An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Ionchoisní)

9 1962

AN tACHT CRÓINÉIRÍ, 1962

CUID II

Cróinéirí agus Ceantair Chróinéirí

Ceantair chróinéirí.

6. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, faoi réir forálacha aon ordaithe faoi fho-alt (3) den alt seo agus faoi réir alt 7 den Acht seo, is ionann ceantair chróinéirí an Stáit agus na ceantair chróinéirí a bhí ann díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

(2) Aireofar buirgí Chill Chainnigh, Chluain Meala, Dhroichead Atha agus Shligigh, faoi seach, i dteannta na limistéar arb é a bhí iontu, go dtí seo, ceantair chróinéirí Chontae Chill Chainnigh, Chontae Thiobrad Arann, an Trian Theas, Chontae Lúbhaidh agus Chontae Shligigh Thuaidh chun ceantair chróinéirí nua a dhéanamh.

(3) Féadfaidh an tAire an teorainn idir dhá cheantar chróinéirí thadhlacha arbh é an t-údarás áitiúil céanna a cheap na cróinéirí dóibh a athrú le hordú arna dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus le toiliú cróinéirí na gceantar sin.

(4) Nuair a tharlóidh folúntas i gceantar cróinéara a bhfuil cuid de laistigh de chontae-bhuirg, scoirfidh an chuid sin air sin de bheith ina cuid den cheantar sin agus cónascfar é leis an gceantar ina bhfuil an chuid eile den chontae-bhuirg, agus tiocfaidh an cróinéir dó sin chun bheith ina chróinéir don cheantar a bhunófar amhlaidh agus arb é iomlán na contae-bhuirge é.

(5) Beidh éifeacht ag alt 10 den Acht seo i gcás ina mbunófar ceantar cróinéara faoi fho-alt (4) den alt seo ionann is dá mba chónascadh faoi scéim faoi alt 7 den Acht seo an bunú sin, agus, chun na críche sin, forléireofar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) agus (9) den alt sin 10 do scéim faoin alt sin 7 a theacht i bhfeidhm mar thagairtí do cheantar a bhunú faoi fho-alt (4) den alt seo.

Ceantair a chónascadh.

7. —(1) Nuair a scoirfidh cróinéir de bheith i seilbh oifige, féadfaidh an t-údarás áitiúil a cheap é, in ionad comharba air a cheapadh, agus déanfaidh siad má cheanglaíonn an tAire orthu é, scéim a chur faoi bhráid an Aire chun a cheantar nó cuid dá cheantar a chónascadh le ceantar nó ceantair aon chróinéara nó cróinéirí eile a bheidh ceaptha ag an údarás áitiúil sin.

(2) Má dhéanann an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, scéim faoin alt seo a cheadú, tiocfaidh an scéim i bhfeidhm cibé lá a chinnfidh an tAire.

Oifig chróinéara.

1926, Uimh. 39 .

8. —(1) Beidh cróinéir ann do gach ceantar cróinéara.

(2) Is é an t-údarás áitiúil ar ina limistéar atá ceantar cróinéara a cheapfaidh an cróinéir don cheantar cróinéara sin.

(3) Beidh oifig chróinéara ina hoifig lena mbainfidh Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , agus beidh feidhm ag an Acht sin dá réir sin ach leis na modhnuithe seo a leanas:

(a) ciallóidh “an tAire” san Acht sin, maidir le hoifig chróinéara, an tAire Dlí agus Cirt,

(b) ní bheidh feidhm maidir le hoifig an chróinéara ag fo-alt (1) d'alt 5, ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 7 ná ag alt 11 den Acht sin,

(c) déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, na cáilíochtaí maidir le haois, sláinte agus carachtar a bhainfidh le ceapadh d'oifig chróinéara a dhearbhú, go ginearálta nó i leith ceapacháin áirithe,

(d) déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (3) d'alt 7 den Acht sin do cháilíochtaí a ordaítear faoin alt sin a fhorléiriú mar thagairt do cháilíochtaí a dhearbhófar faoi mhír (c) den fho-alt seo, agus

(e) gach duine a mholfar lena cheapadh d'oifig chróinéara, roghnófar é ar cibé modh agus i cibé slí is cuí leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

(4) Ní bheidh feidhm ag na modhnuithe a dhéantar le fo-alt (3) den alt seo i gcás cróinéir a cheapadh tar éis tosach feidhme an Achta seo más roimh an tosach feidhme sin a forordaíodh na cáilíochtaí le haghaidh an cheapacháin, agus déanfar an ceapachán ionann is nár ritheadh an tAcht seo.

