An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Scála Rátaí Dleachta Eastáit.) Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.)

19 1960

AN tACHT AIRGEADAIS, 1960

AN TRIU SCEIDEAL.

Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le Díolúintí áirithe ó Cháin.

Alt 34.

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe,

Ag breithniú dóibh an Comhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine, a dtugtar dá bhun díolúintí ó cháin do dhaoine nach gcónaíonn ach i dtír amháin de na tíortha ó cháin faoi dhlí na tíre eile,

Ag breithniú dóibh gur féidir reachtaíocht a achtú i gceachtar tír chun go dtitfeadh dliteanas cánach ioncaim go cuí ar dhaoine agus nach bhfaigheadh aon duine buntáistí thar an gceart i gcúrsaí cánachais,

Ag breithniú dóibh go mb'fhéidir nach bhfuil an reachtaíocht sin sáthach éifeachtach mura mbainfidh sí, i dteannta í do bhaint le daoine a chónaíonn sa tír ina bhfuil sí achtaithe, le daoine nach gcónaíonn amhlaidh ach a chónaíonn sa tír eile den dá thír agus go ndéanann sin difir dá réir sin do dhíolúintí ó cháin a thugtar de bhun Chomhaontú sin 1926,

Ag aithint dóibh go ndearna an reachtaíocht ab ábhar do Chomhaontú an 4 Aibreán, 1959, agus a rinneadh idir an dá Rialtas difir do na díolúintí sin ar shlite áirithe, agus é de mhian acu Comhaontú níos ginearálta a dhéanamh mar fhorlíonadh ar an gComhaontú sin,

E de mhian acu a dhearbhú nach ndéanfaidh achtú na reachtaíochta sin difir, ach amháin mar a fhoráiltear leis an gComhaontú seo, do Chomhaontú sin 1926 do leanúint i bhfeidhm,

Tar éis comhaontú mar leanas:—

Airteagal 1.

Reachtaíocht a achtófar i gceachtar tír tráth ar bith tar éis dáta an Chomhaontaithe seo agus a dhéanfaidh difir ar aon slí do dhíolúintí ó cháin ioncaim sa tír sin maidir le daoine a chónaíonn sa tír sin, déanfaidh sí, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an reachtaíocht agus faoi réir an chéad Airteagail ina dhiaidh seo den Chomhaontú seo, an difir chéanna do dhíolúintí ón gcáin sin a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa tír sin ach a chónaíonn sa tír eile den dá thír, agus ní dhéanfaidh achtú na reachtaíochta sin difir do Chomhaontú sin 1926, arna leasú le Comhaontuithe 25 Aibreán, 1928, 21 Iúil, 1947, agus 4 Aibreán, 1959, agus leis an gComhaontú seo, do leanúint i bhfeidhm.

Airteagal 2.

Má chuireann Rialtas ceachtar tíre in iúl maidir le haon fhorálacha i reachtaíocht a achtaíodh sa tír eile, is forálacha lena mbaineann Airteagal 1 den Chomhaontú seo, go bhfuil siad, mar sin féin, contrártha d'intinn an Chomhaontaithe, rachaidh an dá Rialtas i gcomhairle le chéile agus má aontaíonn siad nach cóir feidhm a bheith ag Airteagal 1, déanfaidh Rialtas na tíre inar achtaíodh an reachtaíocht na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéanfaidh, agus nach measfar go ndearna, na forálacha sin difir do dhíolúintí ó cháin ioncaim na tíre sin a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa tír sin ach a chónaíonn sa tír eile.

Airteagal 3.

Tiocfaidh an Comhaontú seo in éifeacht ar nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus dá éis sin ní leanfaidh sé d'éifeacht a bheith aige ach amháin an fad a bheidh feidhm dlí aige sa dá thír.

Arna dhátú an 23ú lá seo de Mheitheamh, 1960.

Thar ceann Rialtas na hÉireann.

Thar ceann Rialtas na Ríochta Aontaithe.

SÉAMAS Ó RIAIN.

D. HEATHCOAT AMORY.