Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.)

45 1960


Uimhir 45 de 1960.


AN tACHT UM LUACHANNA MAOINE (EADRÁNACHA AGUS ACHOMHAIRC), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH EADRÁNAITHE MAOINE A CHEAPADH CHUN CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA RÉITEOIRÍ MAIDIR LE hACHOMHAIRC FAOI CHUID I DEN FINANCE (1909-10) ACT, 1910, AGUS EADRÁNAITHE MAIDIR LE hEADRÁNACHA FAOIN ACQUISITION OF LAND (ASSESSMENT OF COMPENSATION) ACT, 1919, AGUS FAOIN ACHT SILTIN AIRTÉIRIGH, 1945 , A FHEIDHMIÚ AGUS A CHOMHLÍONADH, DO LEASÚ NA nACHTANNA SIN CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CRÍOCHA EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [21 Nollaig, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1910, c. 8.

1919, c. 57.

1945, Uimh. 3 .

1925, Uimh. 22 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1910” an Finance (1909-10) Act, 1910;

ciallaíonn “Acht 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919;

ciallaíonn “Acht 1945” an tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 ;

ciallaíonn “an Coiste Réitigh” an Coiste Réitigh a bunaíodh le halt 1 d'Acht 1919 arna leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 .

Eadránaithe maoine.

2. —(1) Féadfaidh an Coiste Réitigh duine amháin nó níos mó ag a mbeidh eolas speisialta ar luacháil talún nó ag a mbeidh cibé cáilíochtaí eile a mheasfaidh an Coiste Réitigh a bheith oiriúnach a cheapadh chun bheith ina eadránaí nó ina n-eadránaithe chun críocha Chuid I d'Acht 1910, Acht 1919 agus Acht 1945 agus eadránaí maoine a thabharfar ar dhuine a cheapfar amhlaidh agus eadránaí maoine a ghairtear de san Acht seo.

(2) Sealbhóidh eadránaí maoine oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha, seachas iad sin dá ndéantar socrú faoi fho-alt (3) den alt seo, a chinnfidh an Coiste Réitigh ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Íocfar le headránaí maoine, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(4) I gcás duine a bheith, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, i seilbh oifige mar chomhalta den phainéal eadránaithe oifigiúla faoi Acht 1919 agus tuarastal bliantúil a bheith á fháil aige i leith na hoifige sin, measfar gur ceapadh an duine sin faoin alt seo ar an dáta sin chun bheith ina eadránaí maoine chun críocha Chuid I d'Acht 1910, Acht 1919 agus Acht 1945 agus é a bheith i seilbh oifige ar théarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais i leith caiteachais) nach neamhfhabharaí ná iad sin ar ar shealbhaigh sé oifig mar chomhalta den phainéal réamhráite.

Eadránaithe chun críocha alt 33 d'Acht 1910.

3. —(1) Déanfar achomharc faoi alt 33 d'Acht 1910 a tharchur chun eadránaí maoine a ainmneoidh an Coiste Réitigh chun críocha an tarchuir sin de réir rialacha a dhéanfaidh an Coiste Réitigh faoin alt seo agus, dá réir sin—

(a) an méid sin d'fho-alt (2) den alt sin 33 a dhéanann socrú chun an t-achomharc faoi a tharchur chun an duine sin de phainéal réiteoirí a bheidh ceaptha faoi Chuid I d'Acht 1910 agus a roghnófar i slí a fhorálfar le rialacha faoin alt sin 33 scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige, agus

(b) déanfar tagairtí san alt sin 33 do réiteoir a roghnófar faoin alt sin a fhorléiriú mar thagairtí d'eadránaí maoine a ainmneofar faoin alt seo agus déanfar an tagairt san alt sin 33 don Choiste Réitigh a bunaíodh faoin alt sin a fhorléiriú mar thagairt don Choiste Réitigh.

