An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1961) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.)

23 1961

AN tACHT AIRGEADAIS, 1961

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1961-62.

1959, Uimh. 42 .

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt, ach is ráta seacht scilling sa phunt a bheidh i bhfeidhm i gcás na méideanna cánach is inasbhainte nó is inaisíoctha faoi alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , go dtí an 15ú lá de Bhealtaine, 1961, agus aon cheartú is gá déanfar é, an lá sin nó dá éis, trí asbhaintí nó aisíocaíochtaí ina dhiaidh sin faoin alt sin a choigeartú.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961, a mhuirearú i leith ioncam aon phearsan ar mó ná dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh é de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:

I leith an chéad dá mhíle agus cúig chéad punt den ioncam     ..     ..     ..

Nil.

I leith na breise ar dhá mhíle agus cúig chéad punt,

 

ar gach punt den chéad dá mhíle punt den bhreis     ..     ..     ..

 

Dhá scilling agus sé phingin.

ar gach punt den chéad trí mhíle punt ina dhiaidh sin den bhreis     ..

Cúig scilling.

ar gach punt d'fhuílleach na breise     ..

Seacht scilling agus sé phingin.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1961, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Forcháin don bhliain 1960-61.

1960, Uimh. 19 .

1928, Uimh. 11 .

2. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 1 den Acht Airgeadais, 1960 , ní dhéanfar forcháin a mhuirearú don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, i leith ioncam aon phearsan nach mó nó dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, a mhuirearú i leith ioncam aon phearsan ar mó ná dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:

I leith an chéad dá mhíle agus cúig chéad punt den ioncam     ..     ..     ..

Nil.

I leith na breise ar dhá mhíle agus cúig chéad punt,

 

ar gach punt den chéad dá mhíle punt den bhreis     ..     ..     ..

 

Dhá scilling agus sé phingin.

ar gach punt den chéad trí mhíle punt ina dhiaidh sin den bhreis     ..

Cúig scilling.

ar gach punt d'fhuílleach na breise     ..

Seacht scilling agus sé phingin.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh éifeacht ag alt 3 den Acht Airgid, 1928 , maidir leis an bhforcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960.

Alt 16 den Finance Act, 1920, a leasú.

1920, c.18.

3. —Leasaítear leis seo alt 16 den Finance Act, 1920, trí “five hundred pounds” a chur in ionad “four hundred and fifty pounds”.

Alt 19 den Finance Act, 1920, a leasú.

4. —Leasaítear leis seo alt 19 den Finance Act, 1920, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(4) This section shall also apply to a claimant being a married man, whose wife is not living with him and who is not entitled to the higher allowance mentioned in subsection (1) of the immediately preceding section, as it applies to a claimant being a widower, save that ‘his wife’ shall be substituted for ‘his deceased wife’.”.

Alt 21 den Finance Act, 1920, a leasú.

5. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí “eighty pounds” a chur in ionad “sixty pounds”.

Alt 22 den Finance Act, 1920, a leasú.

6. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, trí “one hundred and ten pounds” a chur in ionad “eighty pounds”.

Deireadh le Riail 4 (1) de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.

7. —(1) Maidir le mír (1) de Riail 4 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D—

(a) sa mhéid go bhforálann sé go lamhálfar cáin bhrabús corparáide a íocfaidh cuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta a asbhaint mar chaiteachas faoina ndeachthas sa tréimhse chuntasaíochta sin nuair a bheifear ag ríomh brabúis nó gnóchan na cuideachta chun críocha cánach ioncaim, ní bheidh feidhm ag an mír sin nuair is chun críocha cánach ioncaim don bhliain 1961-62 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a bheidh an ríomh á dhéanamh, agus

(b) sa mhéid go bhforálann sé, i gcás ina n-aisíocfar aon suim a íocadh roimhe sin i bhfoirm cháin bhrabús corparáide, go ndéanfar an méid a aisíocfar a áireamh mar bhrabús don bhliain a gheofar an aisíocaíocht, ní bheidh feidhm ag an mír sin ach amháin i gcás ina mbeifear tar éis ashbhaint méide a lamháil mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchan á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

Alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 , a leasú.

1946, Uimh. 15 .

8. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-alt” alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 .

