|
|||||
|
AN tACHT UM FHOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais a Cheapadh. | |
[EN] |
Cléireach agus Leas-Chléireach Dháil Éireann a cheapadh. |
5. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “oifig” oifig arb í oifig Chléireach Dháil Éireann nó oifig Leas-Chléireach Dháil Éireann í; | |
[EN] | ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Dháil Éireann. | |
[EN] | (2) (a) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is é an Taoiseach, ar chomholadh ón gCathaoirleach agus ón Aire, a cheapfaidh gach oifigeach acu seo a leanas, eadhon, Cléireach Dháil Éireann agus Leas-Chléireach Dháil Éireann. | |
[EN] | (b) Más deimhin leis an gCathaoirleach agus leis an Aire nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh siad, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a mholadh lena cheapadh chun na hoifige sin. | |
[EN] | (3) (a) Más rud é nach gcomhaontóidh an Cathaoirleach agus an tAire faoi dhuine a mholadh lena cheapadh chun oifige, ansin, ainmneoidh an Taoiseach duine lena cheapadh chun na hoifige sin agus déanfaidh sé, le comhthoiliú Dháil Éireann, an duine sin a cheapadh chun na hoifige sin. | |
[EN] | (b) Más deimhin leis an Taoiseach nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh sé, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a ainmniú lena cheapadh chun na hoifige sin. | |
[EN] |
Cléireach agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann a cheapadh. |
6. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “oifig” oifig arb í oifig Chléireach Sheanad Éireann nó oifig Leas-Chléireach Sheanad Éireann í; | |
[EN] | ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Sheanad Éireann. | |
[EN] | (2) (a) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is é an Taoiseach, ar chomholadh ón gCathaoirleach agus ón Aire, a cheapfaidh gach oifigeach acu seo a leanas, eadhon, Cléireach Sheanad Éireann agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann. | |
[EN] | (b) Más deimhin leis an gCathaoirleach agus leis an Aire nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh siad, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a mholadh lena cheapadh chun na hoifige sin. | |
[EN] | (3) (a) Más rud é nach gcomhaontóidh an Cathaoirleach agus an tAire faoi dhuine a mholadh lena cheapadh chun oifige, ansin, ainmneoidh an Taoiseach duine lena cheapadh chun na hoifige sin agus déanfaidh sé, le comhthoiliú Sheanad Éireann, an duine sin a cheapadh chun na hoifige sin. | |
[EN] | (b) Más deimhin leis an Taoiseach nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh sé, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a ainmniú lena cheapadh chun na hoifige sin. | |
[EN] |
An Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, agus Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, a cheapadh. |
7. —Is é an Taoiseach, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanad Éireann a cheapfaidh gach duine de na hoifigigh seo a leanas, eadhon, an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, agus Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais. |
[EN] |
Comhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh. |
8. —(1) Féadfaidh Cathaoirleach Dháil Éireann, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann, cibé daoine, agus cibé méid daoine, a chinnfidh sé le ceadú an Aire, a cheapadh chun fónamh mar chomhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais. |
[EN] | (2) Beidh gach ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo faoi réir forálacha Acht na gCoimisinéirí mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é le Cuid III den Acht seo. | |
[EN] |
An cháil ina ndéanfar ceapacháin. |
9. —Nuair a cheapfar duine ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais beidh ar éadan na hionstraime ceapacháin ráiteas a inseoidh cé acu post bunaithe, de réir bhrí Acht na gCoimisinéirí, an post chun a gceaptar é nó nach ea. |
[EN] |
Forálacha maidir leis an bhfoireann áithreach. |
10. —Gach duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais (de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe, mar a achtaíodh é i gcéaduair) nó ina oifigeach do Thithe an Oireachtais (de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe, mar a achtaíodh é i gcéaduair), tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an Acht seo a rith, ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais agus measfar é a bheith arna cheapadh faoin Acht seo chun poist ar comhréir leis an bpost a bhí aige díreach an Acht seo a rith. |