|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Dleachtanna Báis.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1960
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID II. Custaim agus Mál. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht shiamsa —díolúine. 1916, (Seis. 2) c. 11. |
10. —(1) San alt seo, ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil dá dtagraítear faoin ainm “entertainments duty” in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní mhuirearófar ná ní thoibheofar dleacht shiamsa ar aon siamsa a chomórfar an 1ú lá de Lúnasa, 1960, nó dá éis, agus a dtaispeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gurb é Comhaltas Ceoltóirí Éireann nó craobh den eagraíocht sin atá comhcheangailte go cuí de atá ag seoladh an tsiamsa, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gur le haghaidh aidhmeanna agus cuspóirí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann iomlán glan-sochar an tsiamsa agus gur mar sin a chaithfear é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht shiamsa —tuath-limistéir. |
11. —An 1ú lá de Bhealtaine, 1960, agus dá éis, beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (5) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1954 , ionann agus dá gcuirtí “dhá mhíle” in ionad “míle” gach áit ina bhfuil an focal deiridh sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht shiamsa —aisíoc maidir le siamsaí cineamatagrafacha. |
12. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil dá dtagraítear faoin ainm sin in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “glanmhéid na dleachta” méid na dleachta siamsa a íocadh arna laghdú de shuim aon aisíocaíochta dleachta siamsa a bhí dlite faoi aon achtachán seachas an t-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) inar chomóraigh an dílseánach céanna dhá shiamsa nó níos mó i rith seachtaine áirithe in áit siamsa áirithe, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gur comóradh siamsa amháin (agus ní níos mó) i rith seachtaine áirithe in áit siamsa áirithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus gur íocadh dleacht shiamsa i leith na siamsaí nó an tsiamsa, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an dílseánach— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) suim is comhionann le fiche faoin gcéad de ghlanmhéid na dleachta d'íoc sé, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) suim deich bpunt nó suim is comhionann le hiarmhéid ghlanmhéid na dleachta d'íoc sé, cibé acu is lú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás inar comóradh dhá shiamsa nó níos mó, seachas ag an dílseánach céanna i rith aon seachtaine áirithe in áit siamsa áirithe agus go mbeidh dleacht shiamsa íoctha i leith na siamsaí, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le gach dílseánach— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) suim is comhionann le fiche faoin gcéad den dleacht ghlan a bheidh íoctha aige, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an tsuim iomchuí nó suim is comhionann le hiarmhéid ghlanmhéid na dleachta a bheidh íoctha aige, cibé acu is lú, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) I mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí”, maidir le dílseánach, cibé suim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus deich bpunt agus a bheidh idir an uimhir siamsaí a comóradh san áit siamsa sin ag an dílseánach sin an tseachtain a bheidh i gceist agus uimhir iomlán na siamsaí a comóradh san áit siamsa sin an tseachtain sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Ní bhainfidh an t-alt seo ach le siamsaí a chomórfar an 1ú lá de Bhealtaine, 1960, nó dá éis, agus arb é a bheidh iontu ar fad nó go formhór taispeántais chineamatagrafacha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht shiamsa —leasú ar alt 17 den Acht Airgeadais, 1958 . |
13. —Déantar leis seo alt 17 den Acht Airgeadais, 1958 , a leasú, le héifeacht amhail ón 1ú lá de Bhealtaine, 1960, trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3) I gcás inarb é a bheidh i siamsa dhá thaibhiú nó níos mó arbh thaibhithe den chlár céanna san iomlán iad mura mbeadh nach mbeidh i gceann amháin nó níos mó de na taibhithe ach cuid den chlár iomlán, measfar, chun críocha an ailt seo ach ní chun aon chríche eile, gur siamsa faoi leith gach taibhiú ar choinníoll go gcomhlíonfaidh gach taibhiú, as féin, coinníollacha mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1953 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag aon ní sna fo-ailt roimhe seo den alt seo maidir le haon siamsa arb é a bheidh ann go hiomlán nó go páirteach pictiúirí reatha arna léiriú trí scannán cineamatagrafach a mbeidh fuaimrian leanúnach leis óna dtiocfaidh caint i dteanga seachas teangacha oifigiúla an Stáit.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht shiamsa —ildamhsa nó rince. |