(2) Maidir le caiteachas caipitiúil de réir bhrí an phríomh-ailt faoina ndeachthas an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, beidh éifeacht ag an bpríomh-alt amhail is dá gcuirtí an míniú seo a leanas i bhfo-alt (1) in ionad an mhínithe ar an bhfocal “mianach”;

“ciallaíonn an focal ‘mianach’ mianach a oibrítear chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil mar a mhínítear in alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 ), a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún;”.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (5) den phríomh-alt tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur ag a dheireadh:

“Ar choinníoll nach rachaidh iomlán na lamháltas thar an difríocht mheasta.”.

(4) Leasaítear leis seo mír (a) d'fho-alt (8) den phríomh-alt trí “mír (3) den Riail sin 5 fágtha ar lár as an Riail sin” a chur in ionad “an chuing a ghabhas leis an mír sin (2) fágtha ar lár”.

(5) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12) den phríomh-alt:

“(12A) Más rud é maidir le haon bhliain mheasúnachta go mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh i leith cánach ioncaim de bhua an Achta Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 ( Uimh. 8 de 1956 ), nó Chuid II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , ansin, chun críocha fho-ailt (5), (10), (11) agus (12) den alt seo, measfar gur deonaíodh, in aghaidh na bliana sin i leith aon chaiteachais, an lamháltas forbartha mhianaigh iomlán a fhéadfaí, ar é a éileamh go cuí, a dheonú in aghaidh na bliana sin i leith an chaiteachais sin, mura mbeifear tar éis an lamháltas sin a dheonú iarbhír.”.

Alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , a leasú.

1959, Uimh. 42 .

1918, c.40.

1929, Uimh. 32 .

9. —I gcás—

(a) préimh a bheith íoctha maidir le hárachas, nó maidir le conradh i leith blianachta iarchurtha, a rinneadh le cuideachta árachais, agus

(b) go bhféadfaí asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , mura mbeadh nach cuideachta den sórt a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, an chuideachta,

ní thabharfar aird ar an bhfíoras sin, agus féadfar asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoin alt sin 17 dá réir sin, más rud é—

(i) gur sa Stát atá cónaí ar an éilitheoir ach go raibh cónaí air roimhe sin lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí nár ghiorra ná deich mbliana,

(ii) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh sula raibh deireadh leis an tréimhse chónaithe leanúnach lasmuigh den Stát, agus

(iii) nach bhfuil aon ioncam ag teacht as aon urrús nó sealúchas in aon áit atá lasmuigh den Stát nó, i gcás ina bhfuil ioncam ag teacht mar sin, go bhfuil feidhm ag Riail (1) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 , maidir le cáin i leith an ioncaim sin a ríomh.

Ranníocaí agus sochair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh.

1959, Uimh. 42 .

10. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, agus aon achtachán ina dhiaidh sin ar féidir na hAchtanna sin a lua ina theannta.

(2) Is iad na sochair lena mbaineann an t-alt seo pinsean baintrí (ranníocach), liúntas (ranníocach) dílleachta agus pinsean sean-aoise (ranníocach) is iníoctha faoi na hAchtanna.

(3) Maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine faoi na hAchtanna mar ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach déanfar an méid sin de a bheidh íoctha aige i leith sochar lena mbaineann an t-alt seo a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim, an duine sin don bhliain mheasúnachta a íocadh an ranníoc, agus, i gcás inar gá sin, urscaoilfear nó aisíocfar cáin dá réir sin, agus déanfar ioncam iomlán an duine sin don bhliain mheasúnachta sin a ríomh dá réir sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus ní thabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna sin maidir le haon ranníoc ar féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an méid a bheidh le hasbhaint nó le fritháireamh a áireamh mar mhéid a laghdaíonn ioncam tuillte go príomha;

(b) i gcás breis a bheith ag an méid iomlán a bheidh le hasbhaint as ioncam, nó le fritháireamh in aghaidh ioncaim, duine phósta a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis nó atá in aontíos lena fearchéile ar ioncam iomlán an duine sin, go measfar gurb é atá sa bhreis méid a fhéadfaí, faoi na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim, bhanchéile nó fhearchéile an duine sin;

(c) maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine ar tharla dó dul faoi árachas chun críche pinsin seanaoise (ranníocach) tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú, nach ndéanfar aon asbhaint ná fritháireamh a lamháil i leith na coda de a íocadh i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(4) Measfar gur díolaíochtaí lena mbaineann Cuid II den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , íocaíochtaí sochar lena mbaineann an t-alt seo agus gur ioncam tuillte iad chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(5) Aon duine a mbeidh, de bhua aon fhoráil atá sna hAchtanna, asbhaint bainte as a luach saothair i leith aon ranníoca measfar, chun críocha an ailt seo (ach ní chun aon chríche eile), ranníoc is comhionann le méid na hasbhainte a bheith íoctha aige.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb í cuid d'aon ranníoc a íocadh i leith aon tsochair nó i leith na sochar uile lena mbaineann an t-alt seo an chuid sin de a chinnfidh an tAire Leasa Shóisialaigh.

