17 1960


Uimhir 17 de 1960.


AN tACHT MADRAÍ (BEOSTOC A CHOSAINT), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN BEOSTOC A CHOSAINT AR A gCIAPADH AG MADRAÍ, 1960. [16 Meitheamh, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú

1. —San Acht seo—

cialaíonn “talamh talmhaíochta” talamh a úsáidtear mar thalamh airiúil, mar thalamh móinéir nó mar thalamh féaraigh,

ciallaíonn “beostoc” eallach, caoire, muca, éanlaith clóis nó capaill,

folaíonn “áititheoir” duine is úinéir agus is áititheoir chomh mhaith le duine nach bhfuil ann ach áititheoir.

Cion maidir le ciapadh beostoic ag madra.

2. —(1) I gcás ina gciapfaidh madra beostoc ar thalamh talmhaíochta, beidh úinéir an mhadra, agus, más duine seachas an t-úinéir a mbeidh an madra faoina chúram, beidh an duine sin freisin, ciontach i gcion, muran é an duine ar leis an madra nó a mbeidh an madra faoina chúram—

(a) áititheoir na talún, duine dá líon tí nó duine a bheidh ar fostú aige, nó

(b) úinéir an bheostoic, duine dá líon tí nó duine a bheidh ar fostú aige.

(2) Is cosaint mhaith in ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo má chruthaíonn an cosantóir gur glacadh cúram réasúnach nach gcaipfaí an beostoc.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair—

(a) ach amháin i gcás lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus

(b) i gcás inar ciontaíodh an duine roimhe sin i gcion faoin alt seo i leith an mhadra chéanna, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Madra a bhí ag ciapadh beostoic a cheapadh.

3. —(1) Más rud é i gcás madra a gheofar ar thalamh talmhaíochta—

(a) go raibh an madra ag ciapadh beostoic ar an talamh, agus

(b) nach mbeidh aon duine i láthair a admhóidh gur leis an madra nó go bhfuil an madra faoina chúram,

féadfaidh comhalta den Gharda Síochána an madra a cheapadh agus air sin beidh feidhm ag na forálacha d'ailt 3 agus 9 den Dogs Act, 1906, a bhaineann le madraí fáin ceaptha.

(2) Más rud é, i gcás madra a gheofar ar thalamh talmhaíochta ag ciapadh beostoic a bheidh go dleathach ar an talamh, nach mbeidh aon duine i láthair a admhóidh gur leis an madra nó go bhfuil an madra faoina chúram, féadfaidh an fáltóir an madra a cheapadh agus é a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochana ag an stáisiún Garda Síochána is gaire do láthair, agus air sin beidh feidhm ag na forálacha d'ailt 3 agus 9 den Dogs Act, 1906, a bhaineann le madraí fáin ceaptha.

Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.

4. —In aon chaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach, is cosaint mhaith má chruthaíonn an cosantóir—

(a) go ndearnadh an madra a lámhach agus é ag ciapadh beostoic ar thalamh talmhaíochta,

(b) gur go dleathach a bhí an beostoc ar an talamh,

(c) gurbh é an cosantóir—

(i) áititheoir na talún, duine dá líon tí nó duine a bhí ar fostú aige, nó

(ii) úinéir an bheostoic, duine dá líon tí nó duine a bhí ar fostú aige, agus

(d) gur chuir an cosantóir an lámhach in iúl, laistigh d'ocht n-uaire a chloig is daichead, do chomhalta den Gharda Síochána ag an stáisiún Garda Síochána ba ghaire do láthair.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Madraí (Beostoc a Chosaint), 1960 , a ghairm den Acht seo.