An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leasú ar an Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956.) Ar Aghaidh (CUID VI. Dleachtanna Stampa.)

19 1960

AN tACHT AIRGEADAIS, 1960

CUID V.

Comhaontú a Dhaingniú.

Comhaontú a dhaingniú.

1926, Uimh. 35 .

1928, Uimh. 11 .

1948, Uimh. 12 .

1959, Uimh. 18 .

34. —(1) Daingnítear leis seo an Comhaontú atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a rinneadh an 23ú lá de Mheitheamh, 1960, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an gComhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (arna leasú leis na Comhaontuithe atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1928 , sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1948 , agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1959 ) agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin

(2) Chun aon oibleagáid faoi Airteagal 2 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a ordú nach ndéanfaidh, agus go measfar nach ndearna, aon fhorálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a shonrófar san ordú, is forálacha a dhéanann difir ar aon slí do dhíolúintí ó cháin ioncaim i gcás daoine a chónaíonn sa Stát, difir do dhíolúintí ó cháin ioncaim a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa Stát ach a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe, agus beidh éifeacht dá réir sin ag aon ordú den sórt sin.