An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (CUID V. Faoiseamh i leith Caiteachais Chaipitiúil Áirithe: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.)

18 1959

AN tACHT AIRGEADAIS, 1959

CUID IV.

Blianachtaí Saoil Ceannaithe: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Abhar caipitiúil i mblianachtaí ceannaithe áirithe.

1958, Uimh. 25 .

8 & 9 Geo. 5, c. 40.

22. —(1) Chun críocha na bhforálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ar bhlianachtaí agus íocaíochtaí bliantúla eile, déileálfar le blianacht shaoil cheannaithe (nach blianacht de shórt a eisctear le fo-alt (8) den alt seo) mar ní ina bhfuil ábhar caipitiúil agus, maidir leis an méid de is ábhar caipitiúil, mar ní nach íocaíocht bhliantúil ná nach bhfuil gné íocaíochta bliantúla ann; ach cuirfear an t-ábhar caipitiúil i mblianacht den sórt sin i gcuntas nuair a bheidh brabúis nó gnóchan nó caillteanais á ríomh chun críocha eile na nAchtanna sin in aon chúinsí ina gcuirfí íocaíocht chnapshuime i gcuntas.

(2) I gcás aon bhlianachta saoil ceannaithe lena mbaineann an t-alt seo—

(a) cinnfear an t-ábhar caipitiúil faoi threoir méid nó luach na n-íocaíochtaí a rinneadh nó na comaoine eile a tugadh i leith an bhlianacht a dheonú,

(b) an cothrom a bheidh idir an t-ábhar caipitiúil in aon íocaíocht bhlianachta agus méid iomlán na híocaíochta sin is é an cothrom céanna a bheidh ann i gcónaí i gcás na n-íocaíochtaí uile ar cuntas na blianachta,

(c) nuair nach mbeidh téarma na blianachta ná méid aon íocaíocht bhlianachta ag braith ar aon teagmhas seachas fad saoil duine nó saolta daoine, is é an cothrom sin an cothrom céanna a bheidh idir méid iomlán nó luach na comaoine i leith an bhlianacht a dheonú agus luach achtúire na n-íocaíochtaí blianachta arna chinneadh de réir fo-ailt (3) den alt seo, agus

(d) i gcás nach mbeidh feidhm ag mír (c) den fho-alt seo, is é bheidh sa chothrom sin cibé cothrom is cothrom cóir ag féachaint don mhír sin agus do na teaghmhais a bhaineann leis an mblianacht.

(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo—

(a) déanfar aon chomaoin iomlán a tugadh i leith blianacht a dheonú agus i leith ábhair éigin eile a chionroinnt mar a dhealróidh a bheith cóir (ach sin i slí nach ndéanfar ceart chun préimheamha a fháil ar ais nó comaoin eile i leith blianachta a áireamh chun na críche seo mar ábhar ar leithligh ón mblianacht),

(b) má dhealraíonn sé go ndearna méid nó luach na comaoine a airbheartaítear a bheith tugtha i leith blianacht a dheonú difir don chomaoin a tugadh i leith ábhair éigin eile nó go ndearna an chomaoin deiridh sin a luaitear difir don mhéid sin nó don luach sin, áireofar méid nó luach comhiomlán na gcomaoin sin mar aon chomaoin iomlán amháin arna tabhairt ina leith le chéile agus cionroinnfear í dá réir sin faoi mhír (a) den fho-alt seo, agus

(c) measfar gurb é luach achtúire aon íocaíochtaí blianachta a luach amhail ar an dáta a thosaigh an chéad íocaíocht acu sin ar fhaibhriú, agus an luach sin arna chinneadh faoi threoir na dtáblaí mortlaíochta forordaithe agus gan aon íocaíocht a lascainiú i leith an ama a bheidh le caitheamh idir an dáta sin agus an dáta a bheidh sí le déanamh.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a thabhairt sa tslí fhorordaithe do dhuine a dhéanfaidh íocaíocht ar cuntas aon bhlianachta saoil i dtaobh aon chinneadh maidir lena bheith nó gan a bheith ina blianacht shaoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo nó maidir le méid an ábhair chaipitiúil (más aon mhéid é) agus nach mbeidh aon fhógra tugtha dó i dtaobh aon athrú ar an gcinneadh sin, beidh an fógra ina fhógra críochnaitheach maidir leis na nithe sin chun a chinneadh cé mhéid cánach atá sé i dteideal, nó is gá dó, a asbhaint as an íocaíacht, nó a bhfuil dliteanas air ina leith.

(5) I gcás nach mbeifear tar éis fógra i dtaobh méid an ábhair chaipitiúil a thabhairt sa tslí fhorordaithe do dhuine a dhéanfaidh íocaíocht ar cuntas blianachta saoil ceannaithe lena mbaineann an t-alt seo, is é an méid cánach a bheidh sé i dteideal, nó is gá dó, a asbhaint as an íocaíocht nó a mbeidh dliteanas air ina leith, an méid céanna agus dá mba nár bhlianacht shaoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo an bhlianacht.

(6) Duine ar bith ag a mbeidh gnó ar siúl ag deonú blianachtaí ar shaol daoine beidh sé i dteideal go n-aisíocfar leis aon cháin d'íoc sé trí asbhaint nó ar shlí eile in aghaidh aon bhliana measúnachta suas go dtí méid na cánach a mbeadh teideal aige, dá mba nár ritheadh an t-alt seo, é a asbhaint agus a choinneáil ar íocaíochtaí a dhéanamh a bhí dlite sa bhliain mheasúnachta sin ar cuntas bhianachtaí saoil agus nach ndearna sé, de réir an ailt seo, a asbhaint.

