An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA, 1960)

35 1960

AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA, 1960

AN SCEIDEAL.

Airteagail Chomhaontú an Chomhlachais Forbartha Idirnáisiúnta.

Alt 1.

Na Rialtais a bhfuil an Comhaontú seo sínithe thar a gceann,

Á bhreithniú dóibh

Go ndéanann comhar le haghaidh cuspóirí forásacha geilleagracha, forbairt fholláin gheilleagair an domhain agus fás cothromach na trádála idirnáisiúnta caidreamh idirnáisiúnta a chothú a chuideodh le síocháin agus rathúnas ar fud an domhain;

Gur inmhianaithe luathú ar fhorbairt gheilleagrach as a dtiocfaidh caighdeáin mhaireachtála níos airde agus ascnamh geilleagrach agus ascnamh sóisialta sna tíortha is lú forbairt ní hé amháin ar mhaithe leis na tíortha sin féin ach ar mhaithe le muintir an domhain go léir freisin;

Go gcabhródh sé leis na cuspóirí sin a bhaint amach gluaiseacht chaipitil phoiblí agus chaipitil phríobháidigh a mhéadú chun cuidiú le forbairt acmhainn na dtíortha is lú forbairt,

comhaontaíonn siad mar leanas:

Airteagal Réamhráiteach.

Tá an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (dá ngairtear “an Comhlachas” anseo feasta) arna bhunú agus oibreoidh sé de réir na bhforálacha seo a leanas:

Airteagal I.

Cuspóirí.

Is iad cuspóirí an Chomhlachais forbairt gheilleagrach a chur ar aghaidh, táirgiúlacht a mhéadú agus, ar an gcuma sin, caighdeáin mhaireachtála a ardú sna limistéir is lú forbairt sa domhan atá i gcomhaltas an Chomhlachais, go háirithe trí airgead a sholáthar faoi chomhair a riachtanas tábhachtacha forbartha ar théarmaí níos so-oibrithe agus níos lú de mhuirear ar an gcomhardaíocht íocaíochtaí ná a ghabhann le gnáthiasachtaí, agus tríd sin cuidiú le cuspóirí forbartha an Bhainc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte (dá ngairtear “an Banc” anseo feasta) agus a ghníomhaíochtaí a fhorlíonadh.

Is faoi réim fhorálacha an Airteagail seo a dhéanfaidh an Comhlachas gach cinneadh.

Airteagal II.

Comhaltas; Suibscríobh Tosaigh.

Alt I.   Comhaltas.

(a) Is iad comhaltaí bunaidh an Chomhlachais na comhaltaí sin den Bhanc atá ar liosta i Sceideal A a ghabhann leis seo agus a ghlacfaidh comhaltas sa Chomhlachas ar nó roimh an dáta a shonraítear in Airteagal XI, Alt 2 (c).

(b) Beidh comhaltas ar fáil do chomhaltaí eile an Bhainc cibé tráthanna agus de réir cibé téarmaí a chinnfidh an Comhlachas.

Alt 2.   Suibscríobh Tosaigh.

(a) Nuair a ghlacfaidh comhalta comhaltas, suibscríobhfaidh sé an méid cistí a bheidh sannta dó. Suibscríobh tosaigh a thugtar anseo ar shuibscríobh den sórt sin.

(b) Is é suibscríobh tosaigh a shanntar do gach comhalta bunaidh an méid atá leagtha amach os coinne a ainme i Sceideal A, sainráite i dtéarmaí dollar na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm 1 Eanáir, 1960.

(c) Beidh deich faoin gcéad de shuibscríobh tosaigh gach comhalta bhunaidh iníoctha in ór nó in airgeadra saorinchomhshóite mar leanas: caoga faoin gcéad laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a thosóidh an Comhlachas ar oibríochtaí de bhun Airteagal XI, Alt 4, nó ar an dáta a thiocfaidh an comhalta bunaidh chun bheith ina chomhalta, cibé dáta acu is déanaí; dó dhéag go leith faoin gcéad bliain tar éis tosú ar oibríochtaí an Chomhlachais; agus dó dhéag go leith faoin gcéad gach bliain dá éis sin, bliain ó chéile, go dtí go mbeidh an chuid deich faoin gcéad den suibscríobh tosaigh íoctha go hiomlán.

(d) Beidh an nócha faoin gcéad eile de shuibscríobh tosaigh gach comhalta bhunaidh iníoctha in ór nó in airgeadra saorinchomhshóite i gcás comhaltaí atá ar liosta i gCuid I de Sceideal A agus in airgeadra an chomhalta shuibscríofa i gcás comhaltaí atá ar liosta i gCuid II de Sceideal A. Beidh an cion nócha faoin gcéad sin de shuibscríobh tosaigh comhaltaí bunaidh iníoctha ina chúig thráthchuid bhliantúla chomhionanna mar leanas: an chéad tráthchuid den sórt sin laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a thosóidh an Comhlachas ar oibríochtaí de bhun Airteagal XI, Alt 4, nó ar an dáta a thiocfaidh an comhalta bunaidh chun bheith ina chomhalta, cibé dáta acu is déanaí; an dara tráthchuid bliain tar éis tosú ar oibríochtaí an Chomhlachais, agus tráthchodanna ina dhiaidh sin gach bliain ina dhiaidh sin, bliain ó chéile, go dtí go mbeidh an cion nócha faoin gcéad den suibscríobh tosaigh íoctha go hiomlán.

(e) Glacfaidh an Comhlachas ó aon chomhalta, in ionad aon chuid d'airgeadra an chomhalta a bheidh íoctha nó iníoctha ag an gcomhalta faoin bhfo-alt (d) roimhe seo nó faoi Alt 2 d'Airteagal IV agus nach mbeidh ag teastáil ón gcomhlachas le haghaidh a oibríochtaí, nótaí nó oibleagáidí dá samhail a d'eisigh rialtas an chomhalta nó an taisclann a bheidh ainmnithe ag an gcomhalta sin, agus a bheidh doshannta, neamh-úsmhar agus iníoctha ar a bpar-luach ar éileamh le cuntas an Chomhlachais sa taisclann ainmnithe.

(f) Chun críocha an Chomhaontaithe seo measfaidh an Comhlachas gur “airgeadra saor-inchomhshóite”:

(i) airgeadra de chuid comhalta a gcinnfidh an Comhlachas, tar éis dul i gcomhairle leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, atá sáthach inchomhshóite in airgeadraí comhaltaí eile chun críocha oibríochtaí an Chomhlachais; nó

(ii) airgeadra de chuid comhalta a gcomhaontóidh an comhalta sin, ar théarmaí a shasóidh an Comhlachas, a mhalairtiú ar airgeadraí comhaltaí eile chun críocha oibríochtaí an Chomhlachais.

(g) Ach amháin mar a gcomhaontóidh an Comhlachas lena mhalairt, cothabhálfaidh gach comhalta atá ar liosta i gCuid I de Sceideal A, maidir le hairgeadra a d'íoc sé mar airgeadra saor-inchomhshóite de bhun fho-alt (d) den Alt seo, an chomhshóiteacht chéanna a bhí ann an tráth a rinneadh an íocaíocht.

(h) Cinnfidh an Comhlachas de bhun Alt 1 (b) den Airteagal seo na coinníollacha ar a bhféadfaidh comhaltaí seachas comhaltaí bunaidh suibscríobh tosaigh, a dhéanamh agus fós méideanna agus téarmaí íoca an chéanna.

Alt 3.   Teorainn le Dliteanas.

Ní bheidh aon chomhalta faoi dhliteanas, mar gheall ar a chomhaltas, i leith oibleagaidí de chuid an Chomhlachais.

Airteagal III.

Cur le hAcmhainn.

Alt 1.   Suibscríobh Breise.