Forcháin a asbhaint as díolaíochtaí.

1959, Uimh. 42 .

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 ;

tá le “díolaíochtaí”, “fostaí” agus “fostóir” na bríonna céanna atá leo i gCuid II den Acht;

ciallaíonn “an bhliain roimhe sin”, maidir le bliain mheasúnachta, an bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain sin.

(2) Ar é do thabhairt fógra i scríbhinn don chigire cánach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh thosach bliana measúnachta go mbeidh cáin ioncaim inasbhainte, faoi aon Riail de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E nó faoi alt 5 den Acht, as díolaíochtaí a íocfar leis an bhliain mheasúnachta, féadfaidh fostaí a ghlacadh de rogha go ndéanfar an fhorcháin a measadh a bheith iníoctha aige don bhliain roimhe sin a aisghabháil trína hasbhaint as na díolaíochtaí a íocfar leis an bhliain mheasúnachta i dteannta na cánach ioncaim is inasbhainte astu mar a dúradh.

(3) I gcás ina nglacfar de rogha faoin alt seo go ndéanfar forcháin a aisghabháil trína hasbhaint as díolaíochtaí a íocfar bliain mheasúnachta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, faoi réir fho-alt (4) den alt seo:

(a) mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, ní dhéanfar measúnacht i leith forchánach don bhliain roimhe sin roimh dheireadh na bliana measúnachta,

(b) ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le haon rialacháin faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim faoina mbeidh cáin ioncaim le hasbhaint as na díolaíochtaí agus cuntas le tabhairt inti do na Coimisinéirí Ioncaim amhail is dá mba cháin ioncaim ab inasbhainte as na díolaíochtaí an fhorcháin,

(c) i gcás—

(i) ina mbeidh an cigire cánach agus an fostaí tar éis comhaontú i scríbhinn a dhéanamh i dtaobh méid na forchánach is iníoctha ag an bhfostaí don bhliain roimhe sin, agus

(ii) go mbeidh an tsuim aisghafa trí asbhaint as díolaíochtaí,

ní gá aon mheasúnú i leith forchánach a dhéanamh don bhliain roimhe sin agus beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 13 den Acht, maidir leis an mbliain roimhe sin, amhail is dá bhfágfaí ar lár mír (c) den fho-alt sin.

(4) Ní bheidh aon éifeacht ag rogha a ghlacfar faoin alt seo má thugann an cigire cánach fógra don fhostaí nach indéanta éifeacht a thabhairt dó.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh siad leis na rialacháin sin—

(a) an fhoirm a fhorordú ina ndéanfar an rogha agus an t-eolas a fhorordú a bheidh le tabhairt maidir leis;

(b) an teorainn ama a fhorordú le haghaidh an cigire cánach do thabhairt an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo;

(c) foráil a dhéanamh le haghaidh an cigire cánach do thabhairt meastachán ar an méid forchánach is iníoctha agus le haghaidh an meastachán sin a athbhreithniú má bhíonn an fostaí míshásta leis;

(d) foráil a dhéanamh le haghaidh cinneadh na gcionúireachtaí ina mbeidh an méid iomlán cánach a íocfaidh fostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim, is cáin a asbhainfear as díolaíochtaí a íocfar le fostaí aon bhliain measúnachta áirithe, le dáiliú i leith cánach ioncaim agus forchánach faoi seach agus le haghaidh aon iarmhéid cánach ioncaim nó forchánach a bheidh dlite ón bhfostaí ar fhoras an dáilithe sin a aisghabháil, trína asbhaint as díolaíochtaí a íocfar bliain níos déanaí nó ar shlí eile;

(e) aon fhorálacha atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim nó a rinneadh fúthu (fara modhnú nó gan modhnú) a fheidhmiú chun críocha an ailt seo nó na rialachán.

