceann tréimhsí dá samhail a mhinice a iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire air sin a dhéanamh ar an bhforas réamhluaite.

(2) Más rud é, ag ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire ar an gcróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth ar an bhforas go bhfuiltear tar éis imeachtaí coiriúla maidir leis an mbás a thionscnamh, cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth go dtí go mbeifear tar éis na himeachtaí sin a chinneadh go críochnaitheach, ach ní bheidh sé d'oibleagáid ar an gcróinéir ansin athchromadh ar an ionchoisne mura rud é gur dóigh leis go bhfuil cúiseanna speisialta ann chuige.

(3) Is é dualgas chléireach nó chláraitheoir aon chúirte é, ar chríochnú imeachtaí coiriúla sa chúirt sin maidir le bás duine, toradh na n-imeachtaí sin a chur in iúl don chróinéir a mbeidh ionchoisne maidir leis an mbás ar bun aige.

(4) Nuair a bheidh ionchoisne á chur ar atráth faoin alt seo ag cróinéir féadfaidh sé an giúiré a gaireadh chuige (má gaireadh) a scaoileadh.

(5) Nuair a athchromfaidh cróinéir ar ionchoisne a cuireadh ar atráth faoin alt seo agus a ndearnadh an giúiré lena aghaidh a scaoileadh, rachaidh sé ar aghaidh i ngach slí ionann is nach mbeifí tar éis an t-ionchoisne a thosú.

Finnéithe a thoghairm.

26. —(1) Féadfaidh cróinéir a chur faoi deara, tráth ar bith roimh chríochnú ionchoisne a bheidh ar bun aige, go ndéanfar toghairm san fhoirm fhorordaithe, chun freastal agus fianaise a thabhairt ag an ionchoisne, a sheirbheáil ar aon duine (lena n-áirítear go háirithe aon lia-chleachtóir cláraithe) a mbeadh a fhianaise, i dtuairim an chróinéara, ina cabhair ag an ionchoisne.

(2) Ní dhéanfaidh cróinéir, maidir le freastal an dara liachleachtóir cláraithe ag an ionchoisne, an chumhacht a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú mura rud é—

(a) go mbeidh tromlach na ngiúróirí ag an ionchoisne, toise go bhfacthas dóibh nach ndearna an lia-chleachtóir a thug fianaise i dtaobh an bháis ag an ionchoisne cúis an bháis a mhíniú go sásúil, tar éis a iarraidh ar an gcróinéir le foréileamh i scríbhinn a chur faoi deara toghairm faoin bhfo-alt sin a sheirbheáil ar lia-chleachtóir cláraithe eile, nó

(b) gur chabhraigh an lia-chleachtóir sin ag scrúdú post mortem ar an duine ar maidir lena bhás atá an t-ionchoisne ar bun.

Breathnú ar an gcorp.

27. —(1) Nuair a bheidh ionchoisne maidir le bás aon duine ar bun ag cróinéir breathnóidh sé ar an gcorp, ach amháin i gcás lena mbaineann alt 22 nó alt 23 den Acht seo, mura rud é—

(a) go mbeidh comhalta den Gharda Síochána a thabharfaidh fianaise dá réir sin ag an ionchoisne tar éis breathnú air, nó

(b) go mbeidh cróinéir nó leas-chróinéir tar éis breathnú air roimhe sin.

(2) Nuair a bheidh ionchoisne le giúiré ar bun ag cróinéir maidir le bás aon duine, ní bhreathnóidh an giúiré ar an gcorp ach amháin i gcás ina n-ordóidh an cróinéir é nó inar mian le tromlach an ghiúiré é.

Nóta d'ainmneacha agus de sheoltaí finnéithe.

28. —I gcás nach ndéanfaidh cróinéir a mbeidh ionchoisne ar bun aige teistíochtaí a ghlacadh, déanfaidh sé nóta d'ainm agus de sheoladh gach duine a thabharfaidh fianaise ag an ionchoisne.

Doiciméid áirithe a chaomhnú.

1879, c. 58.

