16 1961


Uimhir 16 de 1961.


ACHT NA gCÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS AGUS NA nOIFIGEACH CÚIRTE (AOISLIÚNTAS), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hAOISLIÚNTAS DO BHREITHIÚNA DEN CHÚIRT UACHTARACH, DEN ARD-CHÚIRT AGUS DEN CHÚIRT CHUARDA, DO BHREITHIÚNA DEN CHÚIRT DÚICHE AGUS D'OIFIGIGH ÁIRITHE CÚIRTE. [20 Meitheamh, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1936, Uimh. 48 .

1945, Uimh. 25 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1945” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1945;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1959;

folaíonn “breitheamh” breitheamh den Chúirt Dúiche;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile forléireofar í ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

Aiscí aoisliúntaís le haghaidh agus i leith breithiúna.

2. —(1) Baineann an t-alt seo le—

(a) duine a cheapfar mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(b) duine a ghlacfaidh le forálacha an ailt seo, de réir fhorálacha alt 3 den Acht seo agus rialachán faoi alt 6 den Acht seo.

(2) Ar phinsean faoi na hAchtanna a dheonú d'aon duine lena mbaineann an t-alt seo, deonófar don duine sin aisce de mhéid is comhionann le oiread go leith mhéid bliantúil an phinsin (lena n-áirítear aon chuid de a géilleadh faoi alt 7 den Acht seo) arna laghdú faoi fho-alt (5) den alt seo.

(3) Ar dhuine ar bith lena mbaineann an t-alt seo d'fháil bháis agus é i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche tar éis seirbhís cúig bliana nó níos mó mar bhreitheamh, deonófar d'ionadaí pearsanta dlíthiúil an duine sin aisce de mhéid is comhionann le méid bliantúil a thuarastail mar bhreitheamh tráth a bháis.

(4) I gcás duine ar bith dar deonaíodh pinsean faoi na hAchtanna agus aisce faoin alt seo d'fháil bháis tráth ar lú de shuim ar bith an méid a bheidh íoctha leis ar scór an phinsin agus na haisce ná méid bliantúil a thuarastail mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche, de réir mar a bheidh, an tráth a scoir sé de bheith i seilbh oifige mar bhreitheamh den sórt sin, deonófar d'ionadaí pearsanta dlíthiúil an duine sin aisce de mhéid is comhionann leis an tsuim sin.

(5) Laghdófar an ceathrú cuid an méid bliantúil ab iníoctha, mura mbeadh an fo-alt seo, de phinsean a dheonófar faoi na hAchtanna do dhuine lena mbaineann an t-alt seo.

Forálacha maidir le breithiúna láithreacha.

1947, Uimh. 20 .

3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus rialachán faoi alt 6 den Acht seo, duine ar bith a shealbhaigh oifig mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche díreach roimh dháta an Achta seo a rith féadfaidh sé, le linn an oifig sin a bheith aige, glacadh le forálacha alt 2 den Acht seo.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le breitheamh den Chúirt Dúiche a rinne an roghnú dá bhforáiltear in alt 48 d'Acht 1936 agus a dhaingnigh an roghnú sin de réir fho-alt (3) d'alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 , ná

(b) le breitheamh den Chúirt Dúiche a shealbhaigh oifig mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar dháta Acht 1936 a rith (seachas breitheamh den Chúirt Dúiche dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo) mura ndearna sé an roghnú dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) den alt sin 18.

Aiscí aoisliúntais le haghaidh agus i leith oifigeach cúirte áirithe.

4. —(1) Baineann an t-alt seo—

(a) le duine a cheapfar mar Mháistir na hArd-Chúirte, mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(b) le duine a ghlacfaidh le forálacha an ailt seo, de réir fhorálacha alt 5 den Acht seo agus rialachán faoi alt 6 den Acht seo.

(2) Ar phinsean faoi na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, a dheonú do dhuine ar bith lena mbaineann an t-alt seo, deonófar don duine sin aisce de mhéid is comhionann le oiread go leith méid bliantúil an phinsin (lena n-áirítear aon chuid de a géilleadh faoi alt 7 den Acht seo) arna laghdú faoi fho-alt (5) den alt seo.

(3) Ar dhuine ar bith lena mbaineann an t-alt seo d'fháil bháis agus é i seilbh oifige mar Mháistir na hArd-Chúirte nó mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae tar éis seirbhís cúig bliana nó níos mó mar Mháistir na hArd-Chúirte nó mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, deonófar d'ionadaí pearsanta dlíthiúil an duine sin aisce de mhéid is comhionann le méid bliantúil a thuarastail mar Mháistir na hArd-Chúirte nó mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, tráth a bháis.

