|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 41 de 1960. | ||
[EN] |
AN tACHT IOMPAIR, 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DO CHÓRAS IOMPAIR ÉIREANN AN CHANÁIL RÍOGA A DHÚNADH IN AGHAIDH LOINGSEOIREACHTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN DÚNADH SIN. [21 Nollaig, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Chanáil Ríoga a dhúnadh. |
1. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chanáil” an Chanáil Ríoga. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord an Chanáil nó aon chuid di a dhúnadh in aghaidh loingseoireachta. | |
[EN] | (3) Ní dhúnfaidh an Bord an Chanáil ná aon chuid di mura mbeidh an Bord, dhá mhí ar a laghad sula ndéanfaidh sé sin, tar éis fógra á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i cibé nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an Chanáil nó an chuid sin agus is cuí leis an mBord. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh dúnadh na Canáile nó aon choda di an Bord a scaoileadh ó aon oibleagáidí (lena n-áirítear oibleagáidí maidir le tuiliú a chosc nó le siltean) a bheidh ar an mBord maidir leis an gCanáil nó leis an gcuid, seachas an oibleagáid í a choimeád ar oscailt agus ar staid cheart chun loingseoireachta. | |
[EN] | (5) Tar éis an Chanáil nó aon chuid di a dhúnadh féadfaidh an Bord agus an t-údarás bóthair ar laistigh dá limistéar feidhmiúcháin atá aon droichead thar an gCanáil nó thar an gcuid comhaontú a dhéanamh chun an droichead agus an oibleagáid é a chothabháil a aistriú chun an údaráis bhóthair sin, agus féadfaidh sé an comhaontú sin a chur i gcrích. | |
[EN] | (6) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineann le húdarás bóthair feidhmeanna an údaráis sin faoi fho-alt (5) den alt seo. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag alt 23 den Acht Iompair, 1958 , maidir leis an gCanáil. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht Iompair, 1960 , a ghairm den Acht seo. |