29. —(1) Caomhnóidh an cróinéir gach teistíocht nó nóta d'ainmneacha agus de sheoltaí finnéithe a thógfar ag ionchoisne, gach tuarascáil ar scrúdú post mortem a rinneadh de bhun an Achta seo agus gach taifead den fhíorasc a tugadh ag an ionchoisne.

(2) Nuair a scoirfidh cróinéir de bheith i seilbh oifige, tabharfar na doiciméid go léir a chaomhnóidh sé faoin alt seo do chláraitheoir contae an chontae nó na contae-bhuirge ina mbeidh a cheantar agus caomhnóidh an cláraitheoir contae na doiciméid.

(3) Tabharfaidh cróinéir cóip d'aon doiciméad a chaomhnóidh sé faoin alt seo do gach duine a iarrfaidh é agus, ach amháin i gcás a hiarrtha thar ceann Aire Stáit nó an Gharda Síochána, féadfaidh sé cibé táille a bheidh forordaithe a éileamh ar chóip.

(4) Tabharfaidh cláraitheoir contae cóip d'aon doiciméad a chaomhnóidh sé faoin alt seo do gach duine a iarrfaidh í agus, ach amháin i gcás a hiarrtha thar ceann Aire Stáit nó an Gharda Síochána, éileoidh sé ar chóip cibé táille a bheidh forordaithe.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha le cláraitheoir contae faoin alt seo:

(a) baileofar agus tógfar iad i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire sin,

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir leo.

Toirmeasc ar dhliteanas sibhialta agus dliteanas coiriúil a bhreithniú.

30. —Ní dhéanfar ceisteanna i dtaobh dliteanais shibhialta nó dliteanais choiriúil a bhreithniú ná a imscrúdú ag ionchoisne agus dá réir sin ní bheidh le déanamh ag aon ionchoisne ach a fhionnadh cé hé an duine ar maidir lena bhás atá an t-ionchoisne ar bun agus conas, cathain, agus cén áit a tharla an bás.

Toirmeasc ar cháineadh agus saoradh.

31. —(1) Ní dhéanfar cáineadh ná saoradh ar aon duine san fhíorasc ná in aon aguisín leis an bhfíorasc a thabharfaidh ionchoisne.

(2) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfar moltaí de chineál ginearálta a bheidh ceaptha chun cosc a chur lena thuilleadh ospairtí marfacha a chur leis an bhfíorasc ag aon ionchoisne.

Taifead den fhíorasc a tugadh ag ionchoisne.

32. —Síneoidh an cróinéir a mbeidh ionchoisne ar bun aige taifead an fhíoraisc a tugadh ag an ionchoisne agus, má bhíonn giúiré ina suí leis an gcróinéir, síneoidh an príomh-ghiúróir é freisin.

Scrúduithe postmortem agus scrúduithe speisialta.

33. —(1) Féadfaidh cróinéir tráth ar bith roimh ionchoisne nó lena linn a chur faoi deara go ndéanfar scrúdú post mortem ar chorp aon duine a mbeidh ionchoisne ar bun nó le cur ar bun i leith a bháis.

(2) Féadfaidh cróinéir a iarraidh ar an Aire na nithe seo a leanas a shocrú—

(a) go ndéanfaidh duine a cheapfaidh an tAire scrúdú postmortem ar chorp aon duine a mbeidh ionchoisne ar bun nó le cur ar bun ag an gcróinéir maidir lena bhás, nó

(b) go ndéanfaidh duine a cheapfaidh an tAire scrúdú speisialta i bhfoirm taifigh, tástála nó eile, ar chodanna áirithe den chorp nó ar ábhair áirithe ann nó ar aon substaintí nó nithe iomchuí eile, nó

(c) go ndéanfar an scrúdú post-mortem agus an scrúdú speisialta sin i dteannta a chéile,

agus féadfaidh sé an t-iarratas sin a dhéanamh, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé tar éis aon chumhacht eile a fheidhmiú a thugtar dó leis an alt seo chun a chur faoi deara scrúdú postmortem a dhéanamh ar an gcorp.