(a) Déanfaidh an Comhlachas, cibé tráthanna is iomchuí leis i bhfianaise an sceidil chun na híocaíochtaí deiridh a dhéanamh i leith suibscríobh tosaigh comhaltaí bunaidh, agus i gceann gach cúigiú bliain nó mar sin dá éis sin, a bhreithniú an bhfuil dóthain acmhainne aige agus, má mheasann sé gur inmhianaithe sin, údaróidh sé an suibscríobh a mhéadú i gcoitinne. D'ainneoin na méide sin roimhe seo, féadfar, aon tráth, a údarú an suibscríobh a mhéadú i gcoitinne nó i gcás comhalta aonair, ar choinníoll nach mbreithneofar méadú i gcás comhalta aonair ach amháin ar iarratas ón gcomhalta sin. Suibscríobh breise a thugtar anseo ar shuibscríobh de bhun an Ailt seo.

(b) Faoi réir fhorálacha mhír (c) thíos, nuair a údarófar suibscríobh breise, is mar a chinnfidh an Comhlachas a bheidh na suimeanna a údarófar le suibscríobh agus na téarmaí agus na coinníollacha a bhainfidh leis sin.

(c) Nuair a údarófar aon suibscríobh breise, tabharfar deis do gach comhalta suim a shuibscríobh, ar cibé coinníollacha a chinnfidh an Comhlachas le réasún, a chumasóidh dó a chumhacht choibhneasach vótála a chothabháil, ach ní chuirfear d'oibleagáid ar aon chomhalta suibscríobh.

(d) Is trí thromlach dhá thrian den chumhacht iomlán vótála a dhéanfar gach cinneadh faoin Alt seo.

Alt 2.   Acmhainn Fhorlíontach a Sholáthróidh Comhalta in Airgeadra Comhalta eile.

(a) Féadfaidh an Comhlachas comhshocraíochtaí a dhéanamh, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh ar comhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo agus ar a gcomhaontófar, acmhainn fhorlíontach in airgeadra comhalta eile a ghlacadh ó chomhalta ar bith i dteannta na suimeanna is iníoctha ag an gcomhalta sin i leith a shuibscríobh thosaigh nó aon suibscríobh bhreise, ar choinníoll nach ndéanfaidh an Comhlachas aon chomhshocraíocht den sórt sin mura deimhin leis an gComhlachas go n-aontaíonn an comhalta arb é a airgeadra a bheidh i gceist leis an airgeadra sin a úsáid mar acmhainn bhreise agus leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhainfidh leis an úsáid sin. Na comhshocraíochtaí faoina nglacfar aon acmhainn den sórt sin féadfaidh forálacha a bheith iontu maidir le diúscairt an tuillimh ón acmhainn agus maidir le diúscairt na hacmhainne má scoireann an comhalta a sholáthraigh iad de bheith ina chomhalta nó má bhuanfhionraíonn an Comhlachas a oibríochtaí.

(b) Seachadfaidh an Comhlachas don chomhalta a rinne suibscríobh Deimhniú Forbartha Speisialta ag insint méid agus airgeadra na hacmhainne a suibscríobhadh amhlaidh agus téarmaí agus coinníollacha na gcomhshocraíochtaí a bhaineann leis an acmhainn sin. Ní bheidh aon chearta vótála ag gabháil le Deimhniú Forbartha Speisialta agus ní bheidh sé inaistrithe ach chun an Chomhlachais amháin.

(c) Ní stopfaidh aon ní san Alt seo an Comhlachas ó acmhainn a ghlacadh ó chomhalta ina airgeadra féin ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar.

Airteagal IV.

Airgeadraí.

Alt 1.   Usáid Airgeadraí.

(a) Aon airgeadra de chuid chomhalta atá ar liosta i gCuid II de Sceideal A, cibé is airgeadra saor-inchomhshóite é nó nach ea, a gheobhaidh an Comhlachas de bhun Airteagal II, Alt 2 (d), mar íocaíocht ar an gcion nócha faoin gcéad is iníoctha faoin gcéanna in airgeadra an chomhalta sin, agus aon airgeadra de chuid an chomhalta sin a gheofar ón gcéanna mar phríomhshuim, ús nó muirir eile, féadfaidh an Comhalachas é a úsáid le haghaidh costais riaracháin faoina rachaidh an Comhlachas i gcríocha an chomhalta sin agus, a mhéid a bheidh sin de réir bheartas diongbh álta airgeadaíochta, ag íoc as earraí agus seirbhísí a cuireadh ar fáil i gcríocha an chomhalta sin agus a bheidh ag teastáil le haghaidh tionscadal a bheidh á n-airgeadasú ag an gComhlachas agus a bheidh sna críocha sin; agus ina theannta sin nuair is cóir agus a mhéid is cóir sin de réir bail gheilleagair agus airgeadais an chomhalta lena mbainfidh mar a chinnfear sin trí chomhaontú idir an comhalta agus an Comhlachas, beidh an t-airgeadra sin saor-inchómhshóite nó inúsáidte thairis sin le haghaidh tionscadal a bheidh á n-airgeadasú ag an gComhlachas agus a bheidh lasmuigh de chríocha an chomhalta.

(b) Beidh inúsáidteacht airgeadraí a gheobhaidh an Comhlachas mar íocaíocht i leith suibscríbh seachas suibscríobh bunaidh ó chomhaltaí bunaidh, agus airgeadraí a gheofar ón gcéanna mar phríomhshuim, ús nó muirir eile, faoi chuimsiú na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar a mbeidh an suibscríobh sin údaraithe.

(c) Beidh inúsáideacht airgeadraí a gheobhaidh an Comhlachan mar acmhainn fhorlíontach seachas suibscríobh, agus airgeadraí a gheofar ón gcéanna mar phríomhshuim, ús nó muirir eile, faoi chuimsiú téarmaí na gcomhshocraíochtaí ar dá mbun a gheofar na hairgeadraí sin.

(d) Féadfaidh an Comhlachas na hairgeadraí eile go léir a gheobhaidh an Comhlachas a úsáid agus a mhalartú go saoráideach agus ní bheidh siad faoi réir srianta ón gcomhalta arb é a airgeadra a úsáidfear nó a mhalartófar; ar choinníoll nach stopfaidh an méid sin roimhe seo an Comhlachas ó aon chomhshocraíochtaí a dhéanamh leis an gcomhalta ar ina chríocha a bheidh aon tionscadal a bheidh á airgeadasú ag an gComhlachas ag cur srian leis an gComhlachas d'úsáid airgeadra de chuid an chomhalta sin a fuarthas mar phríomhshuim, ús nó muirir eile i ndáil leis an airgeadasú sin.

(e) Déanfaidh an Comhlachas bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh an Comhlachas, thar tréimhsí réasúnacha, na ceana den suibscríobh a bheidh déanta faoi Airteagal II, Alt 2 (d) ag comhaltaí atá ar liosta i gCuid I de Sceideal A a úsáid ar fhoras pro rata, faoi nó thairis, ar choinníoll, ámh, go bhféadfar na ceana sin den suibscríobh sin a íocfar ina ór nó in airgeadra seachas airgeadra an chomhalta a rinne suibscríobh a úsáid níos tapaidh.

Alt 2.   Luach Sealúchas Airgeadra a Chothabháil.

(a) Aon uair a bheidh par-luach airgeadra comhalta tar éis laghdú nó a bheidh luach iomlaoide coigríche comhalta tar éis laghdú go suaitheantasach, i dtuairim an Chomhlachais, i gcríocha an chomhalta sin, íocfaidh an comhalta leis an gComhlachas, laistigh de thréimhse réasúnach, suim breise dá airgeadra féin is leor chun an luach ab fhiú, amhail mar bhí nuair a rinneadh an suibscríobh, an tsuim d'airgeadra an chomhalta sin a d'íoc an comhalta sin leis an gComhalachas faoi Airteagal II, Alt 2 (d), agus airgeadra a tugadh faoi fhorálacha na míre seo, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-airgeadra sin ar láimh i modh nótaí lenar glacadh de bhun Airteagal II, Alt 2 (e), ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an méid sin roimhe seo ach amháin an fad nach mbeidh agus a mhéid nach mbeidh an t-airgeadra sin íoctha amach nó malartaithe, ar dtús, ar airgeadra comhalta eile.