(4) I gcás duine ar bith dar deonaíodh pinsean faoi na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go dtí 1951, agus aisce faoin alt seo d'fháil bháis tráth ar lú de shuim ar bith an méid a bheidh íoctha leis ar scór an phinsin agus na haisce ná méid bliantúil a thuarastail mar Mháistir na hArd-Chúirte nó mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, tráth a scoir sé de bheith i seilbh oifige mar Mháistir na hArd-Chúirte nó mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, deonófar d'ionadaí pearsanta dlíthiúil an duine sin aisce de mhéid is comhionann leis an tsuim sin.

(5) Laghdófar an ceathrú cuid an méid bliantúil ab iníoctha, mura mbeadh an fo-alt seo, de phinsean a dheonófar faoi na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, do dhuine lena mbaineann an t-alt seo.

Forálacha maidir le hoifigigh cúirte láithreacha áirithe

5. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus rialachan faoi alt 6 den Acht seo, duine ar bith a shealbhaigh oifig mar Mháistir na hArd-Chúirte, mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae díreach roimh dháta an Achta seo a rith féadfaidh sé, le linn an oifig sin a bheith aige, glacadh le forálacha alt 4 den Acht seo.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le duine a shealbhaigh oifig mar Mháistir na hArd-Chúirte, mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae ar dháta Acht 1945 a rith mura ndearna sé an roghnú dá bhforáiltear in alt 5 den Acht sin.

Rialacháin.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, rialacháin a dhéanamh chun críocha ailt 3 agus 5 den Acht seo.

(2) Féadfar, go sonrach, leis na rialacháin faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) féadfar fógra ó dhuine gur mian leis glacadh le forálacha alt 2 nó alt 4, de réir mar a bheidh, den Acht seo a thaisceadh tráth nach déanaí ná dáta sonraithe;

(b) ní bheidh duine i dteideal glacadh le forálacha alt 2 nó 4, de réir mar a bheidh, den Acht seo mura gcinnfidh an tAire go bhfuil an tsláinte go maith aige;

(c) i gcás ina gceanglófar ar dhuine dul faoi scrúdú dochtúra faoi na rialacháin féadfar a cheangal air cibé táille a íoc a chinnfidh an tAire i leith an scrúdaithe.

Breithiúna agus oifigigh cúirte áirithe do ghéilleadh cuid dá bpinsean le haghaidh pinsin do bhanchéile nó do chleithiúnaí.

7. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “cleithiúnaí”, maidir le duine, duine de theaghlach an duine sin a bheidh, an tráth a chuirfidh an duine sin in iúl don Aire gur mian leis géilleadh a dhéanamh faoin alt seo, i gcleithiúnas tuillimh an duine sin go hiomlán nó go páirteach;

ciallaíonn “duine den teaghlach” athair, máthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar, deirfiúr leas-ghaolmhar, uncail, aintín, nia, neacht, cliamhain nó banchliamhain.

(b) Chun críocha an mhínithe ar “duine den teaghlach” atá i mír (a) den fho-alt seo, measfar, i gcás duine a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 , gur mac é, nó gur iníon í, leis an uchtóir nó leis na huchtóirí a saolaíodh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach agus nach mac é, nó nach iníon í, le haon duine eile.

(2) (a) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo agus rialachán arna ndéanamh ag an tAire, aon duine a scoirfidh d'oifig mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche, mar Mháistir na hArd-Chúirte, mar Mháistir Fómhais nó mar Chláraitheoir Contae, ar shlí seachas ar fhoras easláinte, an lá nó tar éis an lae a cheapfar mar lá ceaptha faoi mhír (d) den fho-alt seo féadfaidh sé, maidir le haon phinsean a dheonófar dó faoi na hAchtanna nó faoi na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, de réir mar a bheidh, cuid den phinsean sin a ghéilleadh amhail ó dháta a thosaíthe i leith an tAire do dheonú pinsean faoin Acht seo do bhanchéile an duine nó do chleithiúnaí amháin leis an duine sin a shonróidh sé.

