|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Orduithe um Iascach Oisrí.) | Ar Aghaidh (Caibidil V. Iascaigh Oisrí a Chosaint.) |
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV. An Séasúr Coiscthe d'Oisrí. | |
[EN] |
An séasúr coiscthe d'oisrí. |
271. —(1) San Acht seo ciallaíonn an abairt— |
[EN] | “an séasúr coiscthe d'oisrí”, maidir le haon áit,— | |
[EN] | (a) i gcás fodhlí faoin Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag socrú na tréimhse ina mbeidh sé neamhdhleathach aon oisrí a dhreideáil, a thógáil, a ghabháil nó a dhíothú, an tréimhse a bheidh socraithe amhlaidh, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine aon bhliain agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa an bhliain sin. | |
[EN] | (2) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe d'oisrí. | |
[EN] |
Fodhlíthe á thoirmeasc oisrí a dhreideáil, etc., le linn tréimhse áirithe. |
272. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas aon duine a bhfuil leas aige in iascach oisrí in áit áirithe, fodhlí a dhéanamh, faoi réir an Achta seo, á thoirmeasc, le linn cibé tréimhse (nach faide ná trí bliana) is cuí leis, oisrí nó álmhach oisrí a dhreideáil, a thógáil, a ghabháil nó a dhíothú san áit sin. |
[EN] | (2) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar oisrí a dhreideáil, etc., le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí nó le linn tréimhse arna sonrú i bhfodhlí faoi alt 272. |
273. —(1) Duine ar bith in aon áit a dhreideálfaidh, a thógfaidh, a ghabhfaidh, nó a dhíothóidh nó a mbeidh faoina urláimh aige, nó a dhíolfaidh nó a cheannóidh aon oisrí nó álmhach oisrí le linn na tréimhse arb é an séasúr coiscthe d'oisrí é i gcás áite ar bith nó le linn aon tréimhse a bheidh sonraithe i bhfodhlí arna dhéanamh faoi alt 272 maidir leis an áit sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich scilling agus nach mó ná cúig phunt a chur air. |
[EN] | (2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon oisrí nó álmhach oisrí a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
[EN] | (3) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann go bhfuil sé neamhdhleathach— | |
[EN] | (a) do dhílseánach aon leaba oisrí nó d'aon duine a ghabhann údarás faoi álmhach oisrí a aistriú as an leaba sin le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí, nó | |
[EN] | (b) do dhílseánach aon leaba oisrí nó d'aon duine a ghabhann údarás faoi álmhach oisrí a chur sa leaba sin le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí. | |
[EN] |
Údarás chun oisrí a dhreideáil le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí. |
274. —(1) Féadfaidh an tAire, chun aon leaba oisrí is maoin eisiatach le duine ar bith a athlíonadh agus soláthar a dheanamh di, a údarú oisrí a dhreideáil agus a thógáil as aon leaba aiceanta phoiblí faoi chothrom an diathrá is ísle le linn rabhartaí i rith cibé cuid den séasúr coiscthe d'oisrí is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san údarú. |
[EN] | (2) Aon duine a thabharfaidh i dtír aon oisrí a dreideáladh nó a tógadh i rith aon chuid, a bheidh sonraithe in aon údarú faoi fho-alt (1) den alt seo, den séasúr coiscthe d'oisrí, nó aon duine a dhíolfaidh nó a thairgfidh lena ndíol oisrí den sórt sin nó aon duine a bhfaighfear oisrí den sórt sin ina sheilbh ar tír, nó aon duine a úsáidfidh oisrí den sórt sin chun aon chríche seachas mar athlíonadh nó soláthar d'aon leaba shaorga nó leaba eile dá luaitear san fho-alt sin (1), beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air. | |
[EN] | (3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon oisrí a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
[EN] |
Ordú á cheadú oisrí coigríche a thógáil, etc., le linn cuid den séasúr coiscthe d'oisrí. |
275. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ó aon duine a mbeidh aon iascach oisrí ina sheilbh nó leas aige ann, ordú a dhéanamh á cheadú aon oisrí coigríche a thógáil nó a bheith ar seilbh i rith cibé cuid den séasúr coiscthe d'oisrí is cuí leis an Aire a cheapadh chun na críche sin in aon cheantar nó áit. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo— | |
[EN] | (a) cuirfidh an tAire faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh faoin iarratas sin, | |
[EN] | (b) cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar, de réir alt 322, fógra i dtaobh am agus áit an fhiosrúcháin sin, | |
[EN] | (c) ceapfaidh an tAire oifigeach chun an fiosrúchán sin a dhéanamh, | |
[EN] | (d) ní dhéanfaidh an tAire cinneadh ar bith i dtaobh an iarratais go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar thuarascáil an oifigigh sin. |