(b) Aon uair a bheidh par-luach airgeadra comhalta tar éis méadú, nó a bheidh luach iomlaoide coigríche airgeadra comhalta tar éis méadú go suaitheantasach, i dtuairim an Chomhlachais, i gcríocha an chomhalta sin, tabharfaidh an Comhlachas ar ais don chomhalta sin, laistigh de thréimhse réasúnach, suim d'airgeadra an chomhalta sin is comhionann leis an méadú ar luach na suime sin den airgeadra sin ar infheidhmithe forálacha mhír (a) den Alt seo ina leith.

(c) Féadfaidh an Comhlachas forálacha na míreanna sin roimhe seo a tharscaoileadh nuair dhéanfaidh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta athrú comhionann comhréir ar phar-luach airgeadraí a chomhaltaí go léir.

(d) Aon suimeanna a thabharfar faoi fhorálacha mhír (a) den alt seo chun luach aon airgeadra a chothabháil beidh siad inchomhshóite agus inúsáidte a mhéid chéanna is inchomhshóite agus is inúsáidte an t-airgeadra sin.

Airteagal V.

Oibríochtaí.

Alt 1.   Acmhainn a Úsáid agus Coinníollacha Airgeadasaithe.

(a) Soláthróidh an Comhlachas airgeadasú chun forbairt a chur ar aghaidh sna ceantair is lú forbairt den domhan atá i gcomhaltas an Chomhlachais.

(b) An t-airgeadasú a sholáthróidh an Comhlachas is le haghaidh críocha é a bhfuil, i dtuairim an Chomhlachais, tosaíocht mhór forbartha acu i bhfianaise riachtanas an cheantair nó na gceantar a bheidh i gceist agus is le haghaidh tionscadal sonracha é ach amháin in imthoscaí speisialta.

(c) Ní sholáthróidh an Comhlachas airgeadasú más é a thuairim go bhfuil airgeadasú den sórt sin ar fáil ó fhoinsí príobháideacha ar théarmaí atá réasúnach don fháltóir nó go bhféadfaí é a sholáthar trí iasacht den sórt sin ón mBanc.

(d) Ní sholáthróidh an Comhlachas airgeadasú ach amháin ar mholadh ó choiste inniúil, arna dhéanamh tar éis tuillteanais an togra a scrúdú go cúramach. Is é an Comhlachas a cheapfaidh gach coiste den sórt sin agus beidh air ainmní ón Rialtóir nó ó na Rialtóirí a bheidh mar ionadaí don chomhalta nó do na comhaltaí ar ina chríocha nó ina gcríocha a bheidh an tionscadal a bheidh faoi bhreithniú agus comhalta amháin nó níos mó d'fhoireann teicniúil an Chomhlachais. Ní bheidh feidhm i gcás airgeadasú a sholáthrófar d'eagras poiblí idirnáisiúnta nó d'eagras poiblí réigiúin ag an gceanglas go mbeidh ainmní ar an gcoiste ó Rialtóir nó Rialtóirí.

(e) Ní sholáthróidh an Comhlachas airgeadasú le haghaidh aon tionscadail má chuireann an comhalta ar ina chríocha atá an tionscadal i gcoinne airgeadasú den sórt sin, ach amháin nach gá don Chomhlachas a dheimhniú dó féin nach gcuirfidh comhaltaí aonair i gcoinne airgeadasú a sholáthrófar d'eagras poiblí idirnáisiúnta nó d'eagras poiblí réigiúin.

(f) Ní fhorchuirfidh an Comhlachas aon choinníollacha gur i gcríocha aon chomhalta nó comhaltaí áirithe a chaithfear an fáltas ón airgeadasú. Ní stopfaidh an méid sin roimhe seo an Comhlachas ó dhéanamh de réir aon sriantachtaí maidir le húsáid cistí a fhorchuirfear de réir fhorálacha na nAirteagal seo, lena n-áirítear sriantachtaí a chuirfear ag gabháil le hacmhainn fhorlíontach de bhun comhaontú idir an Comhlachas agus an ranníocóir.

(g) Déanfaidh an Comhlachas comhshocraíochtaí chun a chinntiú gur chun na gcríocha sin amháin dar soláthraíodh aon airgeadasú a úsáidfear an fáltas ón airgeadasú, maille le haird chuí ar dhálaí tíobhais, éifeachtúlachta agus trádála iomaíochta idirnáisiúnta agus gan aon aird ar thionchuir ná dálaí polaitíochta ná dálaí eile nach den gheilleagar iad.

(h) Is amháin faoi chomhair costas i ndáil leis an tionscadal de réir mar a rachfar iarbhír faoin gcostas sin a dhéanfar cistí a sholáthrófar faoi aon oibríocht airgeadasaithe a chur ar fáil don fháltóir.

Alt 2.   Gné agus Téarmaí Airgeadasaithe.

(a) Is trí iasachtaí a thabhairt a sholáthróidh an Comhlachas airgeadasú. Féadfaidh an Comhlachas airgeadasú eile a sholáthar

(i) as cistí a suibscríobhadh de bhun Airteagal III, Alt 1, agus as cistí a fuarthas ó na cistí sin mar phríomhshuim, ús nó muirir eile, má bhíonn foráil shainráite don airgeadasú sin san údarás don suibscríobh sin; nó

(ii) in imthoscaí speisialta, as acmhainn fhorlíontach a tugadh don Chomhlachas, agus as cistí a fuarthas ón acmhainn sin mar phríomhshuim, ús nó muirir eile, má bhíonn údarás sainráite don airgeadasú sin sna comhshocraíochtaí faoinar tugadh an acmhainn sin.

(b) Faoi réir na míre sin roimhe seo, féadfaidh an Comhlachas airgeadasú a sholáthar faoi cibé gnéithe agus ar cibé téarmaí is iomchuí leis, ag féachaint do staid agus ionchais gheilleagair an cheantair nó na gceantar lena mbainfidh agus do nádúir agus riachtanais an tionscadail.

(c) Féadfaidh an Comhlachas airgeadasú a sholáthar do chomhalta, do rialtas críche i gcomhaltas an Chomhlachais, d'fho-roinn pholaiticiúil d'aon cheann acu sin roimhe seo, d'entitas poiblí nó príobháideach i gcríocha comhalta nó comhaltaí nó d'eagras poiblí idirnáisiúnta nó d'eagras poiblí réigiúin.

(d) I gcás iasacht d'entitas seachas comhalta, féadfaidh an Comhlachas, mar is rogha leis, ráthaíocht oiriúnach nó ráthaíochaít oiriúnacha rialtais nó ráthaíocht oiriúnach nó ráthaíochtaí oiriúnacha eile a éileamh.

(e) Féadfaidh an Comhlachas, i gcásanna speisialta, iomlaoid choigríche a chur ar fáil le haghaidh caiteachas áitiúla.

Alt 3.   Téarmaí Airgeadasaithe a Mhodhnú.

Féadfaidh an Comhlachas, nuair agus a mhéid a mheasfaidh sé is iomchuí sin ag féachaint do na himthoscaí iomchuí go léir, lena n-áiritear staid agus ionchais airgeadais agus gheilleagair an chomhalta lena mbainfidh, agus ar cibé téarmaí a chinnfidh sé, comhaontú leis na téarmaí ar a mbeidh aon chuid dá airgeadasú soláthraithe a bhogadh nó a mhodhnú ar slí eile.

Alt 4.   Comhar le hEagrais Idirnáisiúnta eile agus le Comhaltaí a Sholáthróidh Cúnamh Forbartha.

Déanfaidh an Comhlachas comhar leis na heagrais phoiblí idirnáisiúnta agus na comhaltaí sin a sholáthraíonn cúnamh airgeadasaithe agus cúnamh teicnice do na ceantair sa domhan is lú forbairt.

Alt 5.   Oibríochtaí Ilghnéitheacha.

I dteannta na n-oibríochtaí a shonraítear in áiteanna eile sa Chomhaontú seo, féadfaidh an Comhlachas:

(i) cistí a fháil ar iasacht le ceadú an chomhalta arb ina airgeadra a bheidh an iasacht ainmnithe;

(ii) urrúis ina mbeidh infheistithe aige a ráthú lena ndíol a éascú;

(iii) urrúis a bheidh eisithe nó ráthaithe aige nó ina mbeidh infheistithe aige a cheannach agus a dhíol;

(iv) i gcásanna speisialta, ráthú le hiasachtaí ó fhoinsí eile le haghaidh críocha nach mbeidh ar neamhréir le forálacha na n-Airteagal seo;

(v) cúnamh teicnice agus seirbhísí comhairleacha a sholáthar ar iarratas ó chomhalta; agus

(vi) cibé cumhachtaí eile i ndáil lena oibríochtaí a fheidhmiú is gá nó is inmhianaithe chun a chuspóirí a chur ar aghaidh.