(b) Féadfar, go sonrach, leis na rialacháin faoin bhfo-alt seo, foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(i) féadfar fógra ó dhuine gur mian leis géilleadh a dhéanamh faoin alt seo a thaisceadh tráth nach déanaí ná am áirithe roimh dháta an scortha,

(ii) ní bheidh duine i dteideal géilleadh a dhéanamh faoin alt seo mura gcinnfidh an tAire go bhfuil an tsláinte go maith aige,

(iii) ceanglas ón Aire á cheangal ar dhuine ar mian leis géilleadh a dhéanamh faoin alt seo aon cruthúnais a thabhairt ar aird a mheasfaidh an tAire is gá (lena n-áirítear, go sonrach, dearbhú reachtúil a thabhairt ar aird á rá gur cleithiúnaí maidir leis an duine an deontaí beartaithe (nach banchéile an duine)),

(iv) beidh géilleadh bailí, mura ndéanfar é a chealú nó a leasú go cuí, d'ainneoin nach mbeidh méid an phinsin a bheidh le géilleadh laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear san alt seo mar gheall ar athrú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar mhéid nó ar mhéid mheasta an phinsin,

(v) beidh fógra i dtaobh géilleadh ar neamhní más rud é, roimh scor don duine ar mian leis an géilleadh a dhéanamh faoin alt seo, go bhfaighidh an duine sin nó deontaí beartaithe an phinsin faoin alt seo bás,

(vi) i gcás ina gceanglófar ar dhuine dul faoi scrúdú dochtúra faoi na rialacháin is ar an duine a bheidh an táille don scrúdú a íoc.

(c) Más rud é—

(i) go mbeidh duine tar éis géilleadh a dhéanamh faoin alt seo,

(ii) go mbeifear tar éis pinsean faoin alt seo a dheonú maidir leis an ngéilleadh do dheontaí seachas banchéile an duine, agus

(iii) go mbeidh an duine tar éis dearbhú reachtúil a chur faoi bhráid an Aire, de bhun rialachán faoin alt seo, á dhearbhú gur cleithiúnaí an deontaí maidir leis an duine,

má gheibheann an tAire amach tráth ar bith tar éis an pinsean a bheith deonaithe nár chleithiúnaí an deontaí maidir leis an duine, measfar an géilleadh agus an pinsean a bheith bailí, ach, i gcás nach mbeifear tosaithe ag íoc an phinsin, forghéillfidh deontaí an phinsin an pinsean agus, i gcás ina mbeifear tar éis tosú ag íoc an phinsin, forghéillfidh sé an méid sin de nach mbeidh íoctha.

(d) Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

(3) Déanfar pinsean faoin alt seo a dheonú ionas gur comhionann, de réir achtúireachta, a luach, ar dháta an scortha (de réir cibé táblaí a bheidh formheasta, ar dháta an scortha, ag an Aire chun críocha an ailt seo) agus luach an mhéid a géilleadh.

(4) (a) Aon phinsean faoin alt seo a dheonófar do bhanchéile duine beidh sé iníoctha, de réir mar a roghnóidh an duine agus é ag déanamh an ghéillte faoin alt seo—

(i) ar feadh na tréimhse a mhairfidh (má mhaireann) an bhanchéile tar éis an duine, nó

(ii) ar feadh na tréimhse a mhairfidh an duine agus an bhanchéile araon tar éis don duine scor agus ar feadh na tréimhse a mhairfidh (má mhaireann) an bhanchéile tar éis an duine.

(b) Aon phinsean faoin alt seo a dheonófar do chleithiúnaí duine beidh sé iníoctha ar feadh na tréimhse a mhairfidh (má mhaireann) an cleithiúnaí tar éis an duine.

(5) I gcás pinsean faoin alt seo is iníoctha ar feadh na dtréimhsí a shonraítear i bhfomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo, beidh ráta an phinsin ar feadh an dara tréimhse faoi dhó chomh mór le ráta an phinsin ar feadh na chéad tréimhse.

(6) (a) I gcás pinsean arna dheonú faoin alt seo do chleithiúnaí duine a bheith iníoctha agus gan bliain is fiche a bheith slán ag an gcleithiúnaí, féadfaidh an tAire blianacht a chur in ionad an phinsin (ar neamhaird le haon íocaíochtaí a bheidh déanta cheana féin) is blianacht—

(i) a bheidh iníoctha go ceann cibé tréimhse acu seo a leanas is giorra:

(I) an tréimhse dar tosach dáta an chur-in-ionad agus dar críoch dáta báis an chleithiúnaí,

(II) an tréimhse dar tosach dáta an chur-in-ionad agus dar críoch cibé dáta, nach luaithe ná cúig bliana tar éis dáta an chur-in-ionad, a chinnfidh an tAire, agus

(ii) ar comhionann a luach, de réir achtúireachta, ar dháta an chur-in-ionad (de réir cibé táblaí a bheidh formheasta, ar dháta an chur-in-ionad, ag an Aire chun críocha an ailt seo) agus luach an phinsin (ar neamhaird le haon íocaíochtaí a bheidh déanta cheana féin).