14. —An 1ú lá d'Iúil, 1960, agus dá éis, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 15 den Acht Airgeadais, 1956 , ionann agus dá gcuirtí na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí a shonraítear i mír (ii) de: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Uiscí boird. 1916, (Seis. 2) c. 11. 1854, (Seis. 1) c. 103. |
15. —(1) Faoi réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, lamhálfar, an 1ú lá de Bhealtaine, 1960, agus dá éis, do gach monaróir uiscí boird a íocfaidh an dleacht mháil orthu a fhorchuirtear le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, lacáiste den dleacht mar leanas maidir le gach áitreabh ina monaraíonn sé na huiscí boird:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, lacáiste faoi fho-alt (1) den alt seo le lamháil do mhonaróir i leith dhá áitreabh nó níos mó sa chontae-bhuirg, sa bhuirg, sa cheantar uirbeach nó sa bhaile céanna, ní lamhálfar an lacáiste ach i leith ceann amháin de na háitribh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás beirt daoine nó níos mó do mhonarú, duine i ndiaidh an duine eile, uiscí boird in aon áitreabh aon bhliain dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine, ansin, maidir le gach duine de na daoine sin ach amháin an chéad duine— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás méid an lacáiste ab inlamháilte faoi fho-alt (1) den alt seo ar chainníocht iomlán na n-uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin aige féin agus a réamhtheachtaí nó a réamhtheachtaithe sa ghnó an bhliain sin, á chur i gcás gur aon duine amháin a mhonaraigh na huiscí boird sin, a bheith níos mó ná méid iomlán an lacáiste ab inlamháilte don réamhtheachtaí nó do na réamhtheachtaithe sin i leith uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin ní lamhálfar dó, mar lacáiste faoi fho-alt (1) den alt seo i leith uiscí boird a mhonaraigh sé san áitreabh an bhliain sin, suim is mó ná an bhreis, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) in aon chás eile ní lamhálfar aon lacáiste den sórt sin dó. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) (a) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “baile” baile ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó aon áit atá ainmnithe mar bhaile sa daonáireamh arb é an daonáireamh den sórt sin is deireannaí a foilsíodh é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Má éiríonn ceist ar bith i dtaobh cad é an daonáireamh iomchuí aon tráth áirithe chun críocha an fho-ailt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais é a dheimhniú dá réir sin, agus beidh an deimhniú críochnaitheach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) I gcás nach mbeadh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo, mura mbeadh an fo-alt seo, díreach toisc tréimhse a bheith idir tréimhsí monaraithe uiscí boird, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ceadúnais déileálaithe tobac. 1825, c. 81. 1864, c. 18. 1884, (Seis. 1) c. 62. 1897, c. 24. 1888, c. 33. |
16. —(1) An 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, scoirfidh an dleacht mháil faoi aon cheann de na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ar cheadúnas a bheidh le tógáil amach ag mangaire nó díoltóir tobac nó snaoisín de bheith inmhuirir. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) alt 2 den Excise Licences Act, 1825, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) alt 5 den Revenue (No. 1) Act, 1864, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) alt 12 den Revenue Act, 1884, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) alt 6 den Finance Act, 1897, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) An 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, ní gá ceadúnas chun tobac nó snaoisín a dhíol. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Má bhíonn ceadúnas i bhfeidhm an lá sin chun tobac nó snaoisín a dhíol, ní dhéanfar aon chuid den dleacht a íocadh ar an gceadúnas a aisíoc, de dhroim na míre roimhe seo, i leith na coda a bheidh gan chaitheamh den tréimhse ar deonaíodh an ceadúnas ina haghaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) An 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, ní bheidh sé riach tanach do dhuine ar bith ceadúnas a thógáil amach faoin Hawkers Act, 1888, de dhroim amháin go mbíonn sé ag déileáil i dtobac sa tslí a thuairiscítear i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgid, 1930 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ceadúnais dí, etc 1910, c. 8. |
17. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1910” an Finance (1909-10) Act, 1910; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní contrártha dó atá in aon Acht, déanfar na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 d'Acht 1910, maidir le ceadúnais mhiondíoltóirí a dheonófar an 1ú lá d'Iúil, 1960, nó dá éis in aghaidh tréimhsí a éagfaidh laethanta i ndiaidh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1960, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid C den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1910 agus ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, maitheamh, lacáiste ná aisíoc maidir le haon cheadúnas miondíoltóra den sórt sin lena mbainfidh na rátaí dleachta a shonraítear sa Tábla sin seachas aon mhaitheamh dleachta a údaraítear le halt 10 d'Acht 1927. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) An méid sin d'fho-alt (3) d'alt 60 d'Acht 1927 agus a fhorálann go n-aisíocfar cuid den airgead a bheidh taiscthe chun a áirithiú go leanfaidh ceadúnas chun deocha meisciúla a dhíol ar mionreic i bhfeidhm ní bheidh feidhm aige maidir le haon cheadúnas den sórt sin a bheidh dlite chun a athnuachana an 1ú lá d'Iúil, 1960, nó dá éis, agus, i gcás nach ndéanfar, de réir an fho-ailt seo, cuid den airgead sin a aisíoc, cuirfear an t-airgead i gcrích ionann agus dá mba dhleacht mháil é a íocadh i leith ceadúnas den sórt sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déanfar, maidir le ceadúnais árthaí paisnéirí a dheonófar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, nó dá éis, na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 d'Acht 1910 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid D den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1910. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Leasaítear leis seo alt 48 d'Acht 1910 trí na coinníollacha seo a leanas a chur isteach ag deireadh fo-ailt (1): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Provided that the duty payable in pursuance of this subsection shall not exceed four pounds as respects any statement of purchases during the calendar year 1960 or any subsequent calendar year, or, in the case of a club which is discontinued on or after the 28th day of April, 1960, as respects the statement of purchases up to the day of discontinuance, and | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Provided also that the secretary of a club shall be deemed to have complied with the provisions of this section with regard to any particular period as aforesaid if he pays the sum of four pounds to the proper officer of Customs and Excise in respect of that period.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Olaí hiodracarbóin. I.R. Uimh. 104 de 1959. I.R. Uimh. 219 de 1959. |
18. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “alt 21” alt 21 den Acht Airgid, 1935 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Ordú (Uimh. 69)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 69) (Ileacha Udracarbóin) (Dleachtanna Máil), 1959. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Ordú (Uimh. 84)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht chustam dá dtagraítear i mír 4 d'Ordú (Uimh. 84), de réir an ráta dá bhforáiltear sa mhír sin, dhá scilling agus trí phingin an galún, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a ndearnadh an dleacht chustam dá dtagraítear i mír 4 d'Ordú (Uimh. 84) a íoc, de bhua mhír 6 den Ordú sin, de réir ráta ba chomhionann leis an ráta ar dá réir is inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (3) d'alt 21, dhá scilling agus dhá phingin an galún, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 28ú lá d'Aibreán 1960, de bhua mhír 5 d'Ordú (Uimh. 84). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 i leith ola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a ndearnadh an dleacht mháil a luaitear i mír 3 d'Ordú (Uimh. 69) a íoc de réir an ráta dá bhforáiltear sa mhír sin, dhá scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1960, de bhua mhír 4 d'Ordú (Uimh. 69). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Tobac. |
19. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht Airgid, 1934 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Airgeadais, 1957 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Airgeadais, 1959 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht chustam ar tobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois, de bhua alt 7 d'Acht 1957, ar thobac monaraithe agus, de bhua alt 11 d'Acht 1959, ar thobac neamhmhonaraithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 19 d'Acht 1934 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois, de bhua alt 7 d'Acht 1957, ar thobac monaraithe agus, de bhua alt 11 d'Acht 1959, ar thobac neamhmhonaraithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 d'Acht 1934 maidir le tobac ar ar inmhuirir an dleacht mháil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt sin 19 de réir ráta a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin forléireofar an tagairt san fho-alt sin (3) den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht sin 1934 agus beidh éifeacht aici mar thagairt do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) An lacáiste ar thobac crua-fháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , is de réir trí scilling déag agus pingin an punt a íocfar é maidir le haon tobac den sórt sin a dhéanfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe a dhíol agus a chur amach lena úsáid sa Stát, an 28ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Maidir le tobac neamhmhonaraithe a mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, teideal aige, de bhua fho-alt (3) d'alt 11 d'Acht 1959, chun na rátaí tosaíochta dleachta custam a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, déanfar, dleacht chustam is inmhuirir air arna sheachadadh as banna-stóras a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí do thobac neamh-mhonaraithe a shonraítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 21 den Acht Airgid, 1935 . |
20. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-alt” alt 21 den Acht Airgid, 1935 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fo-alt (11) den phríomh-alt trí na míreanna seo a leanas a chur leis: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(e) á cheangal mar choinníoll go lamhálfar lacáiste faoin alt seo ar aon ola ar ar inmhuirir an dleacht chustam sin nó an dleacht mháil sin, nó ar aon chineál nó aicme den ola sin, faoi réir cibé eisceachtaí is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a lamháil, go gcuirfear leis an ola sin, cibé am agus ar cibé modh agus i cibé cionúireachtaí a bheidh forordaithe, marcáil fhorordaithe amháin nó níos mó agus go dtabharfar dearbhú sa chéill sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) ag sonrú na substaintí a bheidh i marcáil fhorordaithe chun críocha an ailt seo, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) á fhoráil nach dtabharfar aird ar aon mharcáil más lú an chionúireacht di a bheidh ann ná an méid a bheidh forordaithe chun críocha na míre seo, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (h) á thoirmeasc aon mharcáil fhorordaithe a chur in aon ola hiodracarbóin ach amháin i cibé cúinsí a bheidh forodaithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) á thoirmeasc aon mharcáil fhorordaithe a bhaint as aon ola hiodracarbóin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (j) á thoirmeasc aon substaint, nach marcáil fhorordaithe, a chur le haon ola hiodracarbóin ar dócha di é a dhéanamh deacair marcáil fhorordaithe a aithint, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (k) á thoirmeasc aon ola hiodracarbóin a allmhuiriú inar cuireadh aon substaint, nach marcáil fhorordaithe, ar dócha di é a dhéanamh deacair marcáil fhorordaithe a aithint, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (l) á thoirmeasc aon ola hiodracarbóin ina mbeidh aon mharcáil fhorordaithe a allmhuiriú, a dhíol nó a sheachadadh mura mbeidh sí inti sna cionúireachtaí a forordaíodh mar choinníoll chun go lamhálfaí lacáiste faoin alt seo agus mura mbeidh sé beartaithe an ola hiodracarbóin sin a úsáid chun críche seachas a dó in inneall mótarfheithicle agus go dtabharfar dearbhú sa chéill sin.