Alt 6.   Toirmeasc ar ghníomhacht pholaiticiúil.

Ní chuirfidh an Comhlachas ná a oifigigh isteach ar chúrsaí polaitíochta aon chomhalta; agus, le linn dóibh cinneadh a dhéanamh, ní ghlacfaidh siad aon tionchar ó ghné pholaitíochta an chomhalta nó na gcomhaltaí a bheidh i gceist. Is cúrsaí geilleagair amháin a bheidh mar fhoras le gach cinneadh a dhéanfaidh siad agus breithneofar na cúrsaí sin go neamhchlaon chun na cuspóirí a luaitear sa Chomhaontú seo a bhaint amach.

Airteagal VI.

Eagraíocht agus Bainistí.

Alt 1.   Comhdhéanamh an Chomhlachais.

Beidh ag an gComhlachas Bord Rialtóirí, Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, Uachtarán agus cibé oifigigh agus foireann eile chun cibé dualgais a dhéanamh a chinnfidh an Comhlachas.

Alt 2.   An Bord Rialtóirí.

(a) Beidh cumhachtaí uile an Chomhlachais dílsithe sa Bhord Rialtóirí.

(b) Gach Rialtóir agus gach Rialtóir Malartach den Bhanc a cheap comhalta den Bhanc ar comhalta den Chomhlachas é freisin beidh sé, ex officio, ina Rialtóir nó ina Rialtóir Malartach, faoi seach, den Chomhlachas. Ní fhéadfaidh aon Rialtóir Malartach vótáil ach nuair a bheidh a phríomhaí as láthair. Beidh Cathaoirleach Bhord Rialtóirí an Bhainc ina Chathaoirleach ex officio ar Bhord Rialtóirí an Chomhlachais ach amháin más ionadaí stáit nach comhalta den Chomhaltas Cathaoirleach Bhord Rialtóirí an Bhainc, ansin roghnóidh an Bord Rialtóirí duine de na Rialtóirí chun bheith ina Chathaoirleach ar an mBord Rialtóirí. Scoirfidh aon Rialtóir nó Rialtóir Malartach d'oifig a shealbhú má scoireann an comhalta a cheap é de bheith ina chomhalta den Chomhlachas.

(c) Féadfaidh an Bord Rialtóirí údarás a tharmligean chun na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin chun aon chumhacht dá chuid a fheidhmiú, ach amháin an chumhacht chun:

(i) comhaltaí nua a ghlacadh agus coinníollacha a nglactha a chinneadh;

(ii) suibscríobh breise a údarú agus na téarmaí agus na coinníollacha a bhainfidh leis sin a chinneadh;

(iii) comhalta a fhionraí;

(iv) cinneadh a dhéanamh ar achomhairc i gcoinne léirithe a dhéanfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ar an gComhaontú seo;

(v) comhshocraíochtaí a dhéanamh de bhun Alt 7 den Airteagal seo chun comhoibriú le heagrais idirnáisiúnta eile (seachas comhshocraíochtaí neamhfhoirmiúla sealadacha agus riaracháin);

(vi) cinneadh ar oibríochtaí an Chomhlachais a bhuanfhionraí agus a shócmhainní a imdháil;

(vii) imhdáil ghlan-ioncam an Chomhlachais de bhun Alt 12 den Airteagal seo a chinneadh; agus

(viii) leasuithe a bheidh beartaithe a dhéanamh ar an gComhaontú seo a fhormheas.

(d) Beidh cruinniú bliantúil den Bhord Rialtóirí ann agus cibé cruinnithe eile dá ndéanfaidh an Bord Rialtóirí socrú nó a ghairfidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

(e) Comórfar cruinniú bliantúil an Bhoird Rialtóirí i gcomhréim le cruinniú bliantúil Bhord Rialtóirí an Bhainc.

(f) Is é is córam d'aon cruinniú den Bhord Rialtóirí tromlach na Rialtóirí a bhfuil dhá thrian ar a laghad den chumhacht vótála iomlán acu.

(g) Féadfaidh an Comhlachas, le rialachán, nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin vóta na Rialtóirí a fháil ar cheist shonrach gan cruinniú den Bhord Rialtóirí a ghairm.

(h) Féadfaidh an Bord Rialtóirí, agus na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a mhéid a údarófar sin, cibé rialacha agus rialacháin a ghlacadh chucu is gá nó is cuí chun gnó an Chomhlachais a sheoladh.

(i) Fónfaidh na Rialtóirí agus na Rialtóirí Malartacha sa cháil sin gan cúiteamh ón gComhlachas.

Alt 3.   Vótáil.

(a) Beidh ag gach comhalta bunaidh, i leith a shuibscríbh thosaigh, 500 vóta móide vóta breise in aghaidh gach $5,000 dá shuibscríobh tosaigh. Beidh ag gabháil le suibscríobh seachas suibscríobh tosaigh a dhéanfaidh comhaltaí bunaidh cibé cearta vótála a chinnfidh an Bord Rialtóirí de bhun fhorálacha Airteagal II, Alt 1 (b) nó Airteagal III, Alt 1 (b) agus (c), de réir mar a bheidh. Ní bheidh aon chearta vótála ag gabháil le, breiseanna a chuirfear le hacmhainn seachas suibscríobh faoi Airteagal II, Alt 1 (b) agus suibscríobh breise faoi Airteagal III Alt 1.

(b) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach déanfar gach ábhar os comhair an Chomhlachais a chinneadh le tromlach na vótaí a chaithfear.

Alt 4.   Na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

(a) Beidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin freagrach in oibríochtaí ginearálta an Chomhlachais a sheoladh agus chuige sin feidhmeoidh siad na cumhachtaí uile a thugtar dóibh leis an gComhaontú seo nó a thairmligfidh an Bord Rialtóirí chucu.

(b) Is iad seo a bheidh ina Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ar an gComhlachas iad seo a leanas, ex officio, gach Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an mBanc a bheidh (i) arna cheapadh ag comhalta den Bhanc ar comhalta den Chomhlachas é freisin nó a bheidh (ii) arna thoghadh i dtoghachán ina ndearnadh vótaí chomhalta amháin ar a laghad den Bhanc ar comhalta den Chomhlachas é freisin a áireamh chun a thofa. Beidh Malartach gach duine acu sin is Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an mBanc ina Stiúrthóir Malartach ex officio ar an gComhlachas. Scoirfidh aon Stiúrthóir d'oifig a shealbhú má scoireann an comhalta a cheap é, nó má scoireann na comhaltaí go léir ar áiríodh a vótaí chun a thofa, de bheith ina gcomhaltaí den Chomhlachas.

(c) Beidh teideal ag gach Stiúrthóir a ceapadh ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an mBanc an méid vótaí a chaitheamh a bheidh de theideal ag an gcomhalta a cheap é amhlaidh a chaitheamh sa Chomhlachas. Beidh teideal ag gach Stiúrthóir a toghadh ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an mBanc an méid vótaí a chaitheamh a bheidh de theideal ag an gcomhalta nó ag na comhaltaí den Chomhlachas ar áiríodh a vótaí chun a thofa sa Bhanc a chaitheamh sa Chomhlachas. Is mar aonad a chaithfear na vótaí uile a bheidh teideal ag Stiúrthóir a chaitheamh.

(d) Beidh lán-chumhacht ag Stiúrthóir Malartach gníomhú nuair a bheidh an Stiúrthóir a cheap é as láthair. Nuair a bheidh Stiúrthóir i láthair, féadfaidh a Mhalartach páirt a ghlacadh i gcruinnithe ach ní vótálfaidh sé.

(e) Is é is córam d'aon chruinniú de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tromlach de na Stiúrthóirí a bhfuil leath na cumhachta vótála iomláine ar a laghad acu.