(3) Is é dualgas an chróinéara é a chumhachtaí maidir le hiarratas chun an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i ngach cás ina n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire air é a dhéanamh agus ina luafaidh an comhalta na cúiseanna atá aige chun sin a iarraidh.

(4) Cuirfear i dteannta gach iarratais chun an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo na cúiseanna atá ag an gcróinéir leis nó ag an gcomhalta den Gharda Síochána ar ar a thionscnamh atá an t-iarratas á dhéanamh.

(5) Nuair a gheobhaidh an tAire iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé, de réir mar is cuí leis, géilleadh don iarratas nó diúltú dó.

Cróinéir eile d'athchromadh ar ionchoisne a cuireadh ar atráth.

34. —I gcás ionchoisne a cuireadh ar atráth agus nár tugadh ann ach fianaise aithinte féadfaidh cróinéir eile athchromadh air.

Cróinéirí áirithe a bheith faoi dhícháilíocht chun ionchoisní áirithe a chur ar bun.

35. —(1) Ní chuirfidh cróinéir ná leas-chróinéir atá ina liacleachtóir cláraithe ionchoisne ar bun ar chorp, ná ní dhéanfaidh sé fiosrú faoi bhás, aon duine a d'fhreastail sé laistigh de mhí roimh bhás an duine sin.

(2) (a) Ní chuirfidh cróinéir ná leas-chróinéir ionchoisne ar bun ar chorp aon duine, ná ní dhéanfaidh sé fiosrú faoi bhás aon duine, má tharraing sé suas diúscairt tiomnach a rinne an duine sin nó má chabhraigh sé lena tharraingt suas, agus go dtairbheoidh sé as an diúscairt sin.

(b) Chun críche mhír (a) den fho-alt seo, ní mheasfar cróinéir nó leas-chróinéir atá ina aturnae agus ina sheiceadóir don duine éagtha a thairbhiú faoi dhiúscairt tiomnach ar an ábhar amháin go bhfuil sé údaraithe táillí a éileamh i leith riaradh an eastáit.

Toghairm a sheirbheáil.

36. —Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána gach toghairm chun freastal ar ionchoisne mar ghiúróir nó mar fhinné a sheirbheáil trína seachadadh don duine chun a mbeidh sí dírithe nó trína fágáil dó ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air le duine sé bliana déag d'aois nó os a chionn.

Giúróirí agus finnéithe nach dtiocfaidh i láthair.

37. —Gach duine a seirbheálfar toghairm air go cuí chun freastal ar ionchoisne mar ghiúróir nó mar fhinné agus nach mbeidh i láthair ag an am agus ag an áit a bheidh sonraithe sa toghairm, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Cumhachtaí maidir le fianaise etc., a ghlacadh, ag ionchoisne.

38. —(1) Féadfaidh cróinéir na finnéithe ag ionchoisne a scrúdú faoi mhionn.

(2) Aon duine—

(b) a bheidh i láthair mar fhinné ag ionchoisne agus a dhiúltóidh mionn a ghlacadh a cheanglófar air go dlíthiúil a ghlacadh ag an gcróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun nó a dhiúltóidh freagra a thabhairt ar aon cheist a bhféadfaidh an cróinéir a cheangal air go dlíthiúil í a fhreagairt, nó

(b) a dhéanfaidh aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt a raibh cumhacht aici duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh an cróinéir, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

beidh sé ciontach i gcion agus féadfaidh an cróinéir an cion a dheimhniú faoina láimh chun na hArd-Chúirte, agus air sin féadfaidh an Chúirt sin fiosrú a dhéanamh sa chion líomhnaithe agus tar éis di aon fhinnéithe a éisteacht a thabharfar ar aird i gcoinne nó tar ceann an duine a cúisíodh sa chion, agus tar éis di aon ráiteas a thabharfar mar chosaint a éisteacht, an duine sin a phionósú nó beart a dhéanamh chun é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na Cúirte sin.

(3) Beidh finné ag ionchoisne i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh teideal aige chucu dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.