An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVIII. Cumhachtaí Maor Uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach na mBord Coimeádaithe, an Gharda Síochána agus Daoine eile chun an tAcht seo a chur i bhFeidhm.) Ar Aghaidh (CUID XX. Forálacha Ilghnéitheacha.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID XIX.

Imeachtaí Dlí, Fíneálacha, Forghéilleadh, Fianaise, Fiosrúcháin agus Seirbheáil Doiciméad.

Imeachtaí Dlí.

Cionta a thriail.

309. —(1) D'ainneoin aon ní atá in aon achtachán eile, féadfaidh Breitheamh Dúiche, ar chomhalta den Gharda Síochána, oifigeach nó fostaí do bhord coimeádaithe nó aon duine eile do dhéanamh gearáin de bhriathra béil nó ar shlí eile, cion faoi aon fhoráil den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh go hachomair.

(2) (a) I gcás—

(i) ina mbeidh oifigeach cosanta iascaigh mhara, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 233, tar éis bád agus na daoine ar bord uirthi a thabhairt go dtí port sa Stát, agus

(ii) go líomhnófar go ndearna aon duine (is duine de na daoine sin) cion faoi aon alt atá i gCaibidil II nó III de Chuid XIII,

féadfar an cion sin a thabhairt os comhair Breithimh Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don Dúiche ina bhfuil an port sin, agus féadfaidh an Breitheamh sin é a éisteacht agus a chinneadh.

(b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar ní a dhéanann difir d'alt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ).

(3) I gcás ina ndearnadh, nó ina líomhnófar go ndearnadh, cion faoi na hachtacháin aisghairthe nó cion faoi aon fhoráil den Acht seo in aon uiscí nó ar aon uiscí atá mar theorainn idir dhá Dhúiche nó níos mó a bunaíodh chun críocha na Cúirte Dúiche, ansin, d'ainneoin alt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), féadfar imeachtaí i leith an chiona a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh os comhair agus ag aon Bhreitheamh Dúiche a bheidh sannta de thuras na huair d'aon cheann de na Dúichí sin agus féadfar a líomnadh agus a rá i bhfaisnéis nó i dtoghairm go ndearnadh an cion sin sa Dúiche ina mbeidh beartaithe na himeachtaí a thionscnamh.

Achomhairc i gcoinne cinneadh na Cúirte Dúiche.

310. —(1) I gcás ina ndíbhfear sa Chúirt Dúiche aon imeachtaí i dtaobh cion faoi aon fhoráil den Acht seo, cibé acu de bhua tuillteanais nó gan dochar é, féadfaidh an t-ionchúisitheoir achomharc a dhéanamh in aghaidh an ordaithe dhífe chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá Chuaird atá an Teach Cúirte ina ndearnadh an t-ordú sin.

(2) Más rud é, de bhua fho-alt (1) den alt seo, go luífidh ceart achomhairc chun Breithimh den Chúirt Chuarda in aghaidh ordú ón gCúirt Dúiche in aon imeachtaí faoin Acht seo, féadfaidh an Breitheamh sin, ar an achomharc sin, an t-ordú sin a athrú, a dhaingniú nó a fhreaschur, agus is cinneadh críochnaitheach dochlóíte gan achomharc ina aghaidh a bheidh i gcinneadh an Bhreithimh sin ar an achomharc sin.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

311. —I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoi aon fhoráil den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le haontú, nó gur urasaíodh a dhéanamh de dheasca faillí, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile don chomhlacht corpraithe sin, measfar an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin a bheith ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a bhunú ina aghaidh agus pionós a chur air dá réir.

Cionta faoin Acht seo a ionchúiseamh ag an Aire.

312. —Féadfaidh an tAire cion faoi aon fhoráil den Acht seo a ionchúiseamh.

Ní gá teorainneacha a shonrú i ndíoltálacha, etc.

313. —In aon chaingean nó ionchúiseamh in aghaidh nó i leith aon fhoghla nó núise maidir le hiascach, ní gá teorainneacha na háite ina ndearnadh an fhoghail nó an núis a mbeidh gearán déanta faoi a shonrú sa dearbhú nó sa díotáil, ach is leor a rá go ginearálta go ndearnadh an cion laistigh den cheantar iascaigh ina bhfuil an t-iascach a bheidh i dtrácht.

Fíneálacha.

Fíneálacha a dhiúscairt.

314. —(1) Baineann an t-alt seo le gach fíneáil a fhorchuirfear mar gheall ar aon chion faoi aon fhoráil den Acht seo.

(2) Ní bhainfidh alt 51 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ), a thuilleadh le haon fhíneáil lena mbainfidh an t-alt seo.

(3) Déanfar gach fíneáil lena mbainfidh an t-alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Más rud é go ndéanfar fíneáil lena mbainfidh an t-alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach tar éis é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfar an fhíneáil sin nó cibé cuid de a loghadh amhlaidh (de réir mar bheidh) a aisíoc as an Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Iocaíochtaí le boird choimeádaithe agus (i gcásanna áirithe) le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fíneálacha mar gheall ar chionta áirithe.