(f) Beidh cruinniú de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ann a mhinicí is gá le haghaidh gnó an Chomhlachais.

(g) Glacfaidh an Bord Rialtóirí chucu rialacháin faoina bhféadfaidh comhalta den Chomhlachas nach bhfuil teideal aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an mBanc a cheapadh ionadaí a chur chun freastal ag aon chruinniú de Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Chomhlachais nuair a bheidh aon iarratas ón gcomhalta sin, nó aon ní a bhainfidh leis go háirithe, á bhreithniú.

Alt 5.   An tUachtarán agus an Fhoireann.

(a) Beidh Uachtarán an Bhainc ina Uachtarán ex officio ar an gComhlachas. Beidh an tUachtarán ina Chathaoirleach ar Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Chomhlachais ach ní bheidh aon vóta aige ach amháin vóta réitigh i gcás comhionannais vótála. Féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí, ach ní vótalfaidh sé ag na cruinnithe sin.

(b) Beidh an tUachtarán ina cheann ar fhoireann oibríochta an Chomhlachais. Seolfaidh sé, faoi stiúradh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, gnáth-ghnó an Chomhlachais agus beidh sé, faoina rialú ginearálta, freagrach in eagrú, ceapadh agus díbhe na n-oifigeach agus na foirne. A mhéid is féidir é, ceapfar oifigigh agus foireann an Bhainc chun fónamh i gcomhthráth mar oifigigh agus foireann don Chomhlachas.

(c) Ag comhlíonadh a n-oifigí d'Uachtarán, d'oifigigh agus d'fhoireann an Chomhlachais, dlífidh an Comhlachas a ndualgais go léir díobh agus ní dhlífidh aon údarás eile aon dualgas díobh. Tabharfaidh gach comhalta den Chomhlachas d'aitheantas gur dualgas idirnáisiúnta an dualgas sin agus ní dhéanfaidh sé aon iarracht ar thionchar a imirt ar aon duine acu i gcomhlíonadh a dhualgas don duine sin.

(d) Nuair a bheidh sé ag ceapadh oifigeach agus foirne, cuirfidh an tUachtarán san áireamh go cuí, faoi réir a ró-thábhachtaí é na caighdeáin is airde éifeachtúlachta agus cumais teicnice a áirithiú, gur ní tábhachtach na daoine a cheapfar a thoghadh as an méid is mó tíortha is féidir.

Alt 6.   Caiareamh leis an mBanc.

(a) Is entitas ar leithligh ón mBanc an Comhlachas agus coimeádfar cistí an Chomhlachais ar leithligh ó chistí an Bhainc. Ní dhéanfaidh an Comhlachas aon airgead a thabhairt ar iasacht don Bhanc ná a thógáil ar iasacht ón mBanc, ach amháin nach gcoiscfidh sin an Comhlachas ó chistí nach mbeidh ag teastáil uaidh le haghaidh a oibríochtaí airgeadasaithe a infheistiú in oibleagáidí de chuid an Bhainc.

(b) Féadfaidh an Comhlachas comhshocraíochtaí a dhéanamh leis an mBanc i dtaobh saoráidí, pearsanra, agus seirbhísí agus comhshocraíochtaí i dtaobh aisíoc costais riaracháin a íocadh sa chéad ásc ag ceachtar eagras thar ceann an eagrais eile.

(c) Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo an Comhlachas faoi dhliteanas i leith gníomhartha ná oibleagáidí an Bhainc ná an Banc faoi dhliteanas i leith gníomhartha ná oibleagáidí an Chomhlachais.

Alt 7.   Caidreamh le hEagrais Idirnáisiúnta Eile.

Déanfaidh an Comhlachas comhshocraíochtaí foirmiúla leis na Náisiúin Aontaithe agus féadfaidh sé comhshocraíochtaí den sórt sin a dhéanamh le heagrais idirnáisiúnta phoiblí eile a bhfuil sainfhreagarthachtaí saineolacha orthu in earnála coibhneasacha.

Alt 8.   Suíomh Oifigí.

Is í príomh-oifig an Bhainc príomh-oifig an Chomhlachais. Féadfaidh an Comhlachas oifigí eile a bhunú i gcríocha aon chomhalta.

Alt 9.   Taisclanna.

Ainmneoidh gach comhalta a bhanc ceannais féin mar thaisclann ina bhféadfaidh an Comhlachas sealúchais d'airgeadra an chomhalta sin nó sócmhainní eile de chuid an Chomhlachais a choimeád, nó, mura bhfuil banc ceannais aige, ainmneoidh sé chuige sin cibé foras eile lena nglacfaidh an Comhlachas. Mura ndéantar a mhalairt d'ainmniú, is í an taisclann don Chomhlachas an taisclann a bheidh ainmnithe don Bhanc.

Alt 10.   Meán Cumarsáide.

Ainmneoidh gach comhalta údarás iomchuí lena bhféadfaidh an Comhlachas dul i gcumarsáid i dtaobh aon ábhair faoin gComhaontú seo. Mura ndéantar a mhalairt d'ainmniú is é an meán cumarsáide don Chomhlachas an meán cumarsáide a bheidh ainmnithe don Bhanc.

Alt 11.   Tuarascálacha a fhoilsiú agus Eolas a Chur ar Fáil.

(a) Foilseoidh an Comhlachas tuarascáil in aghaidh na bliana ina mbeidh ráiteas iniúchta ar a chuntais agus cuirfidh sé timpeall chun na gcomhaltaí, i gceann tréimhsí iomchuí, ráiteas achomair ar a staid airgeadais agus ag taispeáint torthaí a oibríochtaí.

(b) Féadfaidh an Comhlachas cibé tuarascálacha eile a fhoilsiú is inmholta dar leis chun a chuspóirí a chur i gcrích.

(c) Imdháilfear ar na comhaltaí cóipeanna de na tuarascálacha, de na ráitis agus de na foilseacháin uile a dhéanfar faoin Alt seo.

Alt 12.   D iúscairt an Ghlan-Ioncaim.

Cinnfidh an Bord Rialtóirí ó am go ham mar a dhéanfar glanioncam an Chomhlachais a dhiúscairt, agus aird chuí acu ar sholáthar le haghaidh cúlchistí agus teagmhas.

Airteagal VII.

Éirí As; Comhaltas a Fhionraí; Oibríochtaí a Fhionraí.

Alt 1.   Comhaltaí d'Éirí As.

Féadfaidh aon chomhalta éirí as comhaltas sa Chomhlachas am ar bith trí fhógra i scríbhinn a chur chun an Chomhlachais chun a phríomh-oifige. Tiocfaidh an t-éirí-as in éifeacht an dáta a gheofar an fógra sin.

Alt 2.   Comhaltas a Fhionraí.

(a) Má mhainníonn comhalta aon cheann dá oibleagáidí don Chomhlachas a chomhlíonadh, féadfaidh an Comhlachas a chomhaltas a fhionraí trí chinneadh ó thromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh tromlach na cumhachta vótála iomláine. An comhalta a fhionrófar amhlaidh scoirfidh sé, air sin, de bheith ina chomhalta bliain ó dháta a fhionraí mura gcinne an tromlach céanna an comhalta a ligean ar ais faoi réim.

(b) An fad a bheidh comhalta ar fionraí, ní bheidh teideal aige aon chearta faoin gComhaontú seo a fheidhmiú ach amháin an ceart chun éirí as, ach fanfaidh sé faoi réir na n-oibleagáidí uile.

Alt 3.   Fionraí Comhaltais, nó Deireadh le Comhaltas, sa Bhanc.

Aon chomhalta a fhionrófar ó bheith, nó a scoirfidh de bheith, ina chomhalta den Bhanc beidh sé, air sin, ar fionraí ó bheith, nó scoirfidh sé de bheith, ina chomhalta den Chomhlachas, de réir mar a bheidh.

Alt 4.   Cearta agus Dualgais Rialtas a Scoirfidh de bheith ina gComhaltaí.

(a) Nuair a scoirfidh rialtas de bheith ina chomhalta, ní bheidh aon chearta aige faoin gComhaontú seo ach amháin mar a fhoráiltear san Alt seo agus in Airteagal X (c), ach leanfaidh sé air, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san Alt seo, de bheith faoi dhliteanas i leith na n-oibleagáidí airgeadais go léir a ghlac sé air a bheith dlite ag an gComhlachas de, cibé acu mar chomhalta, mar íasachtaí nó mar ráthóir nó ar shlí eile é.