(5) Sula molfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine lena cheapadh d'oifig chróinéara, déanfaidh siad deimhin de go bhfuil ag an duine sin an t-eolas agus an inniúlacht is gá chun dualgais na hoifige sin a chomhlíonadh go cuí.

Tuarastal cróinéara.

9. —(1) Íocfaidh an t-údarás áitiúil a cheap é le gach cróinéir cibé tuarastal a bheidh socraithe ó am go ham, le ceadú an Aire, ag an údarás áitiúil sin.

(2) Ní thabharfaidh an tAire aon cheadú faoin alt seo ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) Áireofar i dtuarastal cróinéara aon chostais taistil agus cothaithe agus aon chostais-as-póca eile faoina rachaidh sé i gcúrsa a dhualgas mar chróinéir.

Tuarastal a athbhreithniú.

10. —(1) Laistigh de shé mhí tar éis scéim faoi alt 7 den Acht seo a theacht i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás áitiúil a íocann an tuarastal athbhreithniú ar thuarastal cróinéara ar méadaíodh a cheantar faoin scéim.

(2) Ar thuarastal a athbhreithniú faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir cheadú an Aire, cinneadh (dá ngairtear cinneadh sealadach san alt seo) go méadófar an tuarastal i slí shonraithe nó go ndaingneofar é.

(3) Údarás áitiúil a dhéanfaidh cinneadh sealadach cuirfidh siad téarmaí an chinnte in iúl don chróinéir lena mbainfidh an cinneadh laistigh de mhí tar éis a dhéanta.

(4) I gcás cróinéir a bheith míshásta le cinneadh sealadach. féadfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis téarmaí an chinnte a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire.

(5) I gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne cinneadh sealadach, díbhfidh an tAire an t-achomharc nó cinnfidh sé go méadófar i slí shonraithe an tuarastal a bheidh i gceist.

(6) Má dhéantar cinneadh sealadach agus nach ndéanfar achomharc ina choinne, nó go ndéanfar achomharc agus go ndíbhfear é, beidh an tuarastal a bheidh i gceist arna dhaingniú nó arna mhéadú de réir an chinnte.

(7) I gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne cinneadh sealadach agus, de thoradh an achomhairc, go gcinnfidh an tAire go méadófar an tuarastal a bheidh i gceist i slí shonraithe, beidh an tuarastal arna mhéadú amhlaidh.

(8) Más rud é go ndiúltóidh údarás áitiúil, ar a gceanglaítear leis an alt seo tuarastal cróinéara a athbhreithniú, an tuarastal a athbhreithniú nó más rud é, ar mhí a bheith caite tar éis deireadh na tréimhse ina gceanglaítear orthu an tuarastal a athbhreithniú, nach mbeidh téarmaí cinnte shealadaigh a rinne siad maidir leis an tuarastal curtha in iúl acu don chróinéir—

(a) féadfaidh an cróinéir a iarraidh ar an Aire an tuarastal a athbhreithniú,

(b) athbhreithneoidh an tAire an tuarastal agus ar an athbhreithniú sin a dhéanamh dó cinnfidh sé go méadófar an tuarastal i slí shonraithe nó go ndaingneofar é,

(c) beidh an tuarastal arna mhéadú nó arna dhaingniú dá bharr sin de réir chinneadh an Aire.

(9) Beidh éifeacht ag méadú tuarastail faoin alt seo amhail ón dáta a thiocfaidh an scéim iomchuí i bhfeidhm.