315. —(1) Baineann an t-alt seo le—

(a) cion faoi aon alt den Acht seo (ach amháin alt atá i gCuid XII, XIII, XV nó XVI nó alt 290 nó 323), nó

(b) cion in aghaidh aon fhodhlí arna dhéanamh faoi alt 9 agus a bhfuil baint aige le bradáin, bric nó eascanna.

(2) I gcás ina ndéanfar fíneáil a fhorchuirfear i leith ciona lena mbainfidh an t-alt seo a íoc nó a thobhach, ansin, mura rud é gur loghadh an fhíneáil go hiomlán, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) má fheictear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána faoi deara an duine a rinne an cion a thabhairt faoi réim an cheartais, déanfar—

(i) suim is comhionann le dhá thrian den fhíneáil nó, má loghadh cuid den fhíneál, leis an méid di nár loghadh, a íoc le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion, agus

(ii) suim is comhionann le trian den fhíneáil nó, má loghadh cuid den fhíneáil, leis an méid di nár loghadh a íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána.

(b) In aon chás eile, déanfar suim is comhionann leis an bhfíneáil nó, má loghadh cuid den fhíneáil, leis an gcuid di nár loghadh a íoc leis an mbord coimeádaithe sin.

(3) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (2) den alt seo íocfaidh an tAire é, cibé tráthanna is cuí leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Forghéilleadh.

Gan a bheith d'oibleagáid ar an gCúirt forghéilleadh a fhógairt ná a thaifeadadh i gcás forghéilleadh a theacht mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe.

316. —I gcás—

(a) duine a chiontú ag Breitheamh Dúiche i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus

(b) ina bhforáiltear san fhoráil sin go mbeidh ní áirithe ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe,

ansin, d'ainneoin aon riail dlí, ní gá don Bhreitheamh sin—

(i) an forghéilleadh sin a fhógairt tráth an bhreithnithe, ná

(ii) an forghéilleadh sin a thaifeadadh i Leabhar Miontuairiscí an Bhreithimh ná i nDuilleog na gCúiseamh ná san ordú ciontaithe.

Nithe a fhorghéillfear a dhiúscairt.

317. —(1) I gcás—

(a) aon ní a fhorghéillfear faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim faoin Acht seo mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe nó le hordú ó Chúirt Dúiche a bheith urghafa go dleathach, nó

(b) ina n-ordóidh Breitheamh Dúiche aon ní a fhorghéilleadh faoi mhír (b) d'alt 302,

féadfaidh an tAire a ordú an ní sin—

(i) a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a úinéir é, nó

(ii) a dhíol nó a dhiúscairt mar is cuí leis.

(2) I gcás ina n-ordóidh an tAire de bhun fho-alt (1) den alt seo ní a dhíol, déanfar glan-fháltas an díola a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon ní a fhorghéillfear faoi alt 265, i gcás ina dtabharfaidh an Chúirt ordú faoin alt sin 265 maidir leis an ní sin.

Iocaíochtaí le boird choimeádaithe agus (i gcásanna áirithe) le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fáltais ó nithe áirithe a forghéilleadh.

318. —(1) I gcás—

(a) aon ní a fhorghéilleadh faoi aon alt den Acht seo (seachas alt atá i gCuid XIII, XV nó XVI) nó faoi aon fhodhlí arna dhéanamh faoi alt 9 agus a bhaineann le bradáin, bric nó eascanna, nó aon ní (is inneall iascaireachta chun bradáin, bric nó eascanna a ghabháil) a fhorghéilleadh faoi mhír (b) d'alt 302, agus

(b) go ndíolfar an ní sin le hordú ón Aire faoi alt 317,

beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) má fheictear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána a d'urghabh an ní sin nó gurb é faoi deara an duine a rinne an cion dá dtáinig an forghéilleadh sin a thabhairt faoi réim an cheartais, íocfar—

(I) le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion suim is comhionann le dhá thrian de ghlan-fháltas an díola sin, agus

(II) isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána suim is comhionann le trian den ghlanfháltas sin.

(ii) in aon chás eile íocfar leis an mbord coimeádaithe sin suim is comhionann leis an nglan-fháltas sin.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo íocfaidh an tAire é, cibé tráthanna is cuí leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Usáid an fháltais nuair a dhíolfar iasc de bhun ordaithe faoi alt 301 (4).

319. —(1) Nuair a dhíolfar aon iasc de bhun ordú faoi fho-alt (4) d'alt 301, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás—

(i) ina dtionscnófar imeachtaí go cuí in aghaidh aon duine á chúiseamh i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo maidir leis an iasc sin, agus

(ii) go gciontófar an duine sin sa chion, agus

(iii) go mbeadh an t-iasc sin, mura mbeadh gur díoladh é, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe sin,

déanfar glan-fháltas an díola sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais;

(b) in aon chás eile déanfar an glan-fháltas sin a íoc le húinéir an éisc sin ar é á éileamh;

(c) más de réir mhír (a) den fho-alt seo a dhéanfar leis an nglan-fháltas sin ansin—

(i) i gcás ina bhfeicfear don Aire go ndearna comhalta den Gharda Síochána an t-iasc sin a choinneáil faoi alt 301, íocfar—

(I) le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion suim is comhionann le dhá thrian den ghlan-fháltas sin, agus

(II) le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána suim is comhionann le trian den ghlan-fháltas sin,

(ii) in aon chás eile, íocfar leis an mbord coimeádaithe sin suim is comhionann leis an nglan-fháltas sin.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha faoi mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo íocfaidh an tAire é, cibé tráthanna is cuí leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Fianaise.