(b) Nuair a scoirfidh rialtas de bheith ina chomhalta, rachaidh an Comhlachas agus an rialtas i mbun cuntais a shocrú. Mar chuid den socrú cuntas sin, féadfaidh an Comhlachas agus an rialtas comhaontú faoi na suimeanna a bheidh le n-íoc leis an rialtas ar scór a shuibscríobh agus faoin am a dhéanfar íocaíocht agus na hairgeadraí ina ndéanfar íocaíocht. Measfar chun críocha an Airteagail seo go bhfolaíonn an téarma “suibscríobh”, nuair a úsáidtear é maidir le haon rialtas is comhalta, an suibscríobh tosaigh agus aon suibscríobh breise ón rialtas sin is comhalta.

(c) Mura ndéanfar aon chomhaontú den sórt sin laistigh de shé mhí ón dáta a scoir an rialtas de bheith ina chomhalta, nó cibé am ar a gcomhaontóidh an Comhlachas agus an rialtas, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) Beidh an rialtas saor ó bheith faoi aon dliteanas eile ag an gComhlachas ar scór a shuibscríobh, ach amháin go n-íocfaidh an rialtas, láithreach, leis an gComhlachas suimeanna a bhí dlite agus gan íoc ar an dáta a scoir an rialtas de bheith ina chomhalta agus a mheasfaidh an Comhlachas a bheidh ag teastáil uaidh faoi chomhair a dhliteanas amhail ar an dáta sin faoina oibríochtaí airgeadasaithe.

(ii) Tabharfaidh an Comhlachas ar ais don rialtas cistí a bheidh íoctha leis ag an rialtas ar scór a shuibscríobh nó a fuarthas as na cistí sin mar aisíocaíochtaí príomhshuime agus a bhí i seilbh an Chomhlachais ar an dáta a scoir an rialtas de bheith ina chomhalta, ach amháin a mhéid a mheasfaidh an Comhlachas a bheidh na cistí sin ag teastáil uaidh faoi chomhair a dhliteanas amhail ar an dáta sin faoina oibríochtaí airgeadasaithe.

(iii) Íocfaidh an Comhlachas leis an rialtas scair pro rata de na haisíocaíochtaí príomhshuime go léir a gheobhaidh an Comhlachas tar éis an dáta a scoirfidh an rialtas de bheith ina chomhalta ar iasachtaí a fuarthas roimhe sin, ach amháin iad sin a rinneadh amach as acmhainn fhorlíontach a tugadh don Chomhlachas faoi chomhshocraíochtaí a shonraigh cearta leachtaithe sonraithe. Is é a bheidh sa scair sin an chionúireacht sin de mhéid iomlán príomhshuime na n-iasachtaí sin a bheidh ar comhréir leis an gcoibhneas idir an tsuim iomlán a bheidh íoctha ag an rialtas ar scór a shuibscríobh agus nach mbeidh tugtha ar ais dó de bhun chlásal (ii) thuas agus an tsuim iomlán d'íoc na comhaltaí go léir ar scór a suibscríobh agus a bheidh úsáidte nó a mheasfaidh an Comhlachas a bheidh ag teastáil uaidh faoi chomhair a dhliteanas faoina oibríochtaí airgeadasaithe amhail ar an dáta ar a scoirfidh an rialtas de bheith ina chomhalta. Ina tráthchodanna, nuair a gheobhaidh agus de réir mar a gheobhaidh an Comhlachas na haisíocaíochtaí príomhshuime sin, a dhéanfaidh an Comhlachas íocaíocht den sórt sin ach ní dhéanfaidh sé sin níos minicí ná uair sa bhliain. Is sna hairgeadraí a fuair an Comhlachas a íocfar na tráthchodanna sin ach amháin go bhféadfaidh an Comhlachas, más rogha leis, íocaíocht a dhéanamh in airgeadra an rialtais lena mbainfidh.

(iv) Déanfar aon suim a bheidh dlite don rialtas ar scór a shuibscríobh a choimeád siar an fad a bheidh an rialtas sin, nó rialtas aon chríche laistigh dá chomhaltas, nó aon fho-roinn pholaiticiúil nó aon ghníomhaireacht d'aon cheann acu sin roimhe seo, faoi dhliteanas, mar iasachtaí nó ráthóir, ag an gComhlachas, agus féadfar an tsuim sin a úsáid, más rogha leis an gComhlachas é, i gcoinne aon dliteanais den sórt sin de réir mar a aibeoidh sé.

(v) Ní bhfaighidh an rialtas ar aon chor faoin mír seo (c) suim is mó, san iomlán, ná an tsuim is lú acu seo a leanas: (a) an tsuim a d'íoc an rialtas ar scór a shuibscríobh, nó (b) an chionúireacht sin de ghlanshócmhainní an Chomhlachais, de réir leabhar an Chomhlachais amhail ar an dáta a scoir an rialtas de bheith ina chomhalta, a bheidh ar comhréir leis an gcoibhneas idir méid a shuibscríobh agus comhiomlán na méide a shuibscríobh na comhaltaí go léir.

(vi) Gach ríomh is gá a dhéanamh faoi seo déanfar é ar cibé foras a chinnfidh an Comhlachas le réasún.

(d) Ní dhéanfar in aon chás aon suim a bheidh dlite do rialtas faoin Alt seo a íoc go ceann sé mhí tar éis an dáta a scoirfidh an rialtas de bheith ina chomhalta. Má tharlaíonn laistigh de shé mhí ón dáta a scoirfidh aon rialtas de bheith ina chomhalta go bhfionróidh an Comhlachas oibríochtaí faoi Alt 5 den Airteagal seo, déanfar cearta uile an rialtais sin a chinneadh le forálacha an Ailt sin 5 agus measfar an rialtas sin a bheith fós ina chomhalta den Comhlachas chun críocha an Ailt sin 5, ach amháin nach mbeidh aon chearta vótála aige.

Alt 5.   Oibríochtaí a Fhionraí agus Oibleagáidí a Shocrú.

(a) Féadfaidh an Comhlachas a oibríochtaí a bhuan-fhionraí trí vóta tromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh tromlach na cumhachta vótála iomláine. Tar éis oibríochtaí a fhionraí amhlaidh, scoirfidh an Comhlachas, láithreach, de gach gníomhacht ach amháin gníomhachtaí a bhainfidh lena shócmhainní a imchoimeád agus a chaomhnadh agus a réadú go hordúil agus lena oibleágaidí a shocrú. Go dtí go mbeifear críochnaithe le socrú na n-oibleagáidí sin agus le himdháil na sócmhainní sin, leanfaidh an Comhlachas de bheith ann agus leanfaidh comhchearta agus comh-oibleagáidí uile an Chomhlachais agus a chomhaltaí faoin gComhaontú seo gan oirbhearnú, ach amháin nach bhfionrófar aon chomhalta agus nach n-éireoidh aon chomhalta as agus nach ndéanfar aon imdháil chun comhaltaí ach amháin mar a fhoráiltear san Alt seo.

(b) Ní dhéanfar aon imdháil chun comhaltaí ar scór a suibscríobh go dtí go nglanfar a mbeidh dlite do chreidiúnaithe nó go dtí go ndéanfar soláthar ina leith agus go dtí go gcinnfidh an Bord Rialtóirí, trí vóta tromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh tromlach na cumhachta vótála iomláine, an imdháil sin a dhéanamh.

(c) Faoi réir na méide sin roimhe seo, agus aon chomhshocraíochtaí speisialta i dtaobh diúscairt acmhainne forlíontaí ar a gcomhaontófar i ndáil le soláthar na hacmhainne sin don Chomhlachas, imdáilfidh an Comhlachas a acmhainn chun comhaltaí pro rata i gcomhréir leis na suimeanna a bheidh íoctha acu ar scór a suibscríobh. Beidh aon imdháil de bhun na forála sin roimhe seo den mhír seo (c) faoi réir socrú a bheith déanta, i gcás aon chomhalta, ar gach éileamh ón gComhlachas ar an gcomhalta sin. Déanfar an imdháil sin cibé tráthanna, i cibé airgeadraí, agus in airgead nó sócmhainní eile mar a mheasfaidh an Comhlachas a bheith cóir, cothrom. Ní gá an diúscairt chun na gcomhaltaí uile a bheith comhréireach maidir leis an gcineál sócmhainní a imdháilfear ná na hairgeadraí ina dtabharfar iad.