(10) Ní thabharfaidh an tAire ceadú, ná ní dhíbhfidh sé achomharc, ná ní dhéanfaidh sé athbhreithniú ná cinneadh, faoin alt seo, maidir le tuarastal, ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

Sealbhaíocht oifige chróinéara.

11. —(1) Gach cróinéir a cheapfar tar éis tosach feidhme an Achta seo, beidh sé, mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig nó go gcuirfear as oifig é, i seilbh oifige go dtí go slánóidh sé seachtó bliain d'aois.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le cróinéir a cheapfar tar éis tosach feidhme an Achta seo i gcás inar forordaíodh roimh an tosach feidhme sin na cáilíochtaí le haghaidh a cheapacháin.

Ait chónaithe chróinéara.

12. —(1) Is ina cheantar a bheidh a ghnátháit chónaithe ag cróinéir.

(2) I gcás ina bhfaighidh cróinéir cead ón Aire (cead a fhéadfaidh an tAire a tharraingt siar am ar bith) a ghnátháit chónaithe a bheith aige in áit áirithe lasmuigh dá cheantar, measfar é a bheith ag comhlíonadh an cheanglais atá i bhfo-alt (1) den alt seo fad a bheidh a ghnátháit chónaithe aige san áit sin.

Leas-chróinéirí.

13. —(1) Ceapfaidh gach cróinéir duine a bheidh ceadaithe chuige sin ag an údarás áitiúil a cheap an cróinéir chun bheith ina ionadaí dó agus tabharfar leas-chróinéir ar an ionadaí agus sin é a ghairtear de san Acht seo.

(2) Féadfaidh cróinéir tráth ar bith ceapachán a bheidh déanta aige faoin alt seo a chúlghairm, ach ní bheidh éifeacht ag an gcúlghairm mura ndéanfaidh ná go dtí go ndéanfaidh sé leaschróinéir nua a cheapadh.

(3) Féadfaidh leas-chróinéir gníomhú don chróinéir a cheap é le linn an cróinéir a bheith breoite nó as láthair agus féadfaidh sé freisin gníomhú don chróinéir in aon ionchoisne a mbeidh an cróinéir dícháilithe faoin Acht seo chun é a chur ar bun mura rud é go mbeidh an leas-chróinéir féin dícháilithe faoin Acht seo chun an t-ionchoisne a chur ar bun.

(4) Aon uair a bheidh oifig chróinéara do cheantar cróinéara folamh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) an duine (má b'ann) a bhí ina leas-chróinéir don cheantar sin díreach sular tharla an folúntas, fanfaidh sé, mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé nó go n-éireoidh sé as oifig nó go gcuirfear as oifig é, i seilbh oifige mar leas-chróinéir don cheantar sin go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfolúntas;

(b) fad a mhairfidh an folúntas beidh cumhachtaí agus dualgais uile an chróinéara don cheantar sin ag an leas-chróinéir don cheantar sin agus déanfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar a bheidh an ceantar an tuarastal céanna a íoc leis a bheadh iníoctha ag an údarás áitiúil sin leis an gcróinéir don cheantar sin dá bhfanfadh sé in oifig.

(5) (a) I gcás ina mbeidh cróinéir as láthair óna dhualgais le cead ón Aire, féadfaidh an tAire a údarú don leaschróinéir do cheantar an chróinéara sin na dualgais uile a bhaineann le hoifig an chróinéara sin a chomhlíonadh agus, le linn an t-údarás a bheith i bhfeidhm, measfar, chun críocha an Achta seo ach amháin alt 9, gurb é an leas-chróinéir is cróinéir don cheantar sin.

(b) Féadfaidh an tAire údarás a tugadh faoin bhfo-alt seo a chúlghairm.

(6) Fad a bheidh sé ag gníomhú mar chróinéir in ionad an chróinéara a cheap é, beidh dualgais agus cumhachtaí uile cróinéara ag leas-chróinéir.

(7) Is sa cheantar cróinéara ar leas-chróinéir dó é a bheidh a ghnátháit chónaithe ag leas-chróinéir.

