An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960) Ar Aghaidh (CUID II. Cíos ar Theaghaisí Rialaithe a Shrianadh.)

42 1960

AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa, 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 31ú lá de Nollaig, 1960.

Léiriú i gcoitinne.

1946, Uimh.

5 & 6 Geo. 5, c. 97.

1919, c. 7.

1920, c. 17.

1944, R. & O. R. Uimh. 29.

1945, R. & O. R. Uimh. 188.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Srianta Cíosa, 1946 ;

ciallaíonn “cíos bunúsach” maidir le teaghais rialaithe cíos bunúsach na teaghaise arna chinneadh faoi alt 7, alt 8 nó alt 9 (cibé acu é) den Acht seo;

ciallaíonn “teaghais rialaithe” aon teaghais a mbaineann an tAcht léi de bhua alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

ciallaíonn “teaghais” teach atá ligthe mar theaghais ar leithligh, nó cuid, arna ligean amhlaidh, d'aon teach, cibé acu atá nó nach bhfuil an tionónta i bpáirt le haon daoine eile in aon chuid di nó in aon chóiríocht, taitneamhacht nó saoráid maidir leis an gcéanna;

ciallaíonn “na sean-achtacháin a bhaineann le srianadh cíosa”—

(a) an Increase of Rent and Mortgage Interest (War Restrictions) Act, 1915,

(b) an Increase of Rent and Mortgage Interest (Restrictions) Act, 1919,

(c) an Increase of Rent and Mortgage Interest (Restrictions) Act, 1920,

(d) na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930,

(e) An tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944, agus an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944 (Leasú), 1945, agus

(f) na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959;

folaíonn “tiarna talún”, nuair a úsáidtear é maidir le haon teaghais, aon duine a dhíorthóidh teideal ó am go ham faoi thiarna talún bunaidh na teaghaise, agus folaíonn sé freisin aon duine, seachas an tionónta, atá nó a bheadh mura mbeadh an tAcht seo i dteideal seilbh na teaghaise;

ciallaíonn “breis dleathach”, maidir le cíos bunúsach teaghaise rialaithe, aon suim is breis dleathach ar an gcíos bunúsach de bhua alt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “cíos dleathach”, maidir le teaghais rialaithe, an tsuim a ndearbhaítear le halt 11 den Acht seo gurb í cíos dleathach na teaghaise í;

folaíonn “ligean” fo-ligean;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “tionónta neamhreachtúil” tionónta nach tionónta reachtúil;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta tosach feidhme an Achta seo, is é sin le rá, an 31ú lá de Nollaig, 1960;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú ag an Aire le rialacháin faoin Acht seo;

ciallaíonn “rátaí”, maidir le teaghais rialaithe, na rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce) a bheidh leagtha ag údarás áitiúil (is comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó comhairle cheantair uirbigh) i leith na teaghaise chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla agus a bheidh, de réir aon Achta, nó a bheadh mura mbeadh aon Acht, inmhuirir ar áititheoir na teaghaise;

ciallaíonn “tionóntacht reachtúil” leas tionónta reachtúil sa teaghais a n-úsáidtear an abairt maidir léi;

ciallaíonn “tionónta reachtúil” duine is—

(a) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe tar éis a thionóntacht chonarthach inti (nach tionóntacht lena mbaineann alt 37 den Acht seo) a bheith foirceannta, nó

(b) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi fho-alt (2), fo-alt (3) nó fo-alt (4) d'alt 31 den Acht seo, nó

(c) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi fhomhír (iii) de mhír (a) nó faoi mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 32 den Acht seo, nó

(d) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi alt 52 den Acht seo;

folaíonn “tionónta”, maidir le haon teaghais, tionónta reachtúil, agus folaíonn sé aon duine a dhíorthóidh teideal ó am go ham faoin tionónta bunaidh, agus folaíonn sé freisin fo-thionónta.

(2) Déanfar tagairtí san alt seo d'ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú chun tionónta a eisiachtain aisti.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléirú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Teaghais rialaithe.

