Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a Athghairtear.)

26 1959


Uimhir 26 de 1959.


AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DEONTAIS A THABHAIRT I gCABHAIR AR FHORBAIRT TIONSCAL I LIMISTÉIR SEACHAS LIMISTÉIR LENA mBAINEANN NA hACHTANNA UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952 AGUS 1957, DO LEASÚ NA nACHTANNA SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [6 Lúnasa, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1956, Uimh. 48 .

1952, Uimh. 1 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht um Dheontais Tionscail, 1956;

ciallaíonn “an tÚdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail;

ciallaíonn “an lá tosach feidhme” an lá a gceapfar le hordú ón Aire a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ;

(2) Gach focal agus abairt a úsáidtear san Acht seo agus dá sanntar brí áirithe leis an bPríomh-Acht beidh an bhrí sin leis san Acht seo.

(3) Déanfar tagairt sa Phríomh-Acht don Acht sin a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don Acht seo.

Deontais do ghnóthais nach sna límistéir neamhfhorbartha dóibh.

2. —(1) Aon uair—

(a) is dóigh leis an mBord go bhfuil cúiseanna maithe ann nach féidir gnóthas tionscail a bhunú nó a fhorbairt sna límistéir neamhfhorbartha agus go ngabhann tábhacht náisiúnta neamhghnách leis an ngnóthas ag féachaint dá mhéid, dá ghné nó don méid is dóigh dá tháirgí a onnmhaireofar, agus

(b) gur deimhin leis an mBord gur gá cúnamh airgid i bhfoirm deontais chun a áirithiú go ndéanfar an gnóthas a bhunú nó a fhorbairt agus gur gnóthas réasúnta buan a bheidh ann agus go seolfar go héifeachtúil an gnóthas,

féadfaidh an Bord—

(i) d'fhonn láithreáin nó áitribh a sholáthar, nó cabhrú lena soláthar, chun an gnóthas a bhunú nó a fhorbairt i límistéar seachas límistéar neamhfhorbartha, deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo chun cabhrú le daoine chun—

(I) talamh a fháil,

(II) foirgnimh agus oibreacha eile a dhéanamh, agus a oiriúnú, agus

(III) seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i ndáil le talamh, agus

(ii) deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo mar chabhair chun innealra agus trealamh a sholáthar don ghnóthas.

(2) Ní bheidh an méid iomlán a dheonfar faoi mhír (i) d'fho-alt (1) den alt seo níos mó, i gcás aon ghnóthais, ná dhá thrian an chostais a bhainfidh leis an talamh a fháil, na foirgnimh agus na hoibreacha eile a dhéanamh agus a oiriúnú agus seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i ndáil leis an talamh.

(3) Ní bheidh an méid iomlán a dheonfar faoi mhír (ii) d'fho-alt (1) den alt seo níos mó, i gcás aon ghnóthais, ná dhá thrian an chostais a bhainfidh leis an innealra agus an trealamh a sholáthar.

(4) Faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, ní bheidh an méid iomlán a dheonfar faoi fho-alt (1) den alt seo níos mó, i gcás aon ghnóthais, ná dhá chéad agus caoga míle punt.

(5) Féadfaidh an Rialtas, ag féachaint don méid fostaíochta is dóigh do ghnóthas a chur ar fáil, a cheadú deontais is mó san iomlán ná dhá chéad agus caoga míle punt a thabhairt, faoi fho-alt (1) den alt seo, i leith an ghnóthais, agus, i gcás ceadú a bheith tugtha faoin bhfo-alt seo, ní bheidh feidhm ag an teorainn a fhorchuirtear, le fo-alt (4) den alt seo, le méid iomlán na ndeontas.

(6) Leanfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1963.

Deontais agus ráthaíochtaí i leith costas caipitiúla a bhainfidh le leictreachas a sholáthar.

3. —(1) Aon uair a dhéanfaidh an Bord, maidir le gnóthas tionscail, cumhacht a fheidhmiú faoi alt 5 den Phríomh-Acht nó deontas a thabhairt faoi alt 6 den Phríomh-Acht nó faoi alt 2 den Acht seo, féadfaidh an Bord ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá :

(a) deontais a thabhairt, ar cibé téarmaí is cuí leo, mar chabhair chun Bord Soláthar an Leictreachais do sholáthar leictreachais don ghnóthas,

(b) ráthaíocht a thabhairt, ar cibé téarmaí is cuí leo, go n-íocfar airgead is iníoctha le Bord Soláthair an Leictreachais i leith na gcostas caipitiúla a bhainfidh le Bord Soláthair an Leictreachais do sholáthar leictreachais don ghnóthas.

(2) Ní bheidh an méid iomlán a dheonfar faoin alt seo níos mó, i gcás aon ghnóthais, ná leath na méide is iníoctha le Bord Soláthair an Leictreachais i leith na gcostas caipitiúla adúradh.

(3) Leanfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1963.

Deontais a thabhairt a socraíodh faoi Acht 1956.

4. —(1) I gcás deontas a chinn an tÚdarás a thabhairt faoi Acht 1956 a bheith gan íoc go hiomlán nó go páirteach an lá tosach feidhme, tabharfaidh an Bord an deontas, nó an chuid de a bheidh gan íoc, ar na téarmaí céanna a chinn an tÚdarás.

(2) Leanfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1963.

