35 1959


Uimhir 35 de 1959.


AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ LUACH SAOTHAIR BREITHIÚNA NA CÚIRTE UACHTARAÍ, NA hARD-CHÚIRTE, NA CÚIRTE CUARDA AGUS NA CÚIRTE DÚICHE. [8 Nollaig, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Luach saothair breithiúna a mhéadú.

1. —Déanfar luach saothair breithiúna na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche a mhéadú deich faoin gcéad le héifeacht ón 1ú lá d'Eanáir, 1959.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, mar aon ní amháin.