|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1962. | ||
[EN] |
AN tACHT RÓD-CHISTE (DEONTAIS) (FORÁLACHA SEALADACHA), 1962. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH FORÁLACHA SEALADACHA LE hAGHAIDH DEONTAS DON RÓD-CHISTE. [27 Márta, 1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :— | ||
[EN] |
Deontais don Ród-Chiste. |
1. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, i rith na dtrí bliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1961, deontais a thabhairt don Ród-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] | (2) Ní mó ná seacht gcéad míle punt méid iomlán na ndeontas a thabharfar faoin alt seo. | |
[EN] |
Aisghairm agus forálacha iarmartacha. |
2. —(1) Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Ród-Chiste (Roimh-Iocanna), 1926, agus alt 3 den Acht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha), 1959 . |
[EN] | (2) Aon mhéid a bhí, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, gan aisíoc i leith aon suim a airleacadh faoi alt 1 den Acht Ród-Chiste (Roimh-Iocanna), 1926 , nó alt 3 den Acht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha) 1959, áireofar é, maraon leis an ús a bheidh faibhrithe chun a bheith dlite air, mar dheontas nach inaisíoctha. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1962. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Deontais) (Forálacha Sealadacha), 1962 , a ghairm den Acht seo. |