Deontais agus ráthaíochtaí ón Aire tar éis ailt 2, 3 agus 4 den Acht seo a dhul in éag.

5. —(1) I gcás deontas a chinn an Bord a thabhairt faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo nó a cheanglaítear ar an mBord a thabhairt faoi alt 4 den Acht seo a bheith gan íoc go hiomlán nó go páirteach ar na hailt sin a dhul in éag, tabharfaidh an tAire an deontas, nó an chuid de a bheidh gan íoc, ar na téarmaí a chinn an Bord nó an tÚdarás, de réir mar bheidh.

(2) I gcás ina mbeidh airgead ar ráthaigh an Bord faoi alt 3 den Acht seo é a íoc gan íoc go hiomlán nó go páirteach ar an alt sin a dhul in éag, ráthóidh an tAire go n-íocfar an t-airgead nó an chuid neamhíoctha de ar na téarmaí céanna a chinn an Bord.

(3) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas deontais a thabharfar agus íocaíochtaí a dhéanfar ar scór ráthaíochtaí faoin alt seo.

Teorainn le méid iomlán deontas.

6. —(1) Ní bheidh méid comhiomlán na ndeontas a bheidh arna dtabhairt ag an Údarás faoi Acht 1956 agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 den Phríomh-Acht) a bheidh arna dtabhairt ag an mBord agus ag an Aire faoi na hAchtanna um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 agus 1957, agus faoin Acht seo, agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an mBord agus ag an Aire ar scór ráthaíochtaí ón mBord agus ón Aire faoin Acht seo níos mó ná deich milliún punt.

(2) Ní bheidh méid comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 den Phríomh-Acht agus faoi alt 3 d'Acht 1956 níos mó ná deich milliún punt.

Cuntais ar leithligh.

7. —Beidh sna cuntais a cheanglaítear ar an mBord le mír 10 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPriomh-Acht a choimeád cuntais ar leithligh ar airgead a gheobhaidh siad agus a chaithfidh siad faoin Acht seo.

Tuarascáil ar leithligh.

8. —(1) Beidh sa tuarascáil a cheanglaítear ar an mBord le mír 11 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a thabhairt don Aire tuarascáil ar leithligh i dtaobh a ngníomhachtaí faoin Acht seo.

(2) Beidh sa chéad tuarascáil a thabharfar de bhun na míre sin 11 tar éis an lá tosach feidhme tuarascáil ar leithligh ar ghníomhachtaí an Údaráis faoi Acht 1956 roimh an lá tosach feidhme agus tar éis na ngníomhachtaí is ábhar don tuarascáil deiridh a bheidh tugtha ag an Údarás de bhun míre 7 den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956.

Maoin a aistriú.

9. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, an mhaoin uile réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bheidh, díreach roimh an lá tosach feidhme, dílsithe san Údarás nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh i ndáil lena ndualgais, a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi Acht 1956, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá tosach feidhme agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachta nó údaráis, dílsithe sa Bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh (de réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an iontaobhais nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an lá tosach feidhme, dílsithe san Údarás nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh.

(2) An mhaoin uile a aistrítear leis an alt seo agus a bheidh, díreach roimh an lá tosach feidhme, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachta nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás sin, ar an mBord dá iarraidh sin an lá tosach feidhme nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainme an Bhoird.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo chun an Bhoird, féadfaidh an Bord, an lá tosach feidhme agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin, agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.

Dliteanais a aistriú.

10. —Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bhainfidh leis an Údarás d'fheidhmiú nó do chomhlíonadh a ndualgas, a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi Acht 1956 agus a bheidh, díreach roimh an lá tosach feidhme, dlite ón Údarás agus gan íoc acu, nó tabhaithe agus gan fuascailt acu, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá tosach feidhme, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord iad agus féadfar iad a ghnóthú ón mBord nó iad a chur i bhfeidhm ina gcoinne dá réir sin.

Conarthaí leanúnacha a choimeád i bhfeidhm.

11. —Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó a bheidh tugtha ag an Údarás do dhuine ar bith agus an tÚdarás ag feidhmiú nó ag comhlíonadh a ndualgas, a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi Acht 1956 nó ag duine ar bith don Údarás, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá tosach feidhme, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a bheidh déanta amhlaidh idir an tÚdarás agus duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an lá tosach feidhme, leanfaidh sé, d'ainneoin Acht 1956 a athghairm, de bheith i bhfeidhm an lá tosach feidhme agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Bhoird ann in ionad ainme an Údaráis agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina gcoinne.

Leanúint d'imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

12. —Gach caingean, agra nó imeacht a bhainfidh leis an Údarás d'feidhmiú nó do chomhlíonadh a ndualgas, a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi Acht 1956 agus a bheidh ar feitheamh an lá tosach feidhme in aon chúirt nó binse agus a mbeidh an tÚdarás ina bpáirtí iontu, tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh siad, an lá tosach feidhme, ina bpáirtí iontu in ionad an Údaráis agus leanfar de na himeachtaí sin idir an Bord agus na páirtithe eile iontu dá réir sin agus ní thitfidh aon imeachtaí den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leo ná ní dhéanfar dochar dóibh de dhroim Acht 1956 a athghairm.

Díolúine ó dhleacht stampa.

1895, c. 16.

13. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin an Údaráis a dhílsiú sa Bhord.

Athghairm.

14. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

15. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.