Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Scálaí agus rátaí pinsean míthreora agus pinsean pósta d'oifigigh agus do shaighdiúirí agus scála pinsean míthreora do chomhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm.)

39 1960


Uimhir 39 de 1960.


AN tACHT ARM-PHINSEAN (Uimh. 2), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1960. [21 Nollaig, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1923, Uimh. 26 .

1927, Uimh. 12 .

1943, Uimh. 14 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 ;

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1960, ach ní fholaíonn sé an tAcht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

(3) Déanfar na tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe.

2. —Ciallaíonn an abairt “Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe”, gach áit a bhfuil sé san Acht seo agus in aon leasú ar Acht 1927 a dhéantar leis an Acht seo, fórsa nó comhlacht arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais áirithe a chomhlíonadh.

Alt 10 d'Acht 1927 a leasú.

3. —(1) Beidh éifeacht ag alt 10 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsin mhíthreora a dheonú i gcásanna áirithe) d'Acht 1927, arna leathnú le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1943 chun baint a bheith aige le Seirbhís Altranais an Airm, maidir le gach duine a urscaoileadh as na fórsaí nó a ndearnadh a sheirbhís i Seirbhís Altranais an Airm a fhoirceannadh (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) amhail is dá ndéantaí “nó le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe” a chur isteach, i bhfo-alt (1), i ndiaidh “i rith na tréimhse práinne” (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1943), faoi réir na modhnuithe, maidir le míchumas de dheasca galar is inchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe—

(a) go ndéanfar an tagairt san fho-alt sin do cheithre bliana a fhorléiriú mar thagairt d'ocht mbliana, agus

(b) gurb iad na scálaí agus na rátaí pinsean na scálaí agus na rátaí pinsean a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is infheidhmithe.

(2) Gach iarratas ar phinsean faoi alt 10 d'Acht 1927, arna leasú leis an alt seo, déanfar é laistigh d'ocht mbliana ó dháta an urscaoilte nó foirceannadh na seirbhíse, de réir mar a bheidh.

(3) Gach pinsean a dheonófar faoi alt 10 d'Acht 1927, arna leasú leis an alt seo, tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an urscaoilte nó foirceannadh na seirbhíse, de réir mar a bheidh, nó an dáta a gcinnfidh Bord na nArm-Phinsean gurb é an dáta é a shroich an mhíthreoir an grád íosta míchumais, cibé acu is déanaí) a chinnfidh an tAire.

Ailt 10 agus 12 d'Acht 1927 a leathnú.

4. —(1) Beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 i gcás gach comhalta den tSeirbhís Séiplíneachta ar foirceannadh (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) a sheirbhís mar chomhalta den sórt sin agus míchumas air, ar dháta an fhoirceannta sin, de dheasca galar is inchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe sa tslí chéanna is dá mba dhuine é an comhalta sin a urscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galar ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1924, faoi réir na modhnuithe—

(a) go ndéanfar an tagairt san fho-alt sin do cheithre bliana tar éis a urscaoilte a fhorléiriú mar thagairt d'ocht mbliana tar éis a sheirbhís mar chomhalta den sórt sin a bheith foirceannta, agus

(b) go ndéanfar an tagairt don Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 a fhorléiriú mar thagairt don Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (4) d'alt 12 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsin chréachta agus aiscí a dheonú i gcásanna áirithe) d'Acht 1927 maidir le gach comhalta den tSeirbhís Séiplíneachta ar foirceannadh (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) a sheirbhís mar chomhalta den sórt sin agus míchumas air, ar dháta an fhoirceannta sin, de dheasca créacht is inchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe sa tslí chéanna is dá mba oifigeach é an comhalta sin a urscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créacht ab inchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a bhain dó an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1923, nó dá éis sin, agus é ina chomhalta de na fórsaí, faoi réir na modhnuithe—

(a) go ndéanfar an tagairt san fho-alt sin (1) don Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a fhorléiriú mar thagairt don Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) i mír (a) den fho-alt sin (4)—

(i) go ndéanfar na tagairtí do £80 agus £5 a fhorléiriú, faoi seach, mar thagairtí do £140 agus £8 15s., agus

(ii) go ndéanfar an tagairt do sheirbhís sna fórsaí a fhorléiriú mar thagairt do sheirbhís sa tSeirbhís Séiplíneachta.

