|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Feidhm an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe Leasaithigh maidir le Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais agus Leasuithe ar na hAchtanna sin.) |
AN tACHT UM FHOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA. | |
[EN] |
Feidhm na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956 |
27. —Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, i gcás nó i leith comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais. |
[EN] |
Aoisliúntas do chomhaltaí áirithe d'fhoireann Thithe an Oireachtais. |
28. —(1) In ionad aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas 1934 go 1956, beidh aoisliúntas de £450 sa bhliain iníoctha ar feadh a shaoil agus cnapshuim de £1,150 iníoctha mar liúntas breise, ar é a scor dá oifig, leis an duine a bhí, an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, i seilbh oifig an Mhaoirseora, Tithe an Oireachtais. |
[EN] | (2) In ionad aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, beidh aoisliúntas de £400 sa bhliain iníoctha ar feadh a shaoil agus cnapshuim de £1,000 iníoctha mar liúntas breise, ar é a scor dá oifig, leis an duine a bhí, an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, i seilbh oifig Chaptaen an Gharda, Tithe an Oireachtais. | |
[EN] | (3) (a) San fho-alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo” comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais (seachas an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais) a bhí i seilbh oifige an 1ú lá de Mheitheamh, 1959; | |
[EN] | ciallaíonn “seirbhís ináirithe”, maidir le státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo, seirbhís a thug sé agus a ndéanfaí, dá mba nár ritheadh an fo-alt seo, í a áireamh chun a aoisliúntas agus a liúntas breise a ríomh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956. | |
[EN] | (b) Chun an t-aoisliúntas agus an liúntas breise a ríomh is iníoctha faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, le státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo agus ar mhó ná sé bliana déag ach nár mhó ná sé bliana is fiche a sheirbhís ináirithe dá scoireadh sé ar chúig bliana is seasca d'aois a shlánú dó, féadfaidh an tAire cibé tréimhse de sheirbhís bharúlach is cuí leis an Aire a chur le seirbhís ináirithe an státseirbhísigh sin, ar shlí áfach nach mbeidh iomlán na seirbhíse ináirithe a bheidh ag an státseirbhíseach sin agus na seirbhíse barúlaí a chuirfear leis amhlaidh níos mó ná an tréimhse sheirbhíse ar dá réir a ríomhadh an t-aoisliúntas agus an liúntas breise is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] |
Cathaoirleach Dháil Éireann nó Cathaoirleach Sheanad Éireann a bheith breoite nó as láthair. |
29. —(1) Aon uair nach féidir le Cathaoirleach Dháil Éireann, de dheasca breoiteachta nó toisc é a bheith lasmuigh den Stát, gnó a oifige a dhéanamh, féadfaidh Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann aon chumhacht dá ndílsítear i gCathaoirleach Dháil Éireann leis an Acht seo a fheidhmiú. |
[EN] | (2) Aon uair nach féidir le Cathaoirleach Sheanad Éireann, de dheasca breoiteachta nó toisc é a bheith lasmuigh den Stát, gnó a oifige a dhéanamh, féadfaidh Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann aon chumhacht dá ndílsítear i gCathaoirleach Sheanad Éireann leis an Acht seo a fheidhmiú. |