An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Tailte, etc., a aistreofar chun an Údaráis.)

10 1960

AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960

AN CHÉAD SCEIDEAL.

Forálacha i dtaobh Tógáil Éigeantach.

Alt 30.

Dul isteach ar thalamh, etc., roimh thíolacadh.

1. (1) Faoi réir na míre seo, féadfaidh an tUdarás, aon tráth sula ndéanfar tíolacadh nó praghas a chinneadh, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh a bheifear chun a thógáil nó an ceart a fheidhmiú bheifear chun a thógáil.

(2) I gcás ina bhfeidhmeoidh an tUdarás aon chumhacht faoin bhfo-mhír roimhe seo, dlífidh sé ús a íoc le háititheoir na talún a bheifear chun a thógáil nó ar ina leith a bheifear chun an ceart a fheidhmiú ar mhéid an phraghais is iníoctha leis an áititheoir sin de réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a rachfar isteach go dtí go n-íocfar an praghas.

(3) Ní dleathach don Údarás—

(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin mír seo gan fógra trí mhí ar a laghad go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scribhinn don áititheoir, ná

(b) aon cheart a fheidhmiú faoin mír seo gan fógra trí mhí ar a laghad go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scríbhinn d'áititheoir na talún a mbeifear chun an ceart a fheidhmiú ina leith.

(4) Féadfar fógra faoin mír seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag a ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige.

(5) Más rud é nach féidir, ar chúis ar bith, an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chun an duine ar dó é i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas:

(a) faoin tuairisc “an t-áititheoir” gan a ainm a lua,

(b) ag an talamh lena mbainfidh an fógra.

Léarscáileanna, pleananna, etc., a thaisceadh.

2. (1) Cuirfidh an tUdarás faoi deara, tráth nach déanaí ná mí sula rachaidh sé isteach ar thalamh nó sula bhfeidhmeoidh sé aon cheart faoin mír sin roimhe seo, léarscáileanna, pleananna, agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.

(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna dóthaineach, idir chainníocht agus cháilíocht de, chun an talamh nó an ceart a mbeidh beartaithe é a thógáil a thaispeáint ar scálaí dóthaineacha.

(3) Beidh sna leabhair thagartha ainmneacha na n-úinéirí nó na n-úinéirí ainme, na léasaithe nó na léasaithe ainme, agus áititheoirí na talún a bheartaítear a thógáil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú.

(4) Déanfar na léarscáileanna, na pleananna, agus na leabhair thagartha a thaisceadh i gceann-oifig an Údaráis agus i cibé áiteanna eile a mheasfaidh an tUdarás a bheith oiriúnach agus fanfaidh siad i dtaisce amhlaidh ar feadh trí mhí ar a laghad agus an fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh beidh siar ar oscailt lena n-iniúchadh ag aon duine, in aisce, idir an deich a chlog ar maidin agus an ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.

(5) A luaithe is féidir é tar éis aon léarscáileanna, pleananna, nó leabhair thagartha a thaisceadh, tabharfaidh an tUdarás fógra poiblí i dtaobh an taisceadh trí fhógra a fhoilseofar faoi dhó i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta laethúla nó níos mó agus i cibé páipéir nuachta eile a mheasfaidh an tUdarás a bheith oiriúnach.

(6) Déarfaidh an fógra poiblí go bhfuil na léarscáileanna, na pleananna, nó na leabhair thagartha lena mbaineann sé ar oscailt chun a n-iniúchta ag an bpobal de réir na míre seo agus déarfaidh sé na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar iad a iniúchadh.

Praghas a mheasúnú.

3. (1) Déanfar méad an phraghais a íocfaidh an tUdarás, ar aon talamh a thógfaidh sé, leis na daoine iomaí ag a mbeidh teideal chuige nó ag a mbeidh eastáit nó leasa ann, nó ar aon cheart a thógfar, leis na daoine iomaí ag a mbeidh teideal chun na talún, nó ag a mbeidh eastáit nó leasa sa talamh, ar ina leith a fheidhmeofar an ceart a shocrú, cheal comhaontaithe, faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Land Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht dá éis sin nó faoi) maidir leis an bpraghas sin agus leis an talamh nó an ceart a tógadh a thíolacadh don Údarás, agus chun críche na feidhme sin measfar gurb iad an tUdarás bunaitheoirí an ghnóthais.

An t-am chun praghas a éileamh.

4. Gach éileamh ar phraghas aon talún nó cirt a thógfar déanfar é laistigh de bhliain ón gcéad uair a rachaidh an tUdarás isteach ar an talamh nó a fheidhmeoidh an tUdarás an ceart.

Cumhachtaí agus dualgais má bhíonn an talamh a thógfar faoi réir blianachta talamhcheannaigh, etc.

5. (1) Sa mhír seo, ciallaíonn “údarás poiblí” Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí.

(2) Má bhíonn talamh a thógfaidh an tUdarás faoi réir, as féin nó i dteannta talún eile, bhlianachta talamh-cheannaigh, íocaíochta in ionad cíosa nó suime bliantúla eile (nach éard í iarbhír cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le húdarás poiblí, ansin, amhail ón dáta a rachaidh an tUdarás isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar an talamh a thógfar amhlaidh—

(a) tiocfaidh an tUdarás chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas an tsuim bhliantúil sin a íoc leis an údarás poiblí, nó cibé cuid di a chionroinnfidh an t-údarás poiblí ar an talamh sin, ionann is dá mbeadh an talamh arna aistriú chun an Údaráis ag a úinéir ar an dáta sin, agus

(b) beidh an tUdarás i dteideal, más cuí leis an Údarás é, an tsuim bhliantúil nó an chuid sin di adúradh a fhuascailt, agus

(c) beidh an tUdarás faoi oibleagáid, má cheanglaíonn an t-údarás poiblí air é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid sin di adúradh a fhuascailt.