38 1961


Uimhir 38 de 1961.


ACHT NA gCÚIRTEANNA (BUNÚ AGUS COMHDHÉANAMH), 1961

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN CÚIRT ACHOMHAIRC DHEIRIDH, AN CHÚIRT ACHOMHAIRC CHOIRIÚIL AGUS CÚIRTEANNA CÉADCHÉIME A BHUNÚ, DE BHUN AIRTEAGAL 34 DEN BHUNREACHT, CHUN COMHDHÉANAMH NA gCÚIRTEANNA SIN A SHONRÚ, CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH FAOI SCARADH LE hOIFIGÍ BREITHIÚNACHA AGUS FOLÚNTAIS IONTU A LÍONADH, AGUS, DE BHUN AIRTEAGAL 58 DEN BHUNREACHT, CHUN NA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS ÉAGSÚLA A LUAITEAR SAN AIRTEAGAL SIN A DHÍBHUNÚ AGUS OIFIGÍ BREITHIÚNA NA gCÚIRTEANNA SIN A DHÍCHUR. [16 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Uachtaraí.

1. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh an Chúirt Achomhairc Dheiridh, dar teideal de bhun Airteagal 34 den Bhunreacht An Chúirt Uachtarach (The Supreme Court), arna bunú.

(2) Beidh an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

(a) uachtarán na cúirte sin, eadhon, An Príomh-Bhreitheamh (The Chief Justice), agus

(b) cibé líon (nach lú ná ceathrar) gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Uachtarach” (“Judge of the Supreme Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

(3) Is breitheamh breise den Chúirt Uachtarach ex officio Uachtarán na hArd-Chúirte

(4) Más rud é, toisc breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheith breoite nó ar chúis ar bith eile, nach mbeidh leorlion breithiúna den Chúirt Uachtarach ar fáil chun gnó na Cúirte sin a dhéanamh, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh a iarraidh ar ghnáth-bhreitheamh nó gnáth-bhreithiúna ar bith den Ard-Chúirt suíle linn éisteacht aon achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí nó aon ábhair eile is intriailte ag an gCúirt Uachtarach, agus aon bhreitheamh a n-iarrfar sin air amhlaidh suífidh sé le linn éisteacht an achomhairc nó an ábhair eile sin agus beidh sé ina bhreitheamh breise den Chúirt Uachtarach i leith an achomhairc nó an ábhair eile sin.

Bunú agus comhdhéanmh na hArd-Chúirte.

2. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh an Chúirt Chéadchéime ar a dtugtar an Ard-Chúirt (The High Court) in Airteagal 34 den Bhunreacht arna bunú.

(2) Beidh an Ard-Chúirt comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

(a) uachtarán na cúirte sin, dá ngairfear “Uachtarán na hArd-Chúirte” (“The President of the High Court”), agus

(b) cibé líon gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Ard-Chúirt” (“Judge of the High Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

(3) Is breitheamh breise den Ard-Chúirt ex officio an Príomh-Bhreitheamh.

(4) Is breitheamh breise den Ard-Chúirt ex officio Uachtarán na Cúirte Cuarda.

(5) (a) Más rud é, toisc breitheamh den Ard-Chúirt a bheith breoite nó ar chúis ar bith eile, nach mbeidh leorlíon breithiúna den Ard-Chúirt ar fáil chun gnó na Cúirte sin a dhéanamh nó, mar gheall ar an méid gnó atá le déanamh san Ard-Chúirt nó ar chúis ar bith eile de bharr staid an ghnó sa Chúirt sin, gurb oircheas an líon breithiúna atá ar fáil chun críocha na hArd-Chúirte a mhéadú go sealadach, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ar Uachtarán na hArd-Chúirte dá iarraidh sin air, a iarraidh ar ghnáth-bhreitheamh ar bith den Chúirt Uachtarach suí san Ard-Chúirt mar bhreitheamh breise di, agus gach gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a n-iarrfar sin air amhlaidh suífidh sé san Ard-Chúirt.

(b) Aon uair a shuífidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach san Ard-Chúirt de bhun an fho-ailt seo, beidh sé ina bhreitheamh breise den Ard-Chúirt chun críocha uile na Cúirte sin.

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Achomhairc Choiriúil.

3. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh Cúirt Achomhairc, dar teideal An Chúirt Achomhairc Choiriúil (The Court of Criminal Appeal), arna bunú.