(8) I gcás ina bhfaighidh leas-chróinéir cead ón Aire a ghnátháit chónaithe a bheith aige in áit áirithe lasmuigh de cheantar an chróinéara sin, measfar é a bheith ag comhlíonadh an cheanglais atá i bhfo-alt (7) den alt seo fad a bheidh a ghnátháit chónaithe aige san áit sin.

Srian le duine a cheapadh ina chróinéir nó ina leas-chróinéir.

14. —(1) Ní cheapfar aon duine ina chróinéir ná ina leaschróinéir murab abhcóide cleachtach é agus seasamh cúig bliana ar a laghad ag an mBarra aige, nó aturnae cleachtach agus seasamh cúig bliana ar a laghad aige nó lia-chleachtóir cláraithe atá cláraithe, ar shlí seachas go sealadach nó go díomuan, faoi Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, i gClár na Lia-Chleachtóirí d'Éirinn, nó atá i dteideal a chláraithe amhlaidh, le cúig bliana ar a laghad.

(2) Nuair a bheifear ag ríomh a bhlianta seasaimh i gcás abhcóide a bhí ina aturnae ar feadh tréimhse roimhe sin, nó i gcás aturnae a bhí ina abhcóide ar feadh tréimhse roimhe sin, cuirfear an tréimhse sin san áireamh.

Cróinéir agus leaschróinéir a chur as oifig.

15. —(1) Aon uair arb é tuairim an Aire é go raibh aon chróinéir nó leis-chróinéir ciontach i mí-iompar nó i bhfaillí faoi dhualgas nó go bhfuil sé neamhoiriúnach chun bheith i seilbh oifige nó éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh go cuí mar gheall ar easláinte coirp nó meabhrach, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn ina n-inseoidh sé an tuairim sin a chur leis an bpost cláraithe chun an chróinéara nó an leas-chróinéara sin ag a ghnátháit chónaithe agus más rud é, tar éis seacht lá a bheith caite ó cuireadh an fógra amach agus tar éis na huiríolla (más ann) a chuir an cróinéir nó an leas-chróinéir faoina bhráid sin a bhreithniú, go mbeidh sé ar an tuairim sin i gcónaí, féadfaidh sé, le hordú, an cróinéir nó an leas-chróinéir sin a chur as oifig.

(2) Gach ordú lena gcuirfear cróinéir nó leas-chróinéir as oifig sonróidh sé an chúis leis an gcur as oifig.

Na chéad chróinéirí faoin Acht seo.

16. —(1) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo—

(a) gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina chróinéir faoin dlí a bhain an tráth sin le cróinéirí, measfar (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo), díreach ar an tosach feidhme sin, é a bheith arna cheapadh faoi réim agus de réir an Achta seo ina chéad chróinéir don cheantar cróinéara a fhreagraíonn don cheantar ar chróinéir dó é díreach roimh an tosach feidhme sin; agus

(b) ní lú tuarastal gach céad-chróinéara den sórt sin ná an tuarastal a bhí á íoc leis mar chróinéir díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

(2) Ar thosach feidhme an Achta seo, scoirfidh na hoifigi cróinéara, faoi seach, do bhuirgí uile agus faoi seach Chill Chainnigh, Chluain Meala, Dhroichead Átha agus Shligigh de bheith ar marthain, agus gach ceantar cróinéara ina mbeidh, de bhua alt 6 den Acht seo, ceann de na buirgí sin, measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, é a bheith ag freagairt don cheantar, mar a bhí sé díreach roimh an tosach feidhme sin, ar cuireadh an bhuirg leis chun an ceantar cróinéara sin a bhunú.

(3) Gach duine a measfar faoin alt seo é bheith arna cheapadh ina chróinéir, tabharfaidh sé don Aire ainm agus seoladh an duine (má b'ann é) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, faoin dlí a bhain an tráth sin le cróinéirí, ina leas-chróinéir do cheantar an chróinéara sin agus air sin, d'ainneoin aon ní atá san Acht seo, measfar an duine deiridh sin a luaitear a bheith arna cheapadh faoi réim agus de réir an Achta seo ina leas-chróinéir do cheantar an chróinéara sin.