(b) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha cur-in-ionad faoi mhír (a) den fho-alt seo:

(i) ní dhéanfar cur-in-ionad ach amháin ar iarratas ó thuismitheoir nó caomhnóir an chleithiúnaí,

(ii) ní dhéanfar cur-in-ionad mura gcinnfidh an tAire go bhfuil an tsláinte go maith ag an gcleithiúnaí,

(iii) d'fhonn cinneadh a dhéanamh i dtaobh sláinte an chleithiúnaí, féadfaidh an tAire a cheangal ar an gcleithiúnaí dul faoi scrúdú dochtúra agus is é tuismitheoir nó caomhnóir an chleithiúnaí a bheidh freagrach sa táille don scrúdú a íoc,

(iv) faoi réir na bhfomhíreanna sin roimhe seo den mhír seo, is de réir rogha an Aire a dhéanfar cur-inionad.

(7) I gcás—

(a) pinsean nó aisce arna dheonú faoin alt seo a bheith iníoctha, agus

(b) nach mbeidh bliain agus fiche d'aois slán ag an deontaí,

is le tuismitheoir nó le caomhnóir an deontaí a dhéanfar íocaíochtaí den phinsean nó den bhlianacht, go dtí go mbeidh bliain agus fiche d'aois slán ag an deontaí.

(8) I gcás ina ndéanfaidh duine cuid de phinsean a ghéilleadh faoin alt seo—

(a) ní lú a ghéillfidh sé ná an chuid sin den phinsean a sholáthródh pinsean faoin alt seo tar éis a bháis is comhionann leis an gceathrú cuid de mhéid an phinsin a bheidh fágtha tar éis an ghéillte,

(b) ní mó a ghéillfidh sé—

(i) an triú cuid den phinsean, nó

(ii) ná an chuid sin den phinsean a sholáthródh pinsean faoin alt seo tar éis a bháis comhionann le méid an phinsin a bheidh fágtha tar éis an ghéillte,

cibé acu is lú, agus

(c) ní ghéillfidh sé méid den phinsean nach glan-uimhir punt.

(9) Chun críocha ailt 8 agus 17 agus fho-alt (5) d'alt 48 d'Acht 1936 agus fho-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1945 áireofar an luach saothair ar faoina threoir a ríomhadh pinsean a ngéillfear cuid de faoin alt seo a bheith arna laghdú an méid a ghéillfear.

(10) I gcás ina ngéillfidh duine faoin alt seo cuid de phinsean, ansin, d'fhonn méid aon aisce a ríomh a fhéadfar a dheonú dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi fho-alt (4) d'alt 2 nó faoi fho-alt (4) d'alt 4, de réir mar a bheidh, den Acht seo, measfar gurb é méid a íocfar leis ar scór an phinsin tráth a bháis an méid a íocfaí amhlaidh mura mbeadh an géilleadh.

Iocaíochtaí aoisliúntais áirithe a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste.

8. —Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis aisc faoi alt 2 den Acht seo, agus pinsin agus aiscí do bhanchéilí agus do chleithiúnaithe Breithiúna na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche faoi alt 7 den Acht seo.

Iocaíochtaí agus caiteachas an Aire agus suimeanna a gheobhaidh sé i leith scrúduithe dochtúra.

9. —(1) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar na híocaíochtaí (seachas íocaíochtaí i leith na n-aiscí, na bpinsean agus na mblianachtaí dá dtagraítear in alt 8 den Acht seo) a dhéanfaidh an tAire agus an caiteachas faoina rachaidh sé ag tabhairt éifeacht don Acht seo agus á riaradh.

(2) Déanfar na suimeanna a gheobhaidh an tAire i leith scrúduithe dochtúra chun críocha an Achta seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire.

Gearrtheideal agus comhlua.

10. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna Breithiúnais agus na nOifigeach Cúirte (Aoisliúntas), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna, a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961, a ghairm díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, déanfar é agus iad a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na nOifigeach Cúirte, 1926 go 1961, a ghairm díobh le chéile.