|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 20 de 1960. | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (CAIRPÉID), 1960, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 . [19 Iúil, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Ordú a dhaingniú. 1960, I.R. Uimh. 59. 1953, Uim |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Cairpéid), 1960, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 . |
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Ordú a Dhaingniú), 1960 , a ghairm den Acht seo. |