42 1961


Uimhir 42 de 1961.


AN tACHT LEICTREACHAIS (FORÁLACHA SEALADACHA), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BEARTA EISCEACHTÚLA A DHÉANAMH, I RITH TRÉIMHSE TEORANTA, LENA ÁIRITHIÚ GO nDÉANFAR RIACHTANAIS NA BEATHA A SHOLÁTHAR AGUS A RIARADH GO CUÍ LE hAGHAIDH AN PHOBAIL. (2 Meán Fómhair, 1961.)

DE BHRÍ go bhfuil baol an-mhór ann go scoirfidh cumhacht leictreachais de dheasca díospóid trádála a bhfuil baint ag leictreoirí áirithe leis:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil, de dhroim an mhórchruatain a tharraingeodh scor de sórt sin ar an bpobal, mar gheall ar sholáthairtí agus seirbhísí riachtanacha stop agus oibrithe in go leor slite beatha a chur as fostaíocht, staid thromchúiseach ann ar baol é do leas an phobail:

ANOIS, AR AN ÁBHAR SIN, ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Ré.

1. —(1) Faoi réir fho-alt (2), leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí go mbeidh sé mhí caite ó dháta a rite.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go n-éagfaidh an tAcht seo ar dháta sonraithe, is dáta is luaithe ná deireadh sé mhí ó dháta a rite, agus sa chás sin éagfaidh an tAcht seo dá réir sin.

An díospóid trádála láithreach.

2. —San Acht seo ciallaíonn “an díospóid trádála láithreach” an díospóid trádála dá dtagraítear sa Réamhrá a ghabhann leis an Acht seo.

Binse pá.

1946, Uimh. 26 .

3. —(1) Más dóigh leis an Rialtas go bhfuil gar-bhaol ann go scoirfidh cumhacht leictreachais nó go laghdóidh sé go han-mhór sul a socrófar an díospóid trádála láithreach féadfaidh an Rialtas le hordú binse a cheapadh chun na rátaí pá a chinneadh a íocfar le leictreoirí a bhfuil baint acu leis an díospóid trádála láithreach.

(2) Is iad a bheidh ar an mbinse cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile ar a laghad.

(3) Ní dleathach d'fhostóir pá de réir aon ráta eile seachas an ráta a chinnfidh an binse a íoc le haon duine lena mbainfidh cinneadh an bhinse.

(4) Beidh feidhm ag alt 21 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , chun críocha feidhmithe a feidhmeanna faoin alt seo ag an mbinse ach tagairtí don bhinse a chur in ionad tagairtí don Chúirt Oibreachais.

(5) I gcás gan an binse a bheith ar aon-aigne, is é cinneadh an chathaoirligh cinneadh an bhinse mura mbeidh na comhaltaí eile seachas an Cathaoirleach ar aon-aigne, agus sa chás sin is é a gcinneadh sin cinneadh an bhinse.

(6) Beidh cumhacht ag an mbinse a nós imeachta féin a rialú.

Coimisiún fiosrúcháin.

1921, c.7.

4. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, coimisiún fiosrúcháin a cheapadh chun fiosrú faoi nós imeachta Bhord Soláthair an Leictreachais le haghaidh luach saothair chomhaltaí a bhfoirne a chinneadh agus le haghaidh díospóidí a bhaineann lena gcoinníollacha fostaíochta a shocrú, agus chun tuarascáil agus moltaí ar an gcéanna a thabhairt don Rialtas.

(2) Is iad a bheidh ar an gcoimisiún cathaoirleach agus sé chomhalta eile ar a laghad.

(3) Beidh feidhm maidir leis an bhfiosrúchán ag an Tribunals of Enquiry (Evidence) Act, 1921.

(4) D'fhonn deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo nach ndéanfaidh sé difir do luach saothair chomhaltaí fhoireann an Bhoird sin a choigeartú de réir aon nós imeachta láithreach, reachtúil nó eile, an coimisiún a cheapadh.

Soláthairtí agus praghsanna earraí a rialáil.

5. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le hordú, údarás a thabhairt agus foráil a dhéanamh le haghaidh soláthairtí agus praghsanna earraí ar fud an Stáit nó in aon limistéar áirithe a rialáil agus a rialú, i cibé slí is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach de dhroim na n-earraí sin a bheith gann mar gheall ar chumhacht leictreachais teip nó a shrianadh i slí ar bith.

(2) Féadfaidh na forálacha uile, teaghmhasacha nó foghabhálacha, a bheith in ordú faoin alt seo is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil de.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Cionta, ionchúisimh agus pionóis.

6. —(1) Gach duine a dhéanfaidh sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) ar aon fhoráil, nó a thabharfaidh faoi shárú a dhéanamh ar aon fhoráil, den Acht seo nó ar aon ordú arna dhéanamh faoi beidh sé ciontach i gcion.

(2) Gach duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine eile nó a thabharfaidh cúnamh nó comhairle do dhuine eile nó a gheobhaidh duine eile nó a dhéanfaidh comhcheilg leis chun cion faoin Acht seo a dhéanamh beidh sé féin ciontach i gcion.

(3) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine cion agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin le toiliú nó le haontú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtain ar thaobh, aon stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste nó oifigeach de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion.

(4) Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo—

(a) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile;

(b) dlífear, ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, pianseirbhís go ceann téarma nach sia ná cúig bliana nó príosúnacht go ceann téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil agus an phianseirbhís nó an phríosúnacht sin le chéile.

Comhlachtaí daoine a ionchúiseamh.

7. —(1) Féadfar comhlacht corpraithe a ionchúiseamh ar dhíotáil i leith cion faoin Acht seo agus féadfar aon chomhlacht neamhchorpraithe daoine a ionchúiseamh amhail is dá mba chomhlacht corpraithe é.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt chun aon chomhlacht den sórt sin a thriail ar dhíotáil agus chun a áirithiú go ndéanfar aon fhíneáil a fhorchuirfear ar aon chomhlacht den sórt sin ar a chiontú, go hachomair nó ar dhíotáil, i gcion faoin Acht seo, a íoc as aon socmhainní nó cistí dá chuid, cibé áit a bhfaighfear iad.

Caiteachas.

8. —Déanfar an caiteachas faoina rachfar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht Leictreachais (Forálacha Sealadacha), 1961 , a ghairm den Acht seo.