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo fo-alt (8) den phríomh-alt trí “nó í a choimeád i mbreosla-iomar na feithicle sin” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “mótar-fheithicle”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo fo-alt (15) den phríomh-alt tríd an míniú seo a leanas a chur leis: “ciallaíonn an briathar ‘forordú’ forordú le rialacháin arna ndéanamh de bhua an ailt seo”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Má tharlaíonn in aon imeachtaí chun pionós a ghnóthú faoi fho-alt 12 den phríomh-alt— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gurb é an cion ar ina leith a bheifear ag éileamh an phionóis ola hiodracarbóin a choimeád i mbreoslaiomar feithicle contrártha do mhír (a) d'fho-alt (8) den phríomh-alt, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go gcruthófar go bhfuarthas ola hiodracarbóin sa bhreoslaiomar, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) gurb é an cosantóir úinéir na feithicle, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | toimhdeofar (mura gcruthaítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt) go raibh an ola hiodracarbóin a fuarthas amhlaidh ar coimeád sa bhreosla-iomar contrártha don mhír sin agus gurb é an t-úinéir sin a choimeád amhlaidh í contrártha di. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 8 den Acht Airgid, 1942, trí “custum san an diúité dob ionchurtha ar an íle hídrocarbóin sin agus gearrfaidh an pionós a ceaptar leis an bhfo-alt san ar n-a leasú amhlaidh mar phionós chustum” a scriosadh agus “máil sin an dleacht ab inmhuirir ar an ola hiodracarbóin sin agus forchuirfidh an pionós a cheaptar leis an bhfo-alt sin mar phionós máil” a chur ina ionad. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Feithiclí inneallghluaiste—leasú ar Achtanna áirithe. 1920, c. 72. 1922, (Seis. 1) c. 17. |
21. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndiaidh fo-alt (10). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(10A) I gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo forléireofar ‘rothar trianach’ (gan dochar don fhoráil i dtaobh na bhfocal sin atá i bhfo-mhír (1) de mhír 1 de Chuid II den Sceideal sin) mar thagairt d'fheithicil a bheidh de réir cibé míniú ar rothar trianach a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil chun críocha na Coda sin I le rialacháin.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 den Roads Act, 1920, tríd “the first day of April” a chur in ionad “the twenty-fifth day of March”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Finance Act, 1922, trí “the first day of April” a chur in ionad “the twenty-fifth day of March”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Leasaítear leis seo fo-alt (11) d'alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí “na trí mhí dar tús an 1ú lá d'Eanáir, na trí mhí dar tús an 1ú lá d'Aibreán” a chur in ionad “an tréimhse dar tús an 1ú lá d'Eanair, agus dar críoch an 24ú lá de Mhárta, an tréimhse dar tús an 25ú lá de Mhárta agus dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Forléireofar na tagairtí atá sa Roads Act, 1920, sa Finance Act, 1922, agus sna hAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, d'fheithicil a úsáid ionann agus dá bhfolódh an focal “use” agus an focal “úsáid” feithicil a choimeád nó a fhágáil ina seasamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo mír 2 de Chuid I den Sceideala ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí “6 cmn.” a chur in ionad “cúig cmn.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Leasaítear leis seo fo-mhír (c) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil), 1952, trí “(is inneall, ceardlann, feist nó gléas atá comhghafa mar chuid den fheithicil nó i mbuancheangal ar shlí eile di)” a chur isteach i ndiaidh “chun inneall, ceardlann, feist nó gléas”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) (a) Má rithtear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1960, nó roimhe, tiocfaidh fo-ailt (1) go (5) den alt seo i ngníomh an lá sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Má rithtear an tAcht seo tar éis an 1ú lá d'Iúil, 1960— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) measfar gur tháinig fo-ailt (1) go (5) den alt seo i ngníomh an lá sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) aon rialacháin a dhéanfar de bhua fho-alt (1) den alt seo, féadfar iad a cheapadh mar rialachán a measfar a tháinig i ngníomh an lá sin, agus, má cheaptar amhlaidh iad, beidh éifeacht acu dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Déanfar na híocaíochtaí iomchuí agus aird ar na forálacha roimhe seo den alt seo agus déanfar na híocaíochtaí de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe a dhaingniú. I.R. Uimh. 104 de 1959. I.R. Uimh. 219 de 1959. I.R. Uimh. 83 de 1960. I.R. Uimh. 106 de 1960. |
22. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 69) (Ileacha Udrócarbóin) (Dleachtanna Máil), 1959, an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Tobhaigh Speisialta Allmhairithe agus Custam Ilghnéitheacha), 1960, agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 91) (Nuachtáin agus Tréimhseacháin), 1960. |