(3) Chun críocha ailt 10 agus 12 d'Acht 1927 a fheidhmiú maidir le comhalta den tSeirbhís Séiplíneachta, measfar gurb é pá bliantúil an chomhalta sin a suim seo a leanas—

(a) suim bhliantúil a phá laethúil,

(b) suim bhliantúil a liúntais chomhdhlúite chiondála, agus

(c) liúntas bliantúil i leith cóiríochta a chinnfidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(4) Gach iarratas ó chomhalta den tSeirbhís Séiplíneachta ar phinsean faoi alt 10 d'Acht 1927, arna leathnú leis an alt seo, déanfar é laistigh d'ocht mbliana ó dháta foirceannta a sheirbhíse mar chomhalta den sórt sin.

(5) Gach pinsean a dheonófar faoi alt 10 d'Acht 1927, arna leathnú leis an alt seo, do chomhalta den tSeirbhís Séiplíneachta tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta foirceannta a sheirbhíse mar chomhalta den sórt sin nó an dáta a gcinnfidh Bord na nArm-Phinsean gurb é an dáta é a shroich an mhíthreoir an grád íosta míchumais, cibé acu is déanaí) a chinnfidh an tAire.

(6) Gach iarratas ó chomhalta den tSeirbhís Séiplíneachta ar phinsean nó aisce faoi alt 12 d'Acht 1927, arna leathnú leis an alt seo, déanfar é laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta foirceannta a sheirbhíse mar chomhalta den sórt sin.

(7) Gach pinsean a dheonófar faoi alt 12 d'Acht 1927, arna leathnú leis an alt seo, do chomhalta den tSeirbhís Séiplíneachta, tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta foirceannta a sheirbhíse mar chomhalta den sórt sin nó ón dáta a gcinnfidh Bord na nArm-Phinsean gurb é an dáta é a shroich an mhíthreoir an grád íosta míchumais, cibé acu is déanaí) a chinnfidh an tAire.

AN TÁBLA.

Scála pinsean míthreora agus pinsean créachta do chomhaltaí den tSeirbhís Séiplíneachta.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin Mhíchumais arna lua mar chéatadán den phá bliantúil ar dháta foirceannta na seirbhíse

faoin gcéad

faoin gcéad

100

55

 90

50

 80

44

 70

39

 60

33

 50

28

 40

22

 30

17

 20

11

Pinsin i leith míchumas de dheasca galar is inchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe i gcás inar lú ná 80 faoin gcéad ach nach lú ná 50 faoin gcéad an mhíthreoir.

5. —(1) I gcás duine do dhéanamh iarratais go cuí ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis ar phinsean míthreora faoi alt 10 d'Acht 1927, arna leasú agus arna leathnú leis an Acht seo, agus go gcuirfear an t-iarratas faoi bhráid Bhord na nArm-Phinsean faoi théarmaí alt 7 d'Acht 1927, ansin, má bhíonn míchumas de dheasca galar is inchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe ar an duine sin ar dháta a scrúdaithe ag Bord na nArm-Phinsean, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) má chinnfear gur lú ná ochtó faoin gcéad ach nach lú ná caoga faoin gcéad a ghrád míchumais ar dháta an scrúdaithe sin, féadfar, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an scrúdaithe sin, pinsean deiridh £1 9s. 6d. sa tseachtain a dheonú don duine sin, má iarrann sé sin ar an Aire, agus é ag tosú ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire;

(b) má chinntear nach lú ná ochtó faoin gcéad a ghrád míchumais ar dháta an scrúdaithe sin ach go gcinnfear ar aon athscrúdú ó am go ham faoi alt 6 d'Acht 1923 gur lú ná ochtó faoin gcéad ach nach lú ná caoga faoin gcéad é, féadfar, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an athscrúdaithe sin, pinsean deiridh £1 19s. 3d. sa tseachtain a dheonú don duine sin, má iarrann sé sin ar an Aire, agus é ag tosú ó cibé dáta (nach luaithe ná an dáta a scoir an pinsean míthreora a bhí aige roimhe sin faoin alt sin 10) a chinnfidh an tAire;

(c) má dheonaítear pinsean don duine sin faoin bhfo-alt seo, ní dheonófar dó ná ní bheidh iníoctha leis aon phinsean míthreora faoi alt 10 d'Acht 1927 arna leasú leis an Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag ailt 9 go 14 d'Acht 1923 maidir le pinsin a dheonófar faoin alt seo agus i gcás daoine lenar iníoctha na pinsin sin amhail is dá mba iad na pinsin sin na pinsin a luaitear sna hailt sin faoi seach.

(3) San alt seo tá le “grád míchumais” an bhrí atá le “grád díthe” in Acht 1927.

Alt 14 d'Acht 1927 a leasú.

6. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 14 (a dhéanann foráil le haghaidh liúntais agus aiscí a dheonú do chleithiúnaithe i gcásanna áirithe) d'Acht 1927 maidir le gach oifigeach agus saighdiúir a d'fhónaigh le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe agus a d'éag (roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis) amhail is dá ndéantaí “nó le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe” a chur isteach i míreanna (a) agus (b) i ndiaidh “nó i rith na tréimhse práinne” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1943) i ngach cás a bhfuil na focail sin, faoi réir na modhnuithe—

(a) go ndéanfar an tagairt san fho-alt sin don Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 a fhorléiriú mar thagairt don Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus

(b) go ndéanfar an tagairt i mír (d) den fho-alt sin d'Acht 1927 a fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leasú leis an Acht seo.

(2) Nuair a bheidh fo-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, á fheidhmiú maidir le cleithiúnaithe (arb iad na cleithiúnaithe iad a luaitear i míreanna 1 agus 3 de Chuid I agus i míreanna 1 agus 3 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) oifigigh nó shaighdiúra a d'éag agus é ag fónamh le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe nó laistigh de cheithre bliana tar éis deireadh a bheith lena sheirbhís leis an bhFórsa sin, beidh éifeacht aige amhail is dá mba é a bhí i ngach méid a shonraítear sna míreanna sin méid is mó de chaoga faoin gcéad ná an méid a shonraítear amhlaidh.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4), (5), (6), (8) agus (9) d'alt 14 d'Acht 1927 maidir le liúntais agus aiscí faoi fho-alt (2) den alt sin, arna leasú leis an alt seo, agus fós maidir le daoine a ndéanfar iarratais ina leith ar liúntais nó aiscí faoin bhfo-alt sin arna leasú amhlaidh.

(4) Gach iarratas ar liúntas nó aisce faoi fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927, arna leasú leis an alt seo, déanfar é laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta báis an duine ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas nó laistigh de dhá mhí ó dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

Pinsin i leith galar a forthromaíodh, etc., do bharr seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe.

1937, Uimh. 15

7. —(1) I gcás—

(a) ina mbeifear tar éis duine a urscaoileadh ó na fórsaí nó go mbeidh deireadh le seirbhís chomhalta de Sheirbhís Altranais an Airm nó chomhalta den tSeirbhís Séiplíneachta, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, agus

(b) nach mbeidh an duine nó an comhalta sin i dteideal pinsin faoi na hAchtanna nó de bhun an Achta seo, agus

(c) go mbeidh ar an duine sin nó ar an gcomhalta sin, ar dháta a scrúdaithe ag Bord na nArm-Phinsean, míchumas (nach lú grád ná ochtó faoin gcéad) de dheasca galair a forthromaíodh, a brostaíodh nó a gríosadh—

(i) de dheasca créacht is ionchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe, nó

(ii) de dheasca galar is ionchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe, nó

(iii) ag seirbhís le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe,

féadfar pinsean a dheonú don duine sin nó don chomhalta sin de réir an ráta a luaitear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne an ghráid mhíchumais iomchuí sa chéad cholún den Tábla sin.

(2) Cuirfidh an tAire faoi bhráid Bhord na nArm-Phinsean gach iarratas ar phinsean faoin alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hiarratais ar phinsin faoin alt seo:

(a) déanfar gach iarratas chun an Aire laistigh d'ocht mbliana ó dháta an urscaoilte nó dáta a tháinig deireadh leis an gcomhaltas, cibé acu é,

(b) beidh gach iarratas i cibé foirm agus beidh cibé sonraí ann a ordóidh an tAire.

(4) Aon phinsean a dheonófar do dhuine faoin alt seo tosóidh sé cibé lá (nach luaithe ná dáta an urscaoilte nó an dáta a tháinig deireadh leis an gcomhaltas, cibé acu é, nó dáta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí) a chinnfidh an tAire.

(5) Beidh feidhm ag alt 6 agus ailt 9 go 14 d'Acht 1923, ailt 21 agus 23 d'Acht 1927 agus fo-alt (2) d'alt 27 agus alt 31 den Acht Arm-Phinsean, 1937 , maidir le pinsin faoin alt seo, maidir le daoine atá nó a éilíonn a bheith i dteideal pinsin den sórt sin, maidir le daoine dá ndeonófar pinsin den sórt sin agus maidir le daoine a iarrfaidh pinsin den sórt sin amhail is dá mba iad na pinsin sin na pinsin a luaitear sna hailt sin faoi seach.

TABLA

Rátaí na bPinsean.

An Grád Míchumais

Pinsean

faoin gcéad

sa bhliain

£

s.

d.

100

191

10

0

90

172

0

0

80

153

10

0

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean (Uimh. 2), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua, Achtanna na nArm-Phinsean, 1923 go 1960, an tAcht seo.