28 1961


Uimhir 28 de 1961.


AN tACHT ÁRACHAIS, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO MÉADÓFAR COMHIOMLÁN NA nDLITEANAS A bhFÉADFAIDH AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA DUL FÚTHU FAOIN ACHT ÁRACHAIS, 1953 , I nDÁIL LE RÁTHAÍOCHTAÍ A THABHARFAIDH AN tAIRE SIN MAIDIR LE hÁRACHÚ FIONTAR A BHAINEANN LE TRÁDÁIL EACHTRACH. [3 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Alt 2 den Acht Árachais, 1953 , a leasú.

1953, Uimh. 7 .

1. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Arachais, 1953 , trí “cúig mhilliún punt” a chur in ionad “dhá mhilliún punt” i bhfo-alt (3).

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1961, a ghairm de na hAchta Arachais, 1909 go 1953, agus den Acht seo le chéile.