(7) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “blianacht saoil” blianacht is iníoctha in aghaidh téarma dar críoch deireadh saoil duine (nó tráth nach infhionnta ach amháin faoi threoir) deireadh saoil duine, cibé acu atá nó nach bhfuil foráil ann go gcríochnóidh an bhlianacht le linn an tsaoil ar bheith caite do théarma socraithe nó ar aon teagmhas áirithe do tharlú nó ar shlí éigin eile, nó go leanfaidh sí tar éis deireadh an tsaoil i gcúinsí áirithe, agus ciallaíonn “blianacht saoil cheannaithe” blianacht saoil a deonaíodh i gcomaoin in airgead nó luach airgid i ngnáthchúrsa gnó dheonaithe bhlianachtaí ar shaol daoine.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon bhlianacht a ndéanfaí, ar leith ón alt seo, í a áireamh, chun críocha forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ar bhlianachta agus íocaíochtaí bliantúla eile, mar ní arb éard atá i gcuid ar bith di íocaíocht nó aisíocaíocht suime caipitiúla,

(b) maidir le haon bhlianacht arb é a bhí in iomlán na comaoine nó i gcuid den chomaoin i leith an bhlianacht a dheonú suimeanna a chomhlíon na coinníollacha i leith faoisimh ó cháin faoi alt 41 den Acht Airgeadais, 1958 , nó alt 32 den Income Tax Act, 1918,

(c) maidir le haon bhlianacht a ceannaíodh de bhun aon treora in uacht, nó chun socrú a dhéanamh le haghaidh blianachta is iníoctha de bhua uachta nó socraíochta as ioncam maoine a diúscraíodh leis an uacht nó leis an tsocraíocht (cibé acu a tarraingíodh nó nár tarraingíodh ar chaipiteal), nó

(d) maidir le haon bhlianacht a ceannaíodh faoi réim nó chun críocha aon scéime aoisliúntais faoi choimirce mar mhínítear i bhfo-alt (10) d'alt 40 den Acht Airgeadais, 1958 , nó aon scéime arna ceadú faoin alt sin, nó de bhun aon oblagáide a fhorchuirtear, nó tairiscinte nó cuireadh, faoi nó i ndáil le aon scéim den sórt sin, nó maidir le haon bhlianacht eile a cheannaigh duine ar bith d'aithint seirbhíse dhuine eile (nó a sheirbhíse san am a caitheadh) in aon oifig nó fostaíocht.

(9) Maidir le cáin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, bainfidh an t-alt seo le blianachtaí saoil cibé uair a ceannaíodh iad nó a thosaíodar (agus forléireofar dá réir sin na tagairtí d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, agus alt 41 den Acht Airgeadais, 1958 ); ach, chun críocha fo-alt (4) agus (5) den alt seo, measfar, maidir le haon fhógra a tugadh roimh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1959, ag cinneadh gur blianacht saoil cheannaithe nó nach blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo nó méide an ábhair chaipitiúil (más aon mhéid é), gurb é an lá sin a tugadh é.

Forálacha forlíontacha do Chuid IV.

23. —(1) Is é an cigire cánach a chinnfidh aon cheist i dtaobh ar blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann alt 22 den Acht seo blianacht áirithe, nó i dtaobh cad é an t-ábhar caipitiúil i mblianacht den sórt sin, ach féadfaidh duine ar bith ar éagóir leis aon chinneadh a rinne an cigire sin ar aon cheist den sórt sin achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta laistigh den tréimhse fhorordaithe.

(2) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht seo, is é an nós imeachta a bheidh forordaithe an nós imeachta a leanfar agus feidhm á thabhairt don chéanna.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú atá le forordú faoin gCuid seo den Acht seo; agus féadfaidh na rialacháin, chun críocha na Coda seo den Acht seo nó chun críocha na rialachán, feidhm a thabhairt d'aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim (le modhnuithe nó gan modhnuithe), agus go háirithe na forálacha maidir le hachomharc a athéisteacht nó cás a shonrú ag iarraidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

(4) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo go háirithe foráil a dhéanamh i dtaobh na teorann ama chun aon éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ó cháin nó ar aisíoc cánach faoin gCuid seo den Acht seo agus i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) an t-eolas a bheidh le tabhairt maidir le cinneadh aon cheiste i dtaobh ar blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann alt 22 den Acht seo blianacht áirithe, nó i dtaobh cad é an t-ábhar caipitiúil atá i mblianacht, agus na daoine ar féidir a cheangal orthu aon eolas den sórt sin a thabhairt;

(b) an tslí ina dtabharfar éifeacht do chinneadh aon cheiste den sórt sin, agus déanamh measúnachtaí chun na críche sin ar an duine a bheidh i dteideal na blianachta d'ainneoin aon ní i Riail 19 de na Rialacha Ginearálta;

(c) an méid a bheidh aon chinneadh ar aon cheist den sórt sin ina cheangal, agus na cúinsí inar féidir é a athbhreithniú.

(5) Má dhéanann aon duine go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile faoin gCuid seo den Acht seo, dlífear pionós cúig chéad punt a chur air.