(d) Aon chomhalta a gheobhaidh sócmhainní a imdháilfidh an Comhlachas de bhun an Ailt seo nó Alt 4 beidh na cearta céanna aige maidir leis na sócmhainní sin a bhí ag an gComhlachas sular imdháileadh iad.

Airteagal VIII.

Stádas, Díolúintí agus Pribhléidí.

Alt 1.   Cuspóirí an Airteagail.

Ionas go bhféadfaidh an Comhlachas na feidhmeanna atá á gcur de chúram air a chomhlíonadh, déanfar an stádas, na díolúintí agus na pribhléidí atá leagtha amach san Airteagal seo a thabhairt don Chomhlachas i gcríocha gach comhalta.

Alt 2.   Stádas an Chomhlachais.

Is duine lán-dlíthiúnach an Comhlachas agus, go háirithe, tá cumas ann:

(i) conradh a dhéanamh;

(ii) maoin dochorraithe agus maoin sochorraithe a fháil agus a dhiúscairt;

(iii) imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

Alt 3.   Seasamh an Chomhlachais Maidir le Próis Bhreithiúnach.

Ní fhéadfar caingne a thionscnamh i gcoinne an Chomhlachais ach amháin i gcúirt dlínse inniúla i gcríocha comhalta ina bhfuil oifig ag an gComhlachas, ina bhfuil gníomhaire ceaptha aige chun glacadh le seirbheáil nó fógra próise, nó ina bhfuil sé tar éis urrúis a eisiúint nó a ráthú. Ní dhéanfaidh comhaltaí ná daoine thar ceann comhaltaí nó a dhíorthóidh éiltithe ó chomhaltaí aon chaingne a thionscnamh. Beidh ag maoin agus socmhainní de chuid an Chomhlachais, cibé áit a mbeidh an céanna agus cibé duine ag a mbeidh an céanna, díolúine ó gach saghas urghabhála, astaithe nó forghníomhaithe sula dtabharfar an breithiúnas deiridh i gcoinne an Chomhlachais.

Alt 4.   Díolúine Sócmhainní ó Urghabháil.

Beidh ag maoin agus sócmhainní an Chomhlachais, cibé áit a mbeidh an céanna agus cibé duine ag a mbeidh an céanna, díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon sórt eile urghabhála trí ghníomhú feidhmiúcháin nó gníomhú reachtach.

Alt 5.   Díolúine ag Cairtlanna.

Beidh cairtlanna an Chomhlachais dosháraithe.

Alt 6.   Sócmhainní a Bheith Saor ó Shriantachtaí.

A mhéid is gá sin chun na hoibríochtaí a dhéanamh dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe seo, beidh maoin agus sócmhainí uile an Chomhlachais saor ó shriantachtaí, rialacháin, rialuithe agus mortchairde d'aon sórt.

Alt 7.   Pribhléidí Cumarsáide.

Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla an Chomhlachais an chóir chéanna ó gach comhalta a thugann sé do chumarsáidí oifigiúla comhaltaí eile.

Alt 8.   Díolúintí agus Príbhléidí Oifigeach agus Fostaithe.

Maidir le Rialtóirí, Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, Malartaigh, oifigigh agus fostaithe uile an Chomhlachais:

(i) beidh díolúine acu ó phróis dlíthiúil i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad ina gcáil oifigiúil ach amháin nuair a tharscaoilfidh an Comhlachas an díolúine sin;

(ii) muran náisiúnaigh áitiúla iad, tabharfar dóibh na díolúintí céanna ó shriantachtaí inimirce, ceanglais chlárúcháin d'eachtrannaigh agus oibleagáidí seirbhíse náisiúnta, maraon leis na saoráidí céanna i leith sriantachtaí iomlaoide, a thugann na comhaltaí d'ionadaithe, d'oifigigh agus d'fhostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile;

(iii) tabharfar an chóir chéanna dóibh i leith saoráidí taistil a thugann comhaltaí d'ionadaithe, d'oifigigh agus d'fhostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile.

Alt 9.   Díolúine ó Cháin.

(a) Beidh an Comhlachas, a shócmhainní, a mhaoin, a ioncam agus a oibríochtaí agus a idirbhearta mar a údaraítear leis an gComhaontú seo saor ó gach cáin agus ó gach dleacht chustam. Beidh an Comhlachas saor freisin ó gach dliteanas maidir le bailiú nó íoc aon chánach nó dleachta.

(b) Ní dhéanfar aon cháin a thobhach ar thuarastail agus sochar, ná i leith tuarastal agus sochair, a íocfaidh an Comhlachas le Stiúrthóirí Féidhmiúcháin, Malartaigh, oifigigh nó fostaithe eile de chuid an Chomhlachais nach saoránaigh áitiúla, géillsinigh áitiúla, ná náisiúnaigh áitiúla eile.

(c) Ní thoibheofar cáin d'aon saghas ar aon oibleagáid ná urrús a eiseoidh an Comhlachas (lena n-áirítear aon díbhinn nó ús air sin) cibé duine a shealbhóidh an céanna

(i) más cáin í a dhéanann idirdhealú i gcoinne na hoibleagáide nó an urrúis sin ar an aon-ábhar gurb é an Comhlachas a d'eisigh an céanna; nó

(ii) más é an t-aon-bhonn dlínsiúil atá leis an gcáin sin an áit nó an t-airgeadra ina mbeidh sí arna heisiúint nó ina mbeidh sí le híoc nó ina n-íocfar í, nó suíomh aon oifige nó áite gnó atá á cothabháil ag an gComhlachas.

(d) Ní thoibheofar aon cháin ar aon oibleagáid ná urrús a bheidh ráthaithe ag an gComhlachas (lena n-áirítear aon díbhinn nó ús ar an gcéanna) cibé duine a shealbhóidh an céanna

(i) más cáin í a dhéanann idirdhealú i gcoinne na hoibleagáide nó an urrúis sin ar an aon-ábhar gurb é an Comhlachas a ráthaigh an céanna; nó

(ii) más é an t-aon-bhonn dlínsiúil atá leis an gcáin sin suíomh aon oifige nó áite gnó atá á cothabháil ag an gComhlachas.

Alt 10.   An tAirteagal a Chur i bhFeidhm.

Déanfaidh gach comhalta cibé beart is gá ina chríocha féin chun éifeacht i dtéarmaí a dhlí féin a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach san Airteagal seo agus tabharfaidh sé mionchuntas don Chomhlachas ar an mbeart a rinne sé.

Airteagal IX.

Leasuithe.

(a) Aon mholadh chun modhnuithe a dhéanamh ar an gComhaontú seo, cibé acu ó chomhalta, ó Rialtóir nó ó na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin é, tabharfar do Chathaoirleach an Bhoird Rialtóirí é agus cuirfidh seisean an moladh os comhair an Bhoird. Má fhormheasann an Bord an leasú a mholfar fiafróidh an Comhlachas, trí imlitir nó teileagram, de na comhaltaí uile cé acu a ghlacann siad nó nach nglacann siad leis an leasú molta. Nuair a bheidh glactha leis an leasú molta ag trí chúigiú cuid de na comhaltaí, agus ceithre chúigiú na cumhachta vótála iomláine acu, deimhneoidh an Comhlachas an méid sin trí scríbhinn fhoirmiúil a bheidh dírithe chun na gcomhaltaí uile.

(b) D'ainneoin (a) thuas, ní mór go nglacfaidh na comhaltaí uile le haon leasú a mhodhnóidh

(i) an ceart chun éirí as an gComhlachas a fhoráiltear in Airteagal VII, Alt 1;

(ii) an ceart a urraítear le hAirteagal III, Alt 1 (c);

(iii) an teorainn le dliteanas a fhoráiltear in Airteagal II, Alt 3.