Fianaise i dtaobh méid an chostais faoina ndeachaigh an tAire.

320. —I gcás ina mbeidh an tAire i dteideal, faoi alt 99, 110, 112, 113, 114, 116, 117 nó 129, aon chostas a ghnóthú, beidh deimhniú a bheidh faoi shéala oifigiúil an Aire agus a dheimhneoidh méid an chostas sin ina fhianaise prima facie ar mhéid an chostas sin.

Cruthú ar fhodhlíthe, etc.

321. —(1) In aon imeachtaí faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo, beidh aon doiciméad a airbheartóidh a bheith ina chóip d'aon ionstraim i scríbhinn arna déanamh nó arna heisiúint faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo ina fhianaise prima facie ar an ionstraim sin má bhíonn sé deimhnithe ag oifigeach don Aire gur fíorchóip é den ionstraim sin, agus ní gá síniú an duine a chruthú a dheimhnigh an doiciméad sin ná a chruthú gur oifigeach don Aire é.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíonn oibriú, nó a dhéanann dochar d'oibriú, alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ).

Fiosrúcháin.

Fógra i dtaobh fiosrúcháin a dhéanamh.

322. —I gcás inar gá fógra a thabhairt faoin Acht seo i dtaobh fiosrúchán a bheith le déanamh, comhlíonfar an ceanglas sin más rud é go ndéanfar na nithe seo a leanas ceithre lá dhéag ar a laghad sula ndéanfar an fiosrúchán sin—

(a) fógraí clóbhuailte a dháileadh, i cibé slí a ordóidh an tAire, ag fógairt am agus láthair an fhiosrúcháin agus na nithe a mbeifear le fiosrú a dhéanamh fúthu ann, agus

(b) fógra a fhoilsiú i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a léitear sa cheantar iascaigh ina bhfuil an fiosrúchán le déanamh ag fógairt am agus láthair an fhiosrúcháin agus na nithe a mbeifear le fiosrú a dhéanamh fúthu ann.

Cumhachtaí daoine a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin a dhéanamh.

323. —Féadfaidh aon duine (dá ngairtear duine údaraithe san alt seo) a cheapfaidh an tAire chun fiosrúchán a dhéanamh faoin Acht seo gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) finnéithe a ghairm chun teacht ina láthair ag an bhfiosrúchán sin,

(b) finnéithe a thiocfaidh ina láthair ag an bhfiosrúchán sin a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear don duine údaraithe sin leis seo daoine a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinnéithe den sórt sin aon doiciméid a bheidh faoina gcumhacht nó faoina n-urláimh, agus is dóigh leis an duine údaraithe sin is gá chun críocha an fhiosrúcháin sin, a thabhairt ar aird.

(2) Beidh teideal ag finné i láthair dhuine údaraithe a bheidh ag déanamh fiosrúcháin faoin Acht seo chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné é i láthair na hArd-Chúirte.

(3) Aon duine—

(a) a ghairfear go cuí chun freastal, agus a mhainneoidh freastal, mar fhinné i láthair dhuine údaraithe a bheidh ag déanamh fiosrúcháin faoin Acht seo, nó

(b) a bheidh i láthair mar fhinné amhlaidh agus a dhiúltóidh mionn a thabhairt a cheanglóidh an duine údaraithe sin go dleathach air a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh faoina chumhacht nó faoina urláimh agus a cheanglóidh an duine údaraithe sin go dleathach air a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a gceanglóidh an duine údaraithe sin go bhfreagrófar í,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Seirbheáil Doiciméad.

Seirbheáil doiciméad.

324. —(1) (a) I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear leis an Acht seo (lena n-áirítear fo-alt (2) den alt seo) aon doiciméad a sheirbheáil ar aon duine, díreofar an doiciméad sin chun an duine sin agus seirbheálfar é ar an duine sin i slí éigin acu seo a leanas:—

(i) trína sheachadadh don duine sin;

(ii) trína fhágáil ag gnáth-áit chónaithe an duine sin;

(iii) trína chur tríd an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chun an duine sin ag a ghnáth-áit chónaithe.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo measfar cuideachta a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, a bheith ina gnáth-chónaí ina hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe agus gach comhlacht neamhchorpraithe a bheith ina ghnáthchónaí ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó sa Stát.

(2) I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear leis an Acht seo aon doiciméad a sheirbheáil ar úinéir aon iascaigh agus nach féidir teacht ar an úinéir sin sa Stát nó nach féidir ainm nó seoladh an úinéara sin a chinntiú tar éis fiosrúcháin réasúnta, measfar gur seirbheáladh an doiciméad sin go cuí ar an úinéar sin má seirbheáladh ar áititheoir an iascaigh sin é.