An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Airgead a Fháil agus a Thabhairt ar Iasacht.)

40 1960

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (Uimh. 2), 1960

CUID III.

Ilghnéitheach.

Leathnú ar an gcumhacht chun talamh a thógáil go héigeantach faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958.

1931, Uimh. 50 .

1958, Uimh. 27 .

1932, Uimh. 19 .

1954, Uimh. 16 .

1948, Uimh. 1 .

1952, Uimh. 16 .

10. —(1) I gcás—

(a) ina mbeartóidh údarás áitiúil aon talamh, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin dó, a thógáil go héigeantach le haghaidh críocha ar féidir a n-údarú le dlí talamh a thógáil go héigeantach lena n-aghaidh,

(b) gur críocha seachas críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, na críocha sin nó gur críocha iad nach críocha de chuid na nAchtanna sin ach cuid acu, agus

(c) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an tógáil a dhéanamh faoi na hAchtanna sin,

féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an tógáil a dhéanamh amhlaidh.

(2) I gcás—

(a) inar dóigh le húdarás áitiúil go mbeadh aon talamh áirithe, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá límistéar feidhmiúcháin dó, oiriúnach, dá dtógfadh siad é, chun hallaí, foirgnimh agus oifigí a chur ar fáil don údarás áitiúil, agus

(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an tógáil a dhéanamh faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958,

féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an tógáil a dhéanamh amhlaidh.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfar a údarú dóibh an talamh a cheannach go héigeantach trí ordú ceannaigh éigeantach dá bhforáiltear le halt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , agus le Codanna I agus II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le hailt 24 agus 25 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 .

(b) Chun críocha na míre roimhe seo déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin in alt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , agus i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus in ailt 24 agus 25 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , a fhorléiriú mar thagairtí don Aire iomchuí.

(4) (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 17 (arna leasú le fo-alt (2) d'alt 23 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 ) agus fho-alt (1) d'alt 41 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , maidir le hordú arna dhéanamh de bhua an ailt seo agus déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin san alt sin 17 arna fheidhmiú amhlaidh, a fhorléiriú mar thagairt don Aire iomchuí.

(b) Déantar leis seo forálacha ailt 30, 36, 45 agus 49 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , agus forálacha alt 50 den Acht sin, arna modhnú le halt 18 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , a leathnú chun go mbeidh éifeacht acu chun críocha an ailt seo, agus déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt sin 45 arna leathnú amhlaidh, a fhorléiriú mar thagairtí don Aire iomchuí.

(c) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) d'alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , arna leasú le halt 20 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , maidir le talamh a thógfar trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo.

(5) Beidh feidhm ag forálacha alt 32 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948 , maidir leis na costais is iníoctha ag údarás áitiúil maidir le talamh a thógáil trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo.

(6) (a) I gcás—

(i) ina ndéanfar ordú de bhua an ailt seo, agus

(ii) go mbeidh ceart slí poiblí thar an talamh, nó thar aon chuid den talamh, lena mbainfidh an t-ordú,

féadfaidh an t-ordú a údarú don údarás áitiúil, trí ordú a dhéanfaidh siad tar éis dóibh an talamh sin nó an chuid sin de a thógáil, an ceart slí sin a mhúchadh.

(b) I gcás—

(i) ina n-údaróidh ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ceart slí poiblí a mhúchadh, agus

(ii) mura mbeadh an mhír seo, nach mbeadh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh de bhun Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 ,

beidh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara an fiosrúchán a dhéanamh ach amháin nuair is cuí leis gan an t-ordú a dhaingniú.

(7) Féadfar a údarú d'údarás áitiúil, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta acu faoi fho-alt (1) den alt seo, talamh a cheannach go héigeantach trí aon ordú amháin a dhéanfar de bhua an ailt seo, is cuma cad é an méid críocha chun a mbeidh an talamh ag teastáil.

(8) I gcás ina mbeartóidh údarás áitiúil ordú a dhéanamh de bhua an ailt seo agus gur lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin don talamh, ní gá dóibh an toiliú dá bhforáiltear in alt 29 d'Acht na dTithe (Leasú), 1952 , a fháil.

Leasú ar alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898.

11. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898—

(a) forléireofar “A county council” mar thagairt d'aon údarás áitiúil,

(b) forléireofar “county”, sa dá áit ina bhfuil an focal sin gan cháiliú, mar thagairt do limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil a bheidh i gceist, agus

(c) forléireofar “powers and duties” mar thagairt do na cumhachtaí, na feidhmeanna agus na dualgais uile is infheidhmithe nó is inchomhlíonta, aon tráth ábhartha, ag an údarás áitiúil sin.