(c) Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm i leith gach comhalta trí mhí tar éis dáta na scríbhinne foirmiúla mura sonraítear tréimhse níos giorra san imlitir nó sa teileagram.

Airteagal X.

Léiriú agus Eadráin.

(a) Aon cheist faoi léiriú fhorálacha an Chomhaontaithe seo a éireoidh idir aon chomhalta agus an Comhlachas, nó idir aon chomhaltaí den Chomhlachas cuirfear faoi bhráid na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin í lena cinneadh. Má bhaineann an cheist go sonrach le haon chomhalta den Chomhlachas nach bhfuil teideal aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin den Bhanc a cheapadh beidh teideal aige chun ionadaíochta de réir Airteagal VI, Alt 4 (g).

(b) In aon chás ina mbeidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tar éis cinneadh a dhéanamh faoi (a) thuas, féadfaidh aon chomhalta a chur faoi deara go ndéanfar an cheist a tharchur chun an Bhoird Rialtóirí agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhoird Rialtóirí. Féadfaidh an Comhlachas gníomhú a mhéid is dóigh leis is gá ar chinneadh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin nó go mbeidh toradh ar an tarchur chun an Bhoird Rialtóirí.

(c) Aon uair a éireoidh aighneas idir an Comhlachas agus tír a bheidh tar éis scor de bheith ina chomhalta nó idir an Comhlachas agus aon chomhalta le linn don Chomhlachas a bheith ar buanfhionraí, cuirfear an t-aighneas sin faoi eadráin bhínse ar a mbeidh triúr eadránaithe arb é an Comhlachas a cheapfaidh duine díobh, arb í an tír lena mbainfidh a cheapfaidh duine díobh agus moltóir a cheapfar, mura gcomhaontóidh na páirtithe ina thaobh, ag Uachtarán na Cúirte Ceartais Idirnáisiúnta nó ag cibé údarás eile a bheidh ordaithe le rialachán ar ghlac an Comhlachas leis. Beidh lán-chumhacht ag an moltóir gach ceist faoi nós imeachta a shocrú in aon chás nach réiteoidh na páirtithe ina leith.

Airteagal XI.

Forálacha Deiridh.

Alt 1.   Teacht i bhfeidhm.

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm nuair a bheidh sé sínithe thar ceann na rialtas nach lú a suibscríobh ná seasca a cúig faoin gcéad den suibscríobh iomlán atá leagtha amach i Sceideal A agus nuair a bheidh na hionstraimí dá dtagraítear in Alt 2 (a) den Airteagal seo taiscthe thar a gceann, ach in aon chás ní thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm roimh an 15 Meán Fómhair, 1960.

Alt 2.   Síniú.

(a) Gach rialtas a síneofar an Comhaontú seo thar a cheann, taiscfidh sé leis an mBanc ionstraim á rá go bhfuil glactha aige leis an gComhaontú seo de réir a dhlí féin agus go bhfuil gach beart déanta aige is gá chun a chur ar a chumas a oibleagáidí uile faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.

(b) Beidh gach rialtas ina chomhalta den Chomhlachas amhail ón dáta a thaiscfear thar a cheann an ionstraim dá dtagraítear i mír (a) thuas, ach ní bheidh aon rialtas ina chomhalta sula dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo.

(c) Fanfaidh an Comhaontú seo ar oscailt, chun a shínithe, go dtí deireadh gnó an 31 Nollaig, 1960, i bpríomh-oifig an Bhainc thar ceann rialtas na stát a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A, ar choinníoll go bhféadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, mura mbeidh an Comhaontú seo tagtha i bhfeidhm um an dáta sin, an tréimhse a bheidh an Comhaontú seo ar oscailt chun a shínithe a shíneadh sé mhí ar a fhad.

(d) Tar éis an Comhaontú seo a theacht i bhfeidhm, beidh sé ar oscailt chun a shínithe thar ceann rialtais aon stáit a bhformheasfar a chomhaltas de bhun Airteagail II, Alt 1 (b).

Alt 3.   Feidhm i leith Críocha.

Trína shíniú a chur leis an gComhaontú seo, glacann gach rialtas leis thar a cheann féin agus thar ceann na gcríocha uile a bhfuil an rialtas sin freagrach ina chaidreamh idirnáisiúnta ach amháin iad siúd a dhúnfaidh an rialtas sin amach trí fhógra scríofa chun an Chomhlachais.

Alt 4.   Tionscnamh an Chomhlachais.

(a) A luaithe a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo, gairfidh an tUachtarán cruinniú de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

(b) Tosóidh an Comhlachas ar oibríochtaí ar an dáta a chomórfar an cruinniú sin.

(c) Go dtí go mbeidh an chéad chruinniú den Bhord Rialtóirí ann, féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin cumhachtaí uile an Bhoird Rialtóirí a fheidhmiú ach amháin na cumhachtaí a fhorcoimeádtar don Bhord Rialtóirí faoin gComhaontú seo.

Alt 5.   Clárú.

Údaraítear don Bhanc an Comhaontú seo a chlárú le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe de réir Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe agus na Rialachán fúithi lenar ghlac an Comhthionól Ginearálta.

Arna dhéanamh i Washington in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcairtlanna an Bhainc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbartha, a chuireann in iúl trína shíniú anseo thíos go gcomhaontaíonn sé gníomhú mar thaisclann don Chomhaontú seo, an Comhaontú seo a chlárú le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe agus an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, faoi Airteagal IX, Alt 1 de seo, a chur in iúl do na rialtais uile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A.

Sceideal A.—Suibscríobh Tosaigh.

($ Milliún S.A.M.)*

Cuid I.

An Astráil

..

20·18

An tSeapáin

..

33·59

An Ostair

..

5·04

Lucsambúrg

..

1·01

An Bheilg

..

22·70

An Isiltír

..

..

27·74

Ceanada

..

..

37·83

An Ioruaidh

..

6·72

An Danmhairg

..

8·74

An tSualainn

..

10·09

An Fhionnlainn

..

3·83

Aontas na hAfraice

Theas

..

..

10·09

An Fhrainc

..

52·96

An Ríocht Aontaithe

131·14

An Ghearmáin

..

52·96

Na Stáit Aontaithe

320·29

An Iodáil

..

18·16

763·07

Cuid II.

An Afganastáin

..

1·01

Iosrael

..

..

1·68

An Airgintín

..

18·83

An Iordáin

..

0·30

An Bholaive

..

1·06

An Chóire

..

..

1·26

An Bhraisil

..

18·83

An Liobáin

..

0·45

Burma

..

..

2·02

Libia

..

..

1·01

An tSiolón

..

3·03

An Mhalae

..

..

2·52

An tSile

..

3·53

Meicsiceo

..

..

8·74

An tSín

..

..

30·26

Maracó

..

..

3·53

An Cholóimbe

..

3·53

Neicearagua

..

0·30

Costa Rica

..

0·20

An Phacastáin

..

10·09

Cúba

..

..

4·71

Panama

..

..

0·02

An Phoblacht

Doiminiceach

..

0·40

Paragua

..

..

0·30

An tEacuadór

..

0·65

Peiriú

..

..

1·77

El Salvadór

..

0·30

Na Filipíneacha

..

5·04

An Eatóip

..

0·50

Aráib Sáidí

..

3·70

Ghana

..

..

2·36

An Spáinn

..

10·09

An Ghréig

..

2·52

An tSúdáin

..

..

1·01

Guatamála

..

0·40

Tailann

..

..

3·03

Haití

..

..

0·76

An Tuinisia

..

1·51

Hondúras

..

0·30

An Tuirc

..

..

5·80

An Íoslainn

..

0·10

An Phoblacht Aráibeach

Aontaithe

..

6·03

An India

..

40·35

Uragua

..

..

1·06

Indonesia

..

11·10

Veiniséala

..

..

7·06

An Iaráin

..

4·54

Viet-Nam

..

..

1·51

An Iráic

..

..

0·76

An Iúgslaiv

..

4·04

Éire

..

..

3·03

236·93

An tIomlán

...

...

1,000·00

*I dtéarmaí dollar na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm 1 Eanáir, 1960.