(6) Gach rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimh sin faoin rialachán.

Bronntanais le haghaidh uaigheanna agus cuimhneacháin.

1961, Uimh. 17 .

12. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Carthanais, 1961;

tá le “bronntanas” agus “bronntanas carthanúil” na bríonna céanna atá leo san Acht.

(2) Baineann an t-alt seo le gach bronntanas a rinneadh roimh an lú lá d'Iúil, 1961, agus, dá mba é an lá sin nó dá éis a rinneadh é, arb é a bheadh ann, de bhua alt 50 den Acht, bronntanas carthanúil a mhéid a fhoráiltear san alt sin.

(3) Maidir leis an mbliain 1961-62 agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag alt 37 den Income Tax Act, 1918, maidir le bronntanas lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba é an lú lá d'Iúil, 1961, nó dá éis a rinneadh an bronntanas.

Cumhacht chun a cheangal go dtabharfaí tuairisceán i dtaobh na mbunadh ioncaim agus na méideanna a fuarthas uathu.

1956, Uimh. 22 .

1929, Uimh. 32 .

13. —(1) Déanfaidh gach pearsa, nuair a éileofar sin air trí fhógra a thabharfaidh cigire cánach dó maidir le haon bhliain mheasúnachta, tuairisceán fíor cruinn san fhoirm fhorordaithe maidir leis na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den tréimhse a theorainneofar leis an bhfógra—

(a) bunaidh uile a ioncaim don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a bheidh an fógra tugtha;

(b) méid an ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2) den alt seo;

(c) cibé sonraí eile chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta a éileofar leis an bhfógra nó a iarrfar leis an bhfoirm fhorordaithe.

(2) Déanfar méid an ioncaim ó aon bhunadh a bheidh le háireamh i dtuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach amháin go ndéanfar an ríomh i ngach cás faoi threoir na bliana roimhe sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 3 den Acht Airgeadais, 1956 , go ndéanfar an ríomh gan aird ar an alt sin;

(b) go ndéanfar, i gcás brabúis nó gnóchan bliana dar chríoch dáta sa bhliain roimhe sin a bheith le háireamh, faoi alt 15 den Acht Airgid, 1929 , mar bhrabúis nó gnóchan na bliana roimhe sin, an ríomh faoi threoir na bliana sin dar chríoch dáta sa bhliain roimhe sin.

(3) Féadfaidh cigire cánach gan fógra sonrach a thabhairt de bhun teagasc faoi alt 99 den Income Tax Act, 1918, in aon chás ina mbeidh fógra tugtha aige, nó ina mbeartóidh sé fógra a thabhairt, faoin alt seo.

(4) Cuirfear tuairisceáin faoin alt seo ar fáil do na Coimisinéirí Speisialta le haghaidh measúnachtaí i leith forchánach a ullmhú agus a dhéanamh, agus beidh éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 7 den Income Tax Act, 1918, amhail agus dá bhfolódh tagairtí ann do thuairisceán faoin alt sin 7 tagairtí do thuairisceán faoin alt seo.

(5) Má sheachadann duine d'aon chigire cánach tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe, measfar gur éilíodh air trí fhógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh, agus measfar go ndeachaigh an t-am a bhí teorannaithe chun an tuairisceán sin a sheachadadh in éag ar dháta a sheachadta don chigire.

(6) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 107 den Income Tax Act, 1918, maidir le tuairisceán a éileofar faoin alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le liosta, dearbhú nó ráiteas arna éileamh trí fhógra dá dtagraítear san fho-alt sin (1).

(7) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú de bhua fho-alt (6) den alt seo—

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu gur tugadh go cuí don chosantóir fógra sonraithe lá sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa,

(b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir tuairisceán sonraithe i rith tréimhse sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearna an cosantóir an tuairisceán sin a sheachadadh i rith na tréimhse sin,

(c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo agus á airbheartú é a bheith sínithe ag cigire cánach a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é an cigire sin a shínigh é.

(8) San alt seo ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus, nuair a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim ag forordú foirmeacha chun críocha an ailt seo, tabharfaidh siad aird ar a inmhianaithe atá sé a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-éileofar ar aon phearsa níos mó ná aon tuairisceán amháin sa bhliain a thabhairt ar bhunaidh a ioncaim agus na méideanna a fuarthas uathu.