23 1960


Uimhir 23 de 1960.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DO BHARDAS CONTAE-BHUIRGE HALLA CEOLCHOIRME, AMHARCLANN NÓ TEACH CEOLDRÁMA A SHOLÁTHAR NÓ CABHRÚ LENA SHOLÁTHAR. [26ú Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Halla ceolchoirme, amharclann nó teach ceoldráma a sholáthar.

1. —(1) Féadfaidh bardas contae-bhuirge a bheartú le rún—

(a) halla ceolchoirme, amharclann nó teach ceoldráma a sholáthar agus a chothabháil, nó

(b) cabhrú le cumann, coiste, cuideachta nó comhlacht eile a dhéanfaidh nó a bheartóidh halla ceolchoirme, amharclann nó teach ceoldráma a sholáthar ar aon slí nó slite acu seo a leanas:

(i) trí dheontas in aisce a thabhairt,

(ii) trí iasacht a thabhairt,

(iii) trí ráthaíocht a thabhairt go n-aisíocfar iomlán aon iasachta a gheobhaidh an comhlacht nó cuid den iasacht sin agus go n-íocfar ús air sin.

(2) I gcás ina rithfidh bardas contae-bhuirge rún faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) déanfaidh siad, laistigh de cheithre lá dhéag i ndiaidh an lae a rithfear an rún, a chur faoi deara go bhfoilseofar an rún i dtrí nuachtán (ar nuachtán laethúil ceann ar a laghad acu) a léitear sa chontae-bhuirg, agus

(b) féadfaidh siad, lá nach luaithe ná seasca lá agus nach déanaí ná céad agus ochtó lá, tar éis lá an rúin a rith, an rún a dhaingniú le rún eile.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis rún a rith faoi fho-alt (1) den alt seo agus ina mbeifear tar éis é a fhoilsiú agus a dhaingniú go cuí faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le hordú, an rún a dhaingniú agus cibé forálacha eile a chur san ordú is dóigh leis is gá chun éifeacht a thabhairt don rún agus air sin tiocfaidh an rún chun bheith infheidhmithe.

(4) Féadfaidh bardas contae-bhuirge a chur de cheangal, mar choinníoll ar a dtabharfar deontas nó iasacht nó ráthaíocht faoin alt seo, ar an gcomhlacht lena mbainfidh cibé comhaontuithe maidir le húsáid agus diúscairt an halla cheolchoirme, na hamharclainne nó an tí cheoldráma is cuí leis an mbardas a dhéanamh leis an mbardas.

(5) Féadfaidh bardas contae-bhuirge talamh le haghaidh halla cheolchoirme, amharclainne nó tí cheoldráma a sholáthróidh an bardas faoin alt seo, nó talamh ar a mbeidh a leithéid, a thógáil trí chomhaontú.

(6) Beidh gach ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) rith rúin faoin alt seo ag bardas contae-bhuirge,

(b) feidhm de chuid bhardais chontae-chuirge faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo,

ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge.

Halla ceolchoirme, amharclann nó teach ceoldráma a sholáthróidh bardas contae-bhuirge a úsáid.

2. —I gcás ina ndéanfaidh bardas contae-bhuirge halla ceolchoirme, amharclann nó teach ceolchoirme a sholáthar faoin Acht seo—

(a) féadfar é, nó aon chuid de, a úsáid chun na gcríocha seo a leanas:

(i) ceolchoirmeacha, drámaí stáiste, ceoldrámaí nó siamsaí eile,

(ii) cruinnithe poiblí nó cruinnithe eile,

(iii) léachtaí, taispeántais, caitheamh aimsire ginearálta nó cuspóirí eile caidrimh dá samhail,

(b) maidir lena úsáid chun críocha eile, féadfar é a úsáid amhlaidh ar choinníoll nach n-úsáidfear mar sin é ach go hócáideach, agus féadfar aon chuid de a úsáid amhlaidh ar choinníoll nach n-úsáidfear mar sin é ach go hócáideach nó nach cuid mhór de an chuid,

(c) féadfaidh an bardas féin, nó má dhéanann an bardas é a ligean go hiomchuí, an duine chun a ndéanfar an ligean, é a úsáid, nó aon chuid de a úsáid, mar a fhoráiltear leis an alt seo (faoi réir téarmaí an ligin sa dara cás),

(d) féadfaidh an bardas dul faoi cibé caiteachas breise is gá chun é a oibriú agus a bhainistí mar is ceart.

Iasacht.

3. —(1) Féadfaidh bardas contae-bhuirge, chun críocha an Achta seo, airgead a fháil ar iasacht ar an modh céanna ar cead dóibh airgead a fháil ar iasacht faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

(2) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht do bhardas contae-bhuirge trí eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla ionann agus dá mba iasacht áitiúil de réir bhrí Achtanna Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, an iasacht sin agus go raibh sé údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959, agus den Acht seo le chéile.