(2) I bhfo-alt (2) den alt sin 10, forléireofar “A county council” mar thagairt d'aon údarás áitiúil.

Leathnú ar ídarái áirithe.

1955, No. 9.

12. —I gcás—

(a) cumhacht, feidhm nó dualgas a theacht chun bheith infheidhmithe nó inchomhlíonta ag údarás áitiúil de dhroim comhaontaithe faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , agus

(b) go mbeadh an comhlacht, arb é an páirtí eile sa chomhaontú é, údaraithe le dlí, dá bhfeidhmeodh siad nó dá gcomhlíonfadh siad an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas, aon ghníomh nó rud a dhéanamh maidir leis an bhfeidhmiú nó an comhlíonadh sin,

beidh údarás ag an údarás áitiúil, ionann is dá mba iad an comhlacht sin iad, an gníomh nó an rud sin a dhéanamh maidir le feidhmiú nó comhlíonadh na cumhachta, na feidhme nó an dualgais.

Cumhacht údaráis áitiúil chun talamh a iniúchadh.

13. —(1) Aon oifigeach nó gníomhaire d'údarás áitiúil a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás, féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an talamh oiriúnach lena thógáil ag an údarás.

(2) Aon duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá chun na críche is cúis leis an dul isteach agus, go háirithe, féadfaidh sé suirbhéireacht a dhéanamh, pleananna a dhéanamh, leibhéil a thógáil, tochailt a dhéanamh agus doimhneas na fo-ithreach a scrúdú agus a fháil amach cén saghas í.

(3) Sula dté duine isteach ar aon talamh faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil arb ar a n-údarás a bheartófar dul isteach toiliú an áititheora (i gcás talamh áitithe) nó (i gcás talamh gan áititheoir) toiliú an úinéara a fháil, nó tabharfaidh siad don úinéir nó don áititheoir (de réir mar a bheidh) fógra ceithre lá déag ar a laghad i scríbhinn i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach.

(4) Aon duine dá mbeidh fógra faoin alt seo tugtha ag údarás áitiúil i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach ar thalamh féadfaidh sé, ceithre lá déag ar a dhéanaí tar éis an fógra sin a thabhairt, a iarraidh, tar éis fógra a thabhairt don údarás áitiúil sin, ar an mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar ina bhfuil an talamh ordú a dhéanamh ag toirmeasc an dul isteach, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis sin, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a dhlífidh an duine a rachaidh isteach déanamh dá réir.

(5) I gcás ina dtoirmiscfidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo dul isteach ar thalamh a bheidh beartaithe, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh sin faoin alt seo, agus i gcás ina sonróidh breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a dhlífidh daoine a rachaidh isteach ar an talamh déanamh dá réir déanfaidh gach duine a rachaidh isteach ar an talamh faoin alt seo de réir na gcoinníollacha a shonrófar amhlaidh.

(6) Aon duine a fhulaingeoidh damáiste trí aon ní a dhéanfar faoin alt seo ar aon talamh agus a dhéanfaidh éileamh, laistigh de shé mhí tar éis an rud sin a dhéanamh, ar chúiteamh i leith an damáiste chun an údaráis áitiúil ar faoina n-údarás a chuathas isteach ar an talamh faoin alt seo, beidh teideal aige go n-íocfaidh an t-údarás leis cúiteamh réasúnach sa damáiste agus, mura n-íocfar an cúiteamh sin leis i gcás comhaontú nó cinneadh a bheith déanta faoin alt seo i dtaobh a mhéid, féadfar é a ghnóthú ón údarás in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach conartha shimplí.

(7) Mura ndéantar comhaontú, déanfar méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás áitiúil faoin alt seo a chinneadh, muran mó ná caoga punt an méid a éileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, cinnfear é trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) ionann agus dá mba luach talún a tógadh go héigeantach an cúiteamh sin.

(8) Gach duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, oifigeach nó gníomhaire d'údarás áitiúil a bhac agus é ag feidhmiú go dleathach na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air maraon le fineáil bhreise, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Ranníocaí bliantúla le Comhchomhairle na gComhairlí Contae.

1925, Uimh. 5 .

14. —(1) Féadfaidh comhairle contae, faoi réir cibé teorainneacha a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil ó am go ham, ranníocaí bliantúla a dhéanamh le cistí Chomhchomhairle na gComhairlí Contae.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1961, agus ní dhéanfar íocaíocht ar bith i modh ranníoca tar éis an lae sin faoi alt 16 den Local Government (Ireland) Act, 1902, arna leasú le halt 78 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925.