3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an tAcht seo le gach teaghais.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le teaghais ar mó a luacháil inrátaithe ná—

(i) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt,

(ii) in aon chás eile, daichead punt,

(b) le teaghais a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á tógáil ar an dáta sin,

(c) le teaghais ar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, nó faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, atá a ligean,

(d) le teaghais arna ligean ar cíos (dá ngairtear an cíos forcoimeádta anseo feasta) a fholaíonn íocaíochtaí i leith bordála, freastail nó úsáid troscáin, nó i leith teas, uisce te, breosla, leictreachas, nó aon earra eile a sholáthar don teaghais nó i leith aon seirbhísí a thabhairt i ndáil leis an teaghais, mura rud é, ar an gCúirt do chionroinnt an chíosa fhorcoimeádta, go mbeidh an chuid den chíos forcoimeádta is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith na teaghaise amháin comhionann le trí cheathrú nó níos mó ná trí cheathrú den chíos forcoimeádta, agus sa chás sin measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é cíos na teaghaise an chuid den chíos forcoimeádta is inchurtha amhlaidh i leith na teaghaise amháin,

(e) le teach a bheidh á áitiú ar dháta thosach feidhme an Achta seo ag a úinéir mar áit chónaithe dó féin, nó a thiocfaidh chun bheith á áitiú amhlaidh ina dhiaidh sin,

(f) le teach a mbeidh an tiarna talún ina sheilbh, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, nó a dtiocfaidh sé ina sheilbh ina dhiaidh sin agus ar mó a luacháil inrátaithe ná—

(i) i gcás an teach a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, tríocha punt,

(ii) in aon chás eile, cúi phunt is fiche,

(g) le teaghais arb éard í árasán glanscartha ar leithligh is cuid d'aon fhoirgnimh a ndearnadh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, iad a athdhéanamh trí dhá árasán ghlanscartha ar leithligh nó níos mó a dhéanamh díobh,

(h) le teaghais arna ligean i dteannta talún seachas láithreán na teaghaise, más mó luacháil inrátaithe na talún ná an ceann is lú acu seo a leanas:

(i) leath luacháil inrátaithe an láithreáin agus an foirgneamh nó na foirgnimh air a chur san áireamh, nó

(ii)  (I) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, deich bpunt,

(II) in aon chás eile, cúig phunt.

(3) Ní bheidh teaghais is cuid de theach (seachas teach a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á thógáil ar an dáta sin, nó teach ar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, nó faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, atá a ligean) eisiata ó fheidhm an Achta seo de bhíthin amháin nach bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leis an teach.

(4) Má mhéadaítear luacháil inrátaithe teaghaise agus dá dhroim sin go ndéanfaidh den luacháil luacháil is mó ná—

(a) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt, nó

(b) in aon chás eile, daichead punt,

ansin, d'ainneoin mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an tAcht seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an teaghais mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh an tiarna talún i seilbh na teaghaise.

(5) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo—

(a) go raibh teaghais ligthe i dteannta talún seachas láithreán na teaghaise, agus

(b) go raibh feidhm ag Acht 1946 maidir leis an teaghais,

ansin, d'ainneoin mír (h) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an teaghais mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh an tiarna talún i seilbh na teaghaise.

(6) I mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo folaíonn “úinéir” duine ag a bhfuil aon eastát nó leas sa teach ach amháin faoi chonradh tionóntachta nach faide téarma ná bliain agus fiche.

(7) I mír (f) d'fho-alt (2) agus i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt seo ciallaíonn “seilbh” seilbh iarbhír, agus ní mheasfar gur tháinig tiarna talún i seilbh mar gheall ar athrú tionóntachta a rinneadh lena thoiliú agus mar gheall air sin amháin.

Teaghaisí a úsáidtear go páirteach le haghaidh gnó, etc.

4. —Ní bheidh teaghais eisiata ó fheidhm an Achta seo de bhíthin amháin cuid di a bheith á húsáid chun críocha aon ghnó, trádála nó gairme.

Aisghairm agus oiriúnú ar thagairtí d'Achtanna aisghairthe.

5. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Déanfar tagairtí in aon Acht a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith do na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959, nó d'aon cheann de na hAchtanna sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Acht seo.

Caiteachas.

6. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.