(2) Má tharlaíonn, in achomharc faoin alt sin 33, gur ní ábhartha i ndáil le cinneadh an eadránaí maoine luach aon mhinearál, féadfaidh an t-achomharcóir féin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim freisin, i dteannta na ndaoine a bheidh ainmnithe, má bhíonn, faoi fho-alt (3) den alt sin 33, duine amháin ag a mbeidh taithí ar luacháil minearál a ainmniú chun dul i gcomhairle leis an eadránaí maoine agus, ag cinneadh achomhairc dó, rachaidh an t-eadránaí maoine i gcomhairle le haon duine a ainmneofar faoin bhfo-alt seo.

Leasú ar alt 1 d'Acht 1919.

4. —An eadráin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 1 d'Acht 1919, is é a bheidh inti, maidir le haon cheist a tharchur agus a chinneadh faoin bhfo-alt sin, eadráin ag eadránaí maoine a bheidh ainmnithe chun críocha an tarchuir agus an chinnte sin ag an gCoiste Réitigh de réir rialacha a bheidh déanta ag an gCoiste Réitigh faoin alt seo agus, dá réir sin—

(a) an méid sin den fho-alt sin (1) a dhéanann socrú chun ceisteanna a tharchur chun agus a chinneadh ag an duine sin de phainéal eadránaithe oifigiúla a cheapfar faoin alt sin 1 agus a roghnófar mar a fhoráiltear ann scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige, agus

(b) déanfar tagairtí in Acht 1919 d'eadránaí oifigiúil a fhorléiriú mar thagairtí d'eadránaí maoine arna ainmniú faoin alt seo.

Eadránaithe chun críocha Acht 1945.

5. —An t-eadránaí chun aon chríche ar gá eadránaí chuici faoi Acht 1945 is é a bheidh ann eadránaí maoine a ainmneoidh an Coiste Réitigh chun na críche sin agus, dá réir sin, déanfar tagairtí in Acht 1945 d'eadránaí arna ainmniú nó arna cheapadh ag an gCoiste Réitigh ón bPainéal d'Eadránaithe Siltin a fhorléiriú mar thagairtí d'eadránaí maoine arna ainmniú ag an gCoiste Réitigh faoin alt seo.

Forálacha maidir le headránacha agus achomhairc roimh dháta an Achta seo a rith.

6. —(1) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo, seachas an t-alt seo, maidir le—

(a) aon achomharc faoi alt 33 d'Acht 1910 a mbeidh réiteoir roghnaithe ina leith faoin alt sin roimh dháta an Achta seo a rith,

(b) aon cheist a mbeidh eadránaí oifigiúil roghnaithe ina leith faoi Acht 1910 roimh dháta an Achta seo a rith, ná

(c) aon díospóid, éileamh, agóid nó ábhar a mbeidh eadránaí ainmnithe nó ceaptha ina leith faoi Acht 1945 roimh dháta an Achta seo a rith.

(2) Chun críocha—

(a) bailíocht aon chinnte ag réiteoir faoi alt 33 d'Acht 1910 maidir le hachomharc a tarchuireadh chuige faoin alt sin roimh dháta an Achta seo a rith,

(b) bailíocht tarchuir an achomhairc chun an réiteora, agus

(c) bailíocht roghnú an réiteora chun an t-achomharc a chinneadh,

measfar an réiteoir a bheith roghnaithe de réir fhorálacha an ailt sin ó phainéal réiteoirí a ceapadh faoi Chuid I d'Acht 1910 agus ar a raibh beirt daoine ar a laghad.

(3) Chun críocha—

(a) bailíocht aon chinnte nó dámhachtana ag eadránaí oifigiúil faoi Acht 1919 maidir le ceist a tarchuireadh chun eadrána faoin Acht sin roimh dháta an Achta seo a rith,

(b) bailíocht tarchuir na ceiste chun an eadránaí oifigiúil, agus

(c) bailíocht roghnú an eadránaí oifigiúil chun an cheist a chinneadh,

measfar an t-eadránaí oifigiúil a bheith roghnaithe de réir fhorálacha an Achta sin ó phainéal eadránaithe oifigiúla a ceapadh faoin Acht sin agus ar a raibh beirt daoine ar a laghad.

Aisghairm.

7. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , a ghairm den Acht seo.