|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 41 de 1959. | ||
[EN] |
ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO MHÉADÚ TUARASTAIL AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH. [22 Nollaig, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Tuarastal an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a mhéadú. |
1. —Méadófar go dtí dhá mhíle ocht gcéad agus caoga punt sa bhliain an tuarastal is iníoctha leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 , arna leasú le halt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1947 , agus le halt 1 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1953 . |
[EN] |
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1959, agus beidh éifeacht aige amhail ar an agus ón lá sin. | |
[EN] | (3) Féadfar Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1959, a ghairm d'Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1953, agus den Acht seo le chéile. |