(2) Chun aon achomharc áirithe is intriailte ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil a éisteacht agus a chinneadh, déanfar an Chúirt Achomhairc Choiriúil a chomóradh de réir orduithe a thabharfaidh an Príomh-Bhreitheamh, agus beidh an Chúirt comhdhéanta go cuí má bhíonn triúr breitheamh ar a laghad inti agus—

(a) gur duine acu—

(i) an Príomh-Bhreitheamh, nó

(ii) gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, agus

(b) gurb iad an bheirt eile—

(i) beirt ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, nó

(ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, i gcás é dá ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh agus é a bheith toilteanach gníomhú, agus gnáth-bhreitheamh amháin den Ard-Chúirt arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh,

ach féadfaidh breitheamh nó breithiúna ar bith eile a bheidh ar fáil den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt freastal mar chomhalta nó comhaltaí den Chúirt, ar an bPríomh-Bhreitheamh dá iarraidh sin.

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Cuarda.

4. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh Cúirt Chéadchéime, dar teideal An Chúirt Chuarda (The Circuit Court), arna bunú.

(2) Beidh an Chúirt Chuarda comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

(a) breitheamh, dá ngairfear “Uachtarán na Cúirte Cuarda” (“The President of the Circuit Court”), agus

(b) cibé líon gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Chuarda” (Judge of the Circuit Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Dúiche.

5. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo; beidh Cúirt Chéadchéime, dar teideal An Chúirt Dúiche (The District Court), arna bunú.

(2) Beidh an Chúirt Dúiche comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

(a) breitheamh dá ngairfear “Uachtarán na Cúirte Dúiche” (“The President of the District Court”), agus

(b) cibé líon de bhreithiúna eile (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Dúiche” (“Justice of the District Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

Scaradh le hoifig bhreithiúnach agus líonadh folúntais.

6. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “oifig bhreithiúnach” oifig arb í oifig í—

(a) oifig an Phríomh-Bhreithimh, Uachtarán na hArd-Chúirte, ghnáth-bhreithimh den Chúirt Uachtarach, ghnáthbhreithimh den Ard-Chúirt, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó ghnáth-bhreithimh den Chúirt Chuarda, nó

(b) oifig Uachtarán na Cúirte Dúiche nó bhreithimh den Chúirt Dúiche.

(2) Féadfaidh duine ar bith scaradh le hoifig bhreithiúnach a bheidh ar seilbh aige trína éirí as oifig a chur in iúl i scríbhinn faoina láimh a bheidh dírithe chun an Uachtaráin agus a chuirfear chun an Taoisigh.

(3) Aon duine a mbeidh oifig bhreithiúnach ar seilbh aige scarfaidh sé leis an oifig sin ar é a cheapadh, lena thoiliú, d'oifig bhreithiúnach eile.

(4) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina bhreitheamh d'aon chúirt bhreithiúnais dá luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht, scarfaidh sé leis an oifig a bhí ar seilbh aige ar é a cheapadh, lena thoiliú, d'oifig bhreithiúnach.

(5) Measfar gach Cúirt acu seo a leanas, eadhon, an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Chuarda, a bheith comhdhéanta go cuí le linn agus d'ainneoin aon fholúntais in oifig aon bhreithimh den Chúirt sin.

(6) Measfar an Chúirt Dúiche a bheith comhdhéanta go cuí le linn agus d'ainneoin aon fholúntais in oifig Uachtarán na Cúirte sin nó in oifig aon bhreithimh di.

(7) I gcás oifig bhreithiúnach a bheith folamh, féadfar duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

Na cúirteanna a luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht a scor de dhlínse a oibriú, na cúirteanna sin a dhíbhunú agus oifigi breithiúna na gcúirteanna sin a dhíchur.

7. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “na cúirteanna do láthair” na cúirteanna breithiúnais éagsúla a luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht.

(2) I dtosach feidhme an Achta seo, scoirfidh na cúirteanna do láthair de dhlínse ar bith a oibriú.

(3) Nuair a bheidh gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifig bhreithimh d'aon cheann de na cúirteanna do láthair tar éis scaradh leis an oifig sin—

(a) scoirfidh na cúirteanna do láthair de bheith ar bun,

(b) beidh gach oifig acu sin arna díchur.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

8. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé dáta a shocrófar chuige